|
25.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 137/26 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1025 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Bealtaine 2023
lena n-údaraítear don Ungáir beart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 287 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1490
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 395(1), an chéad fhomhír, di,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 287, pointe (12), de Threoir 2006/112/CE, ligtear don Ungáir daoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná EUR 35 000 nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta ag an ráta comhshó ar lá a haontachais a dhíolmhú ó cháin bhreisluacha (CBL). |
|
(2) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/73 ón gComhairle (2), údaraíodh don Ungáir, go dtí an 31 Nollaig 2024, leanúint de bheart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 287, pointe (12), de Threoir 2006/112/CE agus, ar an gcaoi sin, chun daoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná EUR 48 000 nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta ag an ráta comhshó ar lá a haontachais leis an Aontas a dhíolmhú ó CBL (‘an beart speisialta’). |
|
(3) |
Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 15 Nollaig 2022, d’iarr an Ungáir údarú chun tairseach an bhirt speisialta atá ann cheana a mhéadú go EUR 71 500 don chuid eile den tréimhse údaraithe. |
|
(4) |
De bhun Airteagail 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh a rinne an Ungáir chuig na Ballstáit eile le litir dar dáta an 11 Eanáir 2023. Le litir dar dáta an 12 Eanáir 2023, thug an Coimisiún fógra don Ungáir go raibh an fhaisnéis uile aige riachtanach chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh. |
|
(5) |
Tá an beart speisialta a d’iarr an Ungáir i gcomhréir le Treoir (AE) 2020/285 ón gComhairle (3) lena bhféachtar leis an ualach comhlíontachta ar fhiontair bheaga a laghdú agus saobhadh iomaíochta sa mhargadh inmheánach a sheachaint. |
|
(6) |
Leanfaidh an beart speisialta de bheith roghnach do dhaoine inchánach toisc gur féidir leo na gnáthshocruithe CBL a roghnú de bhun Airteagal 290 de Threoir 2006/112/CE. |
|
(7) |
De réir na faisnéise a chuir an Ungáir ar fáil, ní bheidh ach éifeacht dhiomaibhseach ag an mbeart speisialta ar an méid iomlán ioncaim cánach a bhailigh an Ungáir ag céim an tomhaltais deiridh. |
|
(8) |
Tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) 2021/769 ón gComhairle (4), ní dhéanfaidh an Ungáir aon ríomh ar chúiteamh maidir leis an ráiteas faoi acmhainní dílse CBL-bhunaithe le haghaidh na bliana airgeadais 2021 agus ina diaidh sin. |
|
(9) |
Ós rud é go raibh tionchar dearfach ag an mbeart speisialta ar shimpliú na n-oibleagáidí a bhaineann le CBL, toisc gur laghdaigh sé an ualach riaracháin agus na costais chomhlíontachta d’fhiontair bheaga agus d’údaráis chánach araon, agus ós rud é nach mbeidh aon éifeacht mór aige ar an ioncam CBL iomlán arna ghiniúint, ba cheart údarú a thabhairt don Ungáir leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm. |
|
(10) |
Ba cheart cur i bhfeidhm an bhirt speisialta a bheith teoranta ó thaobh ama de. Ba cheart an teorainn ama a bheith leordhóthanach chun gur féidir leis an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus oiriúnacht na tairsí. Thairis sin, de bhun Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2020/285, tá na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá le glacadh agus le fhoilsiú ag na Ballstáit, faoin 31 Nollaig 2024, chun Airteagal 1(12) den Treoir sin a chomhlíonadh, agus tá siad leis na forálacha sin a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2025. Is iomchuí, dá bhrí sin, an Ungáir a údarú chun an beart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2024. |
|
(11) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1490 (5) ón gComhairle a aisghairm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
De mhaolú ar Airteagal 287, pointe (12), de Threoir 2006/112/CE, údaraítear don Ungáir daoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná EUR 71 500 nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta ag an ráta comhshó ar lá a haontachais a dhíolmhú ó CBL.
Airteagal 2
Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1490.
Airteagal 3
Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.
Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2024.
Airteagal 4
Is chuig an Ungáir a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Bealtaine 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/73 ón gComhairle an 18 Eanáir 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1490 a mhéid a bhaineann leis an Ungáir a údarú chun beart speisialta a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse bhreise de mhaolú ar Airteagal 287 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 12, 19.1.2022, lch. 148).
(3) Treoir (AE) 2020/285 ón gComhairle an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a mhéid a bhaineann leis an scéim speisialta d’fhiontair bheaga agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann leis an gcomhar riaracháin agus leis an malartú faisnéise chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na scéime speisialta d’fhiontair bheaga (IO L 62, 2.3.2020, lch. 13).
(4) Rialachán (AE, Euratom) 2021/769 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 maidir leis na comhshocraíochtaí aonfhoirmeacha cinntitheacha chun acmhainní dílse a fhabhraíonn ó cháin bhreisluacha a bhailiú (IO L 165, 11.5.2021, lch. 9).