23.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 135/116


CINNEADH (AE) 2023/992 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Bealtaine 2023

lena gceaptar 16 comhalta de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 a bhaineann le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 79 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 79 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 go bhfuil an Chomhairle le hionadaí amháin a cheapadh ó gach Ballstát mar chomhalta de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Bord Bainistíochta’).

(2)

Tá comhaltaí den Bhord Bainistíochta le ceapadh ar bhonn an taithí agus an saineolas ábhartha atá acu i réimsí na sábháilteachta ceimiceán nó na rialála ceimiceán, agus ar an mbonn go bhfuil saineolas ábhartha i réimsí cúrsaí ginearálta, airgeadais agus dlí ar fáil i measc chomhaltaí an bhoird.

(3)

Téarma oifige 4 bliana atá ann agus féadfar é a athnuachan uair amháin.

(4)

Leis na Cinntí uaithi an 27 Bealtaine 2019 (2) agus an 6 Bealtaine 2021 (3), cheap an Chomhairle 15 agus 12 chomhalta den Bhord Bainistíochta faoi seach.

(5)

Ceapadh na comhaltaí den Bhord Bainistíochta arna n-ainmniú ag an nGearmáin, an Chipir, an Liotuáin, Málta, an Rómáin, an Bhulgáir, an Ghréig, an Pholainn, an tSlóvaic, an Phortaingéil, an Laitvia, an Eastóin, an Bheilg, an Danmhairg, Éire agus an Fhrainc go ceann tréimhse dar críoch an 31 Bealtaine 2027.

(6)

Fuair an Chomhairle ainmniúcháin ó na Ballstáit uile lena mbaineann,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceapfar na daoine seo a leanas ina gcomhaltaí den Bhord Bainistíochta don dara téarma ón 1 Meitheamh 2023 go dtí an 31 Bealtaine 2027 (ainm, náisiúntacht, dáta breithe):

Teodora VALKOVA, Bulgárach, (*1);

Tasoula KYPRIANIDOU – LEONTIDOU, Cipireach, (*1);

An Dochtúir Axel Otto VORWERK, Gearmánach, (*1);

Sofia ZISI, Gréagach, (*1);

Donata PIPIRAITĖ-VALIŠKIENĖ, Liotuánach, (*1);

Ingrid BORG, Máltach, (*1);

Anna Katarzyna LEWANDOWSKA, Polannach, (*1);

Claudia-Sorina DUMITRU, Rómánach, (*1).

Airteagal 2

Ceapfar na daoine seo a leanas ina gcomhaltaí den Bhord Bainistíochta don chéad téarma ón 1 Meitheamh 2023 go dtí an 31 Bealtaine 2027 (ainm, náisiúntacht, dáta breithe):

Catheline Irène DANTINNE, Beilgeach, (*1);

Charlotta Amalia WALLENSTEIN, Danmhargach, (*1);

Annemari LINNO, Eastónach, (*1);

Agnès LEFRANC, Francach, (*1);

Kristīne KAZEROVSKA, Laitviach, (*1);

Dilia Maria LIMA JARDIM, Portaingéalach, (*1);

Katarína ZGALINOVIČOVÁ, Slóvacach, (*1);

Yvonne Marie MULLOOLY, Éireannach, (*1).

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Bealtaine 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

E. SVANTESSON


(1)   IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.

(2)  Cinneadh ón gComhairle an 27 Bealtaine 2021 lena gceaptar 15 gcomhalta de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (IO C 185, 2.5.2021, lch. 4).

(3)  Cinneadh ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 lena gceaptar 12 chomhalta de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (IO C 185, 12.5.2021, lch. 4).

(*1)  Tá an fhaisnéis scriosta nó ionadaithe laistigh den chreat maidir le sonraí pearsanta agus/nó rúndacht a chosaint.