22.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 134/63


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/985 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Bealtaine 2023

maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le fiabhras Afracach na muc san Iodáil

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 3325)

(An téacs Iodáilise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar víreasach tógálach é fiabhras Afracach na muc a bhíonn ar mhuc-ainmhithe atá ar coimeád agus ar mhuc-ainmhithe fiáine agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí chuig tríú tíortha.

(2)

I gcás ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc i measc muc-ainmhithe ar coimeád agus muc-ainmhithe fiáine, tá riosca tromchúiseach ann go bhféadfadh an galar sin leathadh chuig bunaíochtaí eile muc-ainmhithe ar coimeád agus chuig muc-ainmhithe fiáine.

(3)

Le Rialachán Tarmligthe 2020/687 (2) forlíontar na rialacha i dtaca le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair i gcatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil in Airteagal 21 agus Airteagal 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar i gcatagóir A, lena n-áirítear fiabhras Afracach na muc, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh.

(4)

Chomh maith leis sin, déantar foráil in Airteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le bearta áirithe atá le glacadh i gcás dearbhú oifigiúil ar ráig galair i gcatagóir A i measc ainmhithe fiáine, lena n-áirítear fiabhras Afracach na muc i measc muc-ainmhithe fiáine. Leis na forálacha sin déantar foráil, go háirithe, maidir le crios ionfhabhtaithe a bhunú, maille le toirmisc ar ghluaiseachtaí ainmhithe fiáine de speicis liostaithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch díobh.

(5)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ón gCoimisiún (4) leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc. Go háirithe, déantar foráil le hAirteagal 3, pointe (a), den Rialachán Cur Chun Feidhme sin maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe ar coimeád, i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

(6)

Chomh maith leis sin, i gcás ráige den ghalar sin i measc muc-ainmhithe fiáine i limistéar de Bhallstát, déantar foráil le hAirteagal 3, pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 maidir le crios ionfhabhtaithe a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. Ina theannta sin, déantar foráil in Airteagal 6 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin go bhfuil an limistéar sin le liostú mar chrios srianta II i gCuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis agus go bhfuil an limistéar ionfhabhtaithe, a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, le coigeartú gan mhoill chun go gcuimseofar ann, ar a laghad, an crios srianta II. Maidir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, áirítear leo, inter alia, toirmisc ar ghluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus a dtáirgí lasmuigh de na criosanna srianta sin.

(7)

Chuir an Iodáil an Coimisiún ar an eolas faoi stad fhiabhras Afracach na muc ina críoch faoi láthair, tar éis ráig amháin den ghalar sin i measc muc-ainmhithe ar coimeád i réigiún Calabria a dheimhniú an 12 Bealtaine 2023, agus, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, bhunaigh sí crios srianta a chuimsíonn crios cosanta agus crios faireachais, agus ina gcuirtear i bhfeidhm na bearta ginearálta rialaithe galar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, chun leathadh breise an ghalair sin a chosc.

(8)

Chomh maith leis sin, chuir an Iodáil an Coimisiún ar an eolas gur deimhníodh roinnt ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine i réigiún Calabria an 11 Bealtaine 2023. Dá réir sin, bhunaigh údarás inniúil an Bhallstáit sin crios ionfhabhtaithe i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594.

(9)

Chun suaitheadh gan ghá ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun bacainní ar thrádáil ag tríú tíortha nach bhfuil údar leo a sheachaint, is gá an crios srianta, lena gcuimsítear criosanna cosanta agus faireachais, agus an crios ionfhabhtaithe i dtaca le fiabhras Afracach na muc san Iodáil a shainaithint ar leibhéal an Aontais i gcomhar leis an mBallstát sin.

(10)

Chun leathadh fhiabhras Afracach na muc a chosc, go dtí go liostófar an limistéar san Iodáil atá buailte ag an ráig seo a tharla le déanaí i muc-ainmhithe fiáine mar chrios srianta II i gCuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, maidir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a leagtar síos ann, a bhfuil feidhm acu maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus a dtáirgí lasmuigh de na criosanna sin, ba cheart feidhm a bheith ag na bearta sin freisin maidir le gluaiseachtaí na gcoinsíneachtaí sin ón gcrios ionfhabhtaithe arna bhunú ag an Iodáil de dhroim na ráige sin a tharla le déanaí, chomh maith leis na bearta sin a leagtar síos in Airteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

(11)

Dá réir sin, ba cheart an crios ionfhabhtaithe sin a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus ba cheart é a bheith faoi réir na mbeart rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a bhfuil feidhm acu maidir le criosanna srianta II a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. Mar gheall ar an staid eipidéimeolaíoch nua seo a bhaineann le fiabhras Afracach na muc san Iodáil, áfach, agus an riosca láithreach méadaithe maidir le leathadh an ghalair á chur san áireamh, níor cheart gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe ar coimeád agus a dtáirgí chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha a údarú ón gcrios ionfhabhtaithe i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Ba cheart ré an chriosúcháin sin a leagan síos sa Chinneadh seo freisin.

(12)

Dá bhrí sin, chun na rioscaí a eascróidh as an ráig d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí i measc muc-ainmhithe fiáine san Iodáil a mhaolú, níor cheart don Iodáil gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar sa chrios ionfhabhtaithe agus a dtáirgí chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha a údarú go dtí dáta dhul in éag an Chinnidh seo.

(13)

I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh fhiabhras Afracach na muc, tá sé tábhachtach go mbeadh feidhm ag na bearta a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo a luaithe is féidir.

(14)

Dá réir sin, go dtí go bhfaighfear tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, ba cheart an crios ionfhabhtaithe san Iodáil a bhunú láithreach agus a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus ba cheart ré an chriosúcháin sin a shocrú.

(15)

Tá an Cinneadh seo le hathbhreithniú ag an gcéad chruinniú eile den Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déanfaidh an Iodáil an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go mbunóidh an Iodáil láithreach crios srianta ina bhfuil crios cosanta agus crios faireachais i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin;

(b)

go gcuimseoidh an crios cosanta agus an crios faireachais dá dtagraítear i mír (a) ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme seo;

(c)

go mbunóidh an Iodáil láithreach crios ionfhabhtaithe i dtaca le fiabhras Afracach na muc i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus Airteagal 3, pointe (b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, agus go gcuimseofar ann, ar a laghad, na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo

Airteagal 2

Na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc, bearta is infheidhme maidir le criosanna srianta II a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, áiritheoidh an Iodáil go mbeidh feidhm acu sna limistéir a liostaítear mar chrios ionfhabhtaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, chomh maith leis na bearta sin a leagtar síos in Airteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

Airteagal 3

Maidir le coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar sna limistéir a liostaítear mar chrios ionfhabhtaithe san Iarscríbhinn agus de tháirgí de na hainmhithe sin, áiritheoidh an Iodáil nach n-údarófar iad le haghaidh gluaiseachtaí chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha.

Airteagal 4

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 12 Lúnasa 2023.

Airteagal 5

Is chuig an Iodáil a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Bealtaine 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 (IO L 79, 17.3.2023, lch. 65).


IARSCRÍBHINN

Limistéir a bunaíodh mar an crios srianta san Iodáil dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí

Crios cosanta

An chuid de Réigiún Calabria atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 3 chiliméadar, dar lár na gcomhordanáidí Domhanleithead 38.070938. Domhanfhad 15.946858

12.8.2023

Crios faireachais

An chuid de Réigiún Calabria atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 gciliméadar, dar lár na gcomhordanáidí Domhanleithead 38.070938. Domhanfhad 15. 946858 Domhanleithead. Domhanfhad.

Limistéir a bunaíodh mar an crios ionfhabhtaithe san Iodáil dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí

Réigiún Calabria:

i gcúige Reggio Calabria: Cardeto, Motta San Giovanni, Montebello Ionico, Sant’Eufemia d’Aspromonte, Sant’Alessio in Aspromonte, Sinopoli, San Roberto, San Lorenzo, San Procopio, Roghudi, Palmi, Melito di Porto Salvo, Laganadi, Calanna, Roccaforte di Greco, Melicucco, Santo Stefano in Aspromonte, Seminara, Reggio Calabria, Scilla, Cosoleto, Delianuova, Condofuri, Bagaladi, Bagnara Calabra.

12.8.2023