|
16.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 129/12 |
CINNEADH (CBES) 2023/963 ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Bealtaine 2023
lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Réigiún na Murascaille
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 18 Bealtaine 2022, ghlac an Coimisiún Eorpach agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le comhpháirtíocht straitéiseach leis an Murascaill. Bhí na conclúidí ón gComhairle ann ina dhiadh sin an 20 Meitheamh 2022. |
|
(2) |
Ba cheart Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don Mhurascaill a cheapadh go ceann tréimhse 21 mhí. |
|
(3) |
Ba cheart don Chomhairle agus don Choimisiún, le cúnamh ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, comhsheasmhacht a áirithiú idir réimsí éagsúla ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais i réigiún na Murascaille agus a bheith ag oibriú i ndlúthchomhar chuige sin. Tacóidh agus oibreoidh ISAE i gcomhar leis na hinstitiúidí chuige sin. |
|
(4) |
Tá an sainordú le cur chun feidhme ag ISAE i gcomhthéacs staid a dfhéadfadh dul in olcas, agus a dfhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach iad, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh
Leis seo, ceaptar Luigi DI MAIO mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) do réigiún na Murascaille ón 1 Meitheamh 2023 go dtí an 28 Feabhra 2025. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfar sainordú ISAE a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an tArdionadaí).
Airteagal 2
Cuspóirí beartais
Beidh sainordú ISAE comhsheasmhach le cuspóirí beartais eachtraigh an Aontais i réigiún na Murascaille. Áirítear ar na cuspóirí sin:
|
(a) |
leasanna bunúsacha, agus slándáil an Aontais a chosaint i réigiún na Murascaille; |
|
(b) |
dea-chaidreamh agus dlúthchaidreamh a chur chun cinn idir an tAontas agus tíortha réigiún na Murascaille ar bhonn comhluachanna agus comhleasanna; |
|
(c) |
comhpháirtíocht níos láidre, níos cuimsithí agus níos straitéisí a thógáil leis na tíortha i Réigiún na Murascaille chun an rathúnas agus an tslándáil a fheabhsú; |
|
(d) |
rannchuidiú leis an gcobhsaíocht agus an tslándáil i réigiún na Murascaille trí mhaolú an teannais a chur chun cinn agus trí bheith ag tacú le hidirphlé agus réitigh réigiúnacha fadtéarmacha i réigiún na Murascaille; |
Airteagal 3
Sainordú
Chun na cuspóirí beartais a bhaint amach, is é an méid seo a leanas a bheidh mar shainordú ag ISAE:
|
(a) |
tacaíocht a thabhairt don Ardionadaí, in éineacht leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), i gcur chun feidhme ghnéithe beartais eachtraigh agus slándála de Theachtaireacht Chomhpháirteach an 18 Bealtaine 2022 maidir le Comhpháirtíocht Straitéiseach leis an Murascaill agus na conclúidí gaolmhara ón gComhairle an 20 Meitheamh 2022; |
|
(b) |
rannchuidiú trí bhealaí taidhleoireachta leis an tsíocháin a chaomhnú agus na coinbhleachtaí a chosc sa réigiún, chomh maith lena n-éifeachtaí féideartha a mhaolú, go háirithe trí aghaidh a thabhairt ar bhagairtí comhchoiteanna amhail an sceimhlitheoireacht, an t-athrú aeráide, an díghrádú comhshaoil nó an neamhdheimhneacht fuinnimh; |
|
(c) |
cuidiú le comhsheasmhacht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú agus tosaíochtaí, luachanna agus leasanna an Aontais a chur chun cinn sa réigiún; |
|
(d) |
cur le tuiscint níos fearr ar ról an Aontais agus a infheictheacht sa réigiún, cuidiú le haghaidh a thabhairt ar an mbréagaisnéis agus teagmhálacha idirphearsanta níos láidre a thógáil; |
|
(e) |
teagmhálacha le comhpháirtithe réigiún na Murascaille a neartú ar bhonn indibhidiúil, agus ina theannta sin, trí idirchaidreamh a dhéanamh, i gcás inar gá, leis na heagraíochtaí réigiúnacha ábhartha amhail Comhairle Comhair Stáit Arabacha na Murascaille (CCSAM), Léig na Stát Arabach (LSA) agus eagraíochtaí ábhartha eile ar leibhéal an ISAE; |
Airteagal 4
An sainordú a chur chun feidhme
1. Beidh ISAE freagrach as an sainordú a chur chun feidhme, ag gníomhú dó nó di faoi údarás an Ardionadaí.
2. Coinneoidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nasc pribhléideach le ISAE agus is é a bheidh ina phríomhphointe teagmhála ISAE leis an gComhairle. Cuirfidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála treoir straitéiseach agus stiúradh polaitiúil ar fáil do ISAE faoi chuimsiú an tsainordaithe, gan dochar do chumhachtaí an Ardionadaí.
3. Oibreoidh ISEA i ndlúthchomhar le ranna ábhartha na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS).
4. Oibreoidh ISEA i ndlúthchomhar le Toscaireachtaí an Aontais sa réigiún.
5. Beidh ISAE lonnaithe i gceanncheathrú SEGS, agus é/í ag taisteal go tráthrialta chuig an réigiún.
Airteagal 5
Maoiniú
1. Is é EUR 1 800 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Meitheamh 2023 go dtí an 28 Feabhra 2025 a chumhdach.
2. Bainisteofar an caiteachas i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.
3. Beidh bainistiú an chaiteachais faoi réir conradh idir ISAE agus an Coimisiún. Is don Choimisiún a bheidh ISAE cuntasach as gach caiteachas.
Airteagal 6
Tiomsú agus comhdhéanamh na foirne
1. Laistigh de theorainneacha shainordú ISAE agus de na hacmhainní airgeadais comhfhreagracha a chuirfear ar fáil, beidh ISAE freagrach as foireann a chur le chéile. Áireofar san fhoireann saineolas maidir le saincheisteanna beartais de réir mar a cheanglófar leis an sainordú. Coinneoidh ISAE an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas go pras faoi chomhdhéanamh na foirne.
2. Féadfaidh na Ballstáit, institiúidí an Aontais agus SEGS a mholadh go mbeadh foireann ar iasacht le ISAE. Is iad an Ballstát, institiúid an Aontais lena mbaineann nó SEGS, faoi seach, a chumhdóidh tuarastal an phearsanra sin atá ar iasacht. Féadfar saineolaithe atá ar iasacht ó na Ballstáit chuig institiúidí an Aontais nó chuig SEGS a phostú le foireann an ISAE freisin. Beidh náisiúntacht Bhallstáit ag baill foirne idirnáisiúnta ar conradh.
3. Is faoi údarás riaracháin an Bhallstáit seolta, institiúid seolta an Aontais nó SEGS a fhanfaidh an pearsanra uile ar iasacht agus comhlíonfaidh siad a ndualgais agus feidhmeoidh siad chun leas shainordú ISAE.
Airteagal 7
Pribhléidí agus díolúintí ISAE agus fhoireann ISAE
Déanfar na pribhléidí, na díolúintí agus na ráthaíochtaí breise is gá le haghaidh chomhlánú agus dhea-fheidhmiú mhisean ISAE chomh maith le baill foirne ISAE a chomhaontú leis na tíortha óstacha, de réir mar is iomchuí. Deonóidh na Ballstáit agus SEGS gach tacaíocht is gá chun na críche sin.
Airteagal 8
Slándáil fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais
Urramóidh ISAE agus comhaltaí fhoireann ISAE na prionsabail slándála agus na híoschaighdeáin arna mbunú le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (1).
Airteagal 9
Rochtain ar fhaisnéis agus ar thacaíocht lóistíochta
1. Áiritheoidh na Ballstáit, seirbhísí an Choimisiúin, SEGS agus Ardrúnaíocht na Comhairle go dtabharfar rochtain do ISAE ar aon fhaisnéis ábhartha.
2. Cuirfidh toscaireachtaí an Aontais sa réigiún agus/nó na Ballstáit, de réir mar is iomchuí, tacaíocht lóistíochta ar fáil sa réigiún.
Airteagal 10
Slándáil
I gcomhréir le beartas an Aontais maidir le slándáil an phearsanra a imscartar lasmuigh den Aontas i gcáil oibríochtúil faoi Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, déanfaidh ISAE gach beart is féidir le réasún, i gcomhréir le sainordú agus le staid na slándála i réimse na freagrachta, i ndáil le slándáil an phearsanra uile atá faoi údarás díreach ISAE, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
plean slándála sonrach a bhunú a bheidh bunaithe ar threoir ó SEGS, lena n-áirítear bearta slándála sonracha fisiciúla, eagraíochtúla agus nós imeachta, lena rialaítear bainistiú ar ghluaiseacht shlán pearsanra chuig an réimse freagrachta agus laistigh de, chomh maith le bainistiú teagmhas slándála, agus lena n-áirítear plean teagmhais agus aslonnaithe; |
|
(b) |
a áirithiú go gcumhdófar an pearsanra uile a imscartar lasmuigh den Aontas le hárachas ardriosca mar a cheanglaítear leis na coinníollacha i réimse na freagrachta; |
|
(c) |
a áirithiú go mbeidh oiliúint slándála iomchuí faighte ag foireann ISAE a bheidh le himscaradh lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear pearsanra a bheidh ar conradh go háitiúil, roimh theacht i réimse na freagrachta nó ar theacht isteach sa réimse sin dóibh, bunaithe ar na rátálacha riosca arna sannadh ag SEGS don réimse sin; |
|
(d) |
a áirithiú go ndéanfar na moltaí comhaontaithe uile, a dhéantar tar éis measúnuithe rialta slándála, a chur chun feidhme agus tuarascálacha i scríbhinn a chur ar fáil don Chomhairle, don Ardionadaí, agus don Choimisiún maidir lena gcur chun feidhme agus maidir le saincheisteanna slándála eile faoi chuimsiú na dtuarascálacha rialta ar an dul chun cinn agus na tuarascála cuimsithí críochnaithí ar chur chun feidhme an tsainordaithe. |
Airteagal 11
Tuairisciú
Cuirfidh ISAE tuarascálacha i scríbhinn agus ó bhéal ar fáil go tráthrialta don Ardionadaí, SEGS agus don Choiste Polaitiúil agus Slándála. Tuairisceoidh ISAE do mheithleacha de chuid na Comhairle freisin de réir mar is gá. Scaipfear tuarascálacha rialta trí líonra COREU. Féadfaidh ISAE tuarascálacha a chur ar fáil don Chomhairle Gnóthaí Eachtracha. Féadfaidh ISAE a bheith rannpháirteach i bhfaisnéis a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa.
Airteagal 12
Comhordú
1. Rannchuideoidh ISAE le haontacht, comhsheasmhacht agus éifeachtacht ghníomhaíocht an Aontais agus cabhróidh ISAE lena áirithiú go ndéanfar ionstraimí uile an Aontais agus gníomhaíochtaí uile na mBallstát a shaothrú go comhsheasmhach, chun cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach. Déanfar gníomhaíochtaí ISAE a chomhordú le gníomhaíochtaí an Choimisiúin. Cuirfidh ISAE seisiúin faisnéise rialta ar fáil do mhisin na mBallstát agus do thoscaireachtaí an Aontais sa réigiún.
2. Ar an láthair, leanfar didirchaidreamh a chothú go dlúth le Cinn Thoscaireachtaí an Aontais agus le Ceannairí Misin na mBallstát. Déanfaidh siad gach iarracht cúnamh a thabhairt do ISAE agus an sainordú á chur chun feidhme acu. Chuige sin, déanfaidh ISAE idirchaidreamh freisin le gníomhaithe idirnáisiúnta agus réigiúnacha eile ar an láthair.
Airteagal 13
Athbhreithniú
Déanfar athbhreithniú rialta ar chur chun feidhme an Chinnidh seo agus ar a chomhsheasmhacht le rannchuidithe eile ón Aontas leis an réigiún. Cuirfidh ISAE tuarascálacha rialta maidir le dul chun cinn faoi bhráid na Comhairle, an Ardionadaí agus an Choimisiúin, mar aon le tuarascáil chuimsitheach chríochnaitheach ar chur chun feidhme an tsainordaithe faoin 30 Samhain 2024.
Airteagal 14
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Bealtaine 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. FORSSMED
(1) Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint, (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).