25.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 110/21


CINNEADH (AE) 2023/852 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Aibreán 2023

lena leasaítear Cinneadh (AE) 2015/1814 a mhéid a bhaineann le líon na lamháltas atá le cur i gcúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh le haghaidh chóras trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa go dtí 2030

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig Comhaontú Pháras (4), a glacadh an 12 Nollaig 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) (“Comhaontú Pháras”), i bhfeidhm an 4 Samhain 2016. D’aontaigh na Páirtithe i gComhaontú Pháras an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta. Treisíodh an gealltanas sin le glacadh Chomhshocrú Aeráide Ghlaschú an 13 Samhain 2021 faoi UNFCCC, ina n-aithníonn Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC, ag feidhmiú mar chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras, go mbeidh tionchair an athraithe aeráide i bhfad níos lú i gcás méadú teochta 1,5 °C, i gcomparáid le 2 °C, agus ina bhfuil rún daingean aici iarrachtaí a dhéanamh an méadú teochta a theorannú go 1,5 °C.

(2)

Is suntasaí fós a phráinní atá sé go gcoinneofaí sprioc Chomhaontú Pháras de 1,5 °C beo mar thoradh ar thorthaí an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide ina Shéú Tuarascáil Mheasúnachta nach féidir an t-athrú aeráide a theorannú go 1,5 °C ach amháin má dhéantar astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda as seo go ceann 10 mbliana a laghdú láithreach ar bhealach láidir agus leanúnach.

(3)

Tá iarrachtaí chun dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol agus chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach i gcroílár theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal The European Green Deal [an Comhaontú Glas don Eoraip] (“an Comhaontú Glas don Eoraip”).

(4)

Leis an gComhaontú Glas don Eoraip, nasctar sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus atá dírithe ar an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050, agus leagtar amach ann straitéis nua fáis a bhfuil sé d’aidhm aici sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch, a bheidh tíosach ar acmhainní, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte feasta ó úsáid acmhainní. Tá sé d’aidhm aici freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. An tráth céanna, tá gnéithe comhionannais inscne ag an aistriú sin mar aon le tionchar áirithe ar roinnt grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste agus leochaileach, amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, daoine a bhfuil cúlra cine mionlaigh nó mionlaigh eitnigh acu agus daoine aonair agus teaghlaigh a bhfuil ioncam íseal nó meánioncam níos ísle acu. Ina theannta sin, cuireann sé dúshláin níos mó roimh réigiúin áirithe, go háirithe réigiúin atá faoi mhíbhuntáiste struchtúrach agus réigiúin fhorimeallacha, agus roimh oileáin chomh maith. Ní mór a áirithiú, dá bhrí sin, go mbeidh an t-aistriú cóir agus cuimsitheach, agus nach bhfágfar aon duine ar lár.

(5)

Tá méadú tagtha ar a riachtanaí agus a luachmhaire atá sé an Comhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach, ach níor tharla sé sin ach i bhfianaise thionchar tromchúiseach phaindéim COVID-19 ar shláinte, dálaí maireachtála agus oibre agus folláine shaoránaigh an Aontais. Tá sé léirithe leis na héifeachtaí sin gur gá dár sochaí agus dár ngeilleagar a bheith níos athléimní i ndáil le suaití seachtracha agus gníomhú go luath chun éifeachtaí suaití seachtracha a chosc nó a mhaolú ar bhealach atá cóir agus a fhágann nach bhfágfar aon duine ar lár, lena n-áirítear iad siúd atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh. Leanann saoránaigh na hEorpa de thuairimí láidre a chur in iúl go mbaineann sé sin go háirithe leis an athrú aeráide.

(6)

Tá an tAontas tiomanta do ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud gheilleagar an Aontais a laghdú faoi 55 % ar a laghad i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030 sa rannchuidiú a tugadh cothrom le dáta agus a cinneadh go náisiúnta, ar rannchuidiú é a cuireadh faoi bhráid Rúnaíocht UNFCCC an 17 Nollaig 2020.

(7)

Trí Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a ghlacadh, chumhdaigh an tAontas sa reachtaíocht an cuspóir aeráidneodracht a bhaint amach ar fud an gheilleagair faoi 2050 ar a dhéanaí agus an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin. Bunaítear leis an Rialachán sin freisin sprioc cheangailteach de chuid an Aontais maidir le laghdú intíre 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030, agus foráiltear leis go bhfuil an Coimisiún le hiarracht a dhéanamh gach dréachtbheart nó togra reachtach a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear tograí buiséadacha, a ailíniú le cuspóirí an Rialacháin sin agus, in aon chás neamhailínithe, go bhfuil sé leis na cúiseanna le neamhailíniú den sórt sin a sholáthar mar chuid den mheasúnú tionchair a ghabhann leis na tograí sin.

(8)

Is gá do gach earnáil den gheilleagar rannchuidiú le baint amach na laghduithe astaíochtaí a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1119. Dá bhrí sin, ba cheart uaillmhian Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (“CTA AE”), a bunaíodh le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), a choigeartú ionas go mbeidh sí i gcomhréir leis an sprioc glanlaghdú a bhaint amach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair faoi 2030, leis an gcuspóir aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí agus leis an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119.

(9)

Chun aghaidh a thabhairt ar an éagothroime atá ann faoi láthair idir soláthar lamháltas sa mhargadh agus éileamh ar lamháltais sa mhargadh, bunaíodh, le Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), cúlchiste cobhsaíochta margaidh (“an cúlchiste”) in 2018, atá i bhfeidhm ó 2019. Gan dochar d’athbhreithnithe breise ar an gcúlchiste mar chuid den athbhreithniú ginearálta ar Threoir 2003/87/CE agus ar Chinneadh (AE) 2015/1814 in 2023, ba cheart don Choimisiún faireachán leanúnach a dhéanamh ar fheidhmiú an chúlchiste agus a áirithiú go gcoimeádfar an cúlchiste oiriúnach don fheidhm i gcás suaitheadh seachtrach nach bhféadfaí a thuar amach anseo. Tá cúlchiste stóinsithe réamhbhreathnaitheach ríthábhachtach chun sláine CTA AE a áirithiú agus chun CTA AE a stiúradh go héifeachtach ionas gur féidir leis rannchuidiú, mar uirlis bheartais, le cuspóir an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí agus leis an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119.

(10)

Feidhmíonn an cúlchiste trí choigeartuithe ar na méideanna bliantúla lamháltas atá le cur ar ceant a spreagadh. Chun an méid is mó intuarthachta a choimeád, le Cinneadh (AE) 2015/1814, bunaíodh rialacha soiléire maidir le lamháltais a chur sa chúlchiste agus a scaoileadh uaidh.

(11)

Foráiltear le Cinneadh (AE) 2015/1814, i gcás ina bhfuil líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht os cionn na huastairsí bunaithe, go bhfuil líon na lamháltas a chomhfhreagraíonn do chéatadán áirithe de líon iomlán na lamháltas sin le hasbhaint de mhéideanna na lamháltas atá le cur ar ceant agus le cur sa chúlchiste. Os a choinne sin, má thiteann líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht faoi bhun na híostairsí bunaithe, tá líon lamháltas le scaoileadh ón gcúlchiste chuig na Ballstáit, agus le cur le méideanna na lamháltas atá le cur ar ceant.

(12)

Le Treoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), leasaíodh Cinneadh (AE) 2015/1814 tríd an ráta céatadáin atá le húsáid chun cinneadh a dhéanamh maidir le líon na lamháltas atá le cur sa chúlchiste gach bliain a dhúbailt ó 12 % go 24 % go dtí an 31 Nollaig 2023 chun comhartha inchreidte infheistíochta a thabhairt maidir le hastaíochtaí CO2 a laghdú ar bhealach costéifeachtach. Glacadh an leasú sin i gcomhthéacs sprioc aeráide an Aontais a bhí ann roimhe seo don bhliain 2030, is é sin astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair a laghdú 40 % ar a laghad i gcomparáid le leibhéil 1990.

(13)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2015/1814, laistigh de 3 bliana ó thús feidhme an chúlchiste, bhí an Coimisiún lena chéad athbhreithniú a dhéanamh ar an gcúlchiste ar bhonn anailís ar fheidhmiú ordúil mhargadh carbóin na hEorpa agus, i gcás gurb iomchuí, le togra a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

(14)

San athbhreithniú ar an gcúlchiste, a rinneadh i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2015/1814, thug an Coimisiún aird faoi leith ar an ráta céatadáin chun líon na lamháltas atá le cur sa chúlchiste a chinneadh, chomh maith le luach uimhriúil na tairsí le haghaidh líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht agus líon na lamháltas atá le scaoileadh ón gcúlchiste.

(15)

Leis an anailís a rinneadh i gcomhthéacs an athbhreithnithe ón gCoimisiún ar an gcúlchiste agus na bhforbairtí ionchasacha atá ábhartha don mhargadh carbóin, léirítear, maidir le ráta 12 % de líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht chun líon na lamháltas atá le cur sa chúlchiste gach bliain tar éis 2023 a chinneadh, nach leor sin chun méadú suntasach ar an mbarrachas lamháltas in CTA AE a chosc. Dá ndéanfaí an ráta 24 % sa Chinneadh seo a choinneáil, níor cheart gur dochar sin d’aon athbhreithniú breise ar an gcúlchiste, lena n-áirítear, más iomchuí, athbhreithniú breise ar an ráta céatadáin chun líon na lamháltas atá le cur sa chúlchiste a chinneadh, mar chuid den athbhreithniú ginearálta ar Threoir 2003/87/CE agus Cinneadh (AE) 2015/1814 in 2023.

(16)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Chinnidh seo, eadhon leanúint de pharaiméadair reatha an chúlchiste a bunaíodh de bhun Threoir (AE) 2018/410, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a iarmhairtí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(17)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (AE) 2015/1814 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Chinneadh (AE) 2015/1814

In Airteagal 1(5), an chéad fhomhír, de Chinneadh (AE) 2015/1814, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deireanaí:

 

“De mhaolú ar an gcéad abairt agus an dara habairt den fhomhír seo, déanfar na céatadáin agus na 100 milliún lamháltas dá dtagraítear sna habairtí sin a dhúbailt go dtí an 31 Nollaig 2030.”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 19 Aibreán 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 175.

(2)  IO C 301, 5.8.2022, lch. 116.

(3)  Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Márta 2023.

(4)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(5)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“an Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(6)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(7)  Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 maidir le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú le haghaidh scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE (IO L 264, 9.10.2015, lch. 1).

(8)  Treoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2018 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun laghduithe costéifeachtacha astaíochtaí agus infheistíochtaí ísealcharbóin a fheabhsú, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 (IO L 76, 19.3.2018, lch. 3).