24.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 109/38


CINNEADH (CBES) 2023/848 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Aibreán 2023

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 20 Meán Fómhair 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/1693 (1).

(2)

I bhfianaise na bagartha leanúnaí ó ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda, agus ó dhaoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo, ba cheart beirt agus grúpa amháin ar leith a chur le liosta na ndaoine, na ngrúpaí, na ngnóthas agus na n-eintiteas a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2016/1693 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 24 Aibreán 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2002/402/CBES (IO L 255, 21.9.2016, lch. 25).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693 mar a leanas:

(1)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach faoin gceannteideal “A. Daoine dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3”:

“15.

Abu Yasir HASSAN (ar a dtugtar freisin Sheikh Hassan, Ahmed Mahmoud Hassan, Yaseer Hassan, Abu Qasim); dáta breithe: idir 1981 agus 1983; áit bhreithe: Réigiún Pwani, an Tansáin; inscne: fireann; náisiúntacht: Tansánach.

16.

Bonomade Machude OMAR (ar a dtugtar freisin Ibn Omar, Abu Sulayfa Muhammad, Abu Sorraca, Abu Surakha, Abu Suraqa Suraqa Filho, Omar Saide, Sheikh Omar); dáta breithe: an 15 Meitheamh 1988; áit bhreithe: Ceantar Palma, cúige Cabo Delgado, Mósaimbíc; inscne: fireann; náisiúntacht: Mósaimbíceach.”;

(2)

cuirtear isteach an iontráil seo a leanas faoin gceannteideal “B. Grúpaí, gnóthais agus eintitis dá dtagraítear in Airteagal 3”:

“5.

ISIS-Mozambique (ar a dtugtar freisin Islamic State of Iraq and Syria - Mozambique, Islamic State -Mozambique, ISIL-M, Ansar Al-Sunna, Al-Shabaab, Al-Shabaab in Mozambique, Mozambique Wilaya of the Islamic State, Ahlu Sunna wa Jamaah (ASwJ), Ahl al-Sunna wa al-Jamaa, Ahlu al-Sunnah wal-Jamaah, Ahlu Sunnah Wajamo, Swahili Sunna).”.