24.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 109/26


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2023/847 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Aibreán 2023

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (1), agus go háirithe Airteagal 30(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES.

(2)

Is cúis mhór imní don Chomhairle fós an staid sa tSiria. Tar éis níos mó ná 10 mbliana, is fada ó bheith thart an choinbhleacht sa tSiria agus tá sí fós ina húdar fulaingthe agus éagobhsaíochta.

(3)

Tugann an Chomhairle dá haire go leanann réimeas na Siria dá bheartas cur faoi chos a shaothrú.I bhfianaise a thromchúisí atá an staid i gcónaí, measann an Chomhairle gur gá éifeachtacht na mbeart sriantach atá i bhfeidhm a choinneáil ar bun agus a áirithiú, trína bhforbairt a thuilleadh agus a gcur chuige spriocdhírithe difreáilte á choimeád agus dálaí daonnúla mhuintir na Siria á gcur san áireamh. Measann an Chomhairle go bhfuil ábharthacht ar leith ag baint le catagóirí áirithe daoine agus eintiteas maidir le héifeachtacht na mbeart sriantach sin, i bhfianaise an chomhthéacs shonraigh atá ann i gcónaí sa tSiria.

(4)

De réir mheasúnaithe ón gComhairle tacaíonn mílístí atá cleamhnaithe leis an réimeas le réimeas na Siria ina bheartais cos ar bolg, go ndéanann siad mí-úsáid ar chearta an duine agus sáruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta thar ceann réimeas na Siria, agus go bhfuil baol tromchúiseach ann go ndéanfaidh a gcomhaltaí tuilleadh sáruithe den sórt sin. Le blianta beaga anuas tá méadú tagtha ar chuideachtaí slándála príobháideacha atá ag feidhmiú sa tSiria, a ghníomhaíonn mar chuideachtaí caocha do mhílístí atá cleamhnaithe leis an réimeas agus a thacaíonn leo trí ghníomhaíochtaí, mar shampla trí bhaill a earcú. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, go bhfuil gá le bearta sriantacha breise chun reo a dhéanamh ar na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha uile a bhaineann le mílístí atá cleamhnaithe le réimeas na Siria, atá faoi úinéireacht, i seilbh nó faoi rialú na mílístí sin, chomh maith le daoine agus eintitis atá nasctha le cuideachtaí slándála príobháideacha áirithe a thacaíonn leis na mílístí sin atá cleamhnaithe leis an réimeas, agus chun srianta a chur ar dhaoine den sórt sin a ligean isteach, mar a shainaithin an Chomhairle iad agus mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES.

(5)

Is cúis mhór imní don Chomhairle an méadú atá ag teacht ar thrádáil támhshuanach de thionscnamh na Siria. Mheas an Chomhairle go háirithe go bhfuil an trádáil in amfataimíní tagtha chun a bheith ina samhail ghnó faoi stiúir an réimis, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis, agus a chuireann ioncam ar fáil dó agus a chuireann lena chumas a chuid beartas cos ar bolg a chothabháil. Measann an Chomhairle gur cheart di foráil a dhéanamh maidir le bearta sriantacha chun na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha uile ar le daoine agus eintitis áirithe iad a bhfuil baint acu le táirgeadh nó gáinneáil támhshuanach de thionscnamh na Siria, atá faoi úinéireacht, i seilbh nó faoi rialú na ndaoine sin, mar a shainaithin an Chomhairle iad agus mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES, a reo, agus chun srianta a chur ar ligean isteach na ndaoine sin, ionas nach mbeidh siad in ann tacaíocht a thabhairt don réimeas agus chun cur leis an mbrú atá ar an réimeas a chuid beartas cos ar bolg a athrú. Tá sé d’aidhm ag na bearta sin freisin an baol go mbainfí an bonn d’éifeachtacht na mbeart sriantach a laghdú trí dhíriú ar chumas an réimis dul i muinín fáltais ó thrádáil támhshuanach chun leanúint dá bheartas cos ar bolg.

(6)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart 25 duine agus 8 eintitis a chur ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/255/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 24 Aibreán 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L 147, 1.6.2013, lch. 14.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES mar a leanas:

(1)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn A (Daoine):

 

Ainm

Faisnéis chéannachta

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“327.

Wasim Badia AL-ASSAD

وسيم بديع الأسد

Dáta bhreithe: 18.7.1980

Áit bhreithe: Qardaha/an tSiria;

Náisiúntacht: Siriach;

Inscne: fireann

Is col ceathrar le Bashar al-Assad é Wasim Badia al-Assad; dá bhrí sin, tá sé ina bhall de theaghlach Assad.

Tá Wasim Badia al-Assad rannpháirteach freisin i dtáirgeadh agus i ngáinneáil Captagon. Go háirithe, bhí sé rannpháirteach i dtáirgeadh Captagon agus tá sé freagrach as lastais drugaí. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil an Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

24.4.2023

328.

Samer Kamal AL-ASSAD

ar a dtugtar freisin ‘Samir’

سامر كمال الأسد

Dáta breithe: 19.5.1973;

Áit bhreithe: Quardaha, an tSiria

Náisiúntacht: Siriach;

Inscne: fireann

Tá Samer Kamal al-Assad ina bhall de theaghlach Assad.

Feidhmíonn sé i gcomhthéacs na trádála támhshuanach, go háirithe i dtáirgeadh na támhshuanach. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil an Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

24.4.2023

329.

Mudar Rifaat AL ASSAD

ar a dtugtar freisin ‘Rifa’at’

مضر رفعت الأسد

Dáta breithe: 1964;

Áit bhreithe: an tSiria;

Náisiúntacht: Siriach;

Inscne: fireann

Is col ceathrar le Bashar al-Assad é Mudar Rifaat al-Assad; dá bhrí sin, tá sé ina bhall de theaghlach Assad.

24.4.2023

330.

Mohammad SHALISH

محمد شاليش

Náisiúntacht: Siriach;

Inscne: fireann

Tá dlúthcheangal ag Mohammad Shalish leis an réimeas.

Tá sé nasctha le hoibríochtaí drugaí agus go sonrach le trádáil Captagon i réigiún Lattakia. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil an Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

24.4.2023

331.

Waseem Omar AL-MASALMA

وسيم عمر المسالمة

Dáta breithe: 27.8.1981;

Áit bhreithe: Bosra Al-Sham/an tSiria;

Náisiúntacht: Siriach;

Inscne: fireann

Tá Waseem Omar al-Masalma ina cheannaire ar mhílíste atá cleamhnaithe le réimeas.

Tá Waseem Omar al-Masalma rannpháirteach sa trádáil Captagon faoi stiúir an réimis i nDeisceart na Siria, go háirithe in Deraa. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil an Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

24.4.2023

332.

Amer Tayseer KHITI

عامرتيسير خيتي

Dáta breithe: 31.7.1980;

Áit bhreithe: Douma/Gobharnóireacht Rif Dimashq/an tSiria;

Náisiúntacht: Siriach;

Inscne: fireann

Is mórphearsa gnó é Amer Tayseer Khiti atá ag feidhmiú sa tSiria agus leasanna aige i réadmhaoin, i dtógáil agus i dtionscal. Tá dlúthcheangail aige le teaghlach Assad. Tacaíonn sé leis an uachtarán al-Assad agus d’eagraigh sé slógaí dó.

Tá Amer Tayseer Khiti rannpháirteach freisin in oibríochtaí smuigleála Captagon agus cheannaigh sé réadmhaoin chun infheistíocht a dhéanamh i saoráidí pacáistithe a úsáidtear le haghaidh smuigleáil drugaí. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil an Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

24.4.2023

333.

Abdellatif HAMID

ar a dtugtar freisin ‘Hamida’

عبد اللطيف حميدة

Dáta breithe: 1.12.1977;

Áit bhreithe: Aleppo, an tSiria

Náisiúntacht: Siriach;

Inscne: fireann

Tá dlúthcheangail ag Abdellatif Hamid le teaghlach Assad.

Tá monarcha ag Abdellatif Hamid in Aleppo atá luaite le táirgeadh agus gáinneáil Captagon. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil an Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

24.4.2023

334.

Nouh ZAITER

Noah ZAITER

Noah ZAYTAR

نوح زعيتر

Dáta breithe: 1977;

Áit bhreithe: Zahle, an Liobáin;

Náisiúntacht: Liobánach;

Inscne: fireann

Tá baint ag Nouh Zaiter le baill den teaghlach Assad.

Tá sé rannpháirteach i ngáinneáil Captagon sa Liobáin agus sa tSiria. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil an Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

24.4.2023

335.

Taher AL-KAYALI

طاهر الكيالي

Dáta breithe: 13.12.1959;

Náisiúntacht: Siriach;

Inscne: fireann.

Is fear gnó Siriach é Taher Al-Kayali ar leis roinnt cuideachtaí, lena n-áirítear Neptunus LLC.

Trína chuideachtaí tá sé rannpháirteach i dtáirgeadh agus gáinneáil Captagon, go háirithe ó thaobh é a iompar ó chalafort Latakia. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil an Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

24.4.2023

336.

Imad Abu ZUREIQ

Emad Abu ZURAIQ

Imad Abu ZREIK

عماد أبو زريق

Dáta breithe: 1982;

Áit bhreithe: Nasib, Daraa (an tSiria);

Náisiúntacht: Siriach;

An áit a meastar ina bhfuil sé: Daraa, an tSiria;

Inscne: fireann

Tá Imad Abu Zureiq ina phríomhchomhalta de mhílíste atá cleamhnaithe leis an réimeas in Iardheisceart na Siria a thuairiscíonn go díreach do bhrainse Slándála Míleata réimeas na Siria.

Faoi láthair, déanann a mhílíste brabús ó gheilleagar an chogaidh, lena n-áirítear an gháinneáil ar Captagon. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil an Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

24.4.2023

337.

Mustafa AL-MASALMAH

ar a dtugtar freisin Mustafa AL-KASAM/QASIM

مصطفى المسالمة/الكسم

Náisiúntacht: Siriach;

An áit a meastar ina bhfuil sé: Daraa al-Balad, an tSiria;

Inscne: fireann

Tá Mustafa al-Maslamah i gceannas ar mhílíste atá cleamhnaithe leis an réimeas agus a thuairiscíonn go díreach do bhrainse Slándála Míleata réimeas na Siria.

Faoi láthair, déanann a mhílíste brabús ó gheilleagar an chogaidh, lena n-áirítear an gháinneáil ar an druga sintéiseach Captagon. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil an Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó.

Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

24.4.2023

338.

Hassan Muhammad DAQQOU

حسن محمد دقو

Dáta breithe: 1.2.1985;

Áit bhreithe: Tfail, an Liobáin;

Náisiúntacht: Siriach/Liobánach;

Inscne: fireann

Tá dlúthcheangail ag Hassan Muhammad Daqqou le Ceathrú Rannán Arm na Siria. Tá líonra leathan gáinneála drugaí bunaithe ag Daqqou sa Liobáin agus sa tSiria agus tá monarchana déantúsaíochta Captagon tógtha aige gar don teorainn idir an tSiria agus an Liobáin. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil an Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

24.4.2023

339.

Jihad BARAKAT

جهاد بركات

Dáta breithe: 1964;

Áit bhreithe: Qardahah/an tSiria;

Náisiúntacht: Siriach;

Inscne: fireann

Tá baint trí phósadh ag Jihad Barakat leis an teaghlach Assad.

Tá sé ina cheannaire freisin ar mhílíste atá cleamhnaithe leis an réimeas, agus tá feidhmeanna míleata agus faisnéise éagsúla don réimeas aige i gcónaí.

24.4.2023

340.

Raji FALHOUT

راجي فلحوط

Dáta breithe: 3.10.1985;

Áit bhreithe: Atil, an tSiria;

Post: Ceannaire mílíste atá cleamhnaithe le réimeas na Siria;

Náisiúntacht: Siriach;

Inscne: fireann

Tá Raji Falhout i gceannas ar mhílíste atá bainteach le Faisnéis Mhíleata na Siria.

Tá Raji Falhout rannpháirteach freisin i ngáinneáil ar dhrugaí a bhaineann le Captagon. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil an Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

24.4.2023

341.

Muhammad ABDO ASSAAD

ar a dtugtar freisin Asa’ad

محمد عبده أسعد

Dáta breithe: 19.7.1975;

Áit bhreithe: Ain Tineh, Dúiche na Damaisce, an tSiria;

Náisiúntacht: Siriach;

Seoladh: Foirgneamh Assaad, Príomhshráid, Ain Tineh, Dúíche na Damaisce;

Faisnéis eile aitheantais: Athair: Abdo Assaad;

Inscne: fireann

Is é Muhammad Abdo Assaad ceannaire mhílíste Hosn al-Watan, a throid thar ceann réimeas na Siria.

Le déanaí, bhunaigh sé an chuideachta Aman for Protection and Security LLC, a thairgeann seirbhísí slándála príobháideacha agus a fheidhmíonn mar chuideachta chaoch do mhílíste Hosn al-Watan. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

24.4.2023

342.

Samer AL-DIBIS

سامر الدبس

(ar a dtugtar freisin Samer AL-DIBS, Samir)

Dáta breithe: 30.3.1962;

Áit bhreithe: an Damaisc, an tSiria;

Náisiúntacht: Siriach;

Seoladh: Naher Street, Rawda, Damascus, Syria;

Inscne: fireann

Is mórphearsa gnó é Samer al-Dibis atá ag feidhmiú sa tSiria, atá gníomhach i roinnt earnálacha den gheilleagar, go háirithe i dtionscal na gceimiceán agus i réadmhaoin. Is comhalta é de Bhord Stiúrthóirí Chomhairle Ghnó na Siria-na Síne agus tá sé ina chathaoirleach ar Chumann Tionscail na Damaisce agus Dhúiche na Damaisce. Is feisire parlaiminte agus dlúthchomhlach le Maher-al-Assad é. Sna feidhmeanna sin, tá Samer al-Dibis ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

24.4.2023

343.

Ali Najib IBRAHIM

علي نجيب إبراهيم

(ar a dtugtar freisin Ali Najeeb IBRAHIM)

Dáta breithe: 1991;

Post: pearsa gnó;

Náisiúntacht: Siriach;

Seoladh: Al-Malki, Damascus, Syria;

Inscne: Fireann

Is mórphearsa gnó é Ali Najib Ibrahim atá ag feidhmiú sa tSiria agus tá sé gníomhach in earnáil na teileachumarsáide freisin. Tá roinnt cuideachtaí caocha aige, a raibh baint acu le réimeas na Siria agus iarrachtaí á ndéanamh acu teacht timpeall ar smachtbhannaí. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

24.4.2023

344.

Jamal ISMAIL

ar a dtugtar freisin Ismael

جمال إسماعيل

Náisiúntacht: Siriach;

Eintitis chomhlachaithe: An Stiúrthóireacht um Fhaisnéis Mhíleata;

Inscne: fireann

Bhí Jamal al-Ismail ina cheannasaí ar Bhrainse 227 den Stiúrthóireacht um Fhaisnéis Mhíleata de chuid réimeas na Siria an 13 Aibreán 2013 nuair a mharaigh a aonad 41 shibhialtach ar a laghad i mbaile Tadamon (‘sléacht Tadamon’). Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as an bpobal sibhialtach sa tSiria a chur faoi chois le foréigean.

24.4.2023

345.

Jamal AL-KHATIB

جمال الخطيب

Eintitis chomhlachaithe: An Stiúrthóireacht um Fhaisnéis Mhíleata

Bhí Jamal al-Khatib ina oifigeach ceannais i mBrainse 227 den Stiúrthóireacht um Fhaisnéis Mhíleata de chuid réimeas na Siria an 13 Aibreán 2013 nuair a ghlac sé páirt i marú 41 shibhialtach ar a laghad i mbaile Tadamon (‘sléacht Tadamon’). Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as an bpobal sibhialtach sa tSiria a chur faoi chois le foréigean.

24.4.2023

346.

Osama AL-MALIKI

ar a dtugtar freisin Usama

أسامة المالكي

Dáta breithe: 1963;

Áit bhreithe: an Damaisc, an tSiria;

Náisiúntacht: Siriach;

Seoladh: Villa 98, Sharqiyat, Jazira al-Khamisa, Qura al-Assad, Dúiche na Damaisce, an tSiria;

Faisnéis eile aitheantais: Athair: Mohammad al-Maliki – محمد المالكي;

Inscne: fireann

Is é Osama al-Maliki úinéir tromlaigh Al-Jabal Security and Protection LLC. Feidhmíonn Al-Jabal Security and Protection LLC mar chuideachta chaoch chun go bhféadfar leanúint de ghníomhaíochtaí mhílíste Saraya al-Areen 313, mílíste atá cleamhnaithe leis an réimeas. Dá bhrí sin, tá Osama al-Maliki ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

24.4.2023

347.

Fadi SAQR

فادي أحمد

(ar a dtugtar freisin Fady SAKR, Fadi SAQER, Fadi SAQIR)

Dáta breithe: 1975

Áit bhreithe: Jablah, an tSiria;

Náisiúntacht: Siriach;

Inscne: fireann

Is ceannaire é Fadi Saqr ar mhílíste ‘na bhFórsaí Cosanta Náisiúnta’ sa Damaisc a throid thar ceann an réimis ó 2012 ar a laghad. Dá bhrí sin, tá Fadi Saqr ina bhall de mhílíste atá cleamhnaithe leis an réimeas.

Bhí Fadi Saqr mar chuid den slabhra ceannais sa sléacht a rinneadh ar 41 shibhialtach ar a laghad i mbaile Tadamon an 13 Aibreán 2013 (‘sléacht Tadamon’). Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as an bpobal sibhialtach sa tSiria a chur faoi chois le foréigean.

24.4.2023

348.

Ahmad Ali TAHER

احمد علي طاهر

Dáta breithe: 1982;

Náisiúntacht: Siriach;

Seoladh: an Damaisc, Mazze, Western Villas, Foirgneamh Saraya 36, 3ú hUrlár;

Daoine aonair comhlachaithe: Deartháir: Khodr Taher;

Eintitis chomhlachaithe: Castle Security and Protection LLC;

Faisnéis eile aitheantais: Athair: Ali Taher;

Inscne: fireann

Tá scaireanna ag Ahmad Ali Taher i Castle Security and Protection LLC, a fheidhmíonn mar chuideachta chaoch don Cheathrú Rannán d’Arm Arabach na Siria, faoi stiúir Maher al-Assad. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

24.4.2023

349.

Amjad YOUSSEF

ar a dtugtar freisin Yusuf Yousef

أمجد يوسف

Náisiúntacht: Siriach;

Inscne: fireann

Is Oifigeach Barántas é Amjad Youssef sa Stiúrthóireacht um Fhaisnéis Mhíleata na Siria.

Bhí sé ina bhall de Bhrainse 227 den Stiúrthóireacht um Fhaisnéis Mhíleata de chuid réimeas na Siria an 13 Aibreán 2013 nuair a ghlac sé páirt i marú 41 shibhialtach ar a laghad i mbaile Tadamon (‘sléacht Tadamon’). Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as an bpobal sibhialtach sa tSiria a chur faoi chois le foréigean.

24.4.2023

350.

Osama RAMADAN

ar a dtugtar freisin Usama

أسامة رمضان

Dáta breithe: 1973;

Náisiúntacht: Siriach;

Seoladh: an Damaisc, Mazze, Western Villas, Foirgneamh Saraya 36, 3ú hUrlár;

Comhlach gnó: Ahmad Ali Taher;

Eintitis chomhlachaithe: Castle Security and Protection LLC;

Faisnéis eile aitheantais: Athair: Hassan Ramadan;

Inscne: fireann

Tá scaireanna ag Osama Ramadan i Castle Security and Protection LLC, a fheidhmíonn mar chuideachta chaoch don Cheathrú Rannán d’Arm Arabach na Siria, faoi stiúir Maher al-Assad. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

24.4.2023

351.

Ali Mhanna SULEIMAN

علي مهنا سليمان

Dáta breithe: 1987;

Áit bhreithe: Al-Raml, Kherbet Maaza, Tartus, an tSiria;

Náisiúntacht: Siriach;

Seoladh: Tartus, Khirbit Maaza, an 36ú hEastát, Limistéar Eastát Ghaya;

Uimhir aitheantais náisiúnta: 10040018920;

Ainm an athar: Mhanna;

Ainm na máthar: Insaf;

Inscne: fireann

Bhí Ali Suleiman ina cheannaire ar Reisimint Sahab de rannán de chuid Arm Arabach na Siria ar a dtugtar ‘Fórsaí na dTíogar’. Is dlúthchomhlach le Suhayl Hassan é. Bhí baint aige leis an réimeas a mhaoiniú, lena n-áirítear trí bhreosla a smuigleáil. Baineann sé tairbhe freisin as an mbaint atá aige leis an réimeas, mar shampla ó dheiseanna maidir le forbairt réadmhaoine. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

24.4.2023”

(2)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn B (eintitis):

 

Ainm

Faisnéis chéannachta

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“83.

Fourth Armoured Division of the Syrian Army

الفرقة الرابع

Áit chláraithe: an Damaisc;

Príomhionad gnó: Críoch réimeas na Siria sa tSiria;

Daoine aonair comhlachaithe: Maher al-Assad, Ghassan Belal

Tá the Fourth Armoured Division ar cheann de na haonaid mhíleata is suntasaí d’arm na Siria faoi stiúir Maher al-Assad agus faoi cheannas Ghassan Bilal.

Tá the Fourth Armoured Division freagrach as an bpobal sibhialtach sa tSiria a chur faoi chois le foréigean.

Déanann the Fourth Armoured Divisio brabús freisin ó gheilleagar an chogaidh, go háirithe an gháinneáil ar Captagon. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá the Fourth Armoured Division ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

24.4.2023

84.

Neptunus LLC/Neptune LLC company

شركة نبتونوس المحدودة المسؤولية

نبتونس أوفرسيز المحدودة

Áit chláraithe: Lattakia, an tSiria;

Dáta clárúcháin: 2017

Tá Neptunus LLC rannpháirteach in oibríochtaí drugaí i gcalafort Latakia. Dá bhrí sin, tá Neptunus LLC ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacaú leis.

Chomhbhunaigh Taher Al-Kayali Neptunus LLC.

24.4.2023

85.

Areen foundation/مؤسسة العرين

Áit chláraithe: an tSiria;

Dáta clárúcháin: 1999;

Príomhionad gnó: an tSiria;

Daoine aonair comhlachaithe: Asma al-Assad (bean chéile Bashar al-Assad agus í ina Stiúrthóir)

Ligeann the al-Areen foundation uirthi féin gur fondúireacht charthanachta atá inti, ach tá dlúthcheangal aici le mílístí réimeas na Siria.

Tá the al-Areen foundation faoi stiúr Asma al-Assad, bean chéile an uachtaráin.

Tá cabhair á cur ar fáil ag an bhfondúireacht i gcomhréir le beartais agus tosaíochtaí an réimis, agus dá bhrí sin, tá sí ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

24.4.2023

86.

Stroytransgaz/Стройтрансгаз

Faisnéis eile:

Stroytransgaz Group

Stroytransgaz (STG) Logistic,

Stroytransgaz (STG) Engineering,

STG Engineering

Is cuideachta innealtóireachta agus tógála Rúiseach é Stroytransgaz atá ag feidhmiú sa tSiria, a ghlac ceannas ar na mianaigh fosfáite is mó sa tSiria, i measc rudaí eile.

Dá bhrí sin, tá Stroytransgaz ag baint tairbhe asréimeas na Siria agus ag tacú leis.

24.4.2023

87.

Gecopham, the General Company for Phosphate and Mines

الشركة العامة للفوسفات و المناجم

Seoladh: Bóthar Palmyra, Homs, Poblacht Arabach na Siria

Fón: 00963312751122

Ríomhphost: info@gecopham.sy

Bainisteoir ginearálta: Younes Ramadan

Rialaíonn Aireacht Peitriliam agus Acmhainní Mianraí na Siria Gecopham agus tugann sé tacaíocht airgeadais don réimeas. Dá bhrí sin, tá sé ag tacú leis an réimeas.

24.4.2023

88.

Al-Jabal Security and Protection LLC

شركة الجبل لخدمات الحماية والحراسة

Seoladh: F6XR+495, Malek Bin Rabeaa, an Damaisc, an tSiria

Cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chláraithe: an Damaisc

Dáta clárúcháin: 19.10.2017

Príomhionad gnó: an Damaisc, an tSiria

Daoine aonair comhlachaithe: Osama Mohammad al-Maliki

Is le Osama al-Maliki an chuideachta Al-Jabal Security and Protection LLC agus bainistíonn sé freisin é.

Feidhmíonn Al-Jabal Security and Protection LLC mar chuideachta chaoch chun go bhféadfar leanúint de ghníomhaíochtaí mhílíste Saraya al-Areen 313, mílíste atá cleamhnaithe leis an réimeas. Dá bhrí sin, tá Al-Jabal Security and Protection LLC ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

24.4.2023

89.

Castle for Security and Protection LLC

شركة القلعة للحماية والحراسة والخدمات الأمني

ar a dtugtar freisin Castle Security and Protection LLC, Citadel for Security and Protection

Seoladh: Timpeallán Saraya, Western Villas, Mazze, an Damaisc, an tSiria

Cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chláraithe: an Damaisc, an tSiria

Dáta clárúcháin: 18.10.2017

Uimhir chlárúcháin: /

Príomhionad gnó: an Damaisc, an tSiria

Faisnéis eile: Earnáil: Mílíste a ndearnadh Cuideachta Slándála de

Uimhir ghutháin: +963116119331; +963943800808

Is cuideachta phríobháideach é Castle for Security and Protection LLC, a ghníomhaíonn mar chuideachta chaoch don Cheathrú Rannán d’Arm Arabach na Siria, faoi stiúir Maher al-Assad.

Tá baint ag Castle for Security freisin le gáinneáil ar thámhshuanaigh. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil an Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

24.4.2023

90.

Aman for Protection and Security LLC

شركة أمان للحماية والحراسة الأمنية

Seoladh: Dúiche na Damaisce

Cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chláraithe: Dúiche na Damaisce

Dáta clárúcháin: 10.10.2018

Uimhir chlárúcháin: 2906

Príomhionad gnó: Dúiche na Damaisce, an tSiria

Daoine aonair comhlachaithe: Muhammad Abdo Assad

Is cuideachta phríobháideach é Aman for Protection and Security LLC, a ghníomhaíonn mar chuideachta chaoch do mhílíste Hosn al-Watan, a bhunaigh Muhammad Abdo Assaad. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

24.4.2023”.