17.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 102/56 |
CINNEADH (AE) 2023/817 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 5 Aibreán 2023
lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/1743 maidir le luach saothair sealúchas cúlchistí barrachais agus taiscí áirithe (ECB/2019/31)(BCE/2023/9)
Tá Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhleasc d’Airteagal 127(2) de,
Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 17 agus 19 de,
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
An 8 Meán Fómhair 2022, chinn an Chomhairle Rialaithe luach saothair na dtaiscí atá i seilbh an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) a choigeartú go sealadach i gcomhréir le hAirteagal 2 de Chinneadh (AE) 2019/1743 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2019/31) (1) agus le hAirteagal 5 de Chinneadh BCE/2010/4 ón mBanc Ceannais Eorpach (2). Le Cinneadh (AE) 2022/1521 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2022/30) (3), cuireadh an creat sealadach sin chun feidhme trí luach saothair na dtaiscí sin a shocrú ar an ráta saoráide taisce nó ar an ráta gearrthéarmach euro (€STR), cibé acu is ísle. Fanfaidh Cinneadh (AE) 2022/1521 (BCE/2022/30) i bhfeidhm go dtí an 30 Aibreán 2023. |
(2) |
An 6 Feabhra 2023, chinn an Chomhairle Rialaithe go socrófar luach saothair na dtaiscí sin ag ráta gearrthéarmach an euro (€STR) lúide 20 bonnphointe ón 1 Bealtaine 2023. Tá an ráta luacha saothair sin ailínithe leis an uasteorainn luacha saothair is infheidhme maidir le taiscí rialtais atá i seilbh bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, mar a shonraítear i dTreoirlíne (AE) 2019/671 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2019/7) (4), a shocrófar freisin ag ráta gearrthéarmach an euro (€STR) lúide 20 bonnphointe ón 1 Bealtaine 2023. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (AE) 2019/1743 (BCE/2019/31) a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe
Leasaítear Airteagal 2 de Chinneadh (AE) 2019/1743 (BCE/2019/31) mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Íocfar na sealúchais sna cuntais seo a leanas arna gcoimeád le BCE ar ráta gearrthéarmach an euro (€STR) lúide 20 bonnphointe:
Mar sin féin, nuair is gá taiscí a shealbhú sna cuntais ábhartha roimh an dáta a gcaithfear íocaíocht a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha dlíthiúla nó conarthacha is infheidhme maidir leis an tsaoráid ábhartha, déanfar íocaíocht i leith na dtaiscí sin le linn na réamhthréimhse sin ag nialas faoin gcéad nó de ar ráta gearrthéarmach an euro (€STR), cibé acu is airde. (*1) Cinneadh BCE/2003/14 ón mBanc Ceannais Eorpach an 7 Samhain 2003 maidir le riar na n-oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí arna dtabhairt i gcrích ag an gComhphobal Eorpach faoin tsaoráid um chúnamh airgeadais meántéarmach (IO L 297, 15.11.2003, lch. 35)." (*2) Cinneadh BCE/2010/4 ón mBanc Ceannais Eorpach an 10 Bealtaine 2010 maidir le bainistiú iasachtaí déthaobhacha comhthiomsaithe chun sochair don Phoblacht Heilléanach agus lena leasaítear Cinneadh BCE/2007/7 (IO L 119, 13.5.2010, lch. 24)." (*3) Cinneadh BCE/2010/17 ón mBanc Ceannais Eorpach an 14 Deireadh Fómhair 2010 maidir le riar na n-oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas faoin Sásra Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (IO L 275, 20.10.2010, lch. 10)." (*4) Cinneadh BCE/2010/31 ón mBanc Ceannais Eorpach an 20 Nollaig 2010 maidir le cuntais a oscailt chun íocaíochtaí a phróiseáil i ndáil le hiasachtaí de chuid EFSF do Bhallstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu (IO L 10, 14.1.2011, lch. 7)." (*5) Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle an 19 Bealtaine 2020 maidir le hionstraim Eorpach a bhunú le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú in éigeandáil (SURE) tar éis ráig COVID-19 (IO L 159, 20.5.2020, lch. 1);” " |
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Beidh feidhm ag an ráta a shonraítear i mír 1 freisin maidir leis an gcuntas tiomnaithe a choimeádtar le BCE i gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 lena mbunaítear na socruithe is gá le haghaidh riar na n-oibríochtaí iasachtaíochta faoi Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle agus le haghaidh na n-oibríochtaí iasachtaithe a bhaineann le hiasachtaí arna ndeonú i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*) agus a úsáidtear chun críocha sealúchais airgid stuamachta i ndáil leis an méid seo a leanas:
Mar sin féin, íocfar méid comhiomlán na dtaiscí atá á sealbhú sa chuntas tiomnaithe sin nach mó ná EUR 20 billiún ag nialas faoin gcéad nó an ráta gearrthéarmach euro (€STR) lúide 20 bonnphointe, cibé acu is airde. (*) C(2021)2502 final." (**) Rialachán (AE) 2022/2463 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Ionstraim chun tacaíocht a sholáthar don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macra-airgeadais+) (IO L 322, 16.12.2022, lch. 1).”." |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
1. Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an cúigiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2. Beidh feidhm aige ón 1 Bealtaine 2023.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 5 Aibreán 2023.
Uachtarán BCE
Christine LAGARDE
(1) Cinneadh (AE) 2019/1743 ón mBanc Ceannais Eorpach an 15 Deireadh Fómhair 2019 maidir le híocaíocht i leith sealúchais cúlchistí farasbairr agus i leith taiscí áirithe (BCE/2019/31) (IO L 267, 21.10.2019, lch. 12).
(2) Cinneadh BCE/2010/4 ón mBanc Ceannais Eorpach an 10 Bealtaine 2010 maidir le bainistiú iasachtaí déthaobhacha comhthiomsaithe chun sochair don Phoblacht Heilléanach agus lena leasaítear Cinneadh BCE/2007/7 (IO L 119, 13.5.2010, lch. 24).
(3) Cinneadh (AE) 2022/1521 ón mBanc Ceannais Eorpach an 12 Meán Fómhair 2022 maidir le coigeartuithe sealadacha ar luach saothair taiscí áirithe beartais neamhairgeadaíochta arna sealbhú le bainc cheannais náisiúnta agus leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2022/30) (IO L 236 I, 13.9.2022, lch. 1).
(4) Treoirlíne (AE) 2019/671 ón mBanc Ceannais Eorpach an 9 Aibreán 2019 maidir le hoibríochtaí bainistíochta sócmhainní agus dliteanas intíre ag na bainc cheannais náisiúnta (BCE/2019/7) (IO L 113, 29.4.2019, lch. 11).