13.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 100/1


CINNEADH (AE) 2023/750 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Márta 2023

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát, an Phrótacail a ghabhann leis an gComhaontú Comhair maidir le Córas Domhanda Sibhialta um Loingseoireacht Satailíte (GNSS) idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Bulgáire, Phoblacht na Cróite agus an Rómáin leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 de, i gcomhar le pointe (a) (v) den dara fomhír d’irteagal 218(6) de,

Ag féachaint d’Ionstraimí Aontachais Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine (1) agus Phoblacht na Cróite (2), agus go háirithe Airteagal 6(2) díobh,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Síníodh an Comhaontú Comhair maidir le Córas Domhanda Sibhialta um Loingseoireacht Satailíte (GNSS) idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (4) (“an Comhaontú”) an 9 Meán Fómhair 2006 (5) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2016 (6).

(2)

Tháinig an Bhulgáir agus an Rómáin chun bheith ina mBallstáit den Aontas an 1 Eanáir 2007 agus an Chróit an 1 Iúil 2013.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 6(2) d’Ionstraimí Aontachais na Bulgáire, na Cróite agus na Rómáine, faoi seach, tá aontachas leis an gComhaontú le comhaontú trí bhíthin Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú sin (“an Prótacal”). I gcomhréir le hAirteagal 6(2) de na hIonstraim Aontachais sin, beidh feidhm ag nós imeachta simplithe maidir leis an aontachas sin, trína bhfuil an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil thar ceann na mBallstát, agus an tríú tír lena mbaineann, chun prótacal a thabhairt i gcrích.

(4)

An 23 Deireadh Fómhair 2006 agus an 14 Meán Fómhair 2012, thug an Chomhairle údarás don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht leis na tríú tíortha lena mbaineann chun prótacail a thabhairt i gcrích a ghabhann le comhaontuithe idirnáisiúnta a thugann an tAontas agus a Bhallstáit i gcrích.

(5)

Tugadh an chaibidlíocht le Poblacht na Cóiré chun críche go rathúil trí notes verbales a mhalartú.

(6)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2023/146 (7) ón gComhairle, síníodh an Prótacal an 26 Meán Fómhair 2022, faoi réir a thabhairt i gcrích ag dáta níos déanaí.

(7)

Is é Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh taiscí an Phrótacail seo.

(8)

Ba cheart an Prótacal a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar, leis seo, an Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú Comhair maidir le Córas Domhanda Sibhialta um Loingseoireacht Satailíte (GNSS) idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Bulgáire, Phoblacht na Cróite agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh, a fhormheas thar ceann an Aontais agus a Bhallstáit.

Tá téacs an Phrótacail i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais agus a Bhallstát, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 4 den Phrótacal.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Márta 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

E. BUSCH


(1)  An ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine agus oiriúnuithe na gConarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe (IO L 157, 21.6.2005, lch. 203).

(2)  Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Cróite agus na n-oiriúnuithe ar an gConradh ar an Aontas Eorpach, ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO L 112, 24.4.2012, lch. 21).

(3)  Toiliú an 15 Feabhra 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)   IO L 288, 19.10.2006, lch. 31.

(5)  Cinneadh 2006/700/CE ón gComhairle an 1 Meán Fómhair 2006 maidir le síniú, thar ceann an Chomhphobail, an Chomhaontaithe Comhair maidir le Córas Domhanda Sibhialta um Loingseoireacht Satailíte (GNSS) idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (IO L 288, 19.10.2006, lch. 30).

(6)  Cinneadh (AE) 2016/944 ón gComhairle an 6 Meitheamh 2016 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhair maidir le Córas Domhanda Sibhialta um Loingseoireacht Satailíte (GNSS) idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (IO L 157, 15.6.2016, lch. 19).

(7)  Cinneadh (AE) 2023/146 ón gComhairle an 18 Márta 2019 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát, an Phrótacail a ghabhann leis an gComhaontú Comhair maidir le Córas Domhanda Sibhialta um Loingseoireacht Satailíte (GNSS) idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Bulgáire, Phoblacht na Cróite agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (IO L 21, 23.01.2023, lch. 5).