29.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 91/17


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/695 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Márta 2023

lena mbunaítear formáid na tuarascála maidir le stádas agus treochtaí speiceas éan fiáin dá dtagraítear in Airteagal 12 de Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Treoir maidir le hÉin)

(a tugadh fógra dó faoi Dhoiciméad C (2023) 1889)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (1), agus go háirithe Airteagal 12(1), an dara fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 12(1) de Threoir 2009/147/CE ceanglaítear ar na Ballstáit tuarascáil a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún gach 6 bliana maidir le cur chun feidhme na mbeart arna ndéanamh faoin Treoir sin agus maidir le príomhthionchair na mbeart sin.

(2)

Áireofar leis an tuarascáil sin go háirithe faisnéis ar stádas agus treochtaí na speiceas éan fiáin a chosnaítear le Treoir 2009/147/CE, na bagairtí agus na brúnna atá orthu, na bearta caomhnúcháin a rinneadh ina leith agus ar an méid a rannchuidigh líonra na Limistéar faoi Chosaint Speisialta leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 den Treoir sin.

(3)

Tá formáid na tuarascála sin le hailíniú le formáid na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 17(1) de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle (2).

(4)

Tá doiciméadacht tacaíochta chun úsáid chomhsheasmhach na formáide tuairiscithe ar fud an Aontais a éascú, lena n-áirítear liostaí cód, treoraíocht theicniúil agus formáidí comhaid sonraí chun an fhaisnéis a tharchur, ar fáil do na Ballstáit i dtairseach thagartha ar líne le haghaidh Airteagal 12, tairseach a choinníonn an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil ar bun.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Oiriúnú don Dul Chun Cinn Eolaíoch agus Teicniúil, a bunaíodh de bhun Airteagal 16(1) de Threoir 2009/147/CE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach an fhormáid tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Threoir 2009/147/CE san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Virginijus SINKEVIČIUS

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 20, 26.1.2010, lch. 7.

(2)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).


IARSCRÍBHINN

FORMÁID TUAIRISCITHE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 12 DE THREOIR 2009/147/CE (AN TREOIR MAIDIR LE hÉIN)

Tá dhá phríomhchuid i gceist le formáid tuairiscithe Airteagal 12:

Cuid A – Formáid an tuairiscithe ghinearálta tuairiscithe, ina dtugtar forléargas ar an bhfaisnéis maidir leis an gcur chun feidhme agus na bearta ginearálta a rinneadh faoi Threoir 2009/147/CE.

Cuid B – Formáid tuairiscithe maidir le stádas agus treochtaí speiceas éan, lena n-áirítear faisnéis maidir le brúnna, bearta caomhnúcháin agus cumhdach na Limistéar faoi Chosaint Speisialta.

Líonfar isteach formáid na tuarascála de réir na dtreoracha a thugtar sna nótaí míniúcháin. Is féidir breis treorach a fháil i “dtairseach thagartha Airteagal 12” ar líne.

Príomhranna fhormáid tuairiscithe Airteagal 12

Cuid A - Formáid na tuarascála ginearálta

Ní mór an roinn seo a líonadh agus an Ballstát ina iomláine a chumhdach

1.

Na príomhnithe a baineadh amach faoi Threoir 2009/147/CE

2.

Foinsí faisnéise ginearálta maidir le cur chun feidhme Threoir 2009/147/CE

3.

An taighde agus an obair atá riachtanach mar bhonn chun pobail éan a chosaint, a bhainistiú agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe (Airteagal 10 de Threoir 2009/147/CE)

4.

Speicis neamhdhúchasacha éan (Airteagal 11 de Threoir 2009/147/CE)

Cuid B - Formáid na tuarascála maidir le stádas agus treochtaí speiceas éan

Ní mór an roinn seo a líonadh le haghaidh gach speicis éan ábhartha de chuid Ballstáit i gcomhréir leis an treoir a thugtar sna nótaí míniúcháin agus sna seicliostaí ábhartha ar “thairseach thagartha Airteagal 12” ar líne.

1.

Faisnéis faoi speicis

2.

Séasúr

3.

Méid an phobail

4.

An treocht phobail

5.

Léarscáil agus méid an dáilte pórúcháin

6.

Treocht dáilte pórúcháin

7.

Na brúnna agus na bagairtí is mó

8.

Bearta caomhnúcháin

9.

Cumhdach Natura 2000 (Limistéir faoi Chosaint Speisialta (SPAnna))

10.

Dul chun cinn san obair a bhaineann le Pleananna Gníomhaíochta Idirnáisiúnta maidir le Speicis (SAPanna), Pleananna Bainistíochta (MPanna) agus Ráitis Bhainistíochta Achoimre (BMSanna)

11.

Faisnéis a bhaineann le speicis dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2009/147/CE

CUID A - FORMÁID NA TUARASCÁLA GINEARÁLTA NA TUARASCÁLA

Ballstát

Úsáidtear an cód de réir an liosta sa Tairseach Thagartha

1

Na príomhnithe a baineadh amach faoi Threoir 2009/147/CE

Saorthéacs

An príomhní a baineadh amach

Tabhair tuairisc ghairid ar na príomhnithe a baineadh amach faoi Threoir 2009/147/CE le linn na tréimhse tuairiscithe, agus béim ar leith á leagan ar líonra an Limistéir faoi Chosaint Speisialta.

Sampla de scéal ratha

Má tá sé ar fáil, tabhair tuairisc ghairid ar scéal ratha amháin ar a laghad. D”fhéadfadh baint a bheith aige le haon speiceas éan fiáin a léiríonn fíorfheabhas le linn na tréimhse tuairiscithe, i.e. treocht phobail ghearrthéarmach atá ag dul i méid (pobal pórúcháin nó geimhrithe) gan beann ar a threocht fhadtéarmach nó treocht pobail ghearrthéarmach atá cobhsaí/ag luainiú i bhfianaise treochtaí laghduithe fadtéarmacha.

Ba cheart na feabhsuithe a dtugtar tuairisc orthu a bheith dírithe ar bhearta caomhnúcháin, ba cheart iad a bheith ag baint leis an tréimhse tuairiscithe reatha ach d”fhéadfadh bearta ar cuireadh tús leo tráth níos luaithe a bheith san áireamh chomh maith.

Más mian le Ballstát tuilleadh doiciméadachta a chur leis an méid a iarrtar san fhormáid seo, luaigh doiciméadacht den sórt sin mar Iarscríbhinní mar aon lena n-ainmneacha comhaid ag deireadh na roinne saorthéacs seo agus uaslódáil na comhaid ábhartha chuig sásra tuairiscithe na Gníomhaireachta Eorpaigh Comhshaoil mar aon leis an gcuid eile den tuarascáil. Más féidir, cuir aistriúchán go Béarla ar fáil.

1.1

Téacs sa teanga náisiúnta

2-3 leathanach ar a mhéad

1.2

Aistriúchán go Béarla

Roghnach

 

1.3

Ainm, cód agus séasúr speicis / fospeicis i scéalta ratha

a)

Cód agus ainm an speicis éan

b)

Séasúr


2

Foinsí faisnéise ginearálta maidir le cur chun feidhme Threoir 2009/147/CE

Tabhair nasc chuig seoladh/seoltaí Idirlín le haghaidh foinsí faisnéise náisiúnta inar féidir teacht ar an bhfaisnéis a iarradh nó mínigh conas rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin.

2.1

Faisnéis ghinearálta faoi Threoir 2009/147/CE

URL/téacs

2.2

Faisnéis faoi líonra Natura 2000 (Limistéar faoi Chosaint Speisialta (SPA))

URL/téacs

2.3

Scéimeanna faireacháin (Airteagal 4(1) agus Airteagal 10 de Threoir 2009/147/CE)

URL/téacs

2.4

Cosaint speiceas (Airteagal 5–8 de Threoir 2009/147/CE)

URL/téacs

2.5

Trasuí na Treorach (téacsanna dlíthiúla)

URL/téacs


3

An taighde agus an obair atá riachtanach mar bhonn chun pobail éan a chosaint, a bhainistiú agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe (Airteagal 10 de Threoir 2009/147/CE)

Liostaigh na gníomhaíochtaí is déanaí thíos. Is féidir faisnéis bhreise saorthéacs atá ábhartha maidir le cur chun feidhme Airteagal 10 a thabhairt i Roinn 1 (na príomhnithe a baineadh amach).

3.1

Atlas éan náisiúnta

3.1.1

Teideal

 

3.1.2

Bliain an fhoilsithe

 

3.1.3

Nasc don suíomh gréasáin agus/nó tagairt bhibleagrafach

URL/téacs

3.2

Forléargas ar fhaireacháin éan náisiúnta

Líon isteach réimsí 3.2.1 go 3.2.3 arís má foilsíodh níos mó ná forléargas amháin

3.2.1

Teideal nó a mhacasamhail agus tuairisc ghearr

An speiceas a chumhdaítear, príomhthorthaí, etc.

3.2.2

Bliain an fhoilsithe

 

3.2.3

Nasc don suíomh gréasáin agus/nó tagairt bhibleagrafach

URL/téacs

3.3

Liosta dearg náisiúnta éan

3.3.1

Teideal

 

3.3.2

Bliain an fhoilsithe

 

3.3.3

Nasc don suíomh gréasáin agus/nó tagairt bhibleagrafach

URL/téacs

3.4

Foilseacháin eile a bhfuil leas uile-Aontais ag baint leo (e.g. forléargas náisiúnta ar ghníomhaíocht maidir le speicis atá faoi bhagairt)

Líon isteach 3.4.1 go 3.4.3 arís má foilsíodh níos mó ná ceann amháin; 10 bhfoilseachán ar a mhéad

3.4.1

Teideal nó a mhacasamhail agus tuairisc ghearr

Speiceas a chumhdaítear, príomhthorthaí etc.

3.4.2

Bliain an fhoilsithe

 

3.4.3

Nasc don suíomh gréasáin agus/nó tagairt bhibleagrafach

URL/téacs


4

Speicis neamhdhúchasacha éan (Airteagal 11 de threoir 2009/147/CE)

Tabhair tuairisc ar speicis éan nach ann dóibh go nádúrtha san fhiántas i gcríoch Eorpach na mBallstát agus a tugadh isteach le linn na tréimhse tuairiscithe. Líon isteach 4.1 go 4.5 arís le haghaidh gach speicis a thuairiscítear de réir mar is gá.

4.1

Ainm eolaíoch an speicis

 

4.2

Aonad fospeicis

I gcás inarb ábhartha

4.3

Príomhábhar an chinnidh dhlíthiúil maidir leis an tabhairt isteach

Saorthéacs; réasúnú, an líon éan aonair agus fad aon údaraithe le cur san áireamh

4.4

Comhairliúchán leis an gCoimisiún

Dáta

4.5

Faisnéis bhreise

Roghnach

Faisnéis ábhartha eile, a chomhlánaíonn na sonraí a iarrtar faoi réimsí 4.1–4.4

Saorthéacs

CUID B - FORMÁID NA TUARASCÁLA MAIDIR LE STÁDAS AGUS TREOCHTAÍ SPEICEAS ÉAN

1

Faisnéis faoi speicis

1.1

Ballstát

Úsáidtear cód de réir an liosta sa Tairseach Thagartha

1.2

Cód speiceas

Roghnaigh cód ó sheicliosta speiceas éan sa tairseach Thagartha

1.3

Cód EURING

Roghnaigh cód ó sheicliosta speiceas éan sa tairseach Thagartha

1.4

Ainm eolaíoch an speicis

Roghnaigh speiceas ó sheicliosta speiceas éan sa tairseach Thagartha

1.5

Pobal fospeiceasach

I gcás inarb ábhartha, roghnaigh an pobal sainiúil (de réir seicliosta na speiceas éan sa Tairseach Thagartha)

1.6

Ainm eolaíoch malartach an speicis

Roghnach

An t-ainm eolaíoch a úsáidtear ar an leibhéal náisiúnta, murab ionann é agus 1.4

1.7

Gnáthainm

Roghnach

Sa teanga náisiúnta


2

Séasúr

2.1

Séasúr

Roghnaigh an séasúr inar bailíodh na sonraí atá á dtuairisciú: Séasúr Pórúcháin/Geimhrithe/Eachtrainn (mar a shainaithnítear i seicliosta na speiceas éan)

2.2

Tuairisciú céaduaire

Sonraigh más é seo an chéad bhabhta tuairiscithe le haghaidh an speicis seo (seachas cásanna ina bhfuil athrú ar ainm nó ar chód an speicis idir na tréimhsí tuairiscithe)

IS É

NÍ hÉ

2.3

Faisnéis bhreise

Sonraigh cineál an tuairiscithe chéaduaire. Tá aon fhaisnéis bhreise eile roghnach.


3

Méid an phobail

3.1

Bliain nó tréimhse

An bhliain nó an tréimhse inar cinneadh méid an phobail go deireanach

3.2

Méid an phobail

a)

Aonad

Péirí pórúcháin/éin aonair/eile (de réir seicliosta speiceas éan sa tairseach thagartha)

b)

Íosmhéid

Uimhir (amh, i.e. gan slánú). Tabhair eatramh (b, c) agus/nó an luach aonair is fearr (d)

c)

Uasmhéid

Uimhir (amh, i.e. gan slánú). Tabhair eatramh (b, c) agus/nó an luach aonair is fearr (d)

d)

An luach aonair is fearr

Uimhir (amh, i.e. gan slánú). Tabhair eatramh (b, c) agus/nó an luach aonair is fearr (d)

3.3

Cineál an mheastacháin

Meastachán is fearr / meán ilbhliatúil / eatramh muiníne 95 % / íosmhéid

3.4

Méid an phobail

An modh a úsáideadh

Roghnaigh ceann de na modhanna seo a leanas:

a)

Suirbhé iomlán nó meastachán atá láidir ó thaobh staidrimh de

b)

Bunaithe go príomha ar eachtarshuíomh ó mhéid teoranta sonraí

c)

Bunaithe go príomha ar thuairim ó shaineolaithe le sonraí an-teoranta

d)

Níl dóthain sonraí nó níl aon sonraí ar fáil

3.5

Foinsí

Tabhair tagairtí bibleagrafacha, nasc chuig suíomhanna Idirlín, sonraí teagmhála le haghaidh na saineolaithe, etc.

Saorthéacs

3.6

Athrú agus an chúis leis an athrú (ó rinneadh an tuarascáil dheireanach)

An bhfuil athrú ann idir na tréimhsí tuairiscithe? Má tá, is féidir níos mó ná rogha amháin ó b) go f) a roghnú

a)

níl aon athrú ann

b)

tá, mar gheall ar fhíor-athrú

c)

tá, mar gheall ar eolas feabhsaithe/sonraí níos cruinne

d)

tá, mar gheall ar úsáid modha éagsúil

e)

tá, ach ní fios cén cineál athraithe

f)

tá, mar gheall ar chúiseanna eile

Tá athrú ann go príomha mar gheall ar an méid a leanas (roghnaigh ceann de na cúiseanna seo a leanas):

a)

fíor-athrú

b)

eolas feabhsaithe/sonraí níos cruinne

c)

úsáid modha éagsúil

d)

ní fios

e)

cúiseanna eile

3.7

Faisnéis bhreise

Roghnach

Faisnéis ábhartha eile, a chomhlánaíonn na sonraí a iarrtar faoi réimsí 3.1–3.6

Saorthéacs


4

An treocht phobail

4.1

Treocht ghearrthéarmach (le 12 bhliain anuas)

4.1.1

Treocht ghearrthéarmach

Tréimhse

Tréimhse ama 12 bhliain i ndiaidh a chéile nó tréimhse chomh gar agus is féidir don tréimhse sin e.g. is é sin 2013-2024 le haghaidh thréimhse tuairiscithe 2019-2024

4.1.2

Treocht ghearrthéarmach

Treo

Roghnaigh ceann díobh seo a leanas:

a)

cobhsaí

b)

ag luainiú

c)

ag méadú

d)

ag laghdú

e)

éiginnte

f)

ní fios

4.1.3

Treocht ghearrthéarmach

Méid

a)

Íosmhéid

Athrú céatadáin thar an tréimhse a léirítear i réimse 4.1.1. Tabhair eatramh (a, b) agus/nó an luach aonair is fearr (c)

b)

Uasmhéid

Athrú céatadáin thar an tréimhse a léirítear i réimse 4.1.1. Tabhair eatramh (a, b) agus/nó an luach aonair is fearr (c)

c)

An luach aonair is fearr

Athrú céatadáin thar an tréimhse a léirítear i réimse 4.1.1. Tabhair eatramh (a, b) agus/nó an luach aonair is fearr (c)

4.1.4

Treocht ghearrthéarmach

An modh a úsáideadh

Roghnaigh ceann de na modhanna seo a leanas:

a)

Suirbhé iomlán nó meastachán atá láidir ó thaobh staidrimh de

b)

Bunaithe go príomha ar eachtarshuíomh ó mhéid teoranta sonraí

c)

Bunaithe go príomha ar thuairim ó shaineolaithe le sonraí an-teoranta

d)

Níl dóthain sonraí nó níl aon sonraí ar fáil

4.1.5

Foinsí

Tabhair tagairtí bibleagrafacha, nasc chuig suíomhanna Idirlín, sonraí teagmhála le haghaidh na saineolaithe, etc.

Saorthéacs.

4.2

Treocht fhadtéarmach (ó thart ar 1980)

4.2.1

Treocht fhadtéarmach

Tréimhse

An tréimhse ó thart ar 1980 go deireadh na tréimhse tuairiscithe

4.2.2

Treocht fhadtéarmach

Treo

Roghnaigh ceann díobh seo a leanas:

a)

cobhsaí

b)

ag luainiú

c)

ag méadú

d)

ag laghdú

e)

éiginnte

f)

ní fios

4.2.3

Treocht fhadtéarmach

Méid

a)

Íosmhéid

Athrú céatadáin thar an tréimhse a léirítear i réimse 4.2.1. Tabhair eatramh (a, b) agus/nó an luach aonair is fearr (c)

b)

Uasmhéid

Athrú céatadáin thar an tréimhse a léirítear i réimse 4.2.1. Tabhair eatramh (a, b) agus/nó an luach aonair is fearr (c)

c)

An luach aonair is fearr

Athrú céatadáin thar an tréimhse a léirítear i réimse 4.2.1. Tabhair eatramh (a, b) agus/nó an luach aonair is fearr (c)

4.2.4

Treocht fhadtéarmach

An modh a úsáideadh

Roghnaigh ceann de na modhanna seo a leanas:

a)

Suirbhé iomlán nó meastachán atá láidir ó thaobh staidrimh de

b)

Bunaithe go príomha ar eachtarshuíomh ó mhéid teoranta sonraí

c)

Bunaithe go príomha ar thuairim ó shaineolaithe le sonraí an-teoranta

d)

Níl dóthain sonraí nó níl aon sonraí ar fáil

4.2.5

Foinsí

Tabhair tagairtí bibleagrafacha, nasc chuig suíomhanna Idirlín, sonraí teagmhála le haghaidh na saineolaithe, etc.

Saorthéacs

4.3

Faisnéis bhreise

Roghnach

Faisnéis ábhartha eile, a chomhlánaíonn na sonraí a iarrtar faoi roinn 4.1 agus roinn 4.2

Saorthéacs


5

Léarscáil agus méid an dáilte pórúcháin

5.1

Speicis íogaire

Baineann an fhaisnéis spáis a chuirtear ar fáil le speiceas (nó le pobal fospeiceasach) a gcaithfear leis mar “íogair”

BAINEANN

NÍ BHAINEANN

5.2

Bliain nó tréimhse

An bhliain nó an tréimhse inar cinneadh an dáileadh pórúcháin go deireanach

5.3

Léarscáil an dáilte pórúcháin

Cuir isteach léarscáil mar aon leis na meiteashonraí ábhartha de réir na sonraíochtaí teicniúla sna Nótaí Míniúcháin. Is é greillechealla ETRS 89 10×10km, teilgean LAEA (EPSG:3035), an caighdeán do dháileadh speiceas.

5.4

Méid an dáilte pórúcháin

Achar dromchla iomlán an dáilte pórúcháin in km2

5.5

Dáileadh pórúcháin

An modh a úsáideadh

Roghnaigh ceann de na modhanna seo a leanas:

a)

Suirbhé iomlán nó meastachán atá láidir ó thaobh staidrimh de

b)

Bunaithe go príomha ar eachtarshuíomh ó mhéid teoranta sonraí

c)

Bunaithe go príomha ar thuairim ó shaineolaithe le sonraí an-teoranta

d)

Níl dóthain sonraí nó níl aon sonraí ar fáil

5.6

Léarscáileanna breise

Roghnach

Is féidir le Ballstát léarscáil bhreise a chur isteach, atá éagsúil ón aighneacht chaighdeánach faoi réimse 5.3. agus/nó léarscáil raoin

5.7

Foinsí

Tabhair tagairtí bibleagrafacha, nasc chuig suíomhanna Idirlín, sonraí teagmhála le haghaidh na saineolaithe, etc.

5.8

Faisnéis bhreise

Roghnach

Faisnéis ábhartha eile, a chomhlánaíonn na sonraí a iarrtar faoi réimsí 5.1–5.7

Saorthéacs


6

Treocht dáilte pórúcháin

6.1

Treocht ghearrthéarmach (le 12 bhliain anuas)

6.1.1

Treocht ghearrthéarmach

Tréimhse

Tréimhse ama 12 bhliain i ndiaidh a chéile nó tréimhse chomh gar agus is féidir don tréimhse sin e.g. is é sin 2013-2024 le haghaidh thréimhse tuairiscithe 2019-2024

6.1.2

Treocht ghearrthéarmach

Treo

Roghnaigh ceann díobh seo a leanas:

a)

cobhsaí

b)

ag luainiú

c)

ag méadú

d)

ag laghdú

e)

éiginnte

f)

ní fios

6.1.3

Treocht ghearrthéarmach

Méid

a)

Íosmhéid

Athrú céatadáin thar an tréimhse a léirítear i réimse 6.1.1. Tabhair eatramh (a, b) agus/nó an luach aonair is fearr (c)

b)

Uasmhéid

Athrú céatadáin thar an tréimhse a léirítear i réimse 6.1.1. Tabhair eatramh (a, b) agus/nó an luach aonair is fearr (c)

c)

An luach aonair is fearr

Athrú céatadáin thar an tréimhse a léirítear i réimse 6.1.1. Tabhair eatramh (a, b) agus/nó an luach aonair is fearr (c)

6.1.4

Treocht ghearrthéarmach

An modh a úsáideadh

Roghnaigh ceann de na modhanna seo a leanas:

a)

Suirbhé iomlán nó meastachán atá láidir ó thaobh staidrimh de

b)

Bunaithe go príomha ar eachtarshuíomh ó mhéid teoranta sonraí

c)

Bunaithe go príomha ar thuairim ó shaineolaithe le sonraí an-teoranta

d)

Níl dóthain sonraí nó níl aon sonraí ar fáil

6.1.5

Foinsí

Tabhair tagairtí bibleagrafacha, nasc chuig suíomhanna Idirlín, sonraí teagmhála le haghaidh na saineolaithe, etc.

Saorthéacs

6.2

Treocht fhadtéarmach (ó thart ar 1980)

6.2.1

Treocht fhadtéarmach

Tréimhse

An tréimhse ó thart ar 1980 go deireadh na tréimhse tuairiscithe

6.2.2

Treocht fhadtéarmach

Treo

Roghnaigh ceann díobh seo a leanas:

a)

cobhsaí

b)

ag luainiú

c)

ag méadú

d)

ag laghdú

e)

éiginnte

f)

ní fios

6.2.3

Treocht fhadtéarmach

Méid

a)

Íosmhéid

Athrú céatadáin thar an tréimhse a léirítear i réimse 6.2.1. Tabhair eatramh (a, b) agus/nó an luach aonair is fearr (c)

b)

Uasmhéid

Athrú céatadáin thar an tréimhse a léirítear i réimse 6.2.1. Tabhair eatramh (a, b) agus/nó an luach aonair is fearr (c)

c)

An luach aonair is fearr

Athrú céatadáin thar an tréimhse a léirítear i réimse 6.2.1. Tabhair eatramh (a, b) agus/nó an luach aonair is fearr (c)

6.2.4

Treocht fhadtéarmach

An modh a úsáideadh

Roghnaigh ceann de na modhanna seo a leanas:

a)

Suirbhé iomlán nó meastachán atá láidir ó thaobh staidrimh de

b)

Bunaithe go príomha ar eachtarshuíomh ó mhéid teoranta sonraí

c)

Bunaithe go príomha ar thuairim ó shaineolaithe le sonraí an-teoranta

d)

Níl dóthain sonraí nó níl aon sonraí ar fáil

6.2.5

Foinsí

Tabhair tagairtí bibleagrafacha, nasc chuig suíomhanna Idirlín, sonraí teagmhála le haghaidh na saineolaithe, etc.

Saorthéacs

6.3

Faisnéis bhreise

Roghnach

Faisnéis ábhartha eile, a chomhlánaíonn na sonraí a iarrtar faoi roinn 6.1 agus roinn 6.2.

Saorthéacs


7

Na brúnna agus na bagairtí is mó

7.1

Tréithriú na mbrúnna

a)

Brú

Liostaigh 20 brú ar a mhéad ag baint úsáid as an gcódliosta a chuirtear ar fáil sa tairseach Thagartha agus líon b) go g) i gcás gach brú.

b)

Uainiú

bhí sé ann san am a chuaigh thart ach tá sé ar fionraí anois mar gheall ar bhearta

tá sé ann faoi láthair

tá sé ann faoi láthair agus is dócha go mbeidh sé ann amach anseo

beidh sé ann amach anseo amháin

c)

Raon feidhme (an cion den phobal a ndéantar difear dó)

Líon isteach i gcás “tá sé ann faoi láthair” agus “tá sé ann faoi láthair agus is dócha go mbeidh sé ann amach anseo”:

iomlán >90 %

tromlach 50 – 90 %

mionlach <50 %

d)

Tionchar (ar phobal nó ar ghnáthóg an speicis)

Líon isteach i gcás “tá sé ann faoi láthair” agus “tá sé ann faoi láthair agus is dócha go mbeidh sé ann amach anseo”.

Tionchar mór

Tionchar meánach

Tionchar beag

e)

Suíomh (ina ndéanann an brú difear go príomha)

Laistigh den Bhallstát

Áiteanna eile san Aontas

Lasmuigh den Aontas

Laistigh agus lasmuigh den Aontas araon

Ní fios

f)

Speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas

Líon isteach i gcás ina roghnaítear “Speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas”. Roghnaigh ón liosta speiceas ábhartha (féach tairseach thagartha Airteagal 12)

g)

Speicis choimhthíocha ionracha eile

Roghnach

Líon isteach i gcás ina roghnaítear “speicis choimhthíocha ionracha eile — seachas speicis is ábhar imní don Aontas”. Roghnaigh ó bhunachar sonraí EASIN (féach tairseach thagartha Airteagal 12)

7.2

Na modhanna a úsáideadh

Roghnach

Roghnaigh ceann de na modhanna seo a leanas:

a)

Suirbhé iomlán nó meastachán atá láidir ó thaobh staidrimh de

b)

Bunaithe go príomha ar eachtarshuíomh ó mhéid teoranta sonraí

c)

Bunaithe go príomha ar thuairim ó shaineolaithe le sonraí an-teoranta

d)

Níl dóthain sonraí nó níl aon sonraí ar fáil

7.3

Foinsí faisnéise

Roghnach

Má tá siad ar fáil, tabhair foinsí faisnéise (URL, meiteashonraí) a thacaíonn le fianaise ar bhrúnna

7.4

Faisnéis bhreise

Roghnach

Faisnéis ábhartha eile, a chomhlánaíonn na sonraí a iarrtar faoi réimse 7.1

Saorthéacs


8

Bearta caomhnúcháin

8.1

Stádas na mbearta

An bhfuil gá le bearta?

NÍL

Má TÁ, sonraigh stádas na mbeart (roghnaigh aon rogha amháin):

a)

Sainaithníodh bearta, ach ní dhearnadh iad go fóill

b)

Tá gá le bearta ach ní féidir iad a shainaithint

c)

Rinneadh roinnt de na bearta a sainaithníodh

d)

Rinneadh an chuid is mó de na bearta a sainaithníodh, nó rinneadh iad ar fad

8.2

Raon feidhme na mbeart a rinneadh

Líon isteach má roghnaíodh “c) Rinneadh roinnt de na bearta a sainaithníodh” nó “d) Rinneadh an chuid is mó de na bearta a sainaithníodh, nó rinneadh iad ar fad” (8.1):

An bhfuil tionchar acu ar (roghnaigh ceann amháin)

a)

<50 %

b)

50 – 90 % nó

c)

>90 %

den phobal

8.3

Príomhchuspóir na mbeart a rinneadh

A.

Luaigh príomhchuspóir nó príomhchuspóirí na mbeart a rinneadh:

a)

An dáileadh, an pobal agus/nó an ghnáthóg atá ann faoi láthair a choinneáil ar bun le haghaidh an speicis

b)

Dáileadh reatha na speiceas a leathnú

c)

Méid an phobail a mhéadú agus/nó dinimic an phobail a fheabhsú (an rath ar atáirgeadh a fheabhsú, básmhaireacht a laghdú, struchtúr aoise/inscne a fheabhsú)

d)

Gnáthóg an speicis a athchóiriú

B.

I gcás ina roghnaítear níos mó ná rogha amháin thuas, sonraigh anseo an príomhchuspóir (príomhúil) (i.e. roghnaigh aon rogha amháin):

Staid reatha a choinneáil ar bun / raon a leathnú / an pobal a mhéadú, a fheabhsú / gnáthóg a athchóiriú

8.4

Suíomh na mbearta

Sonraigh suíomh na mbeart a rinneadh (roghnaigh aon rogha amháin):

a)

Laistigh de Natura 2000 amháin

b)

Laistigh agus lasmuigh de Natura 2000 araon

c)

Lasmuigh de Natura 2000 amháin

8.5

Freagairt ar na bearta

(nuair a thosaíonn na bearta an brú/na brúnna a chur ar ceal agus nuair a bhíonn éifeachtaí dearfacha acu)

Sonraigh tréimhse ama na freagartha ar bhearta (maidir leis an bpríomhchuspóir a luaitear i réimse 8.3) - (roghnaigh rogha amháin):

a)

Freagairt ghearrthéarmach (laistigh den tréimhse tuairiscithe reatha, e.g. 2019–2024)

b)

Freagairt mheántéarmach (laistigh den chéad dá thréimhse tuairiscithe eile, e.g. 2025–2036)

c)

Freagairt fhadtéarmach (i ndiaidh e.g 2036)

8.6

Liosta de na príomhbhearta ccaomhnúcháin

Liostaigh 20 beart ar a mhéad ag baint úsáid as an liosta cód a chuirtear ar fáil i dtairseach tagartha Airteagal 12

8.7

Faisnéis bhreise

Roghnach

Faisnéis ábhartha eile, a chomhlánaíonn na sonraí a iarrtar faoi réimsí 8.1–8.6

Saorthéacs


9

Cumhdach Natura 2000 (Limistéir faoi Chosaint Speisialta (SPAnna))

Le tuairisciú le haghaidh speicis uile Iarscríbhinn I agus le haghaidh speicis nach liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/147/CE ar speicis truicir iad maidir le haicmiú Limistéar faoi Chosaint Speisialta (SPA) (ba cheart an seicliosta de speicis éan sa tairseach thagartha a úsáid)

9.1

Méid an phobail laistigh de líonra Natura 2000 (Limistéar faoi Chosaint Speisialta (SPA))

(ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear gach suíomh ina bhfuil an speiceas ann)

a)

Aonad

Bain úsáid as an aonad céanna a úsáideadh i réimse 3.2.a)

b)

Íosmhéid

Uimhir (amh, i.e. gan slánú). Tabhair eatramh (b, c) agus/nó an luach aonair is fearr (d)

c)

Uasmhéid

Uimhir (amh, i.e. gan slánú). Tabhair eatramh (b, c) agus/nó an luach aonair is fearr (d)

d)

An luach aonair is fearr

Uimhir (amh, i.e. gan slánú). Tabhair eatramh (b, c) agus/nó an luach aonair is fearr (d)

9.2

Cineál an mheastacháin

Meastachán is fearr / meán ilbhliantúil / eatramh muiníne 95 % / íosmhéid

9.3

Méid an phobail laistigh den líonra

An modh a úsáideadh

Roghnaigh ceann de na modhanna seo a leanas:

a)

Suirbhé iomlán nó meastachán atá láidir ó thaobh staidrimh de

b)

Bunaithe go príomha ar eachtarshuíomh ó mhéid teoranta sonraí

c)

Bunaithe go príomha ar thuairim ó shaineolaithe le sonraí an-teoranta

d)

Níl dóthain sonraí nó níl aon sonraí ar fáil

9.4

Treocht ghearrthéarmach ar mhéid an phobail laistigh den líonra

Treo

Treocht ghearrthéarmach maidir le méid an phobail laistigh den líonra thar an tréimhse a shonraítear i réimse 4.1.1. Roghnaigh ceann díobh seo a leanas:

a)

cobhsaí

b)

ag luainiú

c)

ag méadú

d)

ag laghdú

e)

éiginnte

f)

ní fios

9.5

Treocht ghearrthéarmach ar mhéid an phobail laistigh den líonra

An modh a úsáideadh

Roghnaigh ceann de na modhanna seo a leanas:

a)

Suirbhé iomlán nó meastachán atá láidir ó thaobh staidrimh de

b)

Bunaithe go príomha ar eachtarshuíomh ó mhéid teoranta sonraí

c)

Bunaithe go príomha ar thuairim ó shaineolaithe le sonraí an-teoranta

d)

Níl dóthain sonraí nó níl aon sonraí ar fáil

9.6

Faisnéis bhreise

Roghnach

Faisnéis ábhartha eile, a chomhlánaíonn na sonraí a iarrtar faoi réimsí 9.1–9.5

Saorthéacs


10

Dul chun cinn san obair a bhaineann le Pleananna Gníomhaíochta Idirnáisiúnta maidir le Speicis (SAPanna), Pleananna Bainistíochta (MPanna) agus Ráitis Bhainistíochta Achoimre (BMSanna)

Le líonadh ar leibhéal speicis / fospeicis

10.1

Cineál plean idirnáisiúnta

SAP/MP/BMS (ba cheart liosta na speiceas a bhfuil SAP/MP/BMS acu sa Tairseach Thagartha a úsáid), is féidir níos mó ná plean amháin a roghnú)

10.2

Ar glacadh plean náisiúnta atá nasctha leis an bPlean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta maidir le Speicis (SAP)/an Plean Bainistíochta (MP)/Ráiteas Bainistíochta Achomair (BMS)?

GLACADH

NÍOR GLACADH

10.3

Measúnú ar éifeachtacht na bPleananna Gníomhaíochta maidir le Speicis (SAPanna) le haghaidh speiceas atá faoi bhagairt ar fud an domhain

Maidir le stádas náisiúnta speicis (i ndáil le huimhreacha agus raon), léirigh an amhlaidh an méid seo a leanas (roghnaigh ceann amháin):

a)

tá sé ag dul i dtreo aidhm/chuspóir/chuspóirí an phlean

b)

níl sé ag athrú

c)

tá sé ag dul in olcas agus ag imeacht níos mó ó aidhm/cuspóir/cuspóirí an phlean

10.4

Measúnú ar éifeachtacht na bPleananna Bainistíochta (MPanna) le haghaidh speicis infhiachta atá i staid neamhshláin

Maidir le stádas náisiúnta speicis (i ndáil le huimhreacha agus raon), léirigh an amhlaidh an méid seo a leanas (roghnaigh ceann amháin):

a)

tá sé ag feabhsú

b)

níl sé ag athrú

c)

tá sé ag dul in olcas a thuilleadh

10.5

Foinsí breise faisnéise

Naisc ghréasáin (e.g. le haghaidh plean náisiúnta), tuarascálacha foilsithe, etc.

Saorthéacs


11

Faisnéis a bhaineann le speicis Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2009/147/CE

Le líonadh ar leibhéal speicis / fospeicis

11.1

An ndéantar na speicis a fhiach go náisiúnta?

An ndéantar na speicis a fhiach go náisiúnta?

DÉANTAR

NÍ DHÉANTAR

Má dhéantar, líon réimsí 11.2 go 11.4 freisin.

11.2

Fáiteall

Soláthair staidreamh fáitill náisiúnta le haghaidh na tréimhse tuairiscithe

a)

Aonad

Éin Aonair

b)

Séasúr

(roghnach)

Sonraigh an mbaineann an fhaisnéis seo le pobal geimhrithe nó pobal eachtrainn (i gcás neamhlíonadh glactar leis nach ndéantar idirdhealú idir pobail geimhrithe agus pobail eachtrainn)

c)

Staidrimh / líonta (in éin aonair)

Soláthair staidreamh in aghaidh an tséasúir fiaigh nó in aghaidh na bliana (i gcás nach n-úsáidtear séasúr) thar an tréimhse tuairiscithe.

 

Séasúr / bliain 1

Séasúr / bliain 2

Séasúr / bliain 3

Séasúr / bliain 4

Séasúr / bliain 5

Séasúr / bliain 6

Íosmhéid (amh, i.e. gan slánú)

 

 

 

 

 

 

Uasmhéid (amh, i.e. gan slánú)

 

 

 

 

 

 

Ní fios

 

 

 

 

 

 

11.3

Fáiteall

An modh a úsáideadh

Roghnaigh ceann de na modhanna seo a leanas:

a)

Suirbhé iomlán nó meastachán atá láidir ó thaobh staidrimh de

b)

Bunaithe go príomha ar eachtarshuíomh ó mhéid teoranta sonraí

c)

Bunaithe go príomha ar thuairim ó shaineolaithe le sonraí an-teoranta

d)

Níl dóthain sonraí nó níl aon sonraí ar fáil

11.4

Faisnéis bhreise

Roghnach

Faisnéis ábhartha eile, a chomhlánaíonn na sonraí a iarrtar faoi réimsí 11.1–11.3

Saorthéacs

NÓTAÍ MÍNIÚCHÁIN

mar thacaíocht leis an bhFormáid Tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 12 de Threoir 2009/147/CE(an Treoir maidir le hÉin)

CLÁR

Introduction 33

PART A

– GENERAL REPORT FORMAT 34
Member State 34

1.

Main achievements under the Directive 2009/147/EC 34

1.1.

Text in national language 34

1.2.

Translation into English (optional) 35

1.3.

Name, code and season of species / subspecies in success stories 35

2.

General information sources on the implementation of Directive 2009/147/EC 35

2.1.

General information on Directive 2009/147/EC 35

2.2.

Information on the Natura 2000 (Special Protection Area (SPA)) network 35

2.3.

Monitoring schemes (Article 4(1) and Article 10 of Directive 2009/147/EC) 35

2.4.

Protection of species (Articles 5–8 of Directive 2009/147/EC) 35

2.5.

Transposition of the Directive (legal texts) 35

3.

Research and work required as a basis for the protection, management and sustainable use of bird populations (Article 10 of Directive 2009/147/EC) 36

3.1.

National bird atlas 36

3.2.

National bird monitoring overview 36

3.3.

National bird red list 36

3.4.

Other publications of EU-wide interest (e.g. national overview of action for threatened species) 36

4.

Non-native bird species (Article 11 of Directive 2009/147/EC) 36

4.1.

Species scientific name 36

4.2.

Subspecific unit 36

4.3.

Main contents of legal decision for introduction 37

4.4.

Consultation with the Commission 37

4.5.

Additional information (optional) 37

PART B

– BIRD SPECIES” STATUS AND TRENDS REPORT FORMAT (ARTICLE 12 OF DIRECTIVE 2009/147/EC) 37
Species to be reported 37
Explanatory notes for completing the Bird species status and trends report format 40

1.

Species information 42

1.1.

Member State 42

1.2.

Species code 42

1.3.

EURING code 42

1.4.

Species scientific name 42

1.5.

Subspecific population 43

1.6.

Alternative species scientific name (optional) 43

1.7.

Common name (optional) 43

2.

Season 43

2.1.

Season 43

2.2.

First time reporting 43

2.3.

Additional information 43

3.

Population size 43

3.1.

Year or period 43

3.2.

Population size 43

3.3.

Type of estimate 44

3.4.

Method used 45

3.5.

Sources 45

3.6.

Change and reason for change (since previous report) 45

3.7.

Additional information (optional) 46

4.

Population trend 46

4.1.

Short-term trend (last 12 years) 46

4.1.1.

Short-term trend period 46

4.1.2.

Short-term trend direction 46

4.1.3.

Short-term trend magnitude 47

4.1.4.

Short-term trend – Method used 48

4.1.5.

Sources 48

4.2.

Long-term trend (since ca.1980) 48

4.2.1.

Long-term trend period 48

4.2.2.

Long-term trend direction 48

4.2.3.

Long-term trend magnitude 49

4.2.4.

Long-term trend – Method used 49

4.2.5.

Sources 49

4.3.

Additional information (optional) 49

5.

Breeding distribution map and size 49

5.1.

Sensitive species 49

5.2.

Year or period 49

5.3.

Breeding distribution map 49

5.4.

Breeding distribution size 50

5.5.

Method used 50

5.6.

Additional maps (optional) 50

5.7.

Sources 51

5.8.

Additional information (optional) 51

6.

Breeding distribution trend 51

6.1.

Short-term trend (last 12 years) 51

6.1.1.

Short-term trend period 51

6.1.2.

Short-term trend direction 51

6.1.3.

Short-term trend magnitude 51

6.1.4.

Short-term trend – Method used 52

6.1.5.

Sources 52

6.2.

Long-term trend (since ca. 1980) 52

6.2.1.

Long-term trend period 52

6.2.2.

Long-term trend direction 53

6.2.3.

Long-term trend magnitude 53

6.2.4.

Long-term trend – Method used 53

6.2.5.

Sources 53

6.3.

Additional information (optional) 53

7.

Main pressures and threats 53

7.1.

Characterisation of pressures 54

7.2.

Methods used (optional) 55

7.3.

Sources of information (optional) 56

7.4.

Additional information (optional) 56

8.

Conservation measures 56

8.1.

Status of measures 56

8.2.

Scope of the measures taken 56

8.3.

Main purpose of the measures taken 56

8.4.

Location of the measures 57

8.5.

Response to the measures 57

8.6.

List of main conservation measures 57

8.7.

Additional information (optional) 57

9.

Natura 2000 (Special Protection Areas (SPAs)) coverage 57

9.1.

Population size inside the Natura 2000 (Special Protection Area (SPA)) network 58

9.2.

Type of estimate 58

9.3.

Population size inside the network – Method used 58

9.4.

Short-term trend of population size within the network – Direction 58

9.5.

Short-term trend of population size within the network – Method used 59

9.6.

Additional information (optional) 59

10.

Progress in work related to international Species Action Plans (SAPs), Management Plans (MPs) and Brief Management Statements (BMSs) 59

10.1.

Type of international plan 59

10.2.

Has a national plan linked to the international (Species Action Plan (SAP) / Management Plan (MP) / Brief management Statement (BMS) been adopted? 60

10.3.

Assessment of the effectiveness of Species Action Plans (SAPs) for globally threatened species 60

10.4.

Assessment of the effectiveness of Management Plans (MPs) for huntable species in non-Secure status 60

10.5.

Sources of further information 61

11.

Information related to Annex II species (Article 7 of Directive 2009/147/EC) 61

11.1.

Is the species nationally hunted? 61

11.2.

Hunting bag 61

11.3.

Hunting bag – Method used 61

11.4.

Additional information (optional) 61
References 61

Réamhrá

Gné lárnach de chur chun feidhme agus de rath Threoir 2009/147/CE is ea leibhéal maith faisnéise maidir le stádas agus treochtaí speiceas éan mar a cheanglaítear faoi Airteagal 12 den Treoir sin. Tá gá le sonraí agus faisnéis i bhformáid struchtúrtha inchomparáide ionas gur féidir leis an gCoimisiún na sonraí a thiomsú agus a anailísiú. Is é Airteagal 12.1, an dara fomhír, an bunús dlí chun sonraí a sholáthar i bhformáid struchtúrtha.

Cuirtear faisnéis agus treoir ar fáil sa doiciméad seo maidir le conas na réimsí sonraí éagsúla i bhformáid thuarascáil Airteagal 12 (Cuid A agus Cuid B) a líonadh. Is éard atá ann den chuid is mó tuairisc ar an bhfaisnéis atá le tuairisciú i ngach réimse agus na buncheanglais atá le comhlíonadh le faisnéis tuairiscithe.

Cuirtear tuairiscí níos mionsonraithe ar choincheapa agus ar mhodhanna na faisnéise tuairiscithe ar fáil i dtreoirlínte nach cuid den ghníomh cur chun feidhme seo iad. Ina theannta sin, cuirtear doiciméadacht bhreise ar fáil, ar cheart a úsáid chun formáid na tuarascála a chomhlánú i gceart, trí “thairseach thagartha Airteagal 12” ar líne.

Tairseach thagartha Airteagal 12

Sa tairseach thagartha tá an doiciméadacht a bhaineann leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil sna formáidí tuarascála faoi Airteagal 12 de Threoir 2009/147/CE.

Áirítear inti:

formáid na tuarascála agus na nótaí míniúcháin agus na treoirlínte;

ábhar tagartha, e.g. seicliostaí le haghaidh speiceas éan, liosta de na brúnna agus bagairtí, liosta de bhearta caomhnúcháin agus na greillí Eorpacha (ETRS 10×10 km) ba cheart a úsáid chun an dáileadh a mhapáil;

samplaí a léiríonn na treoirlínte.

CUID A

FORMÁID NA TUARASCÁLA GINEARÁLTA

Is formáid struchtúrtha ghairid í an tuarascáil ghinearálta atá dírithe ar achoimre a dhéanamh ar na fíricí agus na figiúirí is tábhachtaí maidir le cur chun feidhme ginearálta Threoir 2009/147/CE, lena n-áirítear naisc chuig foinsí faisnéise níos mionsonraithe.

Tá coinne leis go n-ullmhóidh gach Ballstát tuarascáil ghinearálta amháin lena gcumhdófar críoch Eorpach iomlán an Bhallstáit.

Is féidir aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais a úsáid i réimsí saorthéacs. Moltar Béarla a úsáid áfach.

Ba cheart gach seoladh idirlín i réimsí tuairiscithe a thabhairt ina n-iomláine, lena n-áirítear an chéad “http://” nó “https://”, más infheidhme.

Ballstát

Ba cheart do na Ballstáit an cód dhá litir le haghaidh a mBallstáit a roghnú ó ISO 3166 i gcomhréir leis an liosta a thugtar i dtairseach thagartha Airteagal 12. Ná cuir isteach tuarascálacha ginearálta ar leithligh le haghaidh aonaid fonáisiúnta.

1.   Na príomhnithe a baineadh amach faoi Threoir 2009/147/CE

Is é is aidhm don roinn seo eolas a thabhairt faoi na príomhnithe a baineadh amach faoi Threoir 2009/147/CE, lena n-áirítear líonra an Limistéir faoi Chosaint Speisialta (SPA), sa Bhallstát le linn na tréimhse tuairiscithe. Ba cheart an fhaisnéis a thabhairt go príomha sa teanga náisiúnta (réimse 1.1), agus aistriúchán go Béarla a chur ar fáil más féidir (réimse 1.2).

1.1.   Téacs sa teanga náisiúnta

Na príomhnithe a baineadh amach:

Tabhair tuairisc ghairid ar na príomhnithe a baineadh amach faoin Treoir maidir le hÉin le linn na tréimhse tuairiscithe, agus béim ar leith á leagan ar líonra an Limistéir faoi Chosaint Speisialta (SPA). Is féidir na nithe seo a leanas a bheith ann, mar shampla:

tairbhí léirithe do speicis éagsúla;

taithí ar theicnící bainistíochta nua nó feabhsaithe;

athruithe dearfacha maidir le glacadh ag an bpobal le cosaint na bithéagsúlachta;

comhar feabhsaithe idir údaráis, caomhantóirí dúlra agus grúpaí leasmhara eile;

príomhchásanna forfheidhmithe;

tionscnaimh chun bunú láithreáin Natura 2000 agus an geilleagar áitiúil a chomhcheangal;

bearta a rinneadh chun tionchar speiceas ionrach ar speicis dhúchasacha éan a íoslaghdú, i gcomhréir le Rialachán AE 1143/2014 maidir le speicis choimhthíocha ionracha (1);

faisnéis atá comhlántach leis an bhfaisnéis a thugtar i Roinn 3 maidir le taighde agus obair a theastaíonn mar bhonn le pobail éan a chosaint, a bhainistiú agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe. D”fhéadfaí a áireamh leis sin moltaí maidir le taighde práinneach a bhfuil comhordú AE ag teastáil ina leith (e.g. trí mhaoiniú LIFE);

bearta a rinneadh agus an éifeacht a bhí acu (nithe a baineadh amach);

tosca ratha, ionchas agus ról Natura 2000;

Sampla de scéal ratha

Tugann soláthar “scéil ratha” (má tá sampla ar fáil) deis don Bhallstát sampla a thaispeáint den chaoi a bhfuil an Treoir ag feidhmiú ina dtír féin. Ba cheart gach scéal ratha a bheith bunaithe ar thacsón a léiríonn fíorfheabhas le linn na tréimhse tuairiscithe, i.e. treocht phobail ghearrthéarmach atá ag dul i méid (pobal pórúcháin nó geimhrithe) gan beann ar a treocht fhadtéarmach nó treocht phobail ghearrthéarmach atá cobhsaí/ag luainiú i bhfianaise treochtaí laghduithe fadtéarmacha. Ba cheart na feabhsuithe a ndéantar tuairisc orthu a bheith dírithe ar bhearta caomhnaithe agus ba cheart iad a bheith ag baint leis an tréimhse tuairiscithe reatha ach d”fhéadfadh bearta ar cuireadh tús leo tráth níos luaithe a bheith san áireamh go maith.

An struchtúr atá beartaithe:

Sonraigh speiceas/séasúr

Cúlra an speicis, forbairtí san am atá thart agus na cúiseanna a bhí leo (brúnna, etc.), dúshláin chaomhnúcháin

Bearta a rinneadh agus an éifeacht a bhí acu (nithe a baineadh amach)

Ról líonra Natura 2000 (más infheidhme)

Tosca ratha

Ionchas

Níor cheart an téacs a bheith níos faide ná dhá nó trí leathanach ar a mhéad. Más mian le Ballstát tuilleadh doiciméadachta a chur leis an doiciméadú a iarrtar, ba cheart dó na hiarscríbhinní sin agus a n-ainmneacha comhaid a lua ag deireadh an réimse seo agus na comhaid ábhartha a uaslódáil chuig Sásra Tuairiscithe EEA mar aon leis an gcuid eile den tuarascáil.

1.2.   Aistriúchán go Béarla (roghnach)

Is réimse roghnach é seo chun an fhaisnéis a sholáthraítear i réimse 1.1 (áit ar tuairiscíodh i dteanga eile í) a aistriú go Béarla.

1.3.   Ainm, cód agus séasúr speicis / fospeicis i scéalta ratha

Tá an réimse seo le líonadh i gcás ina n-úsáidtear scéal ratha chun aird a tharraingt ar phríomhnithe na Treorach a baineadh amach agus a ndéantar tuairisc orthu i réimse 1.1. Is féidir níos mó ná speiceas amháin a roghnú.

Líon isteach:

(a)

Cód agus ainm an speicis éan

(b)

Séasúr

2.   Foinsí faisnéise ginearálta maidir le cur chun feidhme Threoir 2009/147/CE

Is é is aidhm don roinn seo an pobal leasmhar a dhíriú chuig foinsí faisnéise a bhaineann le Treoir 2009/147/CE agus le líonra Limistéir faoi Chosaint Speisialta (SPA) an Bhallstáit faoi seach. Go ginearálta, ní theastaíonn ach naisc chuig seoltaí Idirlín. Mar sin féin, is féidir saorthéacs a úsáid freisin nuair is gá a mhíniú conas rochtain a fháil ar fhoinse na faisnéise, e.g. i gcás roinnt foinsí faisnéise. Ba cheart gach ceann de na réimsí seo a leanas a chomhlánú.

2.1.   Faisnéis ghinearálta faoi Threoir 2009/147/CE

Cuir naisc ar fáil chuig faisnéis ghinearálta faoin Treoir (e.g. tairseach náisiúnta ina gcuirtear treoracha dúlra AE i láthair).

2.2.   Faisnéis faoi líonra Natura 2000 (Limistéar faoi Chosaint Speisialta (SPA))

Cuir naisc ar fáil chuig faisnéis ghinearálta faoi líonra na Limistéar faoi Chosaint Speisialta (SPAnna) (e.g. bunachair sonraí ar líne de láithreáin Natura 2000, foilseacháin ina gcuirtear an líonra i láthair).

2.3.   Scéimeanna faireacháin (Airteagal 4(1) agus Airteagal 10 de Threoir 2009/147/CE)

Cuir naisc ar fáil chuig faisnéis ghinearálta maidir le faireachán (e.g. tairseach ina gcuirtear scéim/scéimeanna faireacháin náisiúnta i láthair, treoirlínte faireacháin).

2.4.   Cosaint speiceas (Airteagail 5–8 de Threoir 2009/147/CE)

Cuir naisc ar fáil chuig faisnéis ghinearálta faoi chosaint speiceas.

2.5.   Trasuí na Treorach (téacsanna dlíthiúla)

Cuir naisc ar fáil chuig faisnéis ghinearálta faoi thrasuí na dTreorach.

3.   An taighde agus an obair atá riachtanach mar bhonn le pobail éan a chosaint, a bhainistiú agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe (Airteagal 10 de Threoir 2009/147/CE)

Baineann an roinn seo leis an oibleagáid faoi Airteagal 10(2) de Threoir 2009/147/CE go seolfaidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún aon fhaisnéis is gá chun a chur ar a chumas bearta iomchuí a dhéanamh chun taighde agus aon obair is gá a chomhordú mar bhonn chun pobail éan dúchasacha a chosaint, a bhainistiú agus a úsáid. Is féidir faisnéis bhreise saorthéacs atá ábhartha maidir le cur chun feidhme Airteagal 10 de Threoir 2009/147/CE a thabhairt i Roinn 1 (na príomhnithe a baineadh amach). Tá an fhaisnéis a iarrtar teoranta do na nithe seo a leanas:

3.1.   Atlas éan náisiúnta

Tabhair teideal an atlais náisiúnta éan is déanaí (réimse 3.1.1) le faisnéis faoi bhliain an fhoilsithe (réimse 3.1.2) agus nasc gréasáin nó tagairt bhibleagrafach (réimse 3.1.3).

3.2.   Forléargas ar fhaireacháin éan náisiúnta

Tabhair an teideal nó a mhacasamhail agus tuairisc ghearr ar fhorléargais ar fhaireacháin éan náisiúnta a foilsíodh le linn na tréimhse tuairiscithe, lena n-áirítear na speicis a chumhdaítear, na príomhthorthaí, etc. (réimse 3.2.1), le 500 carachtar ar a mhéad. Tabhair faisnéis faoi bhliain an fhoilsithe (réimse 3.2.2) agus nasc gréasáin nó tagairt bhibleagrafach (réimse 3.2.3). Ba cheart réimsí 3.2.1 go 3.2.3 a líonadh arís má foilsíodh níos mó ná forléargas amháin.

3.3.   Liosta dearg náisiúnta éan

Tabhair teideal na liostaí dearga náisiúnta éan is déanaí (réimse 3.3.1) le faisnéis faoi bhliain an fhoilsithe (réimse 3.3.2) agus nasc gréasáin nó tagairt bhibleagrafach (réimse 3.3.3).

3.4.   Foilseacháin eile a bhfuil leas uile-Aontais ag baint leo (e.g. forléargas náisiúnta ar ghníomhaíocht maidir le speicis atá faoi bhagairt)

Tabhair an teideal nó a mhacasamhail agus tuairisc ghearr ar fhoilseacháin eile a bhfuil leas uile-Aontais ag baint leo (e.g. forléargas náisiúnta ar ghníomhaíocht maidir le speicis atá faoi bhagairt) a foilsíodh le linn na tréimhse tuairiscithe nó a foilsíodh le déanaí, lena n-áirítear na speicis a chumhdaítear, na príomhthorthaí, etc. (réimse 3.4.1), le 500 carachtar ar a mhéad. Tabhair faisnéis faoi bhliain an fhoilsithe (réimse 3.4.2) agus nasc gréasáin nó tagairt bhibleagrafach (réimse 3.4.3). Ba cheart réimsí 3.4.1 go 3.4.3 a líonadh arís má foilsíodh níos mó ná forbhreathnú amháin, agus ba cheart 10 foilseachán ar a mhéad a thuairisciú.

Is féidir faisnéis níos ginearálta maidir le cur chun feidhme Airteagal 10 de Threoir 2009/147/CE a sholáthar i réimse saorthéacs faoi “Na príomhnithe a baineadh amach faoi Threoir 2009/147/CE” i Roinn 1.

4.   Speicis neamhdhúchasacha éan (Airteagal 11 de Threoir 2009/147/CE)

Baineann an roinn seo leis an oibleagáid a eascraíonn as Airteagal 11 de Threoir 2009/147/CE “go bhféachfaidh na Ballstáit chuige nach ndéanfaidh tabhairt isteach speiceas éan nach ann dóibh go nádúrtha sa staid fhiáin i gcríoch Eorpach na mBallstát dochar do fhlóra agus d”fhána áitiúil. I dtaca leis sin, rachaidh siad i gcomhairle leis an gCoimisiún.”

Níor cheart an roinn seo a líonadh mura ndearnadh comhairliúchán i leith aon tabhairt isteach de bhun Airteagal 11, mura ndearnadh cinneadh ina leith nó mura gcuireadh i gcrích iad le linn na tréimhse tuairiscithe.

Ba cheart gach speiceas a thuairisciú mar a leanas:

4.1.   ainm eolaíoch an speicis

Cuir ainm eolaíoch an speicis ar fáil.

4.2.   Aonad fospeiceasach

I gcás inarb ábhartha, úsáid an tuairisc ar an bpobal fospeiceasach.

4.3.   Príomhábhar an chinnidh dhlíthiúil maidir leis an tabhairt isteach

Tabhairt príomhábhar an chinnidh dhlíthiúil maidir leis an tabhairt isteach (saorthéacs; 250 carachtar ar a mhéad), lena n-áirítear faisnéis maidir le bonn cirt, an líon éan aonair agus fad aon údaraithe.

4.4.   Comhairliúchán leis an gCoimisiún

Cuir an dáta an chomhairliúcháin leis an gCoimisiún ar fáil.

4.5.   Faisnéis bhreise (roghnach)

Is féidir faisnéis bhreise a bhaineann le Roinn 4 a sholáthar i réimse roghnach 4.5.

CUID B

FORMÁID NA TUARASCÁLA MAIDIR LE STÁDAS AGUS TREOCHTAÍ SPEICEAS ÉAN (AIRTEAGAL 12 DE THREOIR 2009/147/CE)

Speicis le tuairisciú

Tacsanomaíocht agus ainmníocht

Tá an tacsanomaíocht agus an ainmníocht ba cheart a úsáid i seicliosta speiceas Airteagal 12 (le fáil ón Tairseach Thagartha) ag teacht leo siúd a úsáidtear i Liosta éan an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear “Liosta Éan an Aontais” anseo feasta (2)). Sa leagan de Liosta Éan an Aontais a foilsíodh i mí Lúnasa 2015 agus a nuashonraíodh in 2018, ionchorpraíodh na hathruithe tacsanomaíocha agus ainmníochta a moladh in del Hoyo & Collar (2014) (3), agus na hathruithe ábhartha ó del Hoyo & Collar (2016). Cuirfear nuashonruithe tacsanomaíocha chun feidhme chun ailíniú a choinneáil le tagairtí tacsanomaíocha a leanann IUCN.

Go ginearálta, iarrtar tuairisciú go príomha ar leibhéal an speicis, toisc gurb é sin an t-aonad tacsanomaíoch dá dtagraítear ar fud théacs na Treorach, chomh maith leis an aonad a úsáideadh le haghaidh measúnuithe cuimsitheacha ar stádas éin an Aontais roimhe seo. Mar sin féin, i mionlach cásanna, iarrtar tuarascálacha le haghaidh “aonaid fhospeiceasacha” – i.e. fospeiceas nó pobail ar leith – a bhfuil spéis ar leith ag baint lena stádas agus/nó atá ábhartha ó thaobh beartais de (e.g. i gcomhthéacs liostaí ar leibhéal fospeiceas sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir). Chun sonraí iomlána a fháil faoin réasúnaíocht lena mínítear cé na pobail fhospeiceasacha ar cheart tuairisc a thabhairt orthu ar leithligh, féach na treoirlínte a thugann treoir theicniúil maidir le coincheapa agus sainmhínithe. Ar mhaithe le simplíocht, úsáidtear an téarma “speiceas” i bhformhór na gcásanna thíos, fiú nuair a thagraíonn sé d”aonaid fhospeiceasacha freisin.

Speicis a bhíonn i láthair go rialta

Ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar gach speiceas pórúcháin “a bhíonn i láthair go rialta” (fiú más pobail bheaga iad nó má mheastar iad a bheith “fánach”), chun go bhféadfar léargas uile-Aontais ar mhéid agus treocht a bpobal a thiomsú. Is féidir a mheas go bhfuil speiceas i láthair go rialta más rud é, mar shampla, gur phóraigh siad i gceithre bliana nó níos mó de na sé bliana a chumhdaítear leis an tréimhse tuairiscithe. Ba cheart speicis nach mbíonn i láthair chomh rialta sin a thuairisciú freisin más rud é go bhféadfadh an pobal náisiúnta sna blianta ina mbíonn siad i láthair a bheith ina sciar nach beag (e.g. > 1 %) de phobal foriomlán an Aontais, nó más rud é go raibh siad i láthair roimhe sin níos rialta (féach freisin “Speicis dhíothaithe” thíos). Ba cheart critéir chomhchosúla a chur i bhfeidhm maidir le speicis Gheimhrithe agus Eachtrainn ábhartha (féach thíos). Déantar speicis a bhíonn i láthair go rialta a chur in iúl leis an gcód láithreachta PRE i seicliosta speiceas éan Airteagal 12 ar an Tairseach Thagartha.

Speicis éan a bhíonn i láthair le linn an tséasúir gheimhrithe agus le linn an tséasúir eachtrainn

Príomhspeicis gheimhrithe

Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar phríomhspeicis gheimhrithe áirithe – go háirithe éin uisce imirceacha, amhail éan uisce géim (lacha, géanna agus ealaí) agus lapairí (éin chladaigh) – atá i bhfad níos flúirsí san Aontas le linn an gheimhridh agus/nó a ndéantar faireachán níos fearr ar mhéid a bpobal agus ar a dtreocht sa gheimhreadh (nuair a thagann líon mór dóibh le chéile i líon sách beag suíomhanna). I gcás na speiceas sin, d”fhéadfadh sé go mbeadh measúnú ar a stádas pobail san Aontas bunaithe go príomha (nó go hiomlán i gcásanna áirithe) ar shonraí a bhaineann lena pobail gheimhridh, mar sin iarrtar tuarascálacha Geimhridh ar gach Ballstát ina ngeimhríonn siad go rialta (féach freisin “Speicis a bhíonn i láthair go rialta” thuas). Tugtar tuilleadh faisnéise sa treoir theicniúil maidir le coincheapa agus sainmhínithe ar an réasúnaíocht atá taobh thiar den fhothacar speiceas a bhfuil tuairisciú Geimhridh sainordaitheach ina leith.

Truicear maidir le Limistéar faoi Chosaint Speisialta (SPA) (lena n-áirítear speicis Iarscríbhinn I) agus speicis Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2009/147/CE a bhíonn i láthair le linn an tséasúir gheimhrithe agus le linn an tséasúir eachtrainn

Ina theannta sin, iarrtar tuarascálacha geimhridh le haghaidh roinnt speiceas eile a ngeimhríonn go rialta nach gcomhlíonann na critéir thuas, ach a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir atá liostaithe/sainaitheanta ag na Ballstáit mar thruicear maidir le haicmiú Limistéar faoi Chosaint Speisialta (SPA) sa tír mar gheall ar a láithreacht sa gheimhreadh. I ngach cás den sórt sin, cuirtear faisnéis thábhachtach ar fáil maidir le cur chun feidhme náisiúnta na Treorach i dtuarascálacha geimhridh, fiú mura féidir na sonraí tuairiscithe maidir le méid agus treochtaí an phobail a úsáid i gcónaí chun measúnú foriomlán a dhéanamh ar phobal geimhrithe an Aontais.

Go ginearálta, níl sé de cheangal ar na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar mhéid nó ar threocht phobail na speiceas le linn an tséasúir eachtrainn (i.e. agus iad ag aistriú go dtí a n-áiteanna pórúcháin agus geimhrithe/ó na háiteanna sin), toisc gur deacair sonraí náisiúnta maidir le méid agus treocht an phobail a chomhiomlánú ar leibhéal an Aontais gan faisnéis bhreise mhionsonraithe a d”fhágfadh go bhféadfaí an léirmhíniú is gá a dhéanamh chun aon chomhaireamh dúblach a chur san áireamh.

Mar sin féin, iarrtar fós tuarascálacha maidir leis an séasúr eachtrainn i gcás príomhspeicis imirceacha áirithe nach ndéanfaí faisnéis thábhachtach a thuairisciú ina leith murach sin. Orthu sin, tá:

speicis a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/147/CE;

speicis imirceacha truicir eile maidir le haicmiú Limistéar faoi Chosaint Speisialta (SPA) go náisiúnta (4) nuair a bhíonn siad i láthair le linn an tséasúir eachtrainn (mar a léirítear sa seicliosta speiceas ar an Tairseach Thagartha).

Sna cásanna sin, cuirtear faisnéis thábhachtach ar fáil sna tuarascálacha Eachtrainn (simplithe) maidir le, mar shampla, méid an phobail le haghaidh speicis truicir maidir le Limistéar faoi Chosaint Speisialta (SPA) le linn an tséasúir eachtrainn, brúnna náisiúnta agus bagairtí do phríomhspeicis imirceacha, nach dtuairisceofaí in áit eile murach sin.

Tá coinne leis go dtabharfaidh na Ballstáit tuairisc maidir le speicis Gheimhridh Iarscríbhinn II, cé is moite de speicis neamhaistreacha ar ina leith nach gceanglaítear ach tuarascáil Phorúcháin. Tá coinne le tuarascálacha Eachtrainn simplithe freisin le haghaidh speiceas eachtrainn Iarscríbhinn II nach ngeimhríonn ná nach bpóraíonn sa tír.

Is féidir tuilleadh faisnéise ar thuairisciú maidir leis na grúpaí áirithe speiceas seo a fháil i

dTábla 2: Ranna d”fhormáid na Tuarascála speiceas atá le líonadh maidir le Séasúr Pórúcháin, Geimhrithe agus Eachtrainn le haghaidh catagóirí éagsúla speiceas éan

Speicis fhánacha agus ócáideacha

Is iad éin fhánacha nó éin “theagmhasacha” na héin a théann ar fán i bhfad óna ngnáth-raon pórúcháin, geimhrithe nó imirce. Tá níos mó ná 300 speiceas le feiceáil sa roinn “fánach” de Chatagóir A de Liosta Éan an Aontais, agus bíonn roinnt speiceas eile i láthair go rialta i gcodanna den Aontas, ach ní bhíonn siad i láthair ach amháin mar éin fhánacha i mBallstáit eile. Ós rud é nach féidir a thuar go mbeidh éin fhánacha i láthair agus gur dócha go mbíonn tionchar ag fachtóirí seachtracha ar a láithreacht (dálaí aeráide le linn príomhthréimhsí imirce, treochtaí lasmuigh den Aontas, etc.), ní gá iad a thuairisciú i dtuarascálacha Airteagal 12. Is amhlaidh an cás maidir le speicis “ócáideacha”, a d”fhéadfadh a bheith níos gaire dá ngnáth-raon, ach nach bhfuil a láithreacht laistigh den Bhallstát agus/nó den séasúr atá i gceist rialta ná cobhsaí (féach “speicis a bhíonn i láthair go rialta” thuas).

Speicis nuathagtha

I gcásanna áirithe, d”fhéadfadh sé nach mbeadh speiceas ag pórú nó ag geimhriú go rialta go fóill, ach is dócha – e.g. bunaithe ar na patrúin láithreachta is déanaí nó treochtaí comhchosúla i dtíortha comharsanacha – go bhfuil sé á choilíniú nó á bhunú mar chuairteoir rialta. Sna cásanna sin, moltar do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar na speicis atá i gceist, fiú mura féidir sonraí a sholáthar le haghaidh na ranna agus na réimsí ábhartha uile thíos. Maidir le speicis a liostaítear sa seicliosta náisiúnta a bhfuil láithreacht “ARR” acu – lena léirítear gur choilínigh siad an Ballstát le linn na tréimhse treochta gearrthéarmaí – maolófar seiceálacha “QA/QC” i réimsí áirithe (e.g. réimse 4.2.1 “Tréimhse treochta fadtéarmaí”). Mura bhfuil an speiceas i seicliosta na speiceas le haghaidh an Bhallstáit cheana, is féidir é a chur isteach agus an tuarascáil náisiúnta ar an sásra tuairiscithe á cur isteach.

Féach freisin réimse 4.1.3 “Méid treochta gearrthéarmaí” chun treoir a fháil maidir leis an tsaincheist shonrach a bhaineann le tuairisciú méideanna treochta ó mhéid pobail tosaigh nialais (i.e. speicis nuathagtha).

Speicis dhíothaithe

Níor cheart tuairisc a thabhairt ar speicis a chuaigh in éag sa tír roimh 1980 (i.e. thart ar an am a glacadh Treoir 2009/147/CE nó ar an am a tháinig sí i bhfeidhm), ach amháin má tá tionscadal náisiúnta athbhunaithe ar bun. Mar sin féin, ba cheart tuarascálacha a sholáthar maidir le gach speiceas a bhí i láthair go rialta roimhe seo, ach atá imithe in éag sa tír ó bhí 1980 ann (i.e. iad siúd a liostaítear le láithreacht “EXBA” sa seicliosta náisiúnta). Áirítear leis sin speicis a taifeadadh den uair dheireanach (fiú más éan aonair a bhí ann) tar éis an dáta a tháinig an Treoir i bhfeidhm sa Bhallstát; bhí láithreacht bhuan/rialta ag na speicis sin laistigh den Bhallstát roimhe seo.

I gcás sonrach speiceas a phóraigh roimhe seo nach bpóraíonn go rialta a thuilleadh, ach a bhíonn i láthair fós le linn an tséasúir pórúcháin (e.g. mar éin aonair gan phéire), ba cheart do na Ballstáit leanúint de bheith á láimhseáil mar speicis “a bhíonn i láthair go rialta” (5), go háirithe nuair a chiallaíonn a stádas (e.g. liostú Iarscríbhinn I de Threoir 2009/147/CE agus/nó annamhacht ghinearálta) go bhféadfadh sé go mbeadh leas níos leithne fós ag baint le líon beag éan aonair a bheith ann i gcónaí.

Speicis a choilínigh i líon beag, ach nár tháinig chun bheith bunaithe agus a chuaigh in éag arís sa tír dá bhrí sin, ba cheart iad ar fad ó bhí 1980 ann a láimhseáil mar speicis ócáideacha, agus ní gá tuairisc a thabhairt orthu.

Cé nach mbeifear in ann i gcónaí na ranna agus na réimsí ábhartha uile a chomhlánú maidir le speiceas a liostaítear mar “EXBA”, tá sé tábhachtach an bhliain ina ndeachaigh sé in éag sa tír a chur in iúl (nó inar stad sé de bheith i láthair go rialta, mura raibh sé soiléir (6)) agus neasmhéid a phobail náisiúnta (agus a raon pórúcháin, i gcás inarb ábhartha) in thart ar 1980, ionas gur féidir méid agus ráta a laghdaithe a chur san áireamh (féach freisin réimse 4.1.3 “Méid treochta gearrthéarmaí” le haghaidh treoir níos mionsonraithe maidir le faisnéis ar mhéid treochta a sholáthar le haghaidh speicis a chuaigh in éag le linn na tréimhse treochta).

Pobail neamhdhúchasacha

Chomh maith le “héin a bhíonn i láthair go nádúrtha sa staid fhiáin”, mar a shonraítear in Airteagal 1 den Treoir, iarrtar tuairisciú freisin i gcás gach pobal de thrí speiceas a tugadh isteach den chuid is mó agus a liostaítear in Iarscríbhinn II den Treoir (Branta canadensis (7) , Meleagris gallopavo agus Phasianus colchicus (8)) agus i gcás pobail fhia Columba livia. Is roghnach tuairisciú ar speicis neamhdhúchasacha eile (lena n-áirítear iad siúd a liostaítear i gCatagóir C de Liosta Éan an Aontais (9)), ach moltar é i gcásanna ina bhfuil pobal neamhdhúchasach speicis i mBallstát ar speiceas é a bhíonn i láthair go nádúrtha in áit eile laistigh den Aontas (agus dá bhrí sin a liostaítear i gCatagóir A “dúchasach”/”rialta” de Liosta Éan an Aontais), nó i gcásanna ina bhfuil an speiceas ina bhagairt ar phobail/speicis dhúchasacha (e.g. iad siúd atá ar an Liosta na Speiceas Choimhthíocha Ionracha is ábhar imní don Aontas (10): Oxyura jamaicensis, Alopochen aegyptiaca, Threskiornis aethiopicus, Corvus splendens, Pycnonotus cafer agus Acridotheres tristis).

Tábla 1

Achoimre ar speicis ar cheart tuairisc a thabhairt orthu de réir catagóirí láithreachta agus cóid speiceas i seicliosta éan Airteagal 12

Cód láithreachta/cód speiceas (ó sheicliosta Airteagal 12 ar an Tairseach Thagartha)

Tuairisc

Oibleagáid tuairiscithe

PRE

Ann go rialta

Le tuairisciú

ARR

Nuathagtha

Níl sé riachtanach, ach moltar é a dhéanamh

EXBA

Speicis a chuaigh in éag tar éis 1980

Le tuairisciú

e.g.A115-X

Ciallaíonn X gur fophobal neamhdhúchasach de speiceas atá ann

Níl sé riachtanach, ach moltar é a dhéanamh.

Tuairisciú sainordaitheach i gcás speiceas A044-X Branta canadensis, A115-X Phasianus colchicus, A460-X Meleagris gallopavo (pobail neamhdhúchasacha) agus A206-X Columba livia (pobail fhia) AMHÁIN.

Nótaí míniúcháin i ndáil le formáid na tuarascála maidir le stádas speicis éan agus treochtaí a chomhlánú

Ba cheart formáid na Tuarascála a chomhlánú le haghaidh gach speicis agus gach séasúir a thagann faoi na critéir a leagtar amach i dTábla 2. Liostaítear na speicis atá le tuairisciú i seicliosta Airteagal 12.

I gcás roinnt Ballstát, ba cheart formáid Tuarascála ar leithligh a chur ar fáil d”aonaid fhonáisiúnta ar leith. Baineann sé sin leis na hAsóir (an Phortaingéil), Maidéara (an Phortaingéil) agus na hOileáin Chanáracha (an Spáinn). Léiríodh i measúnuithe ar leibhéal an Aontais roimhe seo go bhfuil stádas agus treochtaí an-éagsúil ag go leor pobail éan sa Mhacarainéis i gcomparáid le pobail san Ibéir, agus mar sin cuirtear tuairisciú ar leithligh le haghaidh críocha fonáisiúnta chun feidhme ó bhí an tréimhse tuairiscithe 2008–2012 ann.

Cuimsíonn formáid na Tuarascála maidir le stádas agus treochtaí speiceas éan (“tuarascáil speiceas”) aon roinn déag, seo iad a leanas:

Tuairisciú séasúir

(1)

Faisnéis faoi speicis

(2)

Séasúr

(3)

Méid an phobail

(4)

An treocht phobail

(5)

Léarscáil agus méid an dáilte pórúcháin

(6)

Treocht dáilte pórúcháin

(7)

Na brúnna agus na bagairtí is mó

(8)

Bearta caomhnúcháin

(9)

Cumhdach Natura 2000 (Limistéir faoi Chosaint Speisialta (SPAnna))

Tuairisciú ar leibhéal speicis/fospeicis

(10)

Dul chun cinn san obair a bhaineann le Pleananna Gníomhaíochta Idirnáisiúnta maidir le Speicis (SAPanna), Pleananna Bainistíochta (MPanna) agus Ráitis Bhainistíochta Achoimre (BMSanna)

(11)

Faisnéis a bhaineann le speicis Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2009/147/CE

Tábla 2

Ranna d”fhormáid na Tuarascála speiceas atá le líonadh isteach maidir le séasúr Pórúcháin, Geimhrithe agus Eachtrainn le haghaidh catagóirí éagsúla speiceas éan (lena n-áirítear speicis Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2009/147/CE agus speicis imirceacha truicir eile maidir le haicmiú Limistéar faoi Chosaint Speisialta (SPA))

 

Speicis Phórúcháin Iarscríbhinn I & truicir maidir le SPA (lena n-áirítear speicis neamhaistreacha)

Speicis Gheimhrithe Iarscríbhinn I & truicir maidir le SPA

Speicis Eachtrainn Iarscríbhinn I agus truicir maidir le SPA

Speicis Phórúcháin Iarscríbhinn II (lena n-áirítear speicis neamhaistreacha)

Speicis Gheimhrithe Iarscríbhinn II

Speicis Eachtrainn Iarscríbhinn II

Speicis Phórúcháin eile

Príomhspeicis gheimhrithe

Tuairisciú séasúr

1.

Faisnéis faoi speicis

X

X

X

X

X

X

X

X

2.

Séasúr

X

X

X

X

X

X

X

X

3.

Méid an phobail

X

X

X

X

X

más truicear maidir le SPA é (*1)

X

X

4.

An treocht phobail

X

X

roghnach

X

X

roghnach

X

X

5.

Léarscáil & méid an dáilte pórúcháin

X

-

-

X

-

-

X

-

6.

Treocht dáilte pórúcháin

X

-

-

X

-

-

X

-

7.

Na brúnna & na bagairtí is mó

X

X

X

X

X

más truicear maidir le SPA é (*1)

-

-

8.

Bearta caomhnúcháin

X

X

X

X

X

más truicear maidir le SPA é (*1)

-

-

9.

Cumhdach Natura 2000 SPA

X

X

X

Más truicear maidir le SPA é

Más truicear maidir le SPA é

Más truicear maidir le SPA é

-

-

Tuairisciú speicis

10.

Dul chun cinn maidir le pleananna gníomhaíochta agus bainistíochta

más ábhartha

más ábhartha

más ábhartha

más ábhartha

más ábhartha

más ábhartha

más ábhartha

más ábhartha

11.

Faisnéis a bhaineann le hIarscríbhinn II

má liostaítear in Iarscríbhinn II

má liostaítear in Iarscríbhinn II

má liostaítear in Iarscríbhinn II

X

X

X

-

-

Comhfhreagraíonn na tuarascálacha “Pórúcháín”, “Geimhrithe”, agus “Eachtrainn” i dTábla 2 don séasúr a roghnaítear i Roinn 2 den fhormáid tuairiscithe.

Féach an Roinn dar teideal “Speicis le tuairisciú” thuas chun míniú breise a fháil ar láithreachtaí speiceas a bhfuil tuairisciú le déanamh orthu.

Maidir le speicis neamhaistreacha Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/147/CE, ní iarrtar ach tuarascáil amháin, bunaithe ar shonraí na séasúr pórúcháin, (Tuarascáil phórúcháin), ach ba cheart an bhliain iomlán a chumhdach lebrúnna agus bagairtí agus bearta caomhnúcháin (a thuairiscítear faoi Roinn 7 agus Roinn 8), ní hamháin brúnna nó bearta a bhaineann go sonrach leis an séasúr pórúcháin.

Maidir le hIarscríbhinn I agus speicis truicir maidir le Limistéar faoi Chosaint Speisialta (SPA) eile de Threoir 2009/147/CE a bhfuil pobail éagsúla pórúcháin, geimhrithe agus/nó eachtrainn acu laistigh den Bhallstát, ba cheart tuarascálacha ar leithligh a bheith ann maidir le speicis Phórúcháin, Gheimhrithe agus rogha speiceas an tséasúir Eachtrainn mar a shonraítear i seicliosta Airteagal 12.

Maidir le speicis neamhaistreacha Iarscríbhinn II, ní gá ach tuarascáil a chur isteach don Séasúr pórúcháin.

Ba cheart Cuid 10 a chomhlánú i gcás speiceas ag a bhfuil Pleananna Gníomhaíochta Idirnáisiúnta (11) maidir le Speicis (SAPanna), Pleananna Bainistíochta (MPanna) nó Ráitis Bhainistithe Achomair (BMSanna) (mar a shonraítear sa seicliosta speiceas ar an Tairseach Thagartha).

Cé nach mbaileofar na sonraí uile a úsáidtear sa tuarascáil le linn na tréimhse tuairiscithe, ba cheart faisnéis a thabhairt sa tuarascáil atá ábhartha don tréimhse tuairiscithe (e.g. 2019-2024). Ina theannta sin, cé nach bhfuil gach cuid den fhormáid tuairiscithe sainordaitheach do gach iarscríbhinn agus séasúr, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil moltar go láidir í a chur isteach.

Moltar aon fhaisnéis saorthéacs a chuirtear ar fáil a scríobh i mBéarla, chun a húsáid a éascú le linn anailís an Aontais agus chun go mbeidh níos mó daoine in ann í a léamh.

1.   Faisnéis faoi speicis

Ba cheart Roinn 1 a chomhlánú le haghaidh gach speiceas a bhíonn i láthair go rialta mar a liostaítear i seicliosta éan Airteagal 12 ar an Tairseach Thagartha.

1.1.   Ballstát

Ba cheart do na Ballstáit an cód tíre ábhartha ón liosta ar an Tairseach Thagartha a úsáid. I bhformhór na gcásanna, ní bheidh ann ach cód dhá litir ISO 3166 le haghaidh do Bhallstáit. I gcás roinnt Ballstát, tá feidhm ag tuairisciú ar leithligh le haghaidh aonaid fhonáisiúnta (agus tagairt á déanamh do stádas speiceas nó pobail áirithe i limistéir gheografacha ar leith), agus i gcás na nAsór (an Phortaingéil), Mhaidéara (an Phortaingéil) agus na nOileán Canárach (an Spáinn), ba cheart úsáid a bhaint as an gcód fonáisiúnta ceithre litir lena mbaineann, mar a shonraítear ar an Tairseach Thagartha.

1.2.   Cód speicis

Ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as na cóid speicis a thugtar sa seicliosta speiceas (agus sa liosta cód) ar an Tairseach Thagartha. Is féidir cóid nua a leithdháileadh más gá. Is féidir breis faisnéise a fháil maidir leis an liosta cód speiceas agus leasuithe féideartha ar an Tairseach Thagartha.

1.3.   Cód EURING

Ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as cóid EURING a thugtar sa seicliosta speiceas (agus sa liosta cód) ar an Tairseach Thagartha. Leithdháileadh cóid uathúla EURING ar bheagnach gach speiceas éan (agus roinnt fospeiceas) atá dúchasach don Eoraip, chun comhordú a dhéanamh ar fháinniú éan na hEorpa, agus úsáidtear go forleathan iad (12).

1.4.   Ainm eolaíoch an speicis

Ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as na hainmneacha eolaíocha a thugtar sa seicliosta speiceas ar an Tairseach Thagartha, rud a léiríonn den chuid is mó anois an ainmníocht agus an tacsanomaíocht a glacadh sa leagan is déanaí de Liosta éan an Aontais Eorpaigh (13). I líon beag cásanna, áirítear an frása Béarla “all others”[gach ceann eile] san iontráil le haghaidh ainm eolaíoch, chun a léiriú go n-áirítear san aonad tacsanomaíoch atá i gceist gach fospeiceas (dúchasach) atá fágtha nach liostaítear go sainráite sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir (e.g. “Accipiter gentilis all others”, féach “Accipiter gentilis arrigonii” a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/147/CE). Cuirfear nuashonruithe tacsanomaíocha chun feidhme chun ailíniú a choinneáil le tagairtí tacsanomaíocha a leanann IUCN.

1.5.   Pobal fospeiceasach

I gcás inarb ábhartha, ba cheart do na Ballstáit na tuairiscí ar an bpobal fospeiceasach a thugtar sa seicliosta speiceas ar an Tairseach Thagartha a úsáid. In a lán cásanna, baineann ainmneacha na bpobal fospeiceasach leis na tuairiscí gairide a úsáidtear chun pobail bealaí eitilte sonracha de speicis AEWA a shainaithint. I gcásanna eile, soiléiríonn siad láimhseáil tacsanomaíoch nó ainmníochta a chuirtear i bhfeidhm sa seicliosta, nó cabhraíonn siad chun idirdhealú a dhéanamh idir pobail speiceas a tugadh isteach agus pobail atá dúchasach in áiteanna eile laistigh den Aontas.

1.6.   Ainm eolaíoch malartach speiceas (roghnach)

Más rud é nach ionann an t-ainm eolaíoch a thugtar faoi réimse 1.4 agus an t-ainm a úsáidtear go ginearálta sa tír, féadfaidh na Ballstáit leagan malartach a chur isteach anseo.

1.7.   Gnáthainm (roghnach)

Más mian leis na Ballstáit gnáthainm an speicis (nó gnáthainm an fhospeicis) a úsáidtear sa tír a chur isteach, féadfaidh siad é sin a dhéanamh anseo. D”fhéadfadh sé sin a bheith úsáideach dá scaipfí an dréacht-tuarascáil chun tuairimí a fháil ar dhaoine nach bhfuil an t-ainm eolaíoch ar eolas acu, nó nuair a chuirtear an tuarascáil ar fáil don phobal.

2.   Séasúr

2.1.   Séasúr

Roghnaigh an séasúr inar bailíodh formhór na sonraí a thuairiscítear, ó na roghanna “an Séasúr Pórúcháin”, “an Séasúr Geimhrithe” agus “an Séasúr Eachtrainn”.

2.2.   Tuairisciú céaduaire

Má thuairiscítear an speiceas sa Bhallstát den chéad uair, ba cheart é sin a chur in iúl anseo. Is féidir an réimse tuairiscithe céaduaire a úsáid i gcásanna ina dtuairiscítear speiceas den chéad uair nó ina dtuairiscítear speiceas i séasúr nár tuairiscíodh roimhe sin. Ní úsáidtear an réimse seo i gcásanna ina ndearnadh ainm tacsanomaíoch speicis a nuashonrú. D”fhéadfadh sé nach mbeadh roinnt réimsí san fhormáid tuairiscithe infheidhme maidir le speicis a thuairiscítear den chéad uair, e.g. nuair a léirítear an t-athrú agus an chúis atá leis an athrú ón tréimhse tuairiscithe dheireanach. Is féidir a chur in iúl gurb é an chéad uair a tuairiscíodh an speiceas trí “Is é” a chur sa réimse seo.

2.3.   Faisnéis bhreise

Sa réimse seo is féidir leis na Ballstáit aon fhaisnéis a mheastar a bheith ábhartha a thuairisciú mar shaorthéacs. Má thuairiscítear speiceas den chéad uair, mínigh cén fáth (i.e. speiceas nuathaifeadta nó eile). Tá aon fhaisnéis bhreise eile sa réimse seo roghnach.

3.   Méid an phobail

3.1.   Bliain nó tréimhse

Cuir isteach an bhliain nó an tréimhse dheireanach ar lena linn a cinneadh méid an phobail: BBBB (le haghaidh na bliana) agus BBBB-BBBB (le haghaidh tréimhse, bliain-bliain).

Beidh tréimhsí i gceist le go leor tuarascálacha, toisc go ndéantar méid pobail a lán speiceas a mheas go minic le linn tionscadail atlais náisiúnta, a mbíonn roinnt blianta d”obair allamuigh i gceist leo de ghnáth. In go leor cásanna, rachaidh an obair allamuigh níos faide ná teorainneacha na tréimhse tuairiscithe reatha. Leis an mbliain nó an tréimhse thuairiscithe, ba cheart an tréimhse iarbhír inar bailíodh na sonraí a chumhdach.

I gcásanna áirithe, déanfar méid an phobail a mheas bunaithe ar áireamh nó fardal speiceas iomlán a tharla le linn tréimhse tuairiscithe níos luaithe, ach a nuashonraíodh le torthaí ó fhaireachán rialta nó trí úsáid sonraí ó chórais ar líne chun sonraí allamuigh a bhailiú. Ba cheart an bhliain nó an tréimhse lena mbaineann an meastachán tuairiscithe ar mhéid an phobail a bheith sa bhliain nó sa tréimhse thuairiscithe.

3.2.   Méid an phobail

Ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as na haonaid phobail (réimse 3.2(a) “Aonad”) a shonraítear le haghaidh gach teaglaim speiceas – séasúir sa seicliosta speiceas. Chun gur féidir líon foriomlán an Aontais i ngach speiceas a ríomh, ba cheart do na Ballstáit uile a sonraí náisiúnta a thuairisciú agus an t-aonad pobail céanna á úsáid acu. I gcás fhormhór mór na speiceas pórúcháin, ba cheart líonta a thuairisciú in aonaid de phéirí pórúcháin (“p”), ag aithint go bhfuil na meastacháin le haghaidh go leor speiceas, lena n-áirítear go leor speiceas coitianta agus forleathan, bunaithe go minic ar líon na gcríoch ina bhfuil siad (e.g. i gcás fireannaigh amhránaíochta) le linn an tséasúir phórúcháin. Nuair a dhéantar méid an phobail pórúcháin a thuairisciú mar phéirí pórúcháin, ach díorthaítear na figiúirí ó shonraí allamuigh príomhúla a bhailítear trí aonad eile a úsáid (e.g. neadacha ar cosúil go bhfuil éin inti maidir le héin mhara áirithe), is féidir an fhaisnéis sin a sholáthar i réimse 3.7 “Faisnéis bhreise”.

I mionlach beag de chásanna a bhaineann le speicis a bhfuil bitheolaíocht phórúcháin neamhghnách/chasta nó iompraíocht chripteach ag baint leo, tá aonaid eile – amhail baineannaigh phórúcháin (“bfemales”) nó fireannaigh ghlaoiteacha (“cmales”) – níos oiriúnaí ná péirí chun méid an phobail a thuairisciú. I measc na speiceas sin tá cromáin áirithe, gearraí, bustaird agus cearca fraoigh. Léirítear na haonaid ba cheart a úsáid chun pobail na speiceas sin a thuairisciú ar an seicliosta speiceas ar an Tairseach Thagartha.

I gcás tuarascálacha séasúir “Geimhrithe” agus “Eachtrainn”, ba cheart méid an phobail a thuairisciú, de réir mar is iomchuí, agus na haonaid aonair (“i”) á n-úsáid.

Tá trí réimse ar fáil chun luachanna mhéid an phobail a thuairisciú: “(b) Íosmhéid”; “(c) Uasmhéid”; agus “(d) An luach aonair is fearr”. Beidh líon na réimsí a úsáidfear éagsúil de réir chineál na faisnéise maidir le méid an phobail atá ar fáil don speiceas atá i gceist (féach thíos), ach ba cheart ceann de na teaglamaí loighciúla seo a leanas a leanúint: (b) agus (c); (d) amháin; nó (b), (c) agus (d).

Murab ann do mheastachán beacht ar mhéid an phobail, agus má tá meastacháin ar fáil mar raon amháin (i.e. íosmhéid-uasmhéid), ba cheart an dá luach sin a thuairisciú i réimsí (b) agus (c). Moltar do na Ballstáit íosmhéideanna agus uasmhéideanna sochreidte pobail a chur ar fáil fiú i gcás speicis nach bhfuil go leor faisnéise ann fúthu, chun an éiginnteacht a thugtar anonn sa mheastachán ar mhéid agus treochtaí foriomlána phobail an Aontais a íoslaghdú (a bhaineann le “hualú” de réir méideanna pobail náisiúnta), ach i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, is féidir teorainn níos ísle a thuairisciú fós i réimse 3.2(d) (b”fhearr nóta comhlántach i réimse 3.7, e.g. “Ní dócha gur mó pobal an speicis ná 100 000 péire), agus “íosmhéid” roghnaithe faoi réimse 3.3 “Cineál an mheastacháin””.

Má dhéantar faireachán maith ar an bpobal (agus má tá sé sách beag go minic, ach ní i gcónaí), d”fhéadfadh luach beacht amháin a bheith ar fáil, agus sa chás sin is féidir é sin a thuairisciú i réimse (d). I gcásanna eile, d”fhéadfadh raon (íosmhéid-uasmhéid) agus meán luach nó luach “is dóchúla” a bheith ar fáil, agus sa chás sin is féidir iad go léir a chur ar fáil, i réimsí (b), (c) agus (d).

I gcás nach bhfuil eolas ann ach faoi íosluach (nó uasluach) mhéid an phobail (e.g. trí thuairim shaineolach) ba cheart é sin a chur isteach sa réimse (d) “An luach aonair is fearr” agus NÍ sna réimsí (b) “Íosmhéid” nó (c) “Uasmhéid”. Is féidir é sin a mhíniú i réimse 3.7 (Faisnéis bhreise).

I gcás ina bhfuil sonraí amha agus/nó meastacháin bheachta ann, ba cheart iad sin a thuairisciú gan slánú ar leibhéal na mBallstát; déanfar aon slánú den sórt sin níos déanaí ar leibhéal an Aontais, de réir mar is gá.

Má chuaigh an speiceas in éag sa tír ó bhí 1980 ann (i.e. tá a láithreacht liostaithe mar “EXBA” sa seicliosta náisiúnta), ba cheart “0” a chur isteach i réimse (d), agus ba cheart, go hidéalach, léiriú ar uainiú an díothaithe (e.g. “Pórú taifeadta is déanaí in 1998”) a thabhairt i réimse 3.7. Mura bhfuil sé soiléir an bhfuil an speiceas imithe in éag sa tír nó an bhfuil líon an-bheag ann fós, is féidir luachanna “0” agus, mar shampla, “1” a iontráil i réimsí (b) agus (c) faoi seach.

3.3.   Cineál an mheastacháin

Roghnaigh an tuairisc is iomchuí ar an gcineál meastacháin ar mhéid an phobail a thuairiscítear faoi réimse 3.2. Má tá luachanna curtha ar fáil do gach réimse 3.2(b), (c) agus (d), roghnaigh an chatagóir is fearr a thugann tuairisc ar na sonraí (go minic “meán ilbhliantúil” nó “eatramh muiníne 95 %”). Cuirtear tuilleadh sonraí faoi na roghanna ar fáil thíos:

an meastachán is fearr – an figiúr aonair is fearr atá ar fáil (lena n-áirítear i gcás nach bhfuil ach uasluach mhéid an phobail ar fáil) nó eatramh, arna dhíorthú ó, mar shampla, áireamh pobail, tiomsú figiúirí ó dhúichí, meastachán bunaithe ar dhlús pobail agus sonraí dáilte, nó tuairim ó shaineolaithe, ach nár ríomhadh teorainneacha muiníne 95 % ina leith. Is féidir a chur in iúl i réimse 3.4 an dtagann an meastachán is fearr ó shonraí faireacháin, ó eachtarshuíomh nó ó thuairim ó shaineolaithe;

meán ilbhliantúil – meánluach (agus eatramh, i.e. meastacháin na mblianta is measa agus na mblianta is fearr) i gcás ina ndearnadh méid an phobail a mheas ar feadh roinnt blianta le linn na tréimhse tuairiscithe (mar a léirítear leis an iontráil i réimse 3.1);

eatramh muiníne 95 % – meastacháin arna ndíorthú ó shuirbhéanna samplacha nó samhail a bhféadfaí teorainneacha muiníne 95 % (mar a thuairiscítear i réimsí 3.2(b) agus 3.2(c)) a ríomh ina leith don luach aonair is fearr (arna thuairisciú i réimse 3.2(d));

íosmhéid – i gcás nach bhfuil dóthain sonraí ann chun fiú meastachán le teorainneacha scaoilte a sholáthar, ach i gcás inarb eol go bhfuil méid an phobail os cionn luach áirithe, nó i gcás ina dtagann na meastacháin eatraimh tuairiscithe ó shuirbhé samplach nó ó thionscadal faireacháin inar dócha go ndéantar gannmheastachán ar mhéid an phobail iarbhír.

Má sholáthraítear eatramh (réimse 3.2(b) “Íosmhéid” agus 3.2(c) “Uasmhéid”) agus luach aonair (réimse 3.2(d) “An luach aonair is Fearr”) araon, ba cheart don réimse 3.3 “Cineál an mheastacháin” comhfhreagairt don mheastachán is cruinne. Ba cheart é seo a chur in iúl i réimse 3.7 “Faisnéis bhreise”.

3.4.   An modh a úsáideadh

Úsáidtear an réimse seo chun an mhodheolaíocht a úsáideadh chun meastachán a dhéanamh ar mhéid an phobail i réimse 3.2 a mhionsonrú. Roghnaigh ceann de na catagóirí seo a leanas:

a)

suirbhé iomlán nó meastachán atá láidir ó thaobh staidrimh de (e.g. ó shuirbhéanna samplacha ar an gcuid is mó den dáileadh atá ar eolas);

b)

bunaithe go príomha ar eachtarshuíomh ó mhéid teoranta sonraí (e.g. ó shuirbhéanna samplacha ar chion beag den raon, ag baint úsáid as samhlacha atá bunaithe ar dhlús/ar fhlúirse agus ar shonraí dáilte, nó ó mheastachán atá ann cheana a nuashonraítear le sonraí maidir le treochtaí);

c)

bunaithe go príomha ar thuairim ó na saineolaithe le sonraí an-teoranta;

d)

níl dóthain sonraí nó níl aon sonraí ar fáil.

Má sholáthraítear eatramh (réimse 3.2(b) “Íosmhéid” agus 3.2(c) “Uasmhéid”) agus luach aonair (réimse 3.2(d) “An luach aonair is fearr”) araon, ba cheart don Mhodh a úsáideadh comhfhreagairt don mheastachán níos cruinne. Ba cheart é seo a chur in iúl i réimse 3.7 “Faisnéis bhreise”.

3.5.   Foinsí

Chun an rian iniúchóireachta is gá a chruthú do na sonraí a thuairiscítear i réimsí 3.1 go 3.4 thuas, cuir isteach sonraí na bpríomhthagairtí nó na bhfoinsí eile faisnéise a úsáidtear chun na réimsí sin a líonadh. D”fhéadfaí a áireamh ar na foinsí sin, mar shampla, páipéir fhoilsithe, sonraí neamhfhoilsithe atá á gcoinneáil i mbunachair sonraí, suíomhanna gréasáin agus meithleacha saineolaithe. Is fearr dóthain faisnéise a chur ar fáil ionas go mbeidh aon duine a bheidh ag déanamh athbhreithniú ar an tuarascáil (nó á tabhairt cothrom le dáta i gceann 6 bliana nó 12 bhliain) in ann bunús na sonraí tuairiscithe a thuiscint.

3.6.   Athrú agus an chúis leis an athrú (ó rinneadh an tuarascáil dheireanach)

Úsáidtear an réimse sin chun a léiriú ar tharla aon athrú ón tréimhse tuairiscithe roimhe sin ar mhéid an phobail tuairiscithe agus, má tharla, chun tuairisc a thabhairt ar chineál an athraithe sin.

Má tá athrú ann, sonraigh cé acu de na roghanna seo a leanas b) go f) is infheidhme (is féidir “Tá” a roghnú le haghaidh níos mó ná rogha amháin de na roghanna b-f) (14):

(a)

níl aon athrú ann

(b)

tá, mar gheall ar fhíor-athrú

(c)

tá, mar gheall ar eolas feabhsaithe nó sonraí níos cruinne

(d)

tá, mar gheall ar úsáid modha éagsúil (15) (lena n-áirítear athrú tacsanomaíoch)

(e)

tá, ach ní fios cén cineál athraithe

(f)

tá, mar gheall ar chúiseanna eile

Ar deireadh, ba cheart a thabhairt le fios an dtagann aon difríocht ó na nithe seo a leanas go príomha (roghnaigh rogha amháin):

(a)

fíor-athrú

(b)

eolas feabhsaithe/sonraí níos cruinne

(c)

úsáid modha éagsúil

(d)

ní fios

(e)

cúiseanna eile

Más mian le Ballstát tuilleadh faisnéise a thabhairt, is féidir é sin a dhéanamh i réimse 3.7 “Faisnéis bhreise”. Má chuirtear tic sa réimse “tá, mar gheall ar chúiseanna eile”, ní mór é a shonrú a thuilleadh in “Faisnéis bhreise”. Níor cheart an réimse sin a úsáid ach amháin i gcásanna an-teoranta.

3.7.   Faisnéis bhreise (roghnach)

Is féidir an réimse roghnach seo a úsáid chun faisnéis bhreise saorthéacs a sholáthar a bhaineann leis na sonraí a chuirtear ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar mhéid an phobail faoi réimsí 3.1 go 3.6, amhail sonraí faoi aon fhachtóir coinbhéartachta a úsáidtear chun meastacháin allamuigh ar mhéid an phobail a thiontú ina bpéirí pórúcháin (féach an téacs do réimse 3.2) nó cúiseanna eile a bhí leis an athrú (réimse 3.6). Mar shampla, más rud é, mar gheall ar athrú modhanna, go dtuairiscíonn Ballstát an méid céanna pobail agus a bhí sa tuarascáil roimhe seo cé go raibh athrú iarbhír ann, is féidir é sin a chur in iúl anseo freisin.

4.   An treocht phobail

4.1.   Treocht ghearrthéarmach (le 12 bhliain anuas)

Úsáidtear réimsí 4.1.1 go 4.1.5 chun faisnéis a chur ar fáil faoin treocht ghearrthéarmach maidir le méid an phobail, bunaithe ar thréimhse 12 bhliain.

4.1.1.   Tréimhse treochta gearrthéarmaí

Is é 12 bhliain an tréimhse le haghaidh treochtaí gearrthéarmacha (tréimhse a chomhfhreagraíonn do thart ar dhá thimthriall tuairiscithe). Ciallaíonn sé sin gurb é 2013-2024 an tréimhse i gcás thuarascálacha 2019–2024, nó tréimhse chomh gar agus is féidir dó sin. Ceadaítear roinnt solúbthachta, mar sin cé go ndéanfaí treochtaí a thuairisciú do 2013–2024 go hidéalach, glacfar le sonraí ó 2010–2021, mar shampla, má bhaineann na sonraí is fearr atá ar fáil le suirbhéanna sna blianta sin, nó más rud é go gciallaíonn pointe deiridh níos luaithe gur féidir tuarascáil náisiúnta Airteagal 12 a chur ar fáil gan mhoill. Mar sin féin, tabhair faoi deara, toisc gur gá treochtaí náisiúnta a chur le chéile chun meastachán a dhéanamh ar an treocht fhoriomlán ar leibhéal an Aontais, go ndéanfar aon treocht nach dtuairiscítear don tréimhse treochta “idéalach” a eachtarshuí nó a theascadh, de réir mar is iomchuí (Féach an treoir theicniúil maidir le coincheapa agus sainmhínithe chun breis faisnéise a fháil). Maidir le speicis nuathagtha, go hidéalach dhéanfaí na treochtaí a thuairisciú leis an mbliain tosaigh mar an bhliain a phóraigh an speiceas/a bhí an speiceas i láthair den chéad uair; e.g. má breathnaíodh speiceas ag pórú den chéad uair in 2018, is é 2018-2024 an tréimhse treochta gearrthéarmaí don tréimhse tuairiscithe 2019-2024.

4.1.2.   Treo treochta gearrthéarmaí

Maidir leis an treocht phobail thar an tréimhse a tuairiscíodh i réimse 4.1.1, an raibh sí (ní féidir ach rogha amháin a roghnú):

(a)

cobhsaí

(b)

ag luainiú

(c)

ag méadú

(d)

ag laghdú

(e)

éiginnte

(f)

ní fios

Braithfidh idirdhealú idir treochtaí “cobhsaí” ó threochtaí “ag méadú” nó “ag laghdú” beagán ar chineál na faisnéise treochta atá ar fáil don speiceas lena mbaineann. I gcás ina bhfuil sonraí faireacháin atá láidir ó thaobh staidrimh de ar fáil, ba cheart é a bheith indéanta sainaithint a dhéanamh (agus dá bhrí sin tuairisciú a thabhairt) ar mhéaduithe nó laghduithe sách beag – ach atá suntasach ó thaobh staidrimh de (e.g. mura mbeidh eatraimh muiníne 95 % den athrú ag dul faoi nialas). Ar an taobh eile, má roghnaítear an chatagóir treo treochta bunaithe ar shonraí nach bhfuil chomh láidir céanna (nó ar thuairim ó shaineolaithe), ba cheart tairseach shonraithe (athrú foriomlán 10 % le linn na tréimhse treochta) a úsáid chun idirdhealú a dhéanamh idir treochtaí atá “cobhsaí” agus treochtaí atá “ag méadú” nó “ag laghdú”. Sa dá chás, moltar do na Ballstáit faisnéis mhíniúcháin/fhorlíontach ábhartha a sholáthar i réimse 4.3 “Faisnéis bhreise” (e.g. “-0.4 % a bhí sa treocht ghearrthéarmach ó scéim faireacháin náisiúnta maidir le héin choiteanna don tréimhse 2013–2024 (95 % CI: = -1.1 % & + 0.4 % in aghaidh na bliana), mar sin ba é -4 % an t-athrú don tréimhse iomlán (95 % CI: -11 % agus + 4 %); déantar é a chatagóiriú mar ‘cobhsaí’.”). Le haghaidh tuilleadh treorach féach an treoir theicniúil maidir le coincheapa agus sainmhínithe.

Baineann “ag luainiú” le speicis nár athraigh a meánleibhéal pobail go suntasach le linn na tréimhse treochta, ach a bhfuil éagsúlachtaí móra ó bhliain go bliain mar shaintréith acu, le hord méadaíochta amháin nó dhá ord méadaíochta uaireanta. Ar na speicis a léiríonn dinimic den sórt sin de ghnáth, áirítear speicis phórúcháin Bhóireacha agus Artacha, amhail ulchabháin agus crosghoba áirithe, a bhfuil dlúthbhaint ag a bhflúirse le hinfhaighteacht bia a léiríonn uasphointí agus íosphointí timthriallacha, ach d”fhéadfadh feidhm a bheith ag an gcatagóir freisin maidir le speicis a mbíonn tionchar ar leith ag dálaí aeráide díobhálacha nó athraitheacha orthu. Iarrtar ar na Ballstáit úsáid na catagóire seo a theorannú do speicis a léiríonn méaduithe/laghduithe de ≥ 50 % ó bhliain go bliain. Áirítear leis sin speicis a bhreithnítear, ar an iomlán, go mbíonn siad ag pórú nó ag geimhriú “go rialta” (e.g. níos minice ná a mhalairt), ach d”fhéadfadh sé nach mbíonn siad i láthair gach bhliain go fóill.

Ba cheart an chatagóir “éiginnte” a úsáid i gcásanna ina bhfuil roinnt sonraí faireacháin ar fáil, ach nach leor na sonraí sin chun a chinneadh go hiontaofa idir dhá threo nó níos mó, e.g. idir ag luainiú nó ag laghdú. D”fhéadfadh sé sin a bheith mar gheall ar mhéideanna sampla beaga agus/nó nár bunaíodh scéimeanna faireacháin go dtí le déanaí. Is féidir tuilleadh sonraí, e.g. faoi na sonraí atá ar fáil agus/nó tuairim ó shaineolaithe ar an treocht “iarbhír” is dócha a bheidh ann, a chur ar fáil i réimse 4.3. “Faisnéis bhreise”. Ba cheart treochtaí ó scéimeanna faireacháin náisiúnta maidir le héin choiteanna arna n-aicmiú mar threochtaí “éiginnte” de réir TRIM (16), mar shampla, a thuairisciú trí úsáid a bhaint as an gcatagóir seo (níl sé “ag luainiú”). Le haghaidh tuilleadh treorach féach an treoir theicniúil maidir le coincheapa agus sainmhínithe.

Níor cheart an chatagóir treochta “ní fios” a úsáid ach amháin i gcásanna nach bhfuil aon fhaisnéis – faisnéis chainníochtúil ná cháilíochtúil – ar fáil faoi threocht náisiúnta an speicis. Mar sin féin, fiú sna cásanna sin, is minic a bheidh tuairim ag saineolaithe náisiúnta cad iad na cásanna treochta is dóchúla a bheidh ann – nó ar a laghad cad iad na “teorainneacha” inchreidte maidir le haon mhéadú nó laghdú féideartha – agus d”fhéadfadh aon léiriú air sin (17) a bheith an-úsáideach fós agus measúnuithe ar stádas pobail ar leibhéal an Aontais á ndéanamh acu.

Tugtar treoir bhreise maidir le treochtaí pobail sa treoir theicniúil maidir le coincheapa agus sainmhínithe.

4.1.3.   Méid treochta gearrthéarmaí

Má thuairiscítear “ag méadú”, “ag laghdú” nó “éiginnte” i réimse 4.1.2, cuir isteach an t-athrú céatadáin foriomlán ar mhéid an phobail thar an tréimhse treochta a shonraítear i réimse 4.1.1.

Roghnaigh ceann de na roghanna seo a leanas:

(a)

Íosmhéid

(b)

Uasmhéid

(c)

An luach aonair is fearr

Má tá an méid ar fáil mar raon amháin (e.g. 20–30 %), ba cheart an dá luach sin a thuairisciú in “(a) Íosmhéid” agus “(b) Uasmhéid”.

Má tá figiúr beacht (e.g. 27 %) ar fáil, ba cheart é sin a chur isteach in “(c) An luach aonair is fearr”.

I gcás ina bhfuil meán nó treocht “is dóchúla” ar fáil, mar aon le teorainneacha muiníne 95 %, is féidir na trí luach sin go léir a thuairisciú, in (c), (a) agus (b) faoi seach.

I gcás nach bhfuil eolas ann ach faoi íosluach (nó uasluach) (e.g. trí thuairim shaineolach) ba cheart é sin a chur isteach sa réimse “An luach aonair is fearr” agus NÍ sna réimsí “(a) Íosmhéid” nó “(b) Uasmhéid”.

Ba cheart luachanna méide diúltacha a thuairisciú (i.e. cuir an comhartha “-” ann) le haghaidh gach méid treochta dhiúltaigh, lena n-áirítear cásanna ina léirítear an treo mar “laghdú” cheana. Mar sin féin, chun iontráil sonraí nach bhfuil gá léi a sheachaint, ní gá an comhartha “+” a chur isteach le haghaidh treochtaí dearfacha (i.e. glacfar leis go chiallaíonn méid treochta “15” + 15 %). I gcás treochtaí diúltacha, tabhair faoi deara go mbaineann na réimsí “Íosmhéid” agus “Uasmhéid” le híosluachanna agus uasluachanna matamaiticiúla (ní íoslaghduithe agus uaslaghduithe).

I gcás sonrach speiceas a choilínigh nó a tháinig chun bheith bunaithe le linn na tréimhse treochta (e.g. iad siúd a liostaítear mar speicis nuathagtha [ARR] sa seicliosta náisiúnta speiceas), ba cheart méid aon mhéadaithe ar an bpobal a ríomh bunaithe ar mhéid an phobail sa bhliain tosaigh (18). Mar shampla, don tréimhse tuairiscithe 2019-2024, má phóraíonn speiceas den chéad uair (aon phéire) in 2018, ach gurb é ocht bpéire an pobal pórúcháin in 2024, ba cheart “2018–2024” a iontráil i réimse 4.1.1, ba cheart “ag méadú” a roghnú i réimse 4.1.2, agus “700” (i.e. an méadú céatadáin ó 1 go 8) a iontráil i réimse 4.1.3(c). Go hidéalach, ba cheart nóta comhlántach a chur ar fáil freisin lena ndeimhnítear bliain an choilínithe agus méid tosaigh an phobail (e.g. “Speicis a phóraigh den chéad uair (péire amháin) in 2018.”) i réimse 4.3 “Faisnéis bhreise”.

I gcodarsnacht leis sin, i gcás speiceas a chuaigh in éag sa tír le linn na tréimhse treochta, le tuairisciú laghdú 100 % amháin ní sholáthraítear an fhaisnéis go léir is gá chun measúnú a dhéanamh ar thábhacht choibhneasta an laghdaithe (mar shampla d”fhéadfaí pobal tosaigh 1 nó 100 a bheith i gceist le laghdú 100 %). Sa sampla de speiceas a raibh pobal pórúcháin 10 bpéire aige in 2014, ach a chuaigh in éag mar phóraitheoir in 2021, ba cheart “2014–2021” a iontráil i réimse 4.1.1, ba cheart “ag laghdú” a roghnú i réimse 4.1.2, ba cheart “-100” a iontráil i réimse 4.1.3(c), agus ba cheart nóta comhlántach a léiríonn méid an phobail in 2014 (e.g. “Laghdaíodh an speiceas ó 10 bpéire pórúcháin in 2014 go díothú mar speiceas pórúcháin in 2021.”) a chur isteach i réimse 4.3 “Faisnéis bhreise”.

Cé nach bhfuil méideanna treochta sainordaitheach le haghaidh treochtaí a thuairiscítear mar threochtaí “cobhsaí” nó treochtaí atá “ag luainiú” (19), is féidir iad a thuairisciú freisin i réimse 4.1.3. “Is féidir aon fhaisnéis bhreise mhíniúcháin/fhorlíontach ábhartha – amhail eatraimh muiníne treochtaí “cobhsaí” nó sonraí breise maidir le luaineachtaí a sholáthar i réimse 4.3 “Faisnéis bhreise”.

4.1.4.   Treocht ghearrthéarmach – An modh a úsáideadh

Roghnaigh ceann de na catagóirí seo a leanas:

(a)

suirbhé iomlán nó meastachán atá láidir ó thaobh staidrimh de (e.g. comparáid idir dhá mheastachán ar mhéid an phobail a thagann ó dhaonáirimh iomlána, nó ó fhaireachán tiomnaithe pobail atá láidir ó thaobh staidrimh de);

(b)

bunaithe go príomha ar eachtarshuíomh ó mhéid teoranta sonraí (e.g. treochtaí a dhíorthaítear ó shonraí nach mbailítear ach ó shampla measartha beag den phobal, nó bunaithe ar shamplaí neamhleora, nó treochtaí a eachtarshuí ó thomhais éigin eile);

(c)

bunaithe go príomha ar thuairim ó na saineolaithe le sonraí an-teoranta;

(d)

níl dóthain sonraí nó níl aon sonraí ar fáil.

Ní féidir ach catagóir amháin a roghnú; i gcás inar tiomsaíodh sonraí ó fhoinsí éagsúla, roghnaigh an chatagóir don fhoinse sonraí is tábhachtaí.

Baineann an réimse “An modh a úsáideadh” leis an treo treochta gearrthéarmaí (réimse 4.1.2) agus le méid na treochta (4.1.3), ós rud é gur cuid de mheasúnú amháin an dá réimse sin agus ba cheart iad araon a chur san áireamh anseo.

4.1.5.   Foinsí

Chun an rian iniúchóireachta is gá a chruthú do na sonraí a thuairiscítear i réimsí 4.1.1 go 4.1.4 thuas, cuir isteach sonraí na bpríomhthagairtí nó na bhfoinsí eile faisnéise a úsáidtear chun na réimsí sin a líonadh. D”fhéadfaí a áireamh ar na foinsí sin, mar shampla, páipéir fhoilsithe, sonraí neamhfhoilsithe atá á gcoinneáil i mbunachair sonraí, suíomhanna gréasáin agus meithleacha saineolaithe. Is fearr dóthain faisnéise a chur ar fáil ionas go mbeidh aon duine a bheidh ag déanamh athbhreithniú ar an tuarascáil (nó á tabhairt cothrom le dáta i gceann 6 bliana nó 12 bhliain) in ann bunús na sonraí tuairiscithe a thuiscint.

4.2.   Treocht fhadtéarmach (ó thart ar 1980)

4.2.1.   Tréimhse treochta fadtéarmaí

Is ó thart ar 1980 (nuair a glacadh Treoir 2009/147/CE nó nuair a tháinig sí i bhfeidhm) go dtí thart ar an mbliain dheireanach den tréimhse tuairiscithe an tréimhse idéalach chun treochtaí fadtéarmacha a thuairisciú. Tá roinnt solúbthachta ann, áfach, agus dá bhrí sin má rinne Ballstát áireamh pobail náisiúnta in (mar shampla) 1980, 1995, 2015 agus 2020, ba cheart an treocht idir 1980 agus 2020 a thuairisciú don tréimhse tuairiscithe 2019-2024. Maidir le speicis a choilínigh ó bhí 1980 ann, go hidéalach dhéanfaí na treochtaí a thuairisciú leis an mbliain tosaigh mar an bhliain a phóraigh an speiceas/a bhí an speiceas i láthair den chéad uair; e.g. má breathnaíodh speiceas ag pórú den chéad uair in 2000, is é an tréimhse ó 2000 ar aghaidh an tréimhse treochta gearrthéarmaí. I gcás speiceas nuathagtha, bheadh an dáta tosaigh idir an dá thréimhse tuairiscithe dheireanacha (i.e. 2013 go 2024 don tréimhse tuairiscithe 2019-2024, féach freisin an téacs le haghaidh réimse 4.1.1).

Moltar do na Ballstáit nach raibh sonraí scéim faireacháin pobail acu roimh 2000 foinsí eile faisnéise treochtaí a d”fhéadfadh a bheith ann a cheadú, amhail an dá eagrán de Birds in Europe [Éin san Eoraip] (20), ina bhfuil meastacháin bhanda ar an treocht náisiúnta phobail (le tagairtí tacaíochta) maidir leis an gcuid is mó de na speicis le haghaidh 1970–1990 agus 1990–2000.

4.2.2.   Treo treochta fadtéarmaí

Féach réimse 4.1.2 treo treochta gearrthéarmaí thuas.

Má roghnaítear an chatagóir treo treochta bunaithe ar shonraí nach bhfuil chomh láidir céanna (nó ar thuairim ó shaineolaithe), ba cheart tairseach shonraithe (athrú foriomlán 20 % thar an tréimhse treochta fadtéarmaí) a úsáid chun idirdhealú a dhéanamh idir treochtaí atá “cobhsaí” agus treochtaí atá “ag méadú” nó “ag laghdú” (úsáidtear an tairseach 10 % don treocht ghearrthéarmach i réimse 4.1.2).

Tugtar treoir bhreise maidir le treochtaí pobail sa treoir theicniúil maidir le coincheapa agus sainmhínithe.

4.2.3.   Méid treochta fadtéarmaí

Féach réimse 4.1.3 maidir le méid treochta gearrthéarmaí thuas.

4.2.4.   Treocht fhadthéarmach – An modh a úsáideadh

Féach réimse 4.1.4 maidir le treocht ghearrthéarmach - An modh a úsáideadh thuas.

4.2.5.   Foinsí

Féach réimse 4.1.5 thuas.

4.3.   Faisnéis bhreise (roghnach)

Is féidir an roinn seo a úsáid chun faisnéis bhreise saorthéacs a sholáthar atá ábhartha do na sonraí a chuirtear ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar threochtaí pobail faoi Roinn 4.1 agus Roinn 4.2 (féach an téacs le haghaidh na réimsí roimhe seo chun moltaí a fháil).

5.   Léarscáil agus méid an dáilte pórúcháin

Tá atlais náisiúnta éan ann cheana don chuid is mó de Bhallstáit an Aontais, agus foilsíodh Atlas Éan Pórúcháin Eorpach nua (“EBBA2”) in 2020 (21). I gcodarsnacht leis sin, is beag tír a d”fhoilsigh atlais náisiúnta maidir le héin gheimhridh, agus tá go leor speiceas éan i bhfad níos soghluaiste sa gheimhreadh ar aon nós. Dá bhrí sin, ní iarrtar aon sonraí dáilte geimhridh.

5.1.   Speicis íogaire

Tá roinnt speiceas i mbaol géarleanúna, maraithe neamhdhleathacha nó bailiúcháin, agus dá bhrí sin d”fhéadfadh rioscaí méadaithe i ndáiríre a bheith ann dá gcaomhnú nó dá mbainistiú dá gcuirfí faisnéis mhionsonraithe maidir lena ndáileadh ar fáil go poiblí. I mionlach cásanna, féadfaidh na Ballstáit a mheas go bhfuil speiceas i mbaol má chuirtear dáileadh an speicis ar fáil go poiblí ar an scála greille caighdeánach 10×10 km a iarrtar (féach Roinn 5.3). I gcás ina meastar go bhfuil faisnéis maidir le dáileadh “íogair”, má thuairiscítear í de réir na sonraíochtaí i réimse 5.3, is féidir é sin a léiriú trí “Baineann” a chur isteach sa réimse seo.

Má tá speiceas marcáilte mar speiceas “íogair”, ní nochtfaidh an Coimisiún ná an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil a dháileadh don phobal (mar shampla, tríd an bhfaisnéis seo a phostáil ar bhunachar sonraí atá ar fáil go poiblí nó ar shuíomh idirlín).

5.2.   Bliain nó tréimhse

Cuir isteach an bhliain (e.g. 2021) nó an tréimhse (e.g. 2019-2023) nuair a cinneadh an dáileadh pórúcháin go deireanach. Beidh tréimhsí i gceist le go leor tuarascálacha, toisc go ndéantar dáileadh an chuid is mó speiceas a mhapáil go minic le linn tionscadail atlas náisiúnta, a mbíonn roinnt blianta d”obair allamuigh i gceist leo de ghnáth. Leis an mbliain nó an tréimhse thuairiscithe, ba cheart an tréimhse iarbhír inar bailíodh na sonraí a chumhdach.

I gcás nach ann d”fhaisnéis atlais a bhailíodh le déanaí, moltar do na Ballstáit figiúr níos cothroime le dáta a thuairisciú, trí athmhapáil a dhéanamh ar an dáileadh náisiúnta trí shonraí eile a úsáid, amhail torthaí scéimeanna faireacháin bliantúla, sonraí a bhailítear ón Idirlíon, agus suirbhéanna náisiúnta nó réigiúnacha. I gcásanna den sórt sin, déanfar an léarscáil dáilte a fhorbairt bunaithe ar shonraí ón tréimhse tuairiscithe roimhe sin nó trí úsáid a bhaint as sonraí dáilte níos sine a tugadh cothrom le dáta le torthaí an fhaireacháin rialta nó trí úsáid a bhaint as sonraí ó chórais ar líne chun sonraí a bhailiú. Ba cheart an bhliain nó an tréimhse lena mbaineann an dáileadh tuairiscithe a bheith sa bhliain nó sa tréimhse thuairiscithe.

5.3.   Léarscáil an dáilte pórúcháin

Cuir isteach léarscáil dáilte, mar aon leis na meiteashonraí ábhartha (teilgean, sonraí, raon). Is é an caighdeán greillechealla ETRS89 10 × 10 km i dteilgean LAEA (EPSG:3035). (22) Is éard a bheidh sa tacar sonraí dáilte na greillechealla 10-km i gcás ina dtaifeadtar pórú, nó inar dócha go dtarlóidh sé (féach an treoir thíos chun dáileadh na speiceas a mhapáil); ní cheadaítear sonraí tréithe a úsáid chun a léiriú gur ann do speiceas i ngreillechille nó nach ann dó. Ba cheart an tréimhse ar lena linn a bailíodh na sonraí dáilte a chur san áireamh sna meiteashonraí de réir threoirlínte INSPIRE (23). Tugtar na sonraíochtaí teicniúla do léarscáileanna dáilte ar an Tairseach Thagartha.

Féadfaidh na Ballstáit, nó críocha beaga amhail na hOileáin Chanáracha, Maidéara nó na hAsóir léarscáileanna a úsáid ina n-úsáidtear greillí 1x1 km. Comhiomlánófar iad sin go 10x10 km le haghaidh léirshamhlú ar an leibhéal Eorpach.

Tá na greillí do Bhallstáit aonair ar fáil le híoslódáil ón Tairseach Thagartha.

Ba cheart láithreacht pórúcháin (i.e. láithreacht nó neamhláithreacht) an speicis a léiriú i ngach greillechille sa léarscáil. Go ginearálta, níor cheart ach greillechealla ina bhfuil pórú “deimhnithe”, “dóchúil” nó “féideartha” a chur san áireamh; le haghaidh sainmhínithe ar chatagóirí agus cóid phórúcháin, féach Tábla 2 sa “Modheolaíocht” don Atlas Eorpach nua maidir le hÉin Phórúcháin (24). Mar sin féin, i gcásanna inarb eol go bhfuil cumhdach suirbhéanna agus infhaighteacht sonraí lag, d”fhéadfaí cealla a mheastar gur dócha pobail phórúcháin a bheith iontu (go háirithe speicis choitianta) a áireamh freisin, trí shaineolas nó samhaltú a úsáid. Sna cásanna sin, is féidir tuilleadh faisnéise a bhaineann le hiontaofacht sonraí a sholáthar i réimse 5.8 “Faisnéis bhreise”.

5.4.   Méid an dáilte pórúcháin

Cuir isteach achar dromchla iomlán an dáilte reatha sa Bhallstát, in km2. I bhformhór na gcásanna, is é seo an líon cearnóg 10 × 10 km áitithe méadaithe faoi 100. Ba cheart achar dromchla an dáilte a léiriú le greillí (10x10 km nó 1x1 km) atá laistigh den Bhallstát ina iomláine nó a bhfuil codanna díobh laistigh den Bhallstát (i.e. greillí a thrasnaíonn teorainneacha na mBallstát a chur san áireamh ina n-iomláine).

I gcás speiceas logánta, is féidir achar dromchla dáilte a thuairisciú trí úsáid a bhaint as taifeach níos míne; mar shampla, i gcás speicis atá srianta d”aon suíomh amháin, is é an limistéar ceantair ina bhfuil speicis i láthair an limistéar dáilte, agus d”fhéadfadh roinnt heicteár a bheith i gceist leis sin.

5.5.   An modh a úsáideadh

Úsáidtear an réimse seo chun mionsonraí a thabhairt maidir leis an modheolaíocht a úsáidtear chun méid an dáilte pórúcháin i réimse 5.4 a ríomh. Roghnaigh ceann de na catagóirí seo a leanas:

a)

suirbhé iomlán nó meastachán atá láidir ó thaobh staidrimh de

b)

bunaithe go príomha ar eachtarshuíomh ó mhéid teoranta sonraí

c)

bunaithe go príomha ar thuairim ó shaineolaithe le sonraí an-teoranta

d)

níl dóthain sonraí nó níl aon sonraí ar fáil

I gcás inar tiomsaíodh sonraí ó fhoinsí éagsúla, úsáid an chatagóir don fhoinse sonraí is tábhachtaí.

Ba cheart an “An modh a úsáideadh” a thuairisciú mar “(d) níl dóthain sonraí nó níl aon sonraí ar fáil” má chumhdaíonn an léarscáil dáilte ar a bhfuil achar dromchla measta an dáilte bunaithe (a fhaightear trí mhapáil chuimsitheach, trí shamhaltú cuimsitheach nó trí eachtarshuíomh cuimsitheach, nó, go heisceachtúil, trí léirmhíniú ó saineolaithe) níos lú ná 75 % de dháileadh iarbhír toimhdithe na speiceas agus nár úsáideadh aon sonraí eile chun an bhearna sin a líonadh chun meastachán a dhéanamh ar achar dromchla an dáilte (i.e. tá an léarscáil a thagann as sin neamhiomlán i ndáil le dáileadh toimhdithe na speiceas agus, dá bhrí sin, déantar gannmheastachán ar limistéir dromchla an dáilte).

5.6.   Léarscáileanna breise (roghnach)

Baineann sé seo le cásanna inar mian le Ballstát léarscáil bhreise a chur isteach atá éagsúil ón léarscáil chaighdeánach a chuirtear isteach faoi réimse 5.3. Tabhair faoi deara gur réimse roghnach é seo agus nach gciallaíonn sé nach gá léarscáil a sholáthar faoi réimse 5.3.

Is féidir léarscáileanna ag taifeach seachas 10 × 10 km nó le greillí seachas greille ETRS89 LAEA (EPSG:3035) a thuairisciú anseo.

5.7.   Foinsí

Chun an rian iniúchóireachta is gá a chruthú do na sonraí a thuairiscítear i réimsí 5.1 go 5.6 thuas, cuir isteach sonraí na bpríomhthagairtí nó na bhfoinsí eile faisnéise a úsáidtear chun na réimsí sin a líonadh. D”fhéadfaí a áireamh ar na foinsí sin, mar shampla, páipéir fhoilsithe, sonraí neamhfhoilsithe atá á gcoinneáil i mbunachair sonraí, suíomhanna gréasáin agus meithleacha saineolaithe. Is fearr dóthain faisnéise a chur ar fáil ionas go mbeidh aon duine a bheidh ag déanamh athbhreithniú ar an tuarascáil (nó á tabhairt cothrom le dáta i gceann 6 bliana nó 12 bhliain) in ann bunús na sonraí tuairiscithe a thuiscint.

5.8.   Faisnéis bhreise (roghnach)

Is féidir an roinn seo a úsáid chun faisnéis bhreise saorthéacs (500 carachtar ar a mhéad) a sholáthar atá ábhartha do na sonraí a sholáthraítear chun measúnú a dhéanamh ar dháileadh pórúcháin faoi réimsí 5.1 go 5.7.

6.   Treocht dáilte pórúcháin

6.1.   Treocht ghearrthéarmach (le 12 bhliain anuas)

Úsáidtear réimsí 6.1.1 go 6.1.5 chun faisnéis a sholáthar maidir leis na treochtaí gearrthéarmacha i ndáileadh pórúcháin, bunaithe ar thréimhse 12 bhliain. Maidir le treocht ghearrthéarmach i gcoitinne, i gcás ina bhfuil sonraí in easnamh nó nach bhfuil faisnéis ar fáil ina leith, moltar leas a bhaint as tuairim ó shaineolaithe nó as foinsí sonraí eile e.g. i gcás ina dtugann staidéir níos déanaí, atá sonrach do speicis, léargais ar threochtaí le déanaí nó, i gcás póraitheoirí atá an-annamh/logánaithe, d”fhéadfadh sé go bhféadfaí comparáid shimplí a dhéanamh mar gheall ar eolas faoi shuíomhanna pórúcháin a bhí ann tráth/atá ann cheana (e.g. is eol go raibh pórú ag trí shuíomh in 2013 agus bhí pórú fós ag tarlú ag na trí shuíomh chéanna in 2024/thart ar 2024, agus mar sin tá an treocht dáilte ghearrthéarmach cobhsaí go bunúsach), is féidir an treo treochta a mheasúnú trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis sin le tuairim shaineolach.

6.1.1.   Tréimhse treochta gearrthéarmaí

Is é 12 bhliain an tréimhse le haghaidh treochtaí gearrthéarmacha (dhá thimthriall tuairiscithe). Ciallaíonn sé sin gurb é 2013-2024 an tréimhse i gcás thuarascálacha 2019–2024, nó tréimhse chomh gar agus is féidir dó sin. Ceadaítear roinnt solúbthachta, mar sin cé go ndéanfaí treochtaí a thuairisciú le haghaidh 2013–2024 go hidéalach, glacfar le sonraí eile a chuimsíonn tréimhse ama atá éagsúil ach inchomparáide (e.g. 2009–2023) má bhaineann na sonraí is fearr atá ar fáil le suirbhéanna sna blianta sin. Maidir le speicis nuathagtha, go hidéalach dhéanfaí na treochtaí a thuairisciú leis an mbliain tosaigh mar an bhliain a phóraigh an speiceas den chéad uair, e.g. má breathnaíodh speiceas ag pórú den chéad uair in 2018, is é 2018–2024 an tréimhse treochta gearrthéarmaí don tréimhse tuairiscithe 2019-2024. Sonraigh an tréimhse a úsáidtear sa réimse seo.

6.1.2.   Treo treochta gearrthéarmaí

Maidir le treocht an dáilte thar an tréimhse a tuairiscíodh i réimse 6.1.1, an raibh sí (ní féidir ach rogha amháin a roghnú):

(a)

cobhsaí

(a)

ag luainiú

(b)

ag méadú

(c)

ag laghdú

(d)

éiginnte

(e)

ní fios

Féach an téacs do réimse 4.1.2 Treo treochta gearrthéarmaí sa phobal chun tuilleadh treorach a fháil maidir le léirmhíniú agus úsáid na gcatagóirí treonna treochtaí seo. Is dócha go mbeidh feidhm ag an gcatagóir “ag luainiú” maidir le níos lú treochtaí dáilte ná treochtaí pobail, ach d”fhéadfadh sé a bheith iomchuí fós, mar shampla, i gcásanna ina mbíonn tionchar mór ag dálaí séasúracha in áiteanna eile ar dháileadh náisiúnta speicis (a bhíonn i láthair go rialta) (e.g. suíomhanna bogaigh fabhracha a bheith triomaithe níos faide ó dheas).

6.1.3.   Méid treochta gearrthéarmaí

Má thuairiscítear “ag méadú”, “ag laghdú” nó “éiginnte” i réimse 6.1.2, cuir isteach an t-athrú céatadáin foriomlán ar mhéid an dáilte thar an tréimhse treochta a shonraítear i réimse 6.1.1.

Roghnaigh ceann de na roghanna seo a leanas:

(a)

Íosmhéid

(b)

Uasmhéid

(c)

An luach aonair is fearr

Mura bhfuil ach eatramh ar fáil (e.g. 20–30 %), ba cheart an dá luach sin a thuairisciú in “(a) Íosmhéid” agus “(b) Uasmhéid”.

Má tá figiúr beacht (e.g. 27 %) ar fáil, ba cheart é sin a chur isteach in “(c) An luach aonair is fearr”.

Má tá meán nó treocht “is dóchúla” ar fáil, mar aon le teorainneacha muiníne 95 %, is féidir na trí luach sin go léir a thuairisciú, in (c), (a) agus (b) faoi seach.

I gcás nach bhfuil eolas ann ach faoi íosluach (nó uasluach) (e.g. trí thuairim shaineolach) ba cheart é sin a chur isteach sa réimse “An luach aonair is fearr” agus NÍ sna réimsí “(a) Íosmhéid” nó “(b) Uasmhéid”. Ba cheart luachanna méide diúltacha a thuairisciú (i.e. cuir an comhartha “-” ann) le haghaidh gach méid treochta dhiúltaigh, lena n-áirítear cásanna ina léirítear an treo mar “laghdú” cheana. Mar sin féin, chun iontráil sonraí nach bhfuil gá léi a sheachaint, ní gá an comhartha “+” a chur isteach le haghaidh treochtaí dearfacha (i.e. glacfar leis go chiallaíonn méid treochta “15” + 15 %). I gcás treochtaí diúltacha, tabhair faoi deara go mbaineann na réimsí “Íosmhéid” agus “Uasmhéid” le híosluachanna agus uasluachanna matamaiticiúla (ní íoslaghduithe agus uaslaghduithe).

Má tá sí ar fáil, is féidir méid na treochta a thuairisciú freisin le haghaidh treochtaí “cobhsaí” nó “ag luainiú”.

Féach an téacs gaolmhar le haghaidh réimse 4.1.3 Treocht ghearrthéarmach – Méid le haghaidh an phobail a chun treoir a fháil maidir le cásanna sonracha speiceas a choilínigh nó atá imithe in éag sa tír le linn na tréimhse treochta.

6.1.4.   Treocht ghearrthéarmach – An modh a úsáideadh

Úsáidtear an réimse seo chun mionsonraí a thabhairt maidir leis an modheolaíocht a úsáidtear chun an méid treochta gearrthéarmaí a ríomh. Roghnaigh ceann de na catagóirí seo a leanas:

(a)

suirbhé iomlán nó meastachán atá láidir ó thaobh staidrimh de (e.g. comparáid a dhéanamh idir dhá léarscáil dáilte bunaithe ar shonraí dáilte cruinne, nó faireachán tiomnaithe ar dháileadh speiceas atá láidir ó thaobh staidrimh de);

(b)

bunaithe go príomha ar eachtarshuíomh ó mhéid teoranta sonraí (e.g. treochtaí a dhíorthaítear ó shonraí ar láithreacht a bailíodh chun críocha eile, nó ó shonraí nach mbailítear ach ó chuid de raon geografach gnáthóige, nó treochtaí atá bunaithe ar thomhas a dhéanamh ar roinnt réamhthascairí eile maidir le dáileadh gnáthóige, amhail athruithe ar chlúdach talún);

(c)

bunaithe go príomha ar thuairim ó na saineolaithe le sonraí an-teoranta;

(d)

níl dóthain sonraí nó níl aon sonraí ar fáil.

6.1.5.   Foinsí

Chun an rian iniúchóireachta is gá a chruthú do na sonraí a thuairiscítear i réimsí 6.1.1 go 6.1.4 thuas, cuir isteach sonraí na bpríomhthagairtí nó na bhfoinsí eile faisnéise a úsáidtear chun na réimsí sin a líonadh. D”fhéadfaí a áireamh ar na foinsí sin, mar shampla, páipéir fhoilsithe, sonraí neamhfhoilsithe atá á gcoinneáil i mbunachair sonraí, suíomhanna gréasáin agus meithleacha saineolaithe. Is fearr dóthain faisnéise a chur ar fáil ionas go mbeidh aon duine a bheidh ag déanamh athbhreithniú ar an tuarascáil (nó á tabhairt cothrom le dáta i gceann 6 bliana nó 12 bhliain) in ann bunús na sonraí tuairiscithe a thuiscint.

6.2.   Treocht fhadtéarmach (ó thart ar 1980)

6.2.1.   Tréimhse treochta fadtéarmaí

Is ó thart ar 1980 (nuair a glacadh an Treoir maidir le hÉin/nuair a tháinig sí i bhfeidhm) go dtí thart ar an mbliain dheireanach den tréimhse tuairiscithe an tréimhse idéalach chun treochtaí fadtéarmacha a thuairisciú. Tá roinnt solúbthachta ann, áfach, agus dá bhrí sin má rinne Ballstát suirbhéanna náisiúnta atlas in (mar shampla) 1980, 1995, 2015 agus 2020, ba cheart an treocht idir 1980 agus 2020 a thuairisciú don tréimhse tuairiscithe 2019-2024.

Maidir le speicis a choilínigh ó bhí 1980 ann, go hidéalach dhéanfaí na treochtaí a thuairisciú leis an mbliain tosaigh mar an bhliain a phóraigh an speiceas den chéad uair; e.g. má breathnaíodh speiceas ag pórú den chéad uair in 2000, is é an tréimhse ó 2000 ar aghaidh an tréimhse treochta gearrthéarmaí. I gcás speiceas nuathagtha, bheadh an dáta tosaigh idir an dá thréimhse tuairiscithe dheireanacha (i.e. 2013 go 2024 don tréimhse tuairiscithe 2019-2024, féach freisin an téacs le haghaidh réimse 6.1.1).

D”fhéadfadh Ballstáit nach raibh sonraí maidir le treochtaí dáilte acu roimh 2000 comhairliúchán a dhéanamh le hAtlas bunaidh EBCC (25) nó le Birds in Europe (26) [Éin san Eoraip], ina bhfuil meastacháin bhanda ar threocht náisiúnta raon na speiceas idir 1970 agus 1990.

6.2.2.   Treo treochta fadtéarmaí

Féach réimse 6.1.2 maidir le treo treochta hearrthéarmaí thuas.

6.2.3.   Méid treochta fadtéarmaí

Féach réimse 6.1.3 maidir le méid treochta gearrthéarmaí thuas.

6.2.4.   Treocht fhadthéarmach – An modh a úsáideadh

Féach réimse 6.1.4 treocht ghearrthéarmach - An modh a úsáideadh.

6.2.5.   Foinsí

Féach réimse 6.1.5.

6.3.   Faisnéis bhreise (roghnach)

Is féidir an roinn seo a úsáid chun faisnéis bhreise saorthéacs (500 carachtar ar a mhéad) a sholáthar atá ábhartha do na sonraí a sholáthraítear chun measúnú a dhéanamh ar threocht dáilte pórúcháin faoi Ranna 6.1 go 6.2. Mar shampla, d”fhéadfadh sé gur mhian le Ballstát faisnéis a thuairisciú faoi athruithe geografacha dáilte (athruithe gearrthéarmacha nó fadtéarmacha), nó ilroinnt an dáilte, cé nach dtuairiscítear aon athrú ar mhéid foriomlán an dáilte.

7.   Na brúnna agus na bagairtí is mó

Tá an roinn seo deartha chun faisnéis a chur in iúl faoi na príomhthosca is cúis le laghdú speiceas aonair dul i laghad, laghdú a líonta nó srianadh a raonta. Ba cheart é a chomhlánú i gcás gach speicis a bhíonn i láthair go rialta (mar a liostaítear i seicliosta éan Airteagal 12) le haghaidh na grúpaí seo a leanas:

Speicis Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/147/CE

Speicis Phórúcháin agus Gheimhrithe Iarscríbhinn II de Threoir 2009/147/CE;

aon speiceas imirceach truicir eile maidir le hainmniúcháin Limistéir faoi Chosaint Speisialta (SPA) sa tír.

Moltar do na Ballstáit an fhaisnéis sin a chur ar fáil d”aon speiceas eile a bhfuil faisnéis ar fáil ina leith.

Tá breis faisnéise faoi thuairisciú séasúrshonrach maidir le séasúr Pórúcháin, Geimhrithe nó Eachtrainn Iarscríbhinn I de Threoir 2009/147/CE agus faoi speicis truicir maidir le Limistéar faoi Chosaint Speisialta (SPA) eile le fáil i

dTábla 2: Ranna d”fhormáid na Tuarascála speiceas atá le líonadh do Shéasúr Pórúcháin, Geimhrithe agus Eachtrainn le haghaidh catagóirí éagsúla speiceas éan

Rinne brúnna difear laistigh den tréimhse tuairiscithe reatha agus bíonn tionchar acu ar inmharthanacht fhadtéarmach an speicis nó a ghnáthóg/ghnáthóga; Is tionchair amach anseo/intuartha iad bagairtí (laistigh den chéad dá thréimhse tuairiscithe eile) ar dócha go ndéanfaidh siad difear d”inmharthanacht fhadtéarmach an speicis agus/nó d”inmharthanacht fhadtéarmach a ghnáthóig/ghnáthóg (féach Tábla 3). Ní dhéantar bagairtí a thuairisciú ar leithligh; tuigtear gur brú agus bagairt araon é brú a thuairiscítear le huainiú “tá sé ann faoi láthair agus is dócha go mbeidh sé ann amach anseo”, cé nach bagairt é brú le huainiú “beidh sé ann amach anseo amháin”. Is éard ba cheart a léiriú le bagairtí na saincheisteanna sin a mheastar a bheith réasúnta dóchúil (e.g. bunaithe ar bhrúnna reatha atá á dtuairisciú nó ar thionscadail forbartha intuartha). Tugtar an sainmhíniú ar bhrúnna agus bagairtí i dTábla 3 thíos.

Tábla 3

Sainmhíniú ar bhrú agus ar bhagairt (i gcomhthéacs thuairisciú Airteagal 12)

 

Tréimhse gníomhaíochta/sainmhínithe

Tráthchlár

Brú

Tá sé déanamh difear anois agus/nó le linn na tréimhse tuairiscithe reatha (aon chuid di nó í ar fad).

An tréimhse tuairiscithe 6 bliana reatha.

Bagairt

Fachtóirí a mheastar a imreoidh tionchar amach anseo tar éis na tréimhse tuairiscithe reatha.

Dhá thréimhse tuairiscithe amach anseo, i.e. laistigh de 12 bhliain tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe reatha.

7.1.   Tréithriú brúnna

Tabhair liosta de na brúnna: liostaigh 20 brú ar mhéad. Tá liosta de na brúnna le fáil ar an Tairseach Thagartha.

I gcás gach tacsóin éan:

(a)

roghnaigh 20 iontráil ar a mhéad le haghaidh brúnna agus úsáid á baint as an gcód ag an dara leibhéal den liosta ordlathach. Tá liosta de na brúnna agus na bagairtí le fáil ar an Tairseach Thagartha.

(b)

i gcás gach brú, sonraigh an t-uainiú, is é sin an tréimhse ama ina ndéanann sé difear.

Uainiú

bhí sé ann san am a chuaigh thart ach tá sé ar fionraí anois mar gheall ar bhearta

Chun tuairisc a thabhairt ar bhrúnna a cuireadh ar fionraí tráth éigin sa tréimhse tuairiscithe reatha.

Nuair a roghnaítear é seo, ní gá na réimsí maidir le raon feidhme agus tionchar a chomhlánú.

tá sé ann faoi láthair

Chun tuairisc a thabhairt ar bhrúnna atá ann le linn na tréimhse tuairiscithe i.e. níl aon fhianaise go bhfuil siad ar fionraí mar thoradh ar bhearta.

tá sé ann faoi láthair agus is dócha go mbeidh sé ann amach anseo

Chun brúnna agus bagairtí araon a thuairisciú.

Nuair a roghnaítear é seo, ní gá na réimsí maidir le raon feidhme agus tionchar a chomhlánú don chuid den iontráil a bhaineann leis an mbagairt, ach don chuid a bhaineann leis an mbrú amháin.

beidh sé ann amach anseo amháin

Chun bagairtí a thuairisciú.

Nuair a roghnaítear é seo, ní gá na réimsí maidir le raon feidhme agus tionchar a chomhlánú.

(c)

sonraigh i gcás gach ceann acu an cion den phobal a ndéanann an brú difear dó (raon feidhme) – “iomlán > 90 %”, “tromlach 50-90 %” nó “mionlach < 50 %”.

Raon feidhme (an cion den phobal a ndéantar difear dó)

[*le líonadh i gcás uainithe “tá sé ann faoi láthair” agus “tá sé ann faoi láthair agus is dócha go mbeidh sé ann amach anseo” amháin. Cé go bhfuil bagairtí ann freisin i gcás an dara rogha, ní thabharfar aghaidh ach ar bhrúnna faoi “raon feidhme” agus “tionchar”]

iomlán >90 %

tá tionchar ag an mbrú ar níos mó ná 90 % den phobal a thuairiscítear sa Bhallstát

tromlach 50 – 90 %

tá tionchar ag an mbrú ar idir 50 – 90 % den phobal a thuairiscítear sa Bhallstát

mionlach <50 %

tá tionchar ag an mbrú ar níos lú ná 50 % den phobal a thuairiscítear sa Bhallstát

(d)

léirigh an tionchar ar phobal nó ar ghnáthóg an speicis – “tionchar mór”, “tionchar meánach” nó “tionchar beag”. Léiríonn an tionchar conas a théann an brú i bhfeidhm ar an laghdú ar phobal nó ar ghnáthóg an speicis.

Tionchar (ar phobal nó ar ghnáthóg an speicis)*

[*le líonadh i gcás uainithe “tá sé ann faoi láthair” agus “tá sé ann faoi láthair agus is dócha go mbeidh sé ann amach anseo” amháin. Cé go bhfuil bagairtí ann freisin i gcás an dara rogha, ní thabharfar aghaidh ach ar bhrúnna faoi “raon feidhme” agus “tionchar”]

Tionchar mór

Is fachtóir an-suntasach é an brú liostaithe a chuireann leis an laghdú ar phobal nó ar ghnáthóg an speicis. Is tionchar tábhachtach díreach nó láithreach é ar an bpobal.

Tionchar meánach

Cuireann an brú atá liostaithe leis an laghdú ar phobal nó ar ghnáthóg an speicis, ach is brú é nach bhfuil tionchar mór nó beag aige. Tá tionchar méanach díreach/láithreach nó indíreach aige ar an bpobal.

Tionchar beag

Cuireann an brú atá liostaithe leis an laghdú ar phobal nó ar ghnáthóg an speicis, cé nach é an príomhchúis leis an laghdú sin agus go bhfuil brúnna agus/nó tosca eile ann.

(e)

sonraigh an suíomh ina ndéanann an brú difear go príomha. Níor cheart ach rogha amháin a roghnú.

Suíomh*

[*roghnaigh an rogha a chomhfhreagraíonn don áit ina ndéanann an brú difear go príomha]

Laistigh den Bhallstát

Le roghnú le haghaidh brúnna a dhéanann difear laistigh den Bhallstát nó laistigh agus lasmuigh den Bhallstát ach a bhfuil an tionchar céanna acu, a bheag nó a mhór, ar phobal náisiúnta éan

Áiteanna eile san Aontas

Má dhéanann an brú difear go príomha in áit eile san Aontas (ach d”fhéadfadh sé go ndéanfadh sé difear laistigh den Bhallstát freisin)

Lasmuigh den Aontas

I gcás inarb eol go ndéanann an brú difear lasmuigh de Bhallstáit an Aontais den chuid is mó

Laistigh agus lasmuigh den Aontas araon

I gcás ina ndéanann an brú difear laistigh agus lasmuigh de Bhallstáit an Aontais

Ní fios

Ní fios cá ndéanann an brú difear

Ba cheart tionchar an bhrú ar threochtaí an speicis a léiriú le tionchar foriomlán brú, mar a léirítear é sna réimsí maidir le huainiú, raon feidhme agus tionchar.

I gcás ina roghnaítear Speicis Choimhthíocha Ionracha (IAS) is ábhar imní don Aontas i measc na mbrúnna, is gá ainmneacha na speiceas sin a sholáthar in (f). Beidh liosta anuas ar fáil do na speicis seo. Chun liosta de na Speicis Choimhthíocha Ionracha is ábhar imní don Aontas a fháil, féach Tairseach Thagartha Airteagal 12. I gcás ina mbaineann brú le “speicis choimhthíocha ionracha eile (seachas speicis is ábhar imní don Aontas)”, tá sé roghnach ainmneacha na speiceas sin a sholáthar in (g). Roghnaigh ó bhunachar sonraí EASIN (féach tairseach thagartha Airteagal 12). Is féidir níos mó ná speiceas amháin a roghnú don dá chás.

Más mian le Ballstát faisnéis níos beaichte a thabhairt faoi chineál brú áirithe, is féidir é sin a scríobh i réimse 7.4 “Faisnéis bhreise”.

Tá treoir níos mionsonraithe maidir le brú/bagairtí tuairiscithe ar fáil sna treoirlínte agus sna nótaí sa liosta brúnna agus bagairtí atá ar fáil ón Tairseach Thagartha.

7.2.   Na modhanna a úsáideadh (roghnach)

Úsáidtear an réimse roghnach “Na modhanna a úsáideadh” chun faisnéis ghinearálta a sholáthar maidir le tuairisciú brúnna, agus níl sé riachtanach le haghaidh brúnna sonracha. I gcás ina n-úsáidtear modheolaíocht le haghaidh brú ar leith, is féidir an fhaisnéis sin a sholáthar i réimse 7.4 “Faisnéis bhreise”.

Roghnaigh ceann de na catagóirí seo a leanas:

(a)

suirbhé iomlán nó meastachán atá láidir ó thaobh staidrimh de;

(b)

bunaithe go príomha ar eachtarshuíomh ó mhéid teoranta sonraí;

(c)

bunaithe go príomha ar thuairim ó shaineolaithe le sonraí an-teoranta;

(d)

níl dóthain sonraí nó níl aon sonraí ar fáil.

Ní féidir ach catagóir amháin a roghnú; i gcás inar tiomsaíodh sonraí ó fhoinsí éagsúla, roghnaigh an chatagóir don fhoinse sonraí is tábhachtaí.

7.3.   Foinsí faisnéise (roghnach)

Chun an rian iniúchóireachta is gá a sholáthar le haghaidh na sonraí a thuairiscítear i réimse 7.1 thuas, féadfaidh na Ballstáit sonraí na bpríomhthagairtí nó na bhfoinsí eile a thacaíonn le fianaise ar bhrúnna a tuairiscíodh a chur isteach. D”fhéadfaí a áireamh ar na foinsí sin, mar shampla, páipéir fhoilsithe, sonraí neamhfhoilsithe atá á gcoinneáil i mbunachair sonraí, suíomhanna gréasáin agus meithleacha saineolaithe. Má cuireadh tuairim ó shaineolaithe in iúl i réimse 7.2, is féidir breis sonraí a thabhairt ina leith sa réimse seo. Is fearr dóthain faisnéise a liostáil ionas go mbeidh aon duine a bheidh ag déanamh athbhreithniú ar an tuarascáil (nó á tabhairt cothrom le dáta i gceann 6 bliana nó 12 bhliain) in ann bunús na faisnéise tuairiscithe a thuiscint.

7.4.   Faisnéis bhreise (roghnach)

Más mian le Ballstát faisnéis bhreise a thabhairt maidir le brúnna áirithe (e.g. meastacháin ar bhásmhaireacht bhliantúil de bharr brú ar leith, mar shampla marú neamhdhleathach) nó modheolaíocht, is féidir í a chur ar fáil sa réimse seo.

8.   Bearta caomhnúcháin

Iarrtar ar na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar na bearta caomhnúcháin is tábhachtaí a rinneadh maidir le speicis a n-iarrtar an fhaisnéis sin ina leith (féach

Tábla 2: Ranna d”fhormáid na Tuarascála speiceas atá le líonadh do Shéasúr Pórúcháin, Geimhrithe agus Eachtrainn le haghaidh catagóirí éagsúla speiceas éan). Moltar do na Ballstáit freisin an fhaisnéis sin a chur ar fáil d”aon speiceas eile i gcás ina mbeidh sí ar fáil.

8.1.   Stádas na mbearta

Roghnaigh má tá gá le bearta nó mura bhfuil. Más é “Tá” an freagra, ansin roghnaigh ó na roghanna seo a leanas (ní féidir ach rogha amháin a roghnú):

(a)

Sainaithníodh bearta, ach ní dhearnadh iad go fóill;

(b)

Tá gá le bearta ach ní féidir iad a shainaithint;

(c)

Rinneadh roinnt de na bearta a sainaithníodh;

(d)

Rinneadh an chuid is mó de na bearta a sainaithníodh nó rinneadh iad ar fad.

8.2.   Raon feidhme na mbearta a rinneadh

I gcás ina ndearnadh roinnt de na bearta a sainaithníodh (8.1 c) nó ina ndearnadh formhór/gach ceann de na bearta a sainaithníodh (8.1 d), sonraigh raon feidhme na mbeart sin, i.e. cion an phobail a bhfuil tionchar acu air:

(a)

<50 %

(b)

50 – 90 %

(c)

>90 %

Ba cheart an measúnú a dhéanamh ar bhealach ginearálta.

8.3.   Príomhaidhm na mbeart a rinneadh

A.

Luaigh príomhchuspóirí na mbeart a rinneadh. Níor cheart an chuid seo a líonadh ach amháin má rinneadh bearta caomhnúcháin (roghnaíodh réimse 8.1(c) “Rinneadh roinnt de na bearta a sainaithníodh” nó 8.1 (d) “Rinneadh an chuid is mó de na bearta a sainaithníodh nó rinneadh iad ar fad”). Is féidir roinnt cuspóirí a shainaithint:

a)

An dáileadh, an pobal agus/nó an ghnáthóg atá ann faoi láthair a choinneáil le haghaidh an speicis;

b)

Leathnú ar dháileadh reatha na speiceas;

c)

Méid an phobail a mhéadú agus/nó dinimic an phobail a fheabhsú (an rath ar atáirgeadh a fheabhsú, básmhaireacht a laghdú, struchtúr aoise/inscne a fheabhsú);

d)

Gnáthóg an speicis a athchóiriú.

B.

Chun príomhchuspóir na mbeart a rinneadh a shainaithint, sonraigh an ea aidhm na mbeart (ní féidir ach rogha amháin a roghnú):

an staid reatha a choinneáil ar bun;

an raon a leathnú;

an pobal a mhéadú nó a fheabhsú;

an ghnáthóg a athchóiriú.

Ní hé is aidhm don réimse seo tuairisc a thabhairt ar éifeacht na mbeart, ach tuairisc a thabhairt ar chuspóir beartaithe na mbeart a cuireadh chun feidhme. Tá tuilleadh mionsaothraithe ar an bhfreagairt i réimse 8.5 thíos.

8.4.   Suíomh na mbearta

Sonraigh an suíomh ina bhfuil na bearta á gcur chun feidhme den chuid is mó. Níor cheart an chuid seo a líonadh ach amháin má rinneadh bearta caomhnúcháin (roghnaíodh réimse 8.1(c) agus (d) “Rinneadh roinnt de na bearta a sainaithníodh” agus “Rinneadh an chuid is mó de na bearta a sainaithníodh nó rinneadh iad ar fad”) – (ní féidir ach rogha amháin a roghnú):

(a)

laistigh de Natura 2000 amháin;

(b)

laistigh agus lasmuigh de Natura 2000 araon;

(c)

lasmuigh de Natura 2000 amháin.

Is é is aidhm don réimse seo na príomhshuíomhanna maidir le gníomhaíocht chaomhnúcháin a léiriú. Dá bhrí sin, roghnaigh rogha (a) má tá na bearta caomhnúcháin go léir nó formhór mór na mbeart teoranta do Natura 2000, rogha (b) má dhéantar iarracht chothrom, a bheag nó a mhór, chun bearta a chur chun feidhme laistigh agus lasmuigh de Natura 2000, agus rogha (c) má dhéantar na bearta go léir nó formhór mór na mbeart lasmuigh de Natura 2000.

8.5.   Freagairt ar na bearta

Tabhair meastachán ar cathain a thosóidh na bearta, nó cathain a bhfuil coinne leis go dtosóidh siad, chun an brú a neodrú agus chun éifeachtaí dearfacha a bhaint amach (maidir le príomhchuspóir na mbeart a luaitear i réimse 8.3). Roghnaigh ceann díobh seo a leanas:

(a)

freagairt ghearrthéarmach (laistigh den tréimhse tuairiscithe reatha, e.g. 2019–2024);

(b)

freagairt mheántéarmach (laistigh den chéad dá thréimhse tuairiscithe eile, e.g. 2025–2036);

(c)

freagairt fhadtéarmach (i ndiaidh e.g 2036).

8.6.   Liosta de na príomhbhearta caomhnúcháin

Liostaigh 20 beart caomhnúcháin ar a mhéad. Ba cheart do na Ballstáit na cóid a sholáthraítear ar an Tairseach Thagartha a úsáid.

Tugtar treoir níos mionsonraithe maidir le húsáid beart caomhnúcháin sa treoir theicniúil maidir le coincheapa agus sainmhínithe agus sna nótaí i liosta na mbeart caomhnaithe atá ar fáil ón Tairseach Thagartha.

8.7.   Faisnéis bhreise (roghnach)

Is féidir faisnéis bhreise a thuairisciú anseo chun an fhaisnéis a thugtar faoi bhearta caomhnúcháin a thuiscint.

9.   Cumhdach Natura 2000 (Limistéir faoi Chosaint Speisialta (SPAnna))

Tá an roinn seo deartha chun faisnéis faoi chumhdach Natura 2000 (Limistéir faoi Chosaint Speisialta - (SPA)) le haghaidh speiceas aonair a chur in iúl. Faoi Airteagal 4 den Treoir, tá sé d”oibleagáid ar na Ballstáit na críocha is oiriúnaí do speicis áirithe a aicmiú mar SPAnna. Chun measúnú a dhéanamh ar mhéid cumhdaigh líonra an Limistéir faoi Chosaint Speisialta (SPA) le haghaidh gach speicis ábhartha ar leibhéal an Aontais, iarrtar ar na Ballstáit méid (agus treocht ghearrthéarmach) an phobail a bhíonn i láthair laistigh dá líonra náisiúnta SPA a thuairisciú.

Níor cheart an roinn a chomhlánú ach amháin le haghaidh speicis Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/147/CE agus speicis imirceacha truicir eile maidir le haicmiú Limistéar faoi Chosaint Speisialta (SPA) sa tír, mar a léirítear sa seicliosta speiceas ar an Tairseach Thagartha.

Tá breis faisnéise faoi thuairisciú séasúrshonrach maidir le séasúr Pórúcháin, Geimhrithe nó Eachtrainn Iarscríbhinn I de Threoir 2009/147/CE agus faoi speicis truicir maidir le Limistéar faoi Chosaint Speisialta (SPA) eile le fáil i

Tábla 2: Ranna d”fhormáid na Tuarascála speiceas atá le líonadh do Shéasúr Pórúcháin, Geimhrithe agus Eachtrainn le haghaidh catagóirí éagsúla speiceas éan

Is féidir faisnéis cúlra a fháil sa treoir theicniúil maidir le coincheapa agus sainmhínithe.

9.1.   Méid an phobail laistigh de líonra Natura 2000 (Limistéar faoi Chosaint Speisialta (SPA))

Tabhair meastachán ar mhéid iomlán an phobail a áirítear laistigh de líonra iomlán an Limistéir faoi Chosaint Speisialta (SPA) le linn na bliana nó na tréimhse céanna mar a thuairiscítear i réimse 3.1. Féach an téacs i réimse 3.2 Méid an phobail thuas chun sonraí a fháil faoin gcaoi le réimsí (a), (b), (c) agus/nó (d) a chomhlánú.

Chun figiúirí róbhoilscithe a sheachaint, d”fhéadfadh sé gur ghá do na Ballstáit méid iomlán an phobail laistigh de líonra Natura 2000 a choigeartú anuas le haghaidh roinnt speiceas geimhrithe soghluaiste chun gluaiseachtaí suntasacha éin aonair idir Limistéir faoi Chosaint Speisialta a chur san áireamh, de réir mar a bheidh, mar shampla, i gcás speicis éagsúla géanna a ngeimhríonn in iarthuaisceart na hEorpa.

9.2.   Cineál an mheastacháin

Roghnaigh ceann de na roghanna seo a leanas:

an meastachán is fearr – an figiúr aonair is fearr atá ar fáil (lena n-áirítear i gcás nach bhfuil ach uasluach mhéid an phobail ar fáil) nó eatramh, arna dhíorthú ó, mar shampla, áireamh pobail, tiomsú figiúirí ó dhúichí, meastachán bunaithe ar dhlús pobail agus sonraí dáilte, nó tuairim ó shaineolaithe, ach nár ríomhadh teorainneacha muiníne 95 % ina leith. Is féidir a chur in iúl i réimse 9.3 an dtagann an meastachán is fearr ó shonraí faireacháin, ó eachtarshuíomh nó ó thuairim ó shaineolaithe;

meán ilbhliantúil – meánluach (agus eatramh) i gcás ina ndearnadh méid an phobail a mheas le haghaidh roinnt blianta le linn na tréimhse tuairiscithe;

eatramh muiníne 95 % – meastacháin arna ndíorthú ó shuirbhéanna samplacha nó samhail a bhféadfaí teorainneacha muiníne 95 % a ríomh ina leith (mar a thuairiscítear i réimsí 9.1(b) agus 9.1(c));

íosmhéid – i gcás nach bhfuil dóthain sonraí ann chun fiú meastachán méid pobail le teorainneacha scaoilte a sholáthar, ach i gcás inarb eol go bhfuil méid an phobail os cionn luach áirithe, nó i gcás ina dtagann an t-eatramh tuairiscithe ó shuirbhé samplach nó ó thionscadal faireacháin inar dócha go ndéantar gannmheastachán ar mhéid an phobail iarbhír.

Lean an treoir chéanna a tugadh le haghaidh réimse 3.3 “Cineál an mheastacháin” le haghaidh Mhéid an phobail.

9.3.   Méid an phobail laistigh den líonra – An modh a úsáideadh

Roghnaigh ceann amháin de na roghanna seo a leanas (cosúil le réimse 3.4 “An modh a úsáideadh”):

(a)

suirbhé iomlán nó meastachán atá láidir ó thaobh staidrimh de;

(b)

bunaithe go príomha ar eachtarshuíomh ó mhéid teoranta sonraí;

(c)

bunaithe go príomha ar thuairim ó shaineolaithe le sonraí an-teoranta;

(d)

níl dóthain sonraí nó níl aon sonraí ar fáil.

Lean an treoir chéanna le haghaidh réimse 3.4 “An modh a úsáideadh” le haghaidh mhéid an phobail.

9.4.   Treocht ghearrthéarmach ar mhéid an phobail laistigh den líonra – Treo

Ar an gcaoi chéanna le réimse 4.1.2 “Treo treochta gearrthéarmach”, maidir le treocht an phobail i líonra an Limistéir faoi Chosaint Speisialta (SPA) thar an tréimhse treochta gearrthéarmaí (mar a thuairiscítear i réimse 4.1.1), an raibh sí (ní féidir ach rogha amháin a roghnú):

(a)

cobhsaí

(b)

ag luainiú

(c)

ag méadú

(d)

ag laghdú

(e)

éiginnte

(f)

ní fios

Féach an téacs do réimse 4.1.2 Treo treochta gearrthéarmaí chun tuilleadh treorach a fháil maidir le léirmhíniú agus úsáid na gcatagóirí treonna treochtaí seo.

9.5.   Treocht ghearrthéarmach ar mhéid an phobail laistigh den líonra – An modh a úsáideadh

Roghnaigh cé acu de na roghanna seo a leanas is fearr a dhéanann cur síos ar an modh a úsáideadh chun an treo treochta gearrthéarmaí a mheasúnú (de réir réimse 4.1.4 “Treocht ghearrthéarmach – modh a úsáideadh”):

(a)

suirbhé iomlán nó meastachán atá láidir ó thaobh staidrimh de;

(b)

bunaithe go príomha ar eachtarshuíomh ó mhéid teoranta sonraí;

(c)

bunaithe go príomha ar thuairim ó shaineolaithe le sonraí an-teoranta;

(d)

níl dóthain sonraí nó níl aon sonraí ar fáil.

Ní féidir ach catagóir amháin a roghnú; i gcás inar tiomsaíodh sonraí ó fhoinsí éagsúla, roghnaigh an chatagóir don fhoinse sonraí is tábhachtaí.

Lean an treoir chéanna agus a úsáidtear le haghaidh réimse 4.1.4 “Treocht ghearrthéarmach - An modh a úsáideadh”.

9.6.   Faisnéis bhreise (roghnach)

Is féidir an roinn seo a úsáid chun faisnéis bhreise saorthéacs (500 carachtar ar a mhéad) a sholáthar atá ábhartha do na sonraí a chuirtear ar fáil i réimsí 9.1 go 9.5.

Maidir leis an bhfaisnéis thíos le haghaidh Roinn 10 Dul chun cinn san obair a bhaineann le Pleananna Gníomhaíochta Idirnáisiúnta maidir le Speicis (SAPanna), Pleananna Bainistíochta (MPanna) agus Ráitis Bhainistíochta Achoimre (BMSanna) agus Roinn 11 Faisnéis a bhaineann le speicis Iarscríbhinn II, tá an fhaisnéis sin le soláthar i gcás gach tacsóin thar gach séasúr ábhartha.

10.   Dul chun cinn san obair a bhaineann le Pleananna Gníomhaíochta Idirnáisiúnta maidir le Speicis (SAPanna), Pleananna Bainistíochta (MPanna) agus Ráitis Bhainistíochta Achoimre (BMSanna)

Dearadh an roinn seo chun faisnéis a chur in iúl faoi obair na mBallstát maidir le roinnt de na speicis éan is mó atá faoi bhagairt san Aontas, ar forbraíodh Pleananna Gníomhaíochta Idirnáisiúnta (nó iltaobhacha (27)) maidir le Speicis (SAPanna) nó Ráitis Bhainistithe Achoimre (BMSanna) ina leith, chomh maith le grúpa de speicis infhiachta a mheastar a bheith i ndrochbhail san Aontas agus a bhfuil Pleananna Bainistíochta (MPanna) ullmhaithe ina leith (28). Áirítear sa tuairisciú freisin obair a rinneadh faoi chuimsiú na bpleananna arna nglacadh ag eagraíochtaí idirnáisiúnta eile ar shínitheoir an tAontas ina leith, amhail Coinbhinsiún Bern (29), an Comhaontú maidir le hÉin Uisce Afracacha-Eoráiseacha (AEWA) (30) agus an Coinbhinsiún maidir le Speicis Imirceacha (CMS) (31).

Ó bhí na 1990idí ann, caitheadh acmhainní suntasacha de chuid an Aontais ar chaomhnú go leor de na speicis sin (e.g. trí thionscadail LIFE), mar sin iarrtar ar na Ballstáit achoimre a dhéanamh ar a bhfuil déanta acu ar an leibhéal náisiúnta chun na pleananna sin a chur chun feidhme agus chun stádas na speiceas ábhartha a fheabhsú. Tá liosta de thacsóin ábhartha mar aon le léiriú ar chineál plean le fáil ar an Tairseach Thagartha. Tá an roinn seo le líonadh ar leibhéal speicis / fospeicis.

10.1.   Cineál plean idirnáisiúnta

Bain úsáid as an gcineál plean idirnáisiúnta (Plean Gníomhaíochta maidir le Speicis (SAP), Plean Bainistíochta (MP) nó Ráitis Bhainistithe Achoimre (BMS)) a shonraítear sa liosta de thacsóin a bhfuil pleananna idirnáisiúnta/iltaobhacha acu, atá le fáil ar an Tairseach Thagartha.

10.2.   Ar glacadh plean náisiúnta atá nasctha leis an bPlean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta maidir le Speicis (SAP) / an Plean Bainistíochta (MP) / Ráiteas Bainistíochta Achomair (BMS)?

Roghnaigh “Glacadh” nó “Níor glacadh”. Má roghnaítear “glacadh”, tabhair nasc gréasáin (agus/nó tagairt bhibleagrafach) don phlean náisiúnta i réimse 10.5 “Foinsí breise faisnéise” thíos. Tá réimsí 10.3 agus 10.4 le líonadh isteach is cuma cé acu “Glacadh” nó “Níor glacadh” a roghnaítear anseo.

10.3.   Measúnú ar éifeachtacht na bPleananna Gníomhaíochta maidir le Speicis (SAPanna) le haghaidh speiceas atá faoi bhagairt ar fud an domhain

Úsáidtear an réimse seo chun faisnéis a chur ar fáil maidir le stádas náisiúnta an speicis (i dtéarmaí méid an phobail agus raon/dáileadh) i ndáil leis na cuspóirí a leagtar amach sna Pleananna Gníomhaíochta maidir le Speicis (SAPanna)/Ráiteas Bainistíochta Achomair (BMSanna). Tá liosta de na speicis ag a bhfuil SAPanna agus BMSanna ar cheart an réimse seo a líonadh isteach ina leith le fáil sa liosta de thacsóin a bhfuil pleananna idirnáisiúnta/iltaobhacha acu, atá le fáil ar an Tairseach Thagartha (32). Tá liosta níos mionsonraithe lena n-áirítear na cuspóirí atá le cur san áireamh sa mheasúnú ar gach speiceas le fáil ar an Tairseach Thagartha.

Tá cuspóirí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha éagsúla liostaithe i bpleananna áirithe. Mar shampla, i gcás Clanga clanga [=Aquila clanga] liostaítear sa phlean gníomhaíochta na cuspóirí seo a leanas a bhaineann le dáileadh nó méid an phobail;

(a)

“sa ghearrthéarma, stop a chur leis an laghdú ar an bpobal agus gach gnáthóg phórúcháin, faraí agus gheimhrithe atá ann cheana a chosaint”;

(b)

“san fhadtéarma, chun dáileadh agus líonta phobal na hEorpa den Iolar Breac Mór a chosaint, agus an raon a bhí ann in 1920 a athbhunú”.

Má baineadh amach an cuspóir gearrthéarmach (e.g. méid an phobail a chobhsú) nó má rinneadh dul chun cinn i dtreo an chuspóra, ba cheart rogha “(a) tá sé ag dul i dtreo aidhm/chuspóir/chuspóirí an phlean” a roghnú.

Áirítear i bpleananna áirithe cuspóirí nach gcuirtear in iúl go díreach mar mhéadú/cobhsú ar phobal nó ar dháileadh, ach mar shampla mar laghdú ar bhásmhaireacht de bharr brúnna áirithe nó cosaint/athchóiriú príomhshuíomhanna áirithe. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht plean agus tionchar na mbeart sin ar mhéid/dáileadh an phobail á chur san áireamh. Mar shampla, má athchóiríodh roinnt príomhshuíomhanna le haghaidh speicis (tá cuspóir gearrthéarmach bainte amach), athchóiriú arb é is aidhm fhadtéarmach dó pobal speicis a chobhsú ach tá méid an phobail fós ag laghdú (ag an ráta céanna) ba cheart an rogha “(b) níl sé ag athrú” a roghnú.

Roghnaigh ó cheann amháin de na roghanna seo a leanas:

(a)

tá sé ag dul i dtreo aidhm/chuspóir/chuspóirí an phlean;

(b)

níl sé ag athrú;

(c)

tá sé ag imeacht níos mó ó aidhm/cuspóir/cuspóirí an phlean.

10.4.   Measúnú ar éifeachtacht na bPleananna Bainistíochta (MPanna) le haghaidh speicis infhiachta atá i staid neamhshláin

Baineann an réimse seo go sonrach le speicis infhiachta atá i staid neamhshláin. Úsáidtear é chun faisnéis a chur ar fáil maidir lena stádas (i dtéarmaí mhéid an phobail agus raon/dáileadh) ar leibhéal náisiúnta, i ndáil leis na cuspóirí a leagtar amach sna Pleananna Bainistíochta. Tá liosta de na speicis ag a bhfuil Pleananna Bainistíochta (MPanna) ar cheart an réimse seo a líonadh isteach ina leith le fáil sa liosta de thacsóin a bhfuil pleananna idirnáisiúnta/iltaobhacha acu, atá le fáil ar an Tairseach Thagartha (33). Tá liosta níos mionsonraithe lena n-áirítear na cuspóirí atá le cur san áireamh sa mheasúnú ar gach speiceas le fáil ar an Tairseach Thagartha.

Roghnaigh ceann amháin de na roghanna seo a leanas (lean an treoir chéanna le réimse 10.3):

(a)

tá sé ag feabhsú;

(b)

níl sé ag athrú;

(c)

tá sé ag dul in olcas a thuilleadh.

10.5.   Foinsí breise faisnéise

Sa réimse seo, iarrtar ar na Ballstáit naisc chuig suíomhanna gréasáin iomchuí, naisc ghréasáin agus/nó tagairtí bibleagrafacha d”fhoilseacháin ábhartha (e.g. plean náisiúnta), sonraí teagmhála na n-eagraíochtaí freagracha, etc. a chur ar fáil.

11.   Faisnéis a bhaineann le speicis Iarscríbhinn II (Airteagal 7 de Threoir 2009/147/CE)

Tá an roinn seo le líonadh ar leibhéal speicis / fospeicis.

11.1.   An ndéantar na speicis a fhiach go náisiúnta?

Ní dhéantar na speicis uile a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2009/147/CE a fhiach i ngach Ballstát (ábhartha). Léirigh anseo an ndéantar an speiceas atá i gceist a fhiach i do thír (34). Má roghnaítear “Déantar”, líon isteach réimsí 11.2 go 11.4 thíos.

Léirítear sa réimse seo an ndéantar speiceas a fhiach sa tír i gcleachtas. Mar shampla, mura n-aicmítear speiceas mar speiceas infhiachta sa reachtaíocht náisiúnta/réigiúnach (agus mar sin nach féidir é a fhiach) nó má tá toirmeasc buan ann (le haghaidh speiceas infhiachta), ba cheart “Ní dhéantar” a roghnú mar fhreagra. Is féidir tuilleadh faisnéise a sholáthar i réimse 11.4 “Faisnéis bhreise”.

11.2.   Fáiteall

Soláthair staidreamh fáitill náisiúnta (in éin aonair) in aghaidh na bliana/in aghaidh an tséasúir fiaigh thar na 6 bliana den tréimhse tuairiscithe: tabhair an t-aonad (éin aonair) i réimse 11.2(a), agus téigh ar aghaidh chun réimse 11.2(b) a líonadh más infheidhme (i.e. séasúr fiaigh, roghnach) agus 11.2(c) le faisnéis in aghaidh an tséasúir fiaigh nó in aghaidh na bliana (i gcás nach n-úsáidtear séasúr fiaigh). Le haghaidh tréimhse tuairiscithe 2019-2024 is é 2018/2019 séasúr fiaigh 1 (ag tosú i bhfómhar 2018 agus ag críochnú in earrach 2019); Is é 2023/2024 séasúr 6. I gcás ina bhfuil luach beacht ar fáil, cuir an luach sin isteach sna réimsí “íosmhéid” agus “uasmhéid” araon. Mura bhfuil ar fáil ach íosmhéideanna nó uasmhéideanna, ba cheart iad sin a thuairisciú sna réimsí “Uasmhéid” agus “Íosmhéid” faoi seach. Tá rogha “ní fios” ar fáil freisin.

I gcásanna nach bhfuil staidreamh fáitill ar fáil ach maidir le grúpa speiceas, gan miondealú iontaofa in aghaidh an speicis, ba cheart an cion (e.g. 50–90 % do na speicis cheannasacha agus 0–5 % i gcás na speiceas eile) i gcás gach speicis a mheas agus a thuairisciú mar “Íosmhéid” agus “Uasmhéid” faoi 11.2. Ba cheart an míniú iomchuí a sholáthar i réimse 11.4 “Faisnéis bhreise” (e.g. “Fuarthas staidreamh fáitill (íosmhéid-uasmhéid) le haghaidh grúpa speiceas ([speiceas 1], [speiceas 2], [speiceas x]), ach is dócha go mbaineann > 90 % leis an speiceas sa tuarascáil seo”). Leis “an modh a úsáideadh” (réimse 11.3) ba cheart a léiriú gur neastachán iad na figiúirí iarbhír a thuairiscítear, agus gur cheart “b” nó “c” a roghnú faoi seach.

11.3.   Fáiteall – An modh a úsáideadh

Roghnaigh cé acu de na roghanna seo a leanas is fearr a dhéanann cur síos ar an modh a úsáideadh chun staidreamh fiaigh a sholáthar:

(a)

Suirbhé iomlán nó meastachán atá láidir ó thaobh staidrimh de;

(b)

Bunaithe go príomha ar eachtarshuíomh ó mhéid teoranta sonraí;

(c)

Bunaithe go príomha ar thuairim ó shaineolaithe le sonraí an-teoranta;

(d)

Níl dóthain sonraí nó níl aon sonraí ar fáil.

11.4.   Faisnéis bhreise (roghnach)

Soláthair naisc ghréasáin nó tagairtí bibleagrafacha maidir leis na príomhfhoinsí faisnéise a úsáidtear chun na réimsí i Roinn 11 a chomhlánú, lena n-áirítear sonraí maidir le haon tuarascálacha náisiúnta nó bunachair sonraí ar líne. Chomh maith leis sin, is féidir aon fhaisnéis eile a bhaineann le staidreamh fáitill a sholáthar anseo, mar shampla faisnéis a bhaineann le seiceálacha bailíochtaithe ar cháilíocht agus ar chruinneas sonraí, nó má bhailítear sonraí déimeagrafacha breise (e.g. trí shuirbhéanna eití). Féadfar aon athrú a rinneadh le déanaí ar mhodhanna suirbhéireachta nó ar uirlisí tuairiscithe a thuairisciú freisin.

Tagairtí

BirdLife International (2004) Birds in Europe: population estimates, trends and conservation status. BirdLife International (Sraith Caomhantais BirdLife Uimh. 12), Cambridge, an Ríocht Aontaithe.

del Hoyo, J. & Collar, N.J. (2014) HBW and BirdLife International Illustrated Checklist of the Birds of the World. Volume 1: Non-passerines. Lynx Edicions, Barcelona.

Hagemeijer, E.J.M. & Blair, M., eagarthóirí. (1997) The EBCC Atlas of European Breeding Birds: their distribution and abundance. T & A D Poyser, Londain.

Sokos, C. & Birtsas, P. (2014) The last indigenous black-necked pheasant population in Europe. G@lliformed 8: 13–22

Tucker, G.M. & Heath, M.F. (1994) Birds in Europe: their conservation status. BirdLife International (Sraith Caomhantais BirdLife Uimh. 3), Cambridge, an Ríocht Aontaithe.


(1)  http://ec.europa.eu/environment/nature/invasivealien/index_en.htm

(2)  Féach http://ec.europa.eu/environment/nature/conservation/wildbirds/eu_species/index_en.htm.

(3)  del Hoyo, J. & Collar, N.J. (2014) HBW and BirdLife International Illustrated Checklist of the Birds of the World. Volume 1: Non-passerines. Lynx Edicions, Barcelona.

(4)  Faoi Airteagal 4(2).

(5)  Ba cheart tuilleadh sonraí a chur ar fáil freisin, e.g. “Speicis nár deimhníodh mar speiceas a phóraíonn ó bhí 2008 ann, ach éan aonair amháin nó dhá éan gan phéire fós taifeadta go rialta le linn an tséasúir Pórúcháin” i réimse 3.7 “Faisnéis bhreise”

(6)  Beidh gá le méid áirithe breithiúnais/léirmhínithe shaineolaigh i gcás go leor cásanna díothaithe náisiúnta, mar is minic a bhíonn sé níos deacra a dheimhniú nach ann do speiceas ná gur ann dó.

(7)  Is féidir le héin aonair fhiáine de Branta canadensis (ón nGraonlainn nó ó Mheiriceá Thuaidh) a bheith i láthair freisin mar éin fhánacha san Aontas, ach tá an bhéim thuas ar na pobail a tugadh isteach.

(8)  Cé go dtugtar le fios i roinnt foinsí gur tugadh isteach gach pobal Phasianus colchicus siar ó na Sléibhte Chugais (roinnt b”fhéidir chomh luath le 1300 RC; Hagemeijer & Blair, 1997), dearbhaítear i bhfoinsí eile gur fíordhúchasach an pobal atá fágtha sa Ghréig agus gurbh fhíordhúchasach an pobal a bhí ann sa Bhulgáir (e.g. Sokos & Birtsas, 2014).

(9)  Féach http://ec.europa.eu/environment/nature/conservation/wildbirds/eu_species/index_en.htm.

(10)  Féach https://ec.europa.eu/environment/nature/invasivealien/list/index_en.htm

(*1)  roghnach freisin i gcás speiceas eachtrainn Iarscríbhinn II nach speicis truicir SPA iad.

(11)  Nó “iltaobhach” ar a laghad (baineann roinnt SAPanna agus BMSanna le tacsóin atá eindéimeach i dtír amháin).

(12)  https://euring.org/data-and-codes/euring-codes

(13)  http://ec.europa.eu/environment/nature/conservation/wildbirds/eu_species/index_en.htm

(14)  Is minic a dhírítear níos mó ar speiceas neamhchoitianta. Mar thoradh air sin, tá níos mó daoine á chuardach agus á aimsiú, rud a fhágann go ndéanfar athbhreithniú ar an meastachán ar mhéid an phobail, agus is minic a mhéadaítear go mór é. D”fhéadfadh sé a bheith fós soiléir, áfach, go bhfuil an speiceas ag laghdú iarbhír, bunaithe ar anailísí ar shonraí ó láithreáin ag a bhfuil treochtaí stairiúla iontaofa. Sa chás sin, ba cheart na roghanna maidir le “eolas feabhsaithe/sonraí níos cruinne” thuas a roghnú. Le Réimse 3.7 “Faisnéis bhreise” is féidir le Ballstát tuilleadh sonraí a sholáthar faoin gcúis a bhfuil méadú tagtha ar mheastachán ar mhéid an phonail, cé go dtuairiscítear laghdú pobail i Roinn 3

(15)  Ba cheart léirmhíniú feabhsaithe nó ceartú earráidí i léirmhíniú na sonraí foluiteacha a áireamh faoi “modh éagsúil”

(16)  Treochtaí agus Innéacsanna chun Faireachán a dhéanamh ar shonraí [clár saorearraí]: á úsáid ag go leor scéimeanna monatóireachta éan coiteann chun anailís a dhéanamh ar shonraí suirbhé náisiúnta (féach https://pecbms.info/methods/software/).

(17)  Mar shampla, nóta i réimse 4.3 “Faisnéis bhreise” dála an mhéid seo “Níl aon fhaisnéis iontaofa ar fáil maidir le treocht ghearrthéarmach, ach ní chreidtear gur tháinig laghdú ná méadú níos mó ná 30 % uirthi thar an tréimhse treochta idéalach.”

(18)  Chun an fhadhb a bhaineann le céatadán a ríomh ó bhonnlíne nialais a sheachaint.

(19)  Láimhseáiltear na treochtaí sin go léir mar threochtaí nach léiríonn aon ghlanathrú foriomlán agus an treocht ar leibhéal an Aontais á meas.

(20)  Tucker, G.M. & Heath, M.F. (1994) Birds in Europe: their conservation status. BirdLife International (Sraith Caomhantais BirdLife Uimh. 3), Cambridge, an Ríocht Aontaithe.

BirdLife International (2004) Birds in Europe: population estimates, trends and conservation status. BirdLife International (Sraith Caomhantais BirdLife Uimh. 12), Cambridge, an Ríocht Aontaithe.

(21)  https://ebba2.info/

(22)  An Córas Eorpach um Thagarmharcanna Talún 1989; Teilgean Limistéar Comhionann Lambert Azimuthal le paraiméadair: domhanleithead tionscnaimh 52°T, domhanfhad tionscnaimh 10°O, tuaidhlíne bhréagach 3 210 000.0 m, oirlíne bhréagach 4 321 000.0 m (bunaithe ar EPSG 3035). Ríomhtar tionscnamh na greille ó 0mT 0mO de theilgean http://www.eionet.europa.eu/gis.

(23)  Le haghaidh na tréimhse 2019-2024 tabharfar tuilleadh sonraí maidir le hailíniú le INSPIRE sa lámhleabhar seachadta ábhartha le haghaidh sonraí spásúla.

(24)  https://ebba2.info/about/methodology/

(25)  Hagemeijer, E.J.M. & Blair, M., eagarthóirí. (1997) The EBCC Atlas of European Breeding Birds: their distribution and abundance. T & A D Poyser, Londain.

(26)  Tucker, G.M. & Heath, M.F. (1994) Birds in Europe: their conservation status. BirdLife International (Sraith Caomhantais BirdLife Uimh. 3), Cambridge, an Ríocht Aontaithe.

(27)  I roinnt cásanna, baineann an SAP/BMS le speiceas nó fospeiceas atá eindéimeach i dtír amháin.

(28)  http://ec.europa.eu/environment/nature/conservation/wildbirds/action_plans/index_en.htm maidir le Speicis agus Ráitis Bhainistithe Achoimre, agus http://ec.europa.eu/environment/nature/conservation/wildbirds/hunting/managt_plans_en.htm le haghaidh Pleananna Bainistíochta.

(29)  https://www.coe.int/en/web/bern-convention/

(30)  https://www.unep-aewa.org/en

(31)  https://www.cms.int

(32)  Sa liosta de thacsóin le pleananna idirnáisiúnta nó iltaobhacha (lena n-áirítear BMSanna), meastar faoi láthair nach bhfuil roinnt de na speicis atá liostaithe (e.g. Falco naumanni) faoi bhagairt ar fud an domhain, ach ag an am a dréachtaíodh an plean, measadh go raibh siad faoi bhagairt nó go raibh fadhbanna caomhantais acu a raibh gníomhaíocht chomhordaithe ag teastáil ina leith.

(33)  Tá stádas “Slán” ag cuid de na speicis atá liostaithe anois laistigh den Aontas (e.g. Netta rufina), ach san am a chuaigh thart measadh nach raibh siad slán ar leibhéal an Aontais nó ar scála geografach an phlean (e.g. páirtithe conarthacha AEWA) nó go raibh fadhbanna caomhantais acu a raibh gá le gníomhaíocht chomhordaithe ina leith.

(34)  Nó aonad fonáisiúnta, i gcás inarb iomhcuí.