29.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 91/9


CINNEADH (CBES) 2023/692 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Márta 2023

lena leasaítear Cinneadh 2010/452/CBES maidir le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia, EUMM Georgia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Lúnasa 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/452/CBES (1), lenar cuireadh síneadh le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia (EUMM Georgia), a bunaíodh le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/736/CBES ón gComhairle (2).

(2)

An 17 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1970 (3) i dtaca le breathnóirí an Aontais ó EUMM Georgia a imscaradh san Airméin go dtí an 19 Nollaig 2022.

(3)

An 25 Samhain 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/2318 (4), lena gcuireadh síneadh le sainordú EUMM Georgia go dtí an 14 Nollaig 2024.

(4)

An 19 Nollaig 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/2507 (5) lena ndearnadh foráil maidir le foireann ó EUMM Georgia a imscaradh san Airméin chun feasacht an Aontais a fheabhsú maidir leis an staid slándála d’fhonn rannchuidiú le misean sibhialtach comhbheartas slándála agus chosanta a d’fhéadfadh a bheith ann a phleanáil agus a ullmhú san Airméin.

(5)

An 23 Eanáir 2023, trí bhíthin Chinneadh (CBES) 2023/162 (6), bhunaigh an Chomhairle Misean de chuid an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUMA), a seoladh an 20 Feabhra 2023 le Cinneadh (CBES) 2023/386 (7).

(6)

Os rud é, dá bhrí sin, nach gá do EUMM Georgia foireann a imscaradh chuig an Airméin, ba cheart Cinneadh 2010/452/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Scriostar Airteagal 3a de Chinneadh 2010/452/CBES.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 20 Feabhra 2023.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Márta 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

E. BUSCH


(1)  Cinneadh 2010/452/CBES ón gComhairle an 12 Lúnasa 2010 maidir le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia, EUMM Georgia, (IO L 213, 13.8.2010, lch. 43).

(2)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/736/CBES ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2008 maidir le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia, EUMM Georgia (IO L 248, 17.9.2008, lch. 26).

(3)  Cinneadh (CBES) 2022/2507 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2010/452/CBES maidir le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia, EUMM Georgia (IO L 270, 18.10.2022, lch. 93).

(4)  Cinneadh (CBES) 2022/2318 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 lena leasaítear Cinneadh 2010/452/CBES maidir le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia, EUMM Georgia (IO L 307, 28.11.2022, lch. 133).

(5)  Cinneadh (CBES) 2022/2507 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh 2010/452/CBES maidir le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia, EUMM Georgia (IO L 325, 20.12.2022, lch. 110).

(6)  Cinneadh (CBES) 2023/162 ón gComhairle an 23 Eanáir 2023 maidir le misean de chuid an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUMA) (IO L 22, 24.1.2023, lch. 29).

(7)  Cinneadh (CBES) 2023/386 ón gComhairle an 20 Feabhra 2023 lena seoltar misean an Aontais Eorpaigh san Airméin (EUMA) agus lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/162 (IO L 53, 21.02.2023, lch. 17).