22.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 83/65


CINNEADH (AE) 2023/663 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Márta 2023

lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste EDT um Sholáthar Rialtais i ndáil le haontachas Poblacht na Macadóine Thuaidh leis an gComhaontú Athbhreithnithe de chuid EDT maidir le Soláthar Rialtais

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2017, rinne Poblacht na Macadóine Thuaidh (‘an Mhacadóin Thuaidh’) iarratas ar aontachas le Comhaontú Athbhreithnithe de chuid na hEagraíochta Dhomhanda Trádála (“EDT”) maidir le Soláthar Rialtais (“GPA Athbhreithnithe”), a tháinig i bhfeidhm an 6 Aibreán 2014.

(2)

Leagtar síos gealltanais na Macadóine Thuaidh maidir le cumhdach sa tairiscint deiridh uaithi, arna cur faoi bhráid na bPáirtithe sa GPA Athbhreithnithe (“na Páirtithe”) an 13 Meán Fómhair 2022 agus mar a ceartaíodh iad an 27 Meán Fómhair 2022.

(3)

Tá an tairiscint deiridh ón Macadóin Thuaidh sásúil agus ní fhágann sí gur gá forchoimeádais shonracha a thabhairt isteach maidir leis an tír sin. I ndáil le téarmaí aontachas na Macadóine Thuaidh leis an GPA Athbhreithnithe, mar a léirítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, cuirfear san áireamh iad sa chinneadh atá le glacadh ag an gCoiste um Sholáthar Rialtais de chuid an EDT (“Coiste GPA”) maidir le haontachas na Macadóine Thuaidh.

(4)

Foráiltear le hAirteagal XXII:2 den Chomhaontú Athbhreithnithe maidir le Soláthar Rialtais go bhféadfaidh aon Chomhalta de EDT aontú don GPA Athbhreithnithe ar théarmaí a bheidh le comhaontú idir an Comhalta sin agus na Páirtithe, agus na téarmaí sin atá sonraithe i gcinneadh ón gCoiste GPA.

(5)

Táthar ag súil go gcuirfidh aontachas na Macadóine Thuaidh le GPA Athbhreithnithe go dearfach le hoscailt bhreise na margaí soláthair phoiblí.

(6)

Is iomchuí an seasamh a bhunú atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste GPA i ndáil le haontachas na Macadóine Thuaidh leis an GPA Athbhreithnithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Sholáthar Rialtais de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (“ETD”), is éard a bheidh sa seasamh sin go ndéanfar formheas ar aontachas Phoblacht na Macadóine Thuaidh (“an Mhacadóin Thuaidh”) leis an gComhaontú Athbhreithnithe de chuid EDT maidir le Soláthar Rialtais (“GPA Athbhreithnithe”), faoi réir na modhnuithe ar sceideal an Aontais Eorpaigh tar éis aontachas na Macadóine Thuaidh leis an GPA Athbhreithnithe mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. KULLGREN


IARSCRÍBHINN

MODHNUITHE AR SCEIDEAL AN AONTAIS TAR ÉIS AONTACHAS PHOBLACHT NA MACADÓINE THUAIDH LEIS AN gCOMHAONTÚ ATHBHREITHNITHE MAIDIR LE SOLÁTHAR RIALTAIS

Ar aontachas Poblacht na Macadóine Thuaidh (“an Mhacadóin Thuaidh”) leis an gComhaontú Athbhreithnithe maidir le Soláthar Rialtais, is mar seo a leanas a léifear pointe 1 de Roinn 2 (“Údaráis chonarthacha Rialtais Láir Bhallstáit an Aontais Eorpaigh”) d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le hAguisín I den GPA Athbhreithnithe maidir leis an Aontas Eorpach:

“1.

I gcás earraí, seirbhísí, soláthróirí agus soláthraithe seirbhíse Lichtinstéin, na hEilvéise, na hÍoslainne, na hIorua, na hÍsiltíre i ndáil le hArúba, na Ríochta Aontaithe agus na Macadóine Thuaidh, soláthar arna dhéanamh ag údaráis chonarthacha rialtais láir uile Bhallstáit an Aontais. Is liosta táscach é an liosta thíos.”

Ar aontachas na Macadóine Thuaidh leis an GPA Athbhreithnithe, is mar seo a leanas a léifear Roinn 2 d’Iarscríbhinn 6 a ghabhann le hAguisín I maidir leis an Aontas Eorpach:

“2.

Maidir le lamháltais oibreacha, nuair a dhámhann eintitis Iarscríbhinn 1 agus 2 iad, áirítear iad faoin gcóras cóireála náisiúnta le haghaidh soláthraithe seirbhísí foirgníochta na hÍoslainne, Lichtinstéin, na hIorua, na hÍsiltíre thar ceann Arúba, na hEilvéise, Mhontainéagró, na Ríochta Aontaithe agus na Macadóine Thuaidh, ar choinníoll go bhfuil a luach cothrom le 5 000 000 CTS, nó níos mó ná sin, agus le haghaidh soláthraithe seirbhísí foirgníochta na Cóiré; ar choinníoll go bhfuil a luach cothrom le 15 000 000 CTS, nó níos mó ná sin.”.