22.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 83/7


CINNEADH (AE) 2023/658 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Eanáir 2023

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal i ndáil le rochtain do shoithí iascaireachta na Séiséal ar uiscí Mayotte

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Síníodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal i ndáil le rochtain do shoithí iascaireachta a bhfuil bratach na Séiséal ar foluain acu ar uiscí agus ar acmhainní bitheolaíocha muirí Mayotte, faoi dhlínse an Aontais Eorpaigh (1) (“Comhaontú 2014”) an 20 Bealtaine 2014, i gcomhréir le Cinneadh 2014/331/AE ón gComhairle (2).

(2)

Le Comhaontú 2014, leagadh amach na deiseanna iascaireachta a dheonaítear do shoithí na Séiséal sa limistéar iascaireachta atá faoi cheannasacht nó faoi dhlínse an Aontais in Mayotte, ar feadh tréimhse 6 bliana ó dháta a chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe. Chuaigh tréimhse chur i bhfeidhm Chomhaontú 2014 in éag an 20 Bealtaine 2020.

(3)

Ar bhonn Airteagal 17 de, rinneadh Comhaontú 2014 a athnuachan go hintuigthe go ceann 6 bliana eile.

(4)

An 24 Deireadh Fómhair 2019, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht leis na Séiséil chun comhaontú nua a thabhairt i gcrích. Tugadh an chaibidlíocht sin i gcrích go sásúil agus cuireadh inisealacha leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal i ndáil le rochtain do shoithí iascaireachta na Séiséal ar uiscí Mayotte (“an Comhaontú”) an 10 Meitheamh 2022.

(5)

Is é is cuspóir don Chomhaontú ligeadh don Aontas agus do na Séiséil neartú breise a gcomhpháirtíochta straitéisí a chumasú agus coinníollacha teicniúla agus airgeadais an Chomhaontaithe a ailíniú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal (3) agus le Prótacal Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe a síníodh in 2020, agus chun rannchuidiú le hiascaireacht fhreagrach in uiscí an Aontais agus le beartas iascaigh a fhorbairt in Mayotte.

(6)

Ba cheart an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

(7)

Chun gur féidir le soithí na Séiséal leanúint de ghníomhaíochtaí iascaireachta, a luaithe agus is féidir, ba cheart an Comhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach tar éis a shínithe.

(8)

Ba cheart an cinneadh seo a theacht i bhfeidhm tráth a ghlactha ar chúiseanna a bhaineann le bainistiú riaracháin níos fearr a dhéanamh ar údaruithe iascaireachta.

(9)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus thug an Maoirseoir tuairim an 12 Nollaig 2022,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear leis seo, thar ceann an Aontais, síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal i ndáil le rochtain do shoithí iascaireachta na Séiséal ar uiscí Mayotte (an “Comhaontú”), faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin (5).

Airteagal 2

Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú, thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Cuirfear an Comhaontú i bhfeidhm ar bhonn sealadach amhail óna shíniú (6), go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Eanáir 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 167, 6.6.2014, lch. 4

(2)  Cinneadh 2014/331/AE ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal i ndáil le rochtain do shoithí iascaireachta a bhfuil bratach na Séiséal ar foluain acu ar uiscí agus ar acmhainní bitheolaíocha muirí Mayotte, faoi dhlínse an Aontais Eorpaigh (IO L 167, 6.6.2014, lch. 1).

(3)  IO L 60, 28.2.2020, lch. 5.

(4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295,21.11.2018, lch. 39).

(5)  Féach leathanach 9 den Iris Oifigiúil seo.

(6)  Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle an dáta óna gcuirfear an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.