|
29.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 227/5 |
CINNEADH Ó BHIÚRÓ PHARLAIMINT NA hEORPA
an 12 Meitheamh 2023
lena leasaítear na Bearta Cur Chun Feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa
(2023/C 227/05)
TÁ BIÚRÓ PHARLAIMINT NA hEORPA,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 223(2) de,
ag féachaint do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (1),
ag féachaint do Riail 25 de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Bhí Feisirí de Pharlaimint na hEorpa in ann dul isteach i scéim pinsin breise ar bhonn deonach ó 1989 go dtí deireadh an séú téarma parlaiminteach (2004 go 2009) (an Scéim Pinsin Breise (Deonach) - ‘an Scéim’). Liostaítear na cearta agus na hoibleagáidí faoin Scéim sin in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacha lena rialaítear Íocaíocht Speansas agus Liúntais le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa (rialacha PEAM), dá dtagraítear in Airteagal 76 de na Bearta Cur Chun Feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (2) (‘na Bearta Cur Chun Feidhme’). Tá an Scéim sin á maoiniú leis an gCiste Pinsean Breise (Deonach) (‘an Ciste’) atá i staid an-deacair anois ó thaobh airgeadais de. De réir tuarascáil achtúireach ón gCiste an 17 Feabhra 2023, amhail ón 31 Nollaig 2022, faoi na rialacha lena rialaítear an Scéim faoi láthair, meastar gurb ionann na híocaíochtaí pinsin bliantúla agus EUR 22 go 23 mhilliún ar an meán in aghaidh na bliana go dtí 2030, agus meastar go bhfanfaidh íocaíochtaí pinsin bliantúla os cionn EUR 10 milliún go dtí 2047, agus os cionn EUR 100 000 go dtí 2073, an bhliain sin san áireamh. Sócmhainní iarmharacha an Chiste, ar fiú EUR 52,8 milliún iad ina dhréachtchuntais bhliantúla amhail ón 31 Nollaig 2022, measadh gurbh ionann iad agus EUR 43 go 44 mhilliún faoi dheireadh mhí na Bealtaine 2023 agus go leanfadh siad de bheith ag dul i léig go tapa, ós rud é, in 2023, go mbeidh gá le thart ar EUR 1,9 milliún in aghaidh na míosa chun íocaíochtaí pinsin míosúla a sheirbhísiú. Sócmhainní iarmharacha an Chiste, a bhfuil sé beartaithe leo an Scéim a mhaoiniú, d’fhéadfaidís a bheith ídithe cheana féin in 2024, ag brath ar na margaí airgeadais, agus beidh siad ídithe in 2025 ar a dhéanaí, rud a mheastar a fhágfaidh easnamh achtúireach neamh-mhaoinithe ann arb ionann é agus thart ar EUR 310 milliún san iomlán. |
|
(2) |
Ag na cruinnithe a bhí aige an 17 Aibreán agus an 22 Bealtaine 2023, phléigh an Biúró staid airgeadais an Chiste mar aon le roghanna agus bearta éagsúla arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar fhadhb leachtachta an-tromchúiseach an Chiste agus ar a easnamh achtúireach a laghdú, d’fhonn an Ciste a chosaint sa ghearrthéarma, ar mhaithe le tairbhithe uile na Scéime atá ann faoi láthair agus leo siúd a bheidh ann amach anseo agus iarmhairtí diúltacha do cháiníocóirí na hEorpa a sheachaint nó, ar a laghad, a dhéanamh níos lú. Tháinig an Biúró ar an gconclúid, i bhfianaise na n-aidhmeanna sin, gur cheart roinnt beart atá dosheachanta ó thaobh na heacnamaíochta de a dhéanamh. |
|
(3) |
Ar an gcéad dul síos, ba cheart pinsin bhreise nach bhfuil iníoctha fós a bheith faoi réir coinníollacha agus maoluithe breise. Go háirithe, ba cheart an aois scoir a ardú ón aois reatha 65 bliana go 67 mbliana d’aois. De réir ionsamhlú achtúireach a d’iarr seirbhísí de chuid na Parlaiminte, meastar go mbeidh coigilteas iomlán EUR 2 mhilliún mar thoradh ar an mbeart sin. |
|
(4) |
Ar an dara dul síos, ós rud é nach leor an aois a ardú chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb leachtachta an-tromchúiseach an Chiste agus chun a easnamh achtúireach a laghdú, ba cheart méid na bpinsean faoin Scéim a laghdú 50 % agus níor cheart na pinsin sin a uasdátú a thuilleadh. I bhfianaise mhéid mhór fhadhb leachtachta an Chiste i gcomparáid lena oibleagáidí fadtéarmacha, agus i bhfianaise a easnaimh achtúireach, ba cheart feidhm a bheith ag na bearta sin ní hamháin maidir le tairbhithe amach anseo a bhfuil cearta pinsin acu sa phróiseas atá á bhfáil ach freisin maidir le tairbhithe reatha a bhfuil cearta pinsin faighte acu cheana féin. De réir ionsamhlú achtúireach a d’iarr seirbhísí de chuid na Parlaiminte, meastar go sábhálfar EUR 181,4 milliún de phinsin agus go scoirfear de phinsin a thabhairt cothrom le dáta go coigilteas EUR 40,4 milliún. |
|
(5) |
Mar thoradh ar na bearta comhcheangailte chun an aois scoir a ardú, chun méid na bpinsean faoin Scéim a laghdú 50 % agus chun scor de phinsin a uasdátú, meastar go dtiocfaidh laghdú ar oibleagáidí pinsin amach anseo ó EUR 362,7 milliún go EUR 139 milliún (amhail ón 31 Nollaig 2022), rud a fhágfaidh go gcuirfear síneadh dhá bhliain nó trí bliana le saolré ionchasach an Chiste, go dtí 2027, agus a fhágfaidh go laghdófar easnamh achtúireach an Chiste ó thart ar EUR 310 milliún go tuairim is EUR 86 mhilliún. |
|
(6) |
Tá na bearta comhcheangailte sin riachtanach i bhfianaise an ghá atá leis na cuspóirí maidir leis an gCiste a chosaint sa ghearrthéarma a bhaint amach agus iarmhairtí diúltacha don cháiníocóir Eorpach a sheachaint nó, ar a laghad, a dhéanamh níos lú, agus tá siad comhréireach. Nuair a bhíothas ag teacht ar an gconclúid sin, tugadh aird, go háirithe, ar an meathlú ar inbhuanaitheacht airgeadais an Chiste mar gheall, inter alia, ar na hiarmhairtí ar na margaí airgeadais a bhí ag géarchéim airgeadais 2007-2008 agus ag an gcogadh san Úcráin, ar mhéid fhadhb na leachtachta agus ar easnamh achtúireach an Chiste agus ar leasanna thairbhithe reatha na Scéime agus leasanna thairbhithe na Scéime amach anseo. Rinne an Biúró bearta eile nach raibh chomh suaiteach sin a chur san áireamh go cuí agus dhiúltaigh sé dóibh mar bhearta neamhleora. Maidir le tairbhithe reatha na Scéime a bhfuil cearta faighte acu, chuir an Biúró san áireamh freisin an cóimheas idir méid iomlán na n-íocaíochtaí pinsin a fuair siad ina n-aonar faoin Scéim i gcomparáid lena ranníocaíochtaí aonair iomlána, cóimheas arb ionann é, ar an meán, agus 4,7:1, agus suas le 14,3:1 i gcás 16 % de na pinsinéirí reatha. Cásanna aonair cruatain, ina mbaintear go tromchúiseach de chumas iar-Fheisire nó iarthairbhí eile freastal ar a riachtanais, ba cheart na cásanna sin a chumhdach le clásal cruatain. |
|
(7) |
I bhfianaise na n-athruithe ar choinníollacha na Scéime agus na neamhchinnteachtaí a bhaineann le todhchaí an Chiste agus na Scéime araon, ba cheart an deis a bheith ag Feisirí agus iar-Fheisirí iarratas a dhéanamh, ar bhonn deonach agus ar feadh tréimhse teoranta, ar íocaíocht an phinsin breise i bhfoirm cnapshuime deiridh aonuaire. Ba cheart dreasachtaí a chur ar fáil chun iarratais den sórt sin a spreagadh, ós rud é go bhfuiltear ag súil go laghdóidh siad na hoibleagáidí íocaíochta foriomlána a bheidh ann amach anseo agus an t-easnamh achtúireach. Ag an am céanna, ba cheart íocaíochtaí atá faighte cheana féin faoin Scéim a chur san áireamh. |
|
(8) |
I bhfianaise a thromchúisí atá fadhb na leachtachta agus easnamh achtúireach an Chiste, ba cheart feidhm a bheith ag na coinníollacha agus ag na maoluithe nua ón 1 Iúil 2023, gan aon chóras idirthréimhseach a bheith i bhfeidhm, ós rud é go gcuirfeadh sé na héifeachtaí airgeadais atá beartaithe leis na bearta a glacadh go mór i mbaol, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Airteagal 76 de na Bearta Cur Chun Feidhme mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Déanfar pinsean breise a thiocfaidh chun bheith iníoctha ón 1 Iúil 2023 a íoc le hiar-Fheisirí nó le hiarthairbhithe eile de bhun Airteagail 1, 3 agus 4 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM faoi réir na gcoinníollacha agus na maoluithe seo a leanas:
|
|
(2) |
cuirtear isteach na míreanna seo a leanas: ‘1a. Maidir leis na pinsin a tháinig chun bheith iníoctha le hiar-Fheisirí nó le hiarthairbhithe eile de bhun Airteagail 1, 3 agus 4 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM roimh an 1 Iúil 2023, déanfar na méideanna a bheidh dlite ón lá sin i leith a laghdú agus a choigeartú mar a leanas:
1b. Más rud é, de bharr chur i bhfeidhm mhír 1, pointí (a) agus/nó (b), nó mhír 1a, pointí (a) agus/nó (b), go mbeadh ar an iar-Fheisire nó ar an iarthairbhí eile maireachtáil faoi bhun nó níos mó faoi bhun na tairsí is déanaí atá ar fáil faoina mbeifí i mbaol bochtaineachta don Stát ina bhfuil buanchónaí air nó uirthi, féadfaidh sé nó sí iarratas ar mhéadú ar phinsean a chur faoi bhráid na gCaestóirí. Is í an tairseach sin an tairseach a chinnfidh Eurostat, más infheidhme. Beidh an fhaisnéis ábhartha agus na doiciméid tacaíochta uile ag gabháil leis an iarratas sin chun go mbeidh an Pharlaimint in ann measúnú a dhéanamh ar ioncaim eile an iar-Fheisire nó an tairbhí eile agus ar a staid airgeadais, amhail deimhniú arna eisiúint ag údarás náisiúnta inniúil lena bhfianaítear ioncaim agus staid airgeadais eile an iar-Fheisire nó an tairbhí eile. Agus ioncam agus staid airgeadais eile an iar-Fheisire nó an iarthairbhí eile á gcur san áireamh, féadfaidh na Caestóirí méadú ar an bpinsean a dheonú ionas go mbainfidh sé amach an tairseach faoina mbeifí i mbaol bochtaineachta. Mar sin féin, ní bheidh méid an phinsin tar éis an mhéadaithe sin níos airde ná an pinsean a sholáthrófaí de bhun Airteagail 1 go 4 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM, de réir mar is infheidhme an 30 Meitheamh 2023. Agus méadú ar an bpinsean deonaithe ag na Caestóirí, déanfaidh an t-iar-Fheisire nó an t-iarthairbhí eile lena mbaineann, ar bhonn bliantúil, uasdátú ar na doiciméid tacaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur faoi bhráid sheirbhís inniúil Pharlaimint na hEorpa, chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh le himeacht ama na gcoinníollacha maidir leis an méadú a dheonú. I gcás, mar thoradh ar an measúnú bliantúil, gur gá an cinneadh tosaigh a aisghairm nó an pinsean a mhéadú i gcomparáid leis an bpinsean a deonaíodh ar dtús, déanfaidh seirbhís inniúil Pharlaimint na hEorpa togra chuige sin a chur faoi bhráid na gCaestóirí chun go ndéanfaidh siadsan cinneadh. Is í seirbhís inniúil Pharlaimint na hEorpa a chinnfidh gach coigeartú eile ar an méadú a deonaíodh ar dtús. Mura n-aontóidh an t-iar-Fheisire nó an t-iarthairbhí eile le cinneadh arna ghlacadh ag na Caestóirí faoin dara nó faoin tríú fomhír den mhír seo, féadfaidh sé nó sí, laistigh de dhá mhí tar éis don chinneadh a bheith fógartha, a iarraidh go ndéanfar an t-ábhar a tharchur chuig an mBiúró, i gcomhréir le hAirteagal 72(3).’ |
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Aon phinsean breise de bhun Airteagal 1 agus Airteagal 2 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM, nach bhfuil iníoctha fós an 1 Eanáir 2019, beidh sé faoi réir tobhach speisialta arb ionann é agus 5 % de mhéid ainmniúil an phinsin. Beidh an tobhach iníoctha go díreach leis an gCiste Pinsin (Deonach) Breise.’ |
|
(4) |
cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘5. Gan dochar d’Airteagal 1(6) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM, ar feadh tréimhse sé mhí ón 1 Iúil 2023, féadfaidh Feisire nó iar-Fheisire a chuaigh isteach sa Scéim Pinsin Bhreise (Deonach) de réir bhrí Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM iarratas a thaisceadh chun tarraingt siar ón Scéim Pinsin Bhreise (Deonach) agus chun an pinsean breise a fháil i bhfoirm cnapshuime deiridh aonuaire. Déanfaidh an Feisire nó an t-iar-Fheisire an t-iarratas sin a shíniú agus cuirfidh sé nó sí faoi bhráid Ard-Rúnaí Pharlaimint na hEorpa é. A luaithe a bheidh iarratas comhshínithe ag an Ard-Rúnaí, beidh sé ceangailteach agus neamh-inchúlghairthe. Féadfaidh an tArd-Rúnaí an chumhacht chun comhshíniú a tharmligean chuig ionadaí de chuid sheirbhís inniúil Pharlaimint na hEorpa. Is í seirbhís inniúil Pharlaimint na hEorpa a shuífidh méid na híocaíochta deiridh aonuaire le cnapshuim amhail ag deireadh na míosa a gheobhaidh sí an t-iarratas dá dtagraítear faoin gcéad fhomhír. Ríomhfar é mar shuim dhá mhéid. Comhfhreagróidh an chéad mhéid d’iomlán na ranníocaíochtaí i luach ainmniúil arna dtabhairt ag an bhFeisire nó ag an iar-Fheisire lena mbaineann chuig an Scéim Pinsin Breise (Deonach), tar éis na híocaíochtaí pinsin atá faighte aige nó aici cheana féin, de réir luacha ainmniúil, a asbhaint. Ní rachaidh an asbhaint sin thar mhéid iomlán na ranníocaíochtaí arna dtabhairt aige nó aici don Scéim Pinsin Breise (Deonach). Freagróidh an dara méid do 20 % d’iomlán na ranníocaíochtaí i luach ainmniúil arna dtabhairt ag an bhFeisire nó ag an iar-Fheisire lena mbaineann don Scéim Pinsin Breise (Deonach). Is in euro a íocfar na méideanna go léir. Déanfar na cearta agus/nó na teidlíochtaí uile a fuarthas i scéim pinsin an Fheisire, an iar-Fheisire nó tairbhí eile a bheidh ann amach anseo a shocrú go cinntitheach faoi dheireadh na míosa a gheofar an t-iarratas dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Go háirithe, ní bheidh feidhm a thuilleadh ag na teidlíochtaí a leagtar síos in Airteagail 1, 3 agus 4 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacha PEAM, agus ní bheidh feidhm ag mír 1b den Airteagal seo maidir leis an bhFeisire, an t-iar-Fheisire nó tairbhí eile lena mbaineann a bheidh ann amach anseo. Íocfar an íocaíocht deiridh aonuaire le cnapshuim ar a dhéanaí trí mhí tar éis don Pharlaimint an t-iarratas dá dtagraítear faoin gcéad fhomhír a fháil.’ |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1 den Chinneadh seo ón 1 Iúil 2023.
Don tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2023, leanfaidh Airteagal 76 de na Bearta Cur Chun Feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, arna leasú le Cinneadh ón mBiúró an 10 Nollaig 2018 (3)de bheith infheidhme.
(1) Cinneadh 2005/684/CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Meán Fómhair 2005 ag glacadh Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (IO L 262, 7.10.2005, lch. 1).
(2) Cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine agus an 9 Iúil 2008 maidir le bearta cur chun feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (IO C 159, 13.7.2009, lch. 1).
(3) Cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 10 Nollaig 2018 lena leasaítear na Bearta Cur Chun Feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (IO C 466, 28.12.2018, lch. 8).