14.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 75/17


CINNEADH (AE) 2023/576 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Marta 2023

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta an Chomhchoiste a ghlacadh agus le leanúint leis an gComhaontú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Shínigh an tAontas an Comhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin (1)(“an Comhaontú”) i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2022/118 ón gComhairle (2) agus tá sé i bhfeidhm go sealadach ón 29 Meitheamh 2022.

(2)

Le hAirteagal 7(1) den Chomhaontú, bunaítear Comhchoiste chun maoirsiú agus faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar a fheidhmiú i bhfianaise a chuid cuspóirí.

(3)

Le hAirteagal 7(6) den Chomhaontú, foráiltear go bhfuil an Comhchoiste lena rialacha nós imeachta a ghlacadh. Chun cur chun feidhme cuí an Chomhaontaithe a áirithiú, ba cheart rialacha nós imeachta an Chomhchoiste a ghlacadh.

(4)

Mar a leagtar amach in Airteagal 6(1) den Chomhaontú, tá an Comhaontú le feidhm a bheith aige go dtí an 30 Meitheamh 2023. Tá an Comhchoiste le tionól, áfach, 3 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe chun measúnú a dhéanamh ar an ngá leanúint leis an gComhaontú agus cinneadh a dhéanamh ina leith sin.

(5)

Chun go leanfaidh leis an tairbhe a bhaineann an tAontas agus an Úcráin araon as éifeachtaí dearfacha an Chomhaontaithe maidir le hiompar lasta de bhóthar a éascú idir an Úcráin agus an tAontas agus maidir le lánaí dlúthpháirtíochta dea-fheidhmiúla a áirithiú i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ba cheart an Comhaontú a fhadú go dtí an 30 Meitheamh 2024.

(6)

Tá an Comhchoiste le cinneadh a ghlacadh lena mbunófar a rialacha nós imeachta agus maidir leis an ngá leanúint leis an gComhaontú, lena n-áirítear fad na leanúna.

(7)

Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste maidir le glacadh na rialacha nós imeachta agus an leanúint leis an gComhaontú a leagan síos, ós rud é go mbeidh a chinntí ina gceangal ar an Aontas,

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais sa Chomhchoiste a bheith bunaithe ar na dréachtchinntí atá i gceangal leis seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bunaíodh le hAirteagal 7 den Chomhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin (“an Comhaontú”) a mhéid a bhaineann le glacadh a rialacha nós imeachta agus an leanúint leis an gComhaontú, lena n-áirítear fad na leanúna, bunófar an seasamh sin ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Féadfaidh ionadaithe an Aontais laistigh den Chomhchoiste mionathruithe ar na dréachtchinntí ón gComhchoiste a comhaontú gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruséil, an 9 Márta 2023

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. STRÖMMER


(1)  IO L 179, 6.7.2022, lch. 4.

(2)  Cinneadh (AE) 2022/1158 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2022 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar (IO L 179, 6.7.2022, lch. 1).


DRÉACHT-

CINNEADH UIMH. 1/2023 ÓN gCOMHCHOISTE a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin

an …

a mhéid a bhaineann lena Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin (1), agus go háirithe Airteagal 7(6) de,

De bhrí, de bhun Airteagal 7(6) den Chomhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin (‘an Comhaontú’), go bhfuil an Comhchoiste chun a rialacha nós imeachta a ghlacadh. Ba cheart, dá bhrí sin, na Rialacha Nós Imeachta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a ghlacadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Rialacha Nós Imeachta

Leis seo, glactar Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste, a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh ...,

Thar ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh


(1)  IO AE L 179, 6.7.2022, lch. 4.


IARSCRÍBHINN

RIALACHA NÓS IMEACHTA AN CHOMHCHOISTE

Airteagal 1

Cinn Toscaireachta

1.   Ionadaithe ó na Páirtithe a bheidh ar an gComhchoiste. Ceapfaidh gach Páirtí Ceann a thoscaireachta agus, i gcás inar gá, Leas-Cheann a thoscaireachta. Féadfar an Leas-Cheann nó ainmní a chur in ionad an Chinn Toscaireachta le haghaidh cruinniú ar leith.

2.   Beidh ionadaí ón Aontas Eorpach agus ionadaí ón Úcráin ina chathaoirleach ar an gComhchoiste ar bhonn idirmhalartach. Is é Ceann na toscaireachta ábhartha, nó má bhíonn an duine sin as láthair, an Leas-Cheann nó an t-ainmní a cheapfar chun a n-ionad a ghabháil, a ghníomhóidh mar chathaoirleach.

Airteagal 2

Cruinnithe

1.   Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile de réir mar is gá agus nuair is gá. Féadfaidh ceachtar de na Páirtithe a iarraidh go dtionólfaí cruinniú. Tionólfar an Comhchoiste freisin 3 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe, chun measúnú a dhéanamh ar an ngá leanúint leis an gComhaontú agus cinneadh a dhéanamh ina leith sin i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de.

2.   Tionólfaidh an Comhchoiste cruinnithe go pearsanta nó ar bhealaí eile (e.g. glaonna comhdhála nó físchomhdhálacha).

3.   Reáchtálfar na cruinnithe, a mhéid is féidir, ar bhonn idirmhalartach, i mBallstát den Aontas Eorpach agus san Úcráin, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt.

4.   Is é an Béarla an teanga oibre a bheidh ann.

5.   Nuair a bheidh dáta agus áit na gcruinnithe comhaontaithe ag na Páirtithe, is é an Coimisiún Eorpach a thionólfaidh cruinnithe thar ceann an Aontais Eorpaigh agus is í an Aireacht atá i gceannas ar iompar de bhóthar a thionólfaidh cruinnithe le haghaidh na hÚcráine.

6.   Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, ní bheidh cruinnithe an Chomhchoiste ar oscailt don phobal. Más gá, féadfar preaseisiúint a dhréachtú trí chomhaontú frithpháirteach ag deireadh an chruinnithe.

Airteagal 3

Toscaireachtaí

1.   Roimh gach cruinniú, cuirfidh na Cinn Toscaireachta a chéile ar an eolas faoi chomhdhéanamh beartaithe a dtoscaireachtaí le haghaidh an chruinnithe.

2.   Féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe pháirtithe leasmhara ón tionscal iompair de bhóthar freastal ar chruinnithe nó ar chodanna de na cruinnithe mar bhreathnóirí, má chomhaontaíonn an Comhchoiste amhlaidh de chomhthoil.

3.   Féadfaidh an Comhchoiste, má chomhaontaítear amhlaidh de chomhthoil, cuireadh a thabhairt do pháirtithe leasmhara nó saineolaithe eile freastal ar a chruinnithe nó codanna díobh chun faisnéis a sholáthar maidir le hábhair áirithe.

4.   Ní ghlacfaidh breathnóirí páirt i bpróiseas cinnteoireachta an Chomhchoiste.

Airteagal 4

Rúnaíocht

Oifigeach ó sheirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh agus oifigeach ón Aireacht atá i gceannas ar iompar de bhóthar na hÚcráine, gníomhóidh siad go comhpháirteach mar rúnaithe an Chomhchoiste.

Airteagal 5

Clár oibre na gcruinnithe

1.   Leagfaidh na Cinn Toscaireachta amach clár oibre sealadach le haghaidh gach cruinnithe trí chomhaontú frithpháirteach. Seolfaidh na rúnaithe an clár oibre sealadach chuig comhaltaí na dtoscaireachtaí cúig lá dhéag roimh dháta an chruinnithe ar a dhéanaí.

2.   Glacfaidh an Comhchoiste an clár oibre ag tús gach cruinnithe. Féadfar ítimí seachas iad siúd atá ar an gclár oibre sealadach a chur ar an gclár oibre, má chomhaontaíonn an Comhchoiste amhlaidh.

3.   An teorainn ama a shonraítear i mír 1, féadfaidh na Cinn Toscaireachta í a ghiorrú chun na ceanglais nó an phráinn a bhaineann le hábhar áirithe a thabhairt san áireamh.

Airteagal 6

Miontuairiscí

1.   Tar éis gach cruinnithe den Chomhchoiste, dréachtófar dréacht-mhiontuairiscí ar an gcruinniú. Léireofar iontu na hítimí a pléadh agus na cinntí a glacadh.

2.   Laistigh de mhí tar éis an chruinnithe, cuirfidh an Ceann Toscaireachta óstach na dréacht-mhiontuairiscí faoi bhráid an Chinn Toscaireachta eile, trí rúnaithe an Chomhchoiste, lena bhformheas tríd an nós imeachta i scríbhinn.

3.   Nuair a bheidh na Miontuairiscí formheasta, síneoidh na Cinn Toscaireachta iad i ndúblach agus comhdóidh gach Páirtí cóip bhunaidh amháin. Féadfaidh na Cinn Toscaireachta a chinneadh go bhféadfar an ceanglas sin a chomhlíonadh trí chóipeanna leictreonacha a shíniú agus a mhalartú.

4.   Mura n-iarrfaidh ceann de na Páirtithe a mhalairt, beidh Miontuairiscí chruinnithe an Chomhchoiste ar fáil go poiblí.

5.   Féadfaidh na Cinn Toscaireachta an teorainn ama a shonraítear i mír 2 a ghiorrú agus teacht ar chomhaontú maidir le dáta a mhéid a bhaineann leis an bhformheas a shonraítear i mír 3 chun na ceanglais nó an phráinn a bhaineann le hábhar áirithe a thabhairt san áireamh.

Airteagal 7

Nós imeachta i scríbhinn

I gcás inar gá agus ina bhfuil údar cuí leis, féadfar cinntí ón gComhchoiste a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn. Chuige sin, pléifidh na Cinn Toscaireachta na dréachtbhearta a n-iarrtar cinneadh an Chomhchoiste ina leith, agus féadfar an cinneadh sin a dheimhniú trí mhalartú comhfhreagrais ina dhiaidh sin. Mar sin féin, féadfaidh aon Pháirtí a iarraidh go dtionólfar an Comhchoiste chun an t-ábhar a phlé.

Airteagal 8

Pléití

1.   Is ar bhonn chomhthoil na bPáirtithe a ghlacfaidh an Comhchoiste cinntí.

2.   Beidh an teideal “Cinneadh” ar chinntí an Chomhchoiste, agus beidh sraithuimhir, dáta a nglactha agus tuairisc ar a n-ábhar i ndiaidh an teidil.

3.   Síneoidh na Cinn Toscaireachta cinntí an Chomhchoiste agus cuirfear i gceangal leis na Miontuairiscí iad.

4.   Déanfaidh na Páirtithe na cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste a chur chun feidhme i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha féin.

5.   Féadfaidh na Páirtithe na cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste a fhoilsiú ina bhfoilseacháin oifigiúla féin. Déanfaidh gach Páirtí cóip bhunaidh amháin de na cinntí a chomhdú.

Airteagal 9

Meithleacha

1.   Féadfaidh an Comhchoiste meithleacha a bhunú chun cuidiú leis an gComhchoiste a dhualgais a chur i gcrích. Na téarmaí tagartha le haghaidh meithle, déanfaidh an Comhchoiste iad a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 7(5) den Chomhaontú agus cuirfear iad in iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh lena mbunaítear an mheitheal.

2.   Ionadaithe ó na Páirtithe a bheidh ar na meithleacha.

3.   Déanfaidh na meithleacha a gcuid oibre faoi údarás an Chomhchoiste, agus tuairisceoidh siad chuig an gComhchoiste tar éis gach ceann dá gcruinnithe. Ní dhéanfaidh siad cinntí ach féadfaidh siad moltaí a chur faoi bhráid an Chomhchoiste.

4.   Féadfaidh an Comhchoiste a chinneadh tráth ar bith deireadh a chur le meithleacha atá ann cheana, a dtéarmaí tagartha a mhodhnú, nó meithleacha nua a bhunú chun cabhrú leis a dhualgais a chur i gcrích.

Airteagal 10

Costais

1.   Íocfaidh gach Páirtí na speansais a bhaineann lena rannpháirtíocht i gcruinnithe an Chomhchoiste agus i gcruinnithe meithle, i ndáil le costais a bhaineann lena bhfoireann, le cúrsaí taistil agus cothaithe, agus i ndáil le costais a bhaineann le postas agus teileachumarsáide.

2.   Is ar an bPáirtí a óstálfaidh an cruinniú a thitfidh aon chostas eile a bhaineann le heagrú ábharach na gcruinnithe.

Airteagal 11

Na Rialacha Nós Imeachta a Leasú

Féadfaidh an Comhchoiste, tráth ar bith, na Rialacha Nós Imeachta seo a leasú trí bhithín cinneadh a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 7(5) den Chomhaontú.