14.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 75/15


CINNEADH (AE) 2023/575 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Márta 2023

lena n-údaraítear don Pholainn an leasú ar an gCoinbhinsiún um Chaomhnú agus um Bainistiú Acmhainní Mangach i Muir Bheiring Láir a dhaingniú, chun leas an Aontais Eorpaigh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43, i gcomhar le pointe (v) d’Airteagal 218(6)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is Páirtí Conarthach é an tAontas i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 (2), ar coinbhinsiún é lena gceanglaítear ar chomhaltaí uile an chomhphobail idirnáisiúnta oibriú i gcomhar le chéile i dtaca le hacmhainní beo na farraige a chaomhnú agus a bhainistiú.

(2)

Is Páirtí Conarthach é an tAontas freisin sa Chomhaontú maidir le cur chun feidhme fhorálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le caomhnú agus le bainistiú stoc éisc traslimistéir agus stoc éisc mór-imirceach (3).

(3)

Tá inniúlacht eisiach ag an Aontas i réimse chaomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara faoin gComhbheartas Iascaigh. Áirítear freisin leis na cumhachtaí a thugtar don Aontas ar an leibhéal inmheánach cumhacht an Aontais oibriú i gcomhar in eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear é sin a dhéanamh faoi chuimsiú eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh.

(4)

Is Páirtí Conarthach í an Pholainn sa Coinbhinsiún um Chaomhnú agus um Bainistiú Acmhainní Mangach i Muir Bheiring Láir (“an Coinbhinsiún”). Níl an tAontas ina pháirtí sa Choinbhinsiún. De bhua Airteagal 6(9) d’Ionstraim Aontachais 2003, amhail ó dháta an aontachais, tá comhaontuithe iascaigh arna dtabhairt i gcrích ag Ballstáit aontacha le tríú tíortha le bainistiú ag an Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas aon chinntí arna mbunú faoin gCoinbhinsiún a chur chun feidhme ina dhlíchóras.

(5)

Is chun leas an Aontais é ról éifeachtach a bheith aige i gcur chun feidhme an Choinbhinsiúin. Le gníomh den sórt sin, cuirfear comhsheasmhacht chur chuige an Aontais i leith an chaomhnaithe ar fud na n-aigéan chun cinn freisin agus neartófar tiomantas an Aontais i dtaca le caomhnú fadtéarmach agus úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní iascaigh ar fud an domhain.

(6)

Le Cinneadh ón gComhairle an 11 Aibreán 2016, thug an Chomhairle údarú don Pholainn leasú ar an gCoinbhinsiún a chaibidliú, chun leas an Aontais, lena gceadófaí don Aontas a bheith rannpháirteach mar pháirtí iomlán sa Choinbhinsiún. Chuige sin, bhí an Pholainn le leasú ar an gCoinbhinsiún a mholadh chun rannpháirtíocht eagraíochtaí réigiúnacha um chomhtháthú eacnamaíochta a cheadú agus chun go bhféadfadh an tAontas a bheith ina pháirtí sa Choinbhinsiún.

(7)

I mí Dheireadh Fómhair 2016, mhol an Pholainn leasú den sórt sin ar an gCoinbhinsiún do Thaiscí an Choinbhinsiúin.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Pholainn a údarú chun an leasú ar an gCoinbhinsiún a dhaingniú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear leis seo don Pholainn, chun leas an Aontais Eorpaigh, an leasú ar Airteagal XVI.4 den Choinbhinsiún um Chaomhnú agus um Bainistiú Acmhainní Mangach i Muir Bheiring Láir a dhaingniú, rud a chuirfeadh ar a gcumas d’eagraíochtaí réigiúnacha um chomhtháthú eacnamaíochta a bheith ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún sin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Is chuig Poblacht na Polainne a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Márta 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. STRÖMMER


(1)  Toiliú an 15 Feabhra 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle an 23 Márta 1998 maidir le tabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 agus Comhaontú an 28 Iúil 1994 maidir le cur chun feidhme Chuid XI de (IO L 179, 23.6.1998, lch. 1).

(3)  Cinneadh 98/414/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 1998 maidir le daingniú ag an gComhphobal Eorpach don Chomhaontú maidir le forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le caomhnú agus le bainistiú stoc éisc traslimistéir agus stoc éisc mór-imirceach (IO L 189, 3.7.1998, lch. 14).