13.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 74/63


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/570 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Márta 2023

maidir le maoluithe a dheonú do Bhallstáit ar chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cuntais eacnamaíochta na talmhaíochta.

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1562)

(Is iad na téacsanna Iodáilise, Polainnise, Slóivéinise agus Spáinnise amháin atá barántúil.)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Nollaig 2003 maidir le cuntais eacnamaíochta na talmhaíochta sa Chomhphobal (1), agus go háirithe Airteagal 4b(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 4b(2) de Rialachán (CE) Uimh. 138/2004, chuir Ríocht na Spáinne, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Polainne agus Poblacht na Slóivéine iarratais ar mhaolú isteach faoin 21 Lúnasa 2022.

(2)

Léiríonn an fhaisnéis a chuir na Ballstáit ar fáil don Choimisiún go bhfuil bonn cirt leis na hiarrataí a rinne Ríocht na Spáinne, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Polainne agus Poblacht na Slóivéine i ngeall ar an ngá le hoiriúnuithe móra ina gcórais staidrimh náisiúnta a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme an chláir tarchuir sonraí le haghaidh cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta, dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 138/2004.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart na maoluithe a iarradh a dheonú do Ríocht na Spáinne, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Polainne agus Poblacht na Slóivéine.

(4)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (2),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na maoluithe ar Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, deonófar iad do na Ballstáit a liostaítear ann.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig Ríocht na Spáinne, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Polainne agus Poblacht na Slóivéine.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 33, 5.2.2004, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndacht staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).


IARSCRÍBHINN

An fhoráil lena mbaineann

Ballstát

Tréimhse maolaithe a deonaíodh

Na blianta tagartha a chumhdaítear leis an maolú

Raon feidhme an mhaolaithe

Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 138/2004

Ríocht na Spáinne

2 bhliain (30 Meán Fómhair 2023 - 29 Meán Fómhair 2025)

2021, 2022

Tarchur 7 athróige:

Mír 32.1 (OFCS i bplandálacha);

Mír 32.2 (OFCS in ainmhithe);

Mír 33.1 (OFCS in ábhair);

Mír 33.3 (OFCS eile);

Mír 36 (athruithe ar fhardail);

Mír 37.1 (Deontais infheistíochta);

Mír 37.2 (Aistrithe caipitil eile).

Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 138/2004

Poblacht na hIodáile

2 bhliain (30 Meán Fómhair 2023 - 29 Meán Fómhair 2025)

2021, 2022

Tarchur athróg de réir théarmaíocht Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó mhír 21 (tomhaltas caipitil sheasta) go mír 37 (aistrithe caipitil).

Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 138/2004

Poblacht na Polainne

2 bhliain (30 Meán Fómhair 2023 - 29 Meán Fómhair 2025)

2021, 2022

Tarchur athróg uile a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 maidir le CERT.

Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 138/2004

Poblacht na Slóivéine

2 bhliain (30 Meán Fómhair 2023 - 29 Meán Fómhair 2025)

2021, 2022

Tarchur athróg uile a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 maidir le CERT.