|
8.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 70/55 |
CINNEADH (CBES) 2023/510 ÓN gCOMHAIRLE
an 7 Márta 2023
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/667 maidir le beart cúnaimh i bhfoirm clár ginearálta chun tacú leis an Aontas Afracach faoin tSaoráid Eorpach Síochána don tréimhse 2022 go 2024
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 21 Aibreán 2022, ghlac an Comhairle (CBES) 2022/667 (1), lena bhforáiltear do bheart cúnaimh i bhfoirm clár ginearálta chun tacú leis an Aontas Afracach faoin tSaoráid Eorpach Síochána don tréimhse 2022 go 2024 (“an beart cúnaimh”). |
|
(2) |
Mhol Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála don Choiste Polaitiúil agus Slándála gníomhaíocht faoin mbeart cúnaimh a fhormheas chun tacú leis an Tascfhórsa Comhpháirteach Ilnáisiúnta atá ag gníomhú in aghaidh Boko Haram. Tá eagraíocht neamhrialtasach de chuid na hEilvéise, COGINTA, le cuid den ghníomhaíocht sin a chur chun feidhme. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart liosta na n-eintiteas a fhéadfaidh gníomhaíochtaí faoin mbeart cúnaimh a chur chun feidhme go hiomlán nó go páirteach a leagtar amach in Airteagal 5 de Chinneadh (CBES) 2022/667 a leasú chun COGINTA a chur san áireamh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/667 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas le hAirteagal 5(2) :
|
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas leis an Iarscríbhinn: “Liosta na n-eintiteas neamhbhrabúis a fhéadfaidh gníomhaíochtaí faoin mBeart Cúnaimh a chur chun feidhme go hiomlán nó go páirteach:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Márta 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. EDHOLM
(1) Cinneadh (CBES) 2022/667 ón gComhairle an 21 Aibreán 2022 maidir le beart cúnaimh i bhfoirm clár ginearálta chun tacú leis an Aontas Afracach faoin tSaoráid Eorpach Síochána don tréimhse 2022 go 2024 (IO L 121, 22.4.2022, lch. 38).