|
7.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 69/5 |
CINNEADH (CBES) 2023/495 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
An 28 Feabhra 2023
maidir le glacadh le rannchuidiú ó thríú Stát le Misean Cúnaimh Mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) (EUMAM Ukraine/1/2023)
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38, an tríú mír de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/1968 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Misean Cúnaimh Mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 8(2) de Chinneadh (CBES) 2022/1968, thug an Chomhairle údarú don Choiste Polaitiúil agus Slándála cinntí ábhartha a dhéanamh maidir le glacadh leis na rannchuidithe atá beartaithe ó thríú Stáit le EUMAM Ukraine. |
|
(2) |
Tar éis na moltaí maidir le rannchuidiú ón Iorua ó Cheannasaí Misin EUMAM Ukraine agus ó Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh, ba cheart glacadh leis an rannchuidiú ón Iorua agus ba cheart a mheas gur rannchuidiú suntasach é, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Glactar leis an rannchuidiú ón Iorua le Misean Cúnaimh Mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) agus meastar gur rannchuidiú suntasach é.
2. Tá an Iorua díolmhaithe ó ranníocaíochtaí airgeadais le buiséad EUMAM Ukraine.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruséil, an 28 Feabhra 2023.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
D. PRONK
An Cathaoirleach