27.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 145/6


CINNEADH ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Feabhra 2023

maidir le treoir a thabhairt don riarthóir lárnach ceartúcháin ar tháblaí náisiúnta leithdháilte na Gearmáine a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh

(2023/C 145/05)

TÁ COIMISIÚN AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 389/2013 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2013 lena mbunaítear Clárlann de chuid an Aontais de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Chinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Chinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 920/2010 agus Uimh. 1193/2011 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe an dara fomhír d’Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 27 Aibreán 2011 ghlac an Coimisiún Cinneadh 2011/278/AE (2) lena gcinntear rialacha uile-Aontais idirthréimhseacha maidir le leithdháileadh saor in aisce comhchuibhithe lamháltas astaíochtaí de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). De bhun Airteagal 27 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún (4), leanann Cinneadh 2011/278/AE d’fheidhm a bheith aige maidir le leithdháiltí a bhaineann leis an tréimhse roimh 1 Eanáir 2021. Baineann gach leithdháileadh faoina dtugtar fógra dá dtagraítear sa chinneadh seo le leithdháileadh saor in aisce na lamháltas astaíochtaí le haghaidh na tréimhse ó 2013 go 2020.

(2)

An 5 Meán Fómhair 2013, ghlac an Coimisiún Cinneadh 2013/448/AE (5) maidir le bearta cur chun feidhme náisiúnta le haghaidh leithdháileadh idirthréimhseach saor in aisce na lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh na tréimhse 2013-2020, de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE.

(3)

Le Cinneadh 2014/9/AE (6), rinne an Coimisiún Cinneadh 2010/2/AE (7) agus Cinneadh 2011/278/AE a leasú a mhéid a bhaineann le liosta earnálacha agus fo-earnálacha a mheastar a bheith i mbaol suntasach sceite carbóin (dá ngairtear “liosta sceite carbóin” anseo feasta).

(4)

Le Cinntí C(2013) 9281 (8), C(2014) 123 (9), C(2014) 674 (10) agus C(2014) 1167 (11), thug an Coimisiún treoir don riarthóir lárnach táblaí náisiúnta leithdháilte agus táblaí náisiúnta leithdháilte athbhreithnithe na Beilge, na Bulgáire, na Seicia, na Danmhairge, na Gearmáine, na hEastóine, na hÉireann, na Gréige, na Spáinne, na Fraince, na Cróite, na hIodáile, na Cipire, na Laitvia, na Liotuáine, Lucsamburg, na hUngáire, na hÍsiltíre, na hOstaire, na Polainne, na Portaingéile, na Rómáine, na Slóivéine, na Slóvaice, na Fionlainne agus na Sualainne a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh.

(5)

Thug an Ghearmáin fógra faoi cheartúcháin ar a tábla náisiúnta leithdháilte de chéim 3 de EU ETS, le litir dar dháta an 24 Eanáir 2023. Bhí gá na leibhéil ghníomhaíochta stairiúla le haghaidh na foshuiteála breosla agus le haghaidh na foshuiteála astaíochtaí próisis a cheartú a mhéid a bhaineann le suiteáil DE-202760, tar éis breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 25 Samhain 2021 i gcás C-271/20 (12).

(6)

Na hathruithe faoina dtugtar fógra ar thábla náisiúnta leithdháilte na Gearmáine, tá siad i gcomhréir le Cinneadh 2011/278/AE. Dá bhrí sin, ba cheart treoir a thabhairt don riarthóir lárnach na hathruithe sin a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS A CINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal aonair

Déanfaidh an riarthóir lárnach na hathruithe ar thábla náisiúnta leithdháilte na Gearmáine a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Feabhra 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Frans TIMMERMANS

Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin


(1)  IO L 122, 3.5.2013, lch. 1.

(2)  Cinneadh 2011/278/AE ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2011 lena gcinntear rialacha uile-Aontais idirthréimhseacha maidir le leithdháileadh saor in aisce comhchuibhithe lamháltas astaíochtaí de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 130, 17.5.2011, lch. 1).

(3)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha uile-Aontais idirthréimhseacha maidir le leithdháileadh saor in aisce comhchuibhithe lamháltas astaíochtaí de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, 27.2.2019, lch. 8).

(5)  Cinneadh 2013/448/AE ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2013 maidir le bearta cur chun feidhme náisiúnta le haghaidh leithdháileadh saor in aisce idirthréimhseach lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 240, 7.9.2013, lch. 27).

(6)  Cinneadh 2014/9/AE ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 lena leasaítear Cinneadh 2010/2/AE agus Cinneadh 2011/278/AE maidir leis na hearnálacha agus na fo-earnálacha a mheastar a bheith i mbaol suntasach sceite carbóin (IO L 9, 14.1.2014, lch. 9).

(7)  Cinneadh 2010/2/AE ón gCoimisiún an 24 Nollaig 2009 lena gcinntear, de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, liosta earnálacha agus fo-earnálacha a mheastar a bheith i mbaol suntasach sceite carbóin (IO L 1, 5.1.2010, lch. 10).

(8)  Cinneadh C(2013) 9281 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le treoir a thabhairt don riarthóir lárnach táblaí náisiúnta leithdháilte na hOstaire, na Gréige, na hÉireann, na Laitvia, na hÍsiltíre, na Portaingéile, na Sualainne agus na Ríochta Aontaithe a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh.

(9)  Cinneadh C(2014) 123 ón gCoimisiún an 17 Eanáir 2014 maidir le treoir a thabhairt don riarthóir lárnach táblaí náisiúnta leithdháilte Phoblacht na Seice, na Danmhairge, na Fraince, na Liotuáine, na hUngáire agus na Slóvaice a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh.

(10)  Cinneadh C(2014) 674 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2014 maidir le treoir a thabhairt don riarthóir lárnach táblaí náisiúnta leithdháilte na Beilge, na Gearmáine, na hEastóine, Lucsamburg, na Slóivéine agus na Fionlainne a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh.

(11)  Cinneadh C(2014) 1167 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2014 maidir le treoir a thabhairt don riarthóir lárnach táblaí náisiúnta leithdháilte na Bulgáire, na Spáinne, na Cróite, na hIodáile, na Cipire, na Laitvia, na Polainne, na Rómáine agus na Ríochta Aontaithe a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh.

(12)  Breithiúnas ón gCúirt (an Cúigiú Dlísheomra) an 25 Samhain 2021, Cás C-271/20, Aurubis AG v Bundesrepublik Deutschland, ECLI:EU:C:2021:959.


IARSCRÍBHINN I

Athruithe ar an Tábla náisiúnta leithdháilte le haghaidh na tréimhse 2013-2020 de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE (Bearta náisiúnta trasuite)

Ballstát: An Ghearmáin

Is iad seo a leanas na leithdháiltí athraithe sa tábla náisiúnta leithdháilte le haghaidh na suiteálacha sonraithe:

Uimhir aitheantais na suiteála (Iontrálaithe nua agus clabhsúir)

Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais)

Ainm an oibreora

Ainm na suiteála

Cainníocht atá le leithdháileadh

Cainníocht atá le leithdháileadh arna modhnú le sonraí iontrálaithe nua agus clabhsúr trí shuiteáil

2013

2014

2015

2016

2017

2018

2019

2020

DE000000000202760

202760

Aurubis AG

Anlage zur Herstellung von Nichteisen-Rohmetallen (Kupferproduktion)

378 054

371 487

364 844

358 131

351 345

344 494

337 558

330 597

2 836 510