27.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 61/41


CINNEADH (CBES) 2023/421 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Feabhra 2023

lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus, arna leasú, rannpháirtíocht na tíre sin san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2012/642/CBES, agus i bhfianaise a thromchúisí atá an staid sa Bhealarúis i gcónaí agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha neamhdhleathach arna thabhairt ag Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin, is iomchuí na bearta uile arna nglacadh ag an Aontas a choimeád i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2012/642/CBES a athnuachan go dtí an 28 Feabhra 2024.

(3)

Ba cheart leasú a dhéanamh ar na hiontrálacha maidir le 21 duine nádúrtha agus beirt daoine dlítheanacha a áirítear i liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES mar a leanas:

(1)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 28 Feabhra 2024.’;

(2)

leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Feabhra 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  Cinneadh 2012/642/CBES an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES mar a leanas:

(1)

i dTábla A “Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagail 3(1) agus 4(1)” cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad iontrálacha 10, 17, 20, 22, 35, 39, 41, 42, 64, 65, 71, 73, 75, 78, 85, 87, 89, 90, 123, 125 agus 179:

 

Ainmneacha

(Traslitriú an litrithe Bealarúisise)

(Traslitriú an litrithe Rúisise)

Ainmneacha

(litriú Bealarúisise)

(litriú Rúisise)

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

“10.

Khazalbek Baktibekavich ATABEKAU

Khazalbek Bakhtibekovich ATABEKOV

Хазалбек Бактiбекавiч АТАБЕКАЎ

Хазалбек Бахтибекович АТАБЕКОВ

Post/Poist: IarLeas-Cheannasaí na Internal Troops

Dáta breithe: 18.3.1967

Inscne: fireann

Sa phost a bhí aige mar Leas-Cheannasaí na Internal Troops de chuid an Ministry of Internal Affairs (MoIA), ba é a bhí freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir fórsaí MoIA, go háirithe na Internal Troops a bhí faoina cheannas, tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe gabhálacha treallacha agus drochíde, lena n-áirítear céasadh léirsitheoirí síochánta, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu.

D’eisigh Aliaksandr Lukashenka foraithne lenar cuireadh chuig an gcúlchiste míleata é i mí an Mhárta 2022. Tá sé de cheart aige éide agus ionchomharthaí míleata a chaitheamh.

2.10.2020

17.

Andrei Vasilievich GALENKA

Andrey Vasilievich GALENKA

Андрэй Васiльевiч ГАЛЕНКА

Андрей Васильевич ГАЛЕНКА

Post/Poist: Céad-Leas-Cheann ar an District Department of Internal Affairs in Moskovski District, Minsk, Ceann ar an Public Safety Police

Inscne: fireann

Sa phost a bhí aige mar Leas-Cheann ar District Department of Internal Affairs in Moskovski District, Minsk, agus Ceann ar an Public Safety Police, ba é a bhí freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe sa dúiche sin i gcoinne agóideoirí síochánta tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe gabhálacha treallacha, úsáid iomarcach fornirt agus drochíde, lena n-áirítear céasadh.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Chéad-Leas-Cheann ar an District Department of Internal Affairs in Moskovski District, Minsk, Ceann ar an Public Safety Police.

2.10.2020

20.

Anatol Anatolievich VASILIEU

Anatoli Anatolevich VASILEV

Анатоль Анатольевiч ВАСIЛЬЕЎ

Анатолий Анатольевич ВАСИЛЬЕВ

Post/Poist: Céad-Leas-Cheann ar an Department of Internal Affairs of Gomel/Homyel Region/Oblast Executive Committee, Ceann ar an Public Safety Police

IarLeas-Cheann ar an Department of Internal Affairs of Gomel/Homyel Region/Oblast Executive Committee, Ceann ar an Public Safety Police, Iar-Leas-Chathaoirleach ar an Investigative Committee

Dáta breithe: 26.1.1972

Áit bhreithe: Gomel/Homyel, Gomel/Homyel Region/Oblast, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Sa phost a bhí aige mar Leas-Cheann ar an Department of Internal Affairs of Gomel/Homyel Region/Oblast Executive Committee agus Ceann ar Public Safety Police, ba é a bhí freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe sa réigiún sin/san oblast sin i gcoinne agóideoirí síochánta tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe gabhálacha treallacha, úsáid iomarcach fornirt agus drochíde, lena n-áirítear céasadh.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Chéad-Leas-Cheann ar an Department of Internal Affairs of Gomel/Homyel Region/Oblast Executive Committee, Ceann ar an Public Safety Police.

2.10.2020

22.

Leanid ZHURAUSKI

Leonid ZHURAVSKI

Леанiд ЖУРАЎСКI

Леонид ЖУРАВСКИЙ

Post/Poist: IarCheann ar OMON (‘Special Purpose Police Detachment’) in Vitebsk/Viciebsk

Dáta breithe: 20.9.1975

Inscne: fireann

Sa phost ceannasaíochta a bhí aige os cionn fhórsaí OMON in Vitebsk/Viciebsk, ba é a bhí freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir fórsaí OMON in Vitebsk/Viciebsk tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe gabhálacha treallacha agus drochíde a thabhairt do léirsitheoirí síochánta.

2.10.2020

35.

Alena Mikalaeuna DMUHAILA

Elena Nikolaevna DMUHAILO

Алена Мiкалаеўна ДМУХАЙЛА

Елена Николаевна ДМУХАЙЛО

Post/Poist: IarRúnaí ar an Central Electoral Commission (CEC)

Dáta breithe: 1.7.1971

Inscne: baineann

Sa phost a bhí aici mar Rúnaí ar CEC, ba í a bhí freagrach as an místiúradh a rinne CEC ar phróiseas toghchánach thoghchán uachtaránachta 2020, gan caighdeáin idirnáisiúnta bhunúsacha i dtaca le cothromaíocht agus trédhearcacht a bheith á gcomhlíonadh le linn an phróisis, agus as torthaí an toghcháin a fhalsú.

Is é CEC agus an ceannaireacht air, go háirithe, a d’fhág gur briseadh as a bpost, ar fhorais bhréige, iarrthóirí áirithe de chuid an fhreasúra agus gur cuireadh srianta díréireacha ar bhreathnóirí sna stáisiúin vótála. Ina theannta sin, d’áirithigh CEC go bhfuil coimisiúin na dtoghchán, atá faoina mhaoirseacht, comhdhéanta ar bhealach claonta.

2.10.2020

39.

Sviatlana Piatrouna KATSUBA

Svetlana Petrovna KATSUBO

Святлана Пятроўна КАЦУБА

Светлана Петровна КАЦУБО

Post/Poist: IarBhall den Central Electoral Commission (CEC)

Dáta breithe: 6.8.1959

Áit bhreithe: Podilsk, Odessa Region/Oblast, iarUSSR (Ukraine anois)

Inscne: baineann

Sa phost a bhí aici mar bhall de choláiste CEC, ba í a bhí freagrach as an místiúradh a rinne CEC ar phróiseas toghchánach thoghchán uachtaránachta 2020, gan caighdeáin idirnáisiúnta bhunúsacha i dtaca le cothromaíocht agus trédhearcacht a bheith á gcomhlíonadh le linn an phróisis, agus as torthaí an toghcháin a fhalsú.

Is é CEC agus a choláiste, go háirithe, a d’fhág gur briseadh as a bpost, ar fhorais bhréige, iarrthóirí áirithe de chuid an fhreasúra agus gur cuireadh srianta díréireachaar bhreathnóirí sna stáisiúin vótála. Ina theannta sin, d’áirithigh CEC go bhfuil coimisiúin na dtoghchán, atá faoina mhaoirseacht, comhdhéanta ar bhealach claonta.

2.10.2020

41.

Igar Anatolievich PLYSHEUSKI

Ihor Anatolievich PLYSHEVSKIY

Iгар Анатольевiч ПЛЫШЭЎСКI

Игорь Анатольевич ПЛЫШЕВСКИЙ

Post/Poist: IarBhall den Central Electoral Commission (CEC)

Dáta breithe: 19.2.1979

Áit bhreithe: Lyuban, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Sa phost a bhí aige mar bhall de choláiste CEC, ba é a bhí freagrach as an místiúradh a rinne CEC ar an bpróiseas toghchánach uachtaránachta 2020, gan caighdeáin idirnáisiúnta bhunúsacha i dtaca le cothromaíocht agus trédhearcacht a bheith á gcomhlíonadh le linn an phróisis, agus as torthaí an toghcháin a fhalsú.

Is é CEC agus a choláiste, go háirithe, a d’fhág gur briseadh as a bpost, ar fhorais bhréige, iarrthóirí áirithe de chuid an fhreasúra agus gur cuireadh srianta neamhchomhréireacha ar bhreathnóirí sna stáisiúin vótála. Ina theannta sin, d’áirithigh CEC go bhfuil coimisiúin na dtoghchán, atá faoina mhaoirseacht, comhdhéanta ar bhealach claonta.

2.10.2020

42.

Marina Yureuna RAKHMANAVA

Marina Yurievna RAKHMANOVA

Марына Юр’еўна РАХМАНАВА

Марина Юрьевна РАХМАНОВА

Post/Poist: IarBhall den Central Electoral Commission (CEC)

Dáta breithe: 26.9.1970

Inscne: baineann

Sa phost a bhí aici mar bhall de cheannaireacht CEC, ba í a bhí freagrach as an místiúradh a rinne CEC ar phróiseas toghchánach thoghchán uachtaránachta 2020, gan caighdeáin idirnáisiúnta bhunúsacha i dtaca le cothromaíocht agus trédhearcacht a bheith á gcomhlíonadh le linn an phróisis, agus as torthaí an toghcháin a fhalsú.

Is é CEC agus a choláiste, go háirithe, a d’fhág gur briseadh as a bpost, ar fhorais bhréige, iarrthóirí áirithe de chuid an fhreasúra agus gur cuireadh srianta díréireacha ar bhreathnóirí sna stáisiúin vótála. Ina theannta sin, d’áirithigh CEC go bhfuil coimisiúin na dtoghchán, atá faoina mhaoirseacht, comhdhéanta ar bhealach claonta.

2.10.2020

64.

Pavel Mikalaevich LIOHKI

Pavel Nikolaevich LIOHKI

Павел Мiкалаевiч ЛЁГКI

Павел Николаевич ЛЁГКИЙ

Poist: comhairleoir aire ag ambasáid na Bealarúise i Moscó, an Rúis, Iar-Chéad-Leas-Aire Faisnéise

Dáta breithe: 30.5.1972

Áit bhreithe: Baranavichy, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Sa phost ceannaireachta a bhí aige mar Iar-Chéad-Leas-Aire Faisnéise, is é atá freagrach as an gcos ar bolg ar an tsochaí shibhialta, go háirithe maidir le cinneadh an Ministry of Information deireadh a chur leis an rochtain ar shuíomhanna gréasáin neamhspleácha agus an rochtain idirlín sa Bhealarúis a theorannú tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, mar uirlis chun cos ar bolg ar an tsochaí shibhialta, ar léirsitheoirí síochánta agus ar iriseoirí.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar comhairleoir aire ag ambasáid na Bealarúise i Moscó na Rúise.

17.12.2020

65.

Ihar Uladzimiravich LUTSKY

Igor Vladimirovich LUTSKY

Iгар Уладзiмiравiч ЛУЦКI

Игорь Владимирович ЛУЦКИЙ

Poist: Leas-Cheannaire ar an Presidential Administration, iarAire Faisnéise

Dáta breithe: 31.10.1972

Áit bhreithe: Stolin, Brest Region/Oblast, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Sa phost ceannaireachta a bhí aige mar Aire Faisnéise, is é atá freagrach as an gcos ar bolg ar an tsochaí shibhialta, go háirithe maidir le cinneadh an Ministry of Information deireadh a chur leis an rochtain ar shuíomhanna gréasáin neamhspleácha agus an rochtain idirlín sa Bhealarúis a theorannú tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, mar uirlis chun cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta, ar léirsitheoirí síochánta agus ar iriseoirí.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Leas-Cheannaire ar an Presidential Administration.

17.12.2020

71.

Dzmitry Aliaksandravich KURYAN

Dmitry Alexandrovich KURYAN

Дзмiтрый Аляксандравiч КУРЬЯН

Дмитрий Александрович КУРЬЯН

Post/Poist: Leas-Cheannaire ar mhílíste poiblí de chuid an Academy of the Ministry of Internal Affairs, Choirnéal Póilíní, iarLeas-Cheann an Main Department agus Ceann an Department of Law Enforcement sa Ministry of Internal Affairs

Dáta breithe: 3.10.1974

Inscne: fireann

Sa phost ceannaireachta a bhí aige mar Leas-Cheann an Main Department agus Ceann an Department of Law Enforcement sa Ministry of Internal Affairs, ba é a bhí freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir na fórsaí póilíneachta tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe gabhálacha treallacha agus drochíde,, lena n-áirítear céasadh ar léirsitheoirí síochánta, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Leas-Cheannaire ar mhílíste poiblí de chuid an Academy of the Ministry of Internal Affairs agustá grád Coirnéal Póilíní aige fós.

17.12.2020

73.

Dzmitry Mikalaevich SHUMILIN

Dmitry Nikolayevich SHUMILIN

Дзмiтрый Мiкалаевiч ШУМIЛIН

Дмитрий Николаевич ШУМИЛИН

Post/Poist: Leas-Cheann an Directorate for the Protection of Law and Order and Prevention, iar-Leas-Cheann department for mass events de GUVD (Main Department of Internal Affairs) de Minsk City Executive Committee

Dáta breithe: 26.7.1977

Inscne: fireann

Sa phost a bhí aige mar Leas-Cheann an department for mass events de GUVD de Minsk City Executive Committee, ba é a bhí freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir fearas áitiúil tar éis thoghcháin uachtaránachta 2020, go hárithe gabhálacha treallacha agus drochíde, lena n-áirítear céasadh ar léirsitheoirí síochánta,, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu.

Tá sé doiciméadaithe gurb é féin go pearsanta a ghlac páirt i gcoinneáil neamhdhleathach léirsitheoirí síochánta.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Leas-Cheann Directorate for the Protection of Law and Order and Prevention de chuid GUVD (Main Department of Internal Affairs) de Minsk City Executive Committee.

17.12.2020

75.

Siarhei Leanidavich KALINNIK

Sergei Leonidovich KALINNIK

Сяргей Леанiдавiч КАЛИННИК

Сергей Леонидович КАЛИННИК

Post/Poist: IarChoirnéal Póilíní, Ceannaire an Soviet District Police Department of Minsk

Dáta breithe: 23.7.1979

Inscne: fireann

Sa phost a bhí aige mar Cheannaire an Soviet District Police Department of Minsk, ba é a bhí freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an fórsa póilíneachta áitiúil faoina cheannaireacht tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe gabhálacha treallacha agus drochíde, lena n-áirítear céasadh ar léirsitheoirí síochánta, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu.

De réir finnéithe, rinne sé féin maoirseacht agus ghlac sé páirt go pearsanta i gcéasadh agóideoiría coinníodh go neamhdhleathach.

17.12.2020

78.

Aliaksandr Aliaksandravich PIETRASH

Alexander (Alexandr) Alexandrovich PETRASH

Аляксандр Аляксандравiч ПЕТРАШ

Александр Александрович ПЕТРАШ

Poist: Cathaoirleach an Tsentralny District Court in Minsk, iarChathaoirleach ar an Moskovski district court in Minsk

Dáta breithe: 16.5.1988

Inscne: fireann

Sa phost a bhí aige mar chathaoirleach an Moskovski district court in Minsk, ba é a bhí freagrach as roinnt mhaith rialuithe polaitiúla i gcoinne iriseoirí, cheannairí an fhreasúra, gníomhaithe agus agóideoirí. Rinneadh sáruithe ar chearta na gcúisithe agus bhíothas ag brath ar ráitis ó fhinnéithe bréagacha le linn na dtrialacha a rinneadh faoina mhaoirseacht.

Bhí ról lárnach aige in agóideoirí, iriseoirí agus ceannairí an fhreasúra a choinneáil agus fíneáil a ghearradh orthu tar éis thoghchán uachtaránachta 2020.

Dá bhrí sin, is é atá freagrach as sáruithe ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint den smacht reachta mar aon leis an gcos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Chathaoirleach an Tsentralny District Court in Minsk.

17.12.2020

85.

Yulia Chaslavauna HUSTYR

Yulia Cheslavovna HUSTYR

Юлiя Чаславаўна ГУСТЫР

Юлия Чеславовна ГУСТЫР

Poist: dlíodóir ag legal aid office den Kastrychnitski district in Minsk, iar-Bhreitheamh den Central district court in Minsk

Dáta breithe: 14.1.1984

Inscne: baineann

Sa phost a bhí aici mar bhreitheamh sa Central district court in Minsk, ba í a bhí freagrach as roinnt mhaith rialuithe polaitiúla i gcoinne iriseoirí, cheannairí an fhreasúra, gníomhaithe agus agóideoirí, go háirithe as an bpianbreith arna forchur ar Viktar Babarika a bhí ina iarrthóir don uachtaránacht. Rinneadh sáruithe ar chearta na gcúisithe le linn na dtrialacha a rinneadh faoina maoirseacht.

Dá bhrí sin, is í atá freagrach as sáruithe ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint den smacht reachta mar aon leis an gcos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

Tá sí gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar dhlíodóir ag legal aid office den Kastrychnitski district in Minsk.

17.12.2020

87.

Aliaksandr Vasilevich SHAKUTSIN

Aleksandr Vasilevich SHAKUTIN

Аляксандр Васiльевiч ШАКУЦIН

Александр Васильевич ШАКУТИН

Post/Poist: Fear gnó, cathaoirleach bhord stiúrthóirí Amkodor holding, scairshealbhóir in SV Maschinen GmbH, UAB EM System, Anulatrans SIA, Amkodor-Tsentr, OOO Iskamed, OOO PMI Inzhiniring,

Dáta breithe: 12.1.1959

Áit bhreithe: Bolshoe Babino, Orsha Rayon, Vitebsk/Viciebsk Region/Oblast, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Tá sé ar cheann de na fir ghnó cheannródaíocha a oibríonn sa Bhealarúis, agus tá leasanna gnó aige san earnáil tógála, tógála innealra, talmhaíochta agus in earnálacha eile.

Tuairiscítear gurb é duine de na daoine is mó a thairbhigh as príobháidiú le linn sheal Lukashenka mar Uachtarán. Tá sé ina iarchomhalta de phraesaidiam an chomhlachais phoiblí atá ar son Lukashenka ‘Belaya Rus’ agus ina iarchomhalta den Council for the Development of Entrepreneurship in the Republic of Belarus.

I mí Iúil 2020, cháin sé go poiblí agóidí an fhreasúra sa Bhealarúis, agus ar an gcaoi sin thacaigh sé le beartas cos ar bolg de chuid réimeas Lukashenka i leith agóideoirí síochánta, an fhreasúra dhaonlathaigh agus na sochaí sibhialta.

Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an gceangal atá aige le réimeas Lukashenka agus as an tacaíocht a thugann sé don réimeas.

Tá leasanna gnó i gcónaí aige sa Bhealarúis.

17.12.2020

89.

Natallia Mikhailauna BUHUK

Natalia Mikhailovna BUGUK

Наталля Мiхайлаўна БУГУК

Наталья Михайловна БУГУК

Poist: breitheamh de Minsk City Court, iarbhreitheamh de Fruzensky district court in Minsk

Dáta breithe: 19.12.1989

Áit bhreithe: Minsk, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Sa phost a bhí aici mar bhreitheamh sa Fruzensky district court in Minsk, bhí Natallia Buhuk freagrach as roinnt mhaith rialuithe dar siocair an pholaitíocht gcoinne iriseoirí agus agóideoirí, go háirithe as an bpianbhreith arna forchur ar Katsiaryna Bakhvalava (Andreyeva) agus Darya Chultsova. Tuairiscíodh sáruithe ar chearta na gcúisithe chun cosanta agus chun triail chóir a fháil le linn na dtrialacha a rinneadh faoina maoirseacht.

Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar bhreitheamh de Minsk City Court.

21.6.2021

90.

Alina Siarhieeuna KASIANCHYK

Alina Sergeevna KASYANCHYK

Алiна Сяргееўна КАСЬЯНЧЫК

Алина Сергеевна КАСЬЯНЧИК

Poist: ionchúisitheoir ag Minsk City Prosecutor’s Office, iar-ionchúisitheoir cúnta ag Frunzensky District Court in Minsk

Dáta breithe: 12.3.1998

Áit bhreithe:

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Sa phost a bhí aici mar ionchúisitheoir cúnta sa Frunzensky district court in Minsk, rinne Alina Kasianchyk ionadaíocht ar réimeas Lukashenka i gcásanna dar siocair an pholaitíocht i gcoinne iriseoirí, gníomhaithe agus agóideoirí. Go háirithe, d’ionchúisigh sí na hiriseoirí Katsiaryna Bakhvalava (Andreyeva) agus Darya Chultsova as agóidí síochánta a thaifeadadh, bunaithe ar chúisimh a bhain le ‘comhcheilg’ agus ‘an t-ord poiblí a shárú’, cúisimh a bhí gan forais. D’ionchúisigh sí comhaltaí de shochaí shibhialta na Bealarúise freisin e.g. as páirt a ghlacadh in agóidí síochánta, agus as ómós a thabhairt don agóideoir a dúnmharaíodh, Aliaksandr Taraikousky. D’iarr sí go leanúnach ar an mbreitheamh pianbhreitheanna príosúnachta fadtéarmacha a ghearradh.

Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar ionchúisitheoir de Minsk City Prosecutor’s Office.

21.6.2021

104.

Andrei Vaclavavich HRUSHKO

Andrei Vatslavovich GRUSHKO

Андрэй Вацлававiч ГРУШКО

Андрей Вацлавович ГРУШКО

Post: Leas-Chathaoirleach ar Leninsky District Court of Brest, iarbhreitheamh de Leninsky District Court of Brest

Dáta breithe: 24.1.1979

Áit bhreithe:

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar bhreitheamh sa Leninsky District Court of Brest, tá Andrei Hrushko freagrach as an roinnt mhaith rialuithe dar siocair an pholaitaíocht i gcoinne agóideoirí síochánta, go háirithe as pianbhreith a fhorchur ar ghníomhaithe, a aithnítear a bheith ina bpríosúnaigh pholaitiúla, agus ar mhionaoisigh.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go mór den smacht reachta mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

Tá sé ina Leas-Chathaoirleach ar Leninsky District Court of Brest faoi láthair.

21.6.2021

123.

Aliaksandr Yauhenavich SHATROU

Alexander (Alexandr) Evgenevich SHATROV

Аляксандр Яўгенавiч ШАТРОЎ

Александр Евгеньевич ШАТРОВ

Post/Poist: Fear gnó, scairshealbhóir agus iarcheann Synesis LLC

Dáta breithe: 9.11.1978

Áit bhreithe: iarUSSR (Russian Federation anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Rúiseach, Bealarúiseach

Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3091178A002VF5

Ina cháil mar iarcheann agus iar-scairshealbhóir is mó Synesis LLC, bhí Alexander Shatrov freagrach as cinneadh nacuideachta sin ardán faireachais a chur ar fáil do na húdaráis Bhealarúiseacha, Kipod, atá in ann cuardach aus anailís a dhéanamh ar fhís-scannán agus bogearraí aghaidh-aitheanta a úsáid. Dá bhrí sin, tá sé ag rannchuidiú leis an gcos ar bolg atá á déanamh ag fearas an stáit ar an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach. Maíonn Synesis gur stad sé den ardán Kipod a chur ar fáil d’údaráis na Bealarúise, ach de réir tuarascálacha ByPOL tá Kipod fós in úsáid ag gníomhaireachtaí slándála an stáit.

Tá Synesis ar cheann de na cónaitheoirí in Hi-Tech Park, arna chruthú le foraithne Aliaksandr Lukashenka, agus dá réir sin bíonn sochair iomadúla aige, lena n-áirítear díolúintí ó cháin ioncaim, CBL, dleacht eischósta, dleachtanna custaim agus eile.

Thairbhigh Synesis LLC agus a fhochuideachta, Panoptes, dá rannpháirtíocht sa Republican Safety Monitoring System. Cuideachtaí eile a bhí faoi úinéireacht nó faoi chomhúinéireacht Shatrov, mar shampla BelBet agus Synesis Sport, tairbhíonn siad freisin de chonarthaí rialtais.

Rinne sé ráitis phoiblí inar cháin sé iad siúd a bhí ag agóid i gcoinne réimeas Lukashenka agus lenar léirigh sé an easpa daonlathais sa Bhealarúis. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an gceangal atá aige le réimeas Lukashenka agus tacaíonn sé leis an réimeas.

Tá sé ina scairshealbhóir go fóill de Synesis LLC.

21.6.2021

125.

Mikhail Safarbekovich GUTSERIEV

Микаил (Михаил) Сафарбекович ГУЦЕРИЕВ

Post/Poist: Fear gnó, scairshealbhóir agus cathaoirleach bhord feidhmeannach Slavkali cathaoirleach bhord stiúrthóirí agus scairshealbhóir de chuid JSC Mospromstroi, Industrial Financial Group Safmar JSC, LLC Proekt Grad.

Comhalta de bhord stiúrthóirí agus scairshealbhóir JSC NKNeftisa

Dáta breithe: 9.5.1958

Áit bhreithe: Akmolinsk, iarUSSR (Kazakhstan anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Rúiseach

Is fear gnó Rúiseach mór le rá é Mikhail Gutseriev, agus leasanna gnó aige sa Bhealarúis in earnáil an fhuinnimh, earnáil na potaise, earnáil an fháilteachais agus in earnálacha eile. Tá seanaithne aige ar Aliaksandr Lukashenka agus a bhuí leis an nasc sin, charnaigh sé saibhreas suntasach agus tá sé in ann tionchar a imirt i measc scothaicme pholaitiúil na Bealarúise. Ba é Safmar, cuideachta a bhí á rialú ag Gutseriev, an t-aon ghnólacht ola Rúiseach a lean d’ola a sholáthar do scaglanna na Bealarúise le linn na géarchéime fuinnimh idir an Bhealarúis agus an Rúis go luath in 2020.

Thacaigh Gutseriev le Lukashenka i ndíospóidí leis an Rúis faoi sheachadtaí ola freisin. Bhí Gutseriev ina chathaoirleach ar bhord stiúrthóirí cuideachta Slavkali agus ina scairshealbhóir i gcuideachta Slavkali, comhlacht é a bhfuil an mhonarcha mianadóireachta agus próiseála clóiríde potaisiam, Nezhinsky, á tógáil aige bunaithe ar fhosú salainn potaise, Starobinsky, gar do Lyuban. Is í an infheistíocht is mó atá déanta sa Bhealarúis, infheistíocht dar luach USD 2 bhilliún. Gheall Lukashenka go n-athbhaistfí baile Lyuban ‘Gutserievsk’ in ómós dó.

I measc na ngnóthaí eile a bhí aige sa Bhealarúis, bhí stáisiúin pheitril agus iostaí ola, óstán, lárionad gnó agus críochfort aerfoirt i Mionsc. Chosain Lukashenka Gutseriev nuair a tionscnaíodh imscrúdú coiriúil ina choinne sa Rúis. Ghabh Lukashenka buíochas le Gutseriev freisin as na rannchuidithe airgeadais le carthanacht agus as na billiúin dollar a infheistiú sa Bhealarúis. Tuairiscítear gur thug Gutseriev bronntanais ghalánta do Lukashenka.

Dhearbhaigh Gutseriev freisin gurb úinéir d’áit chónaithe ar le Lukashenka de facto i, agus eisean á cheilt dá bharr nuair a thosaigh iriseoirí ag imscrúdú sócmhainní Lukashenka. D’fhreastail Gutseriev ar oirniú rúnda Lukashenka an 23 Meán Fómhair 2020. I mí Dheireadh Fómhair 2020, bhí Lukashenka agus Gutseriev araon i láthair ag oscailt eaglaise ceartchreidmhí a ndearna Gutseriev urraíocht uirthi.

De réir na dtuairiscí ó na meáin, nuair a tugadh bata agus bóthar d’fhostaithe sna meáin faoi úinéireacht stáit na Bealarúise i mí Lúnasa 2020, cuireadh oibrithe sna meáin Rúiseacha ar eitleán de chuid Gutseriev chun áit na n-oibrithe ar tugadh bata agus bóthair dóibh, agus tugadh lóistín dóibh in Minsk Renaissance Hotel, ar le Gutseriev é. Chuidigh Gutseriev le scanóirí CT a fháil don Bhealarúis le linn ghéarchéim COVID-19. Dá bhrí sin, tá Mikhail Gutseriev ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis an réimeas.

21.6.2021

129.

Aleh Mikalaevich, BELIAKOU

Oleg Nikolaevich BELIAKOV

Алег Мiĸалаевiч БЕЛЯКОЎ

Олег Ниĸолаевич БЕЛЯКОВ

Post: Ceannaire ar Department of ideological work and personnel support ag an Ministry of Internal Affairs of Belarus, iar-Leas-Cheannaire ar an Penal Correction Department den Ministry of Internal Affairs

Dáta breithe:

Áit bhreithe:

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Sa phost a bhí aige mar Leas-Cheannaire den Penal Correction Department of the Ministry of Internal Affairs, a bhfuil údarás aici ar shaoráidí coinneála, bhí Aleh Beliakou freagrach as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céasadh, a tugadh sna saoráidí coinneála sin ar shaoránaigh a ghlac páirt in agóidí síochánta agus a coinníodh sna saoráidí coinneála sin i ndiaidh thoghchán uachtaránachta 2020, i gcomhréir le haitheasc Lukashenko chuig oifigigh an Interior Ministry.

Ina phost, tá sé freagrach as na dálaí coinneála sna príosúin sa Bhealarúis, lena n-áirítear príosúnaigh a chatagóiriú, a fhreagraíonn do na chineálacha eagsúla drochíde agus céasta a thugtar dóibh, amhail íde béil, leithlisiú pionósach, gan glaonna nó cuairteanna a cheadú, ciorrú, greadadh agus céasadh brúidiúil.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Cheannaire den Department of ideological work and personnel support den Ministry of Internal Affairs of Belarus.

21.6.2021

131.

Andrei Mikalaevich DAILIDA

Andrei Nikolaevich DAILIDA

Андрэй Мiкалаевiч ДАЙЛIДА

Андрей Ниĸолаевич ДАЙЛИДА

Post: Ceannaire Rear Support Department ag Ministry of Internal Affairs of Belarus, iar-Leas-Cheannaire ar an Penal Correction Department den Ministry of Internal Affairs

Dáta breithe: 01.7.1974

Áit bhreithe:

Pas: KH2133825

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Sa phost a bhí aige mar Leascheannaire den Penal Correction Department of the Ministry of Internal Affairs, ag a bhfuil údarás ar shaoráidí coinneála, bhí Andrei Dailida freagrach as an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céasadh, a tugadh sna saoráidí coinneála sin ar shaoránaigh a ghlac páirt in agóidí síochánta agus a coinníodh sna saoráidí coinneála sin i ndiaidh thoghchán uachtaránachta 2020, i gcomhréir le haitheasc Lukashenko chuig oifigigh an Interior Ministry.

Ina phost, tá sé freagrach as na dálaí coinneála sna príosúin sa Bhealarúis, lena n-áirítear príosúnaigh a chatagóiriú, a fhreagraíonn do chineálacha éagsúla drochíde agus céasta a thugtar dóibh, amhail íde béil, leithlisiú pionósach, gan glaonna nó cuairteanna a cheadú, ciorrú, greadadh, céasadh brúidiúil. As ucht a chuid oibre mar Deputy head of the Penal Correction Department of the Ministry of Internal Affairs, fuair sé, i mí na Nollag 2020, Suaitheantas an Uachtaráin as seirbhís don Mháthairthír agus bhain sé tairbhe as réimeas Lukashenka dá bhrí sin.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Cheannaire Rear Support Department ag Ministry of Internal Affairs of Belarus.

21.6.2021

179.

Andrei Andreevich PRAKAPUK

Andrey Andreevich PROKOPUK

Андрэй Андрэевiч ПРАКАПУК

Андрей Андреевич ПРОКОПУК

Post: Stiúrthóir ar an Republican Unitary Enterprise ‘Brest Centre for Standardization, Metrology and Certification’, iar-Leas-Stiúrthóir ar Financial Investigations Department of the State Control Committee of the Republic of Belarus

Coirnéal den Financial Police

Dáta breithe: 22.7.1973

Áit bhreithe: Kobrin, Brest region, Belarus

Seoladh: 22 Mira St., apt. 88, Priluki, Minsk Region, Belarus

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3220773C061PB1

Sa phost a bhí aige mar Leas-Stiúrthóir Financial Investigations Department of the State Control Committee of the Republic of Belarus, bhí Andrei Prakapuk freagrach as feachtais arbh í an pholaitaíocht ba shiocair leo ón roinn sin i gcoinne iriseoirí agus eagraíochtaí neamhspleácha na meán de chuid na Bealarúise. D’fhormheas sé go pearsanta cinneadh chun áitreabh eagraíocht na meán TUT.by a chuardach, agus thionscain sé cás cúirte i gcoinne TUT.by agus i gcoinne na n-iriseoirí a fhostaíonn TUT.by, agus bhlocáil sé rochtain ar shuíomh gréasáin TUT.by.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Stiúrthóir ar Republican Unitary Enterprise ‘Brest Center for Standardization, Metrology and Certification’.

2.12.2021

195.

Ivan Ivanavich GALAVATYI

Ivan Ivanovich GOLOVATY

Iван Iванавiч ГАЛАВАТЫ

Иван Иванович ГОЛОВАТЫЙ

Post/Poist: Ard-Stiúrthóir an Open Joint Stock Company ‘Belaruskali’, Cathaoirleach bhord maoirseachta JSC Belarussian Potash Company.

Comhalta den Standing Committee of the Council of the Republic of the National Assembly of the Republic of Belarus for Foreign Affairs and National Security

Dáta breithe: 15.6.1976

Áit bhreithe: Pogost Settlement, Soligorsk District, Minsk Province, Belarus

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Is é Ivan Galavatyi Ard-Stiúrthóir Belaruskali, fiontar faoi úinéireacht stáit, ar foinse mhór ioncaim agus airgeadra eachtraigh é do réimeas Lukashenka. Is comhalta é den Council of the Republic agus den National Assembly agus tá poist arda eile aige freisin sa Bhealarúis. Thairis sin, tá sé ina Chathaoirleach ar bhord maoirseachta JSC Belarussian Potash Company. Fuair sé an iliomad gradam stáit, lena n-áirítear gradaim ó Aliaksandr Lukashenka go díreach, le linn a ghairme. Bhí dlúthbhaint aige le Lukashenka agus baill dá theaghlach. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe réimeas Lukashenka agus tacaíonn sé leis.

Baineadh préimheanna d’fhostaithe Belaruskali a ghlac páirt i stailceanna agus agóidí síochánta i ndiaidh thoghcháin chalaoiseacha uachtaránachta Lúnasa 2020 agus ligeadh chun bealaí iad. Bhagair Lukashenka féin go pearsanta go gcuirfí mianadóirí ón Úcráin in ionad na bhfostaithe a chuaigh ar stailc. Tá Ivan Golovatyi freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.

3.6.2022’

(2)

I dTábla ‘B. Daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)’ cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 5 agus 29:

 

Ainmneacha

(Traslitriú an litrithe Bealarúisise)

(Traslitriú an litrithe Rúisise)

Ainmneacha

(litriú Bealarúisise)

(litriú Rúisise)

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

‘5.

SYNESIS LLC

ООО “Синезис"

Seoladh: 220005, Minsk, Platonova 20B Belarus; Mantulinskaya 24, Moscow 123100, Russia.

Cláruimhir: (УНН/ИНН): 190950894 (an Bhealarúis); 7704734000/

770301001 (Russia).

Suíomh gréasáin: https://synesis.partners; https://synesis-group.com/

Teil. Facs +375 (17) 240-36-50

Seoladh ríomhphoist:

Chuir Synesis LLC ardán maoirseachta Kipod ar fáil d’údaráis na Bealarúise, ardán é atá in ann cuardach agus anailís a dhéanamh ar fhís-scannán agus bogearraí aghaidh-aitheanta a úsáid, agus mar sin, tá an chuideachta freagrach as an gcos ar bolg atá á imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra ag an bhfearas stáit sa Bhealarúis. Liostaíodh Belarusian State Security Committee (KGB) agus an Ministry of Internal Affairs mar úsáideoirí córais a chruthaigh Synesis.

Maíonn Synesis gur stad sé den ardán Kipod a chur ar fáil d’údaráis na Bealarúise, ach de réir tuarascálacha ByPOL tá Kipod fós in úsáid ag gníomhaireachtaí slándála an stáit.

Tá Synesis ar cheann de na cónaitheoirí in Hi Tech Park, arna cruthú le foraithne Aliaksandr Lukashenka trí fhoraithne a eisiúint, agus dá réir sin bíonn sochair iomadúla aige, lena n-áirítear díolúintí ó cháin ioncaim, CBL, dleacht eischósta, dleachtanna custaim agus eile.

Mar sin, tá an chuideachta ag baint tairbhe as an gceangal atá aige le réimeas Lukashenka agus tá sí ag tacú leis.

17.12.2020

29.

An chuideachta chomhstoic ‘Belarusian Potash Company’

ААТ ‘Беларуская калiйная кампанiя’

ОАО ‘Белорусская калийная компания’

Seoladh: 35 Masherova Ave., 220002 Minsk, an Bhealarúis

Dáta clárúcháin: 13.9.2013

Cláruimhir: 192050251

Teil. +375 (17)-309-30-10; Facs +375 (17) 309-30-30

Seoladh ríomhphoist: info@belpc.by

Is JSC Belarusian Potash Company a dhéanann an t-onnmhairiú do Belaruskali, táirgeoir potaise stát na Bealarúise. Is ceann de na foinsí is mó ioncaim do réimeas Lukashenka é Belaruskali. Is ionannsoláthairtí ó Belarus Potash Company agus 20 % d’onnmhairithe potaise domhanda.

Ráthaigh an stát cearta monaplachta Belarusian Potash Company chun leasacháin photaisiam a onnmhairiú. Tuilleann an chuideachta ioncam suntasach a bhuí le cóir fhabhrach ó údaráis na Bealarúise. Dá bhrí sin, tá JSC Belarusian Potash Company ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus tacaíonn sé leis.

3.6.2022”.