24.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 59/30


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/417 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Feabhra 2023

lena nglactar le hiarraidh arna cur isteach ag an Ísiltír agus ag an nGearmáin, de bhun Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le neamhchur i bhfeidhm sealadach phointe 4.2.5.1. “Cumarsáid raidió leis an traein” agus phointe 4.2.8. “Bainistiú eochracha” den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 ón gCoimisiún, i gcás na n-ocht dtraein dhoscartha FLIRT3 EMU3 Limburg MS (L-435)

(A bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1154)

(Na téacsanna Ollainnise agus Gearmáinise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (1), agus Airteagal 7(4) de go háirithe,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Iúil agus an 20 Iúil 2022, faoi seach, chuir an Ísiltír agus an Ghearmáin iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin, maidir le neamhchur i bhfeidhm sealadach phointe 4.2.5.1. “Cumarsáid raidió leis an traein” agus phointe 4.2.8. “Bainistiú eochracha” den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 ón gCoimisiún (2), i gcás na n-ocht bhfeithicil FLIRT3 EMU3 Limburg MS (L-435) (na “traenacha doscartha”) arna soláthar ag an monaróir Stadler don oibreoir Arriva. Tá na hiarrataí sin bunaithe ar Airteagal 7(1), pointe (c), de Threoir (AE) 2016/797 lena bhforáiltear go bhféadfaí neamhchur i bhfeidhm a bheith ann mar gheall ar an mbaol go gcuirfí isteach ar inmharthanacht eacnamaíoch an tionscadail. Úsáidtear na traenach doscartha sin chun seirbhísí a chur ar fáil idir Maastricht (an Ísiltír), Heerlen (an Ísiltír) agus Aachen (an Ghearmáin).

(2)

Bhí na hocht dtraein dhoscartha céanna, FLIRT3 EMU3 Limburg MS (L-435), ina n-ábhar cinnidh cheana, is é sin Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 5081 final ón gCoimisiún (3). Leis an gcinneadh cur chun feidhme sin, ghlac an Coimisiún leis an iarraidh ón Ísiltír gan pointe 7.4.2.1. den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 a chur i bhfeidhm go sealadach, pointe lena ndéantar foráil maidir le suiteáil threalamh Bhonnlíne 3 an Chórais Eorpaigh um Rialú Traenacha (ETCS) (4) i bhfeithiclí atá ceaptha le haghaidh oibríochtaí ar chonairí chroíghréasán TEN-T. Glacadh leis an neamhchur i bhfeidhm sealadach ar bhonn Airteagal 7(1), pointe (c), de Threoir (AE) 2016/797 ina dtagraítear don easpa inmharthanachta eacnamaíoch maidir le huasghrádú a dhéanamh chun trealamh ar bord an Chórais Eorpaigh um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS) a shuiteáil i gcomhréir iomlán le Rialachán (AE) 2016/919.

(3)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 5081 final, deonaíodh an neamhchur i bhfeidhm sealadach go dtí an 31 Márta 2022, agus an fhéidearthacht ann go gcuirfeadh údarás náisiúnta sábháilteachta na hÍsiltíre síneadh leis an tréimhse neamhchur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2022, más gá sin ar chúiseanna nach dtagann faoi fhreagracht úinéir nó mhonaróir na dtraenacha doscartha, agus arna iarraidh sin do cheachtar acu.

(4)

Ar bhonn oibleagáid údaráis na hÍsiltíre faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 5081 final faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn úinéir agus mhonaróir na dtraenacha doscartha a mhéid a bhaineann lena n-oibleagáid na hocht dtraein dhoscartha a thabhairt i gcomhréir iomlán le ERTMS ar bord, d’údaraigh údarás náisiúnta sábháilteachta na hÍsiltíre an síneadh leis an tréimhse neamhchur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2022.

(5)

Dá bhrí sin, tá na hocht dtraein dhoscartha lena mbaineann feistithe le córais aicme B faoi láthair, ós rud é gur chinn an t-úinéir suiteáil Bhonnlíne 2 a chur siar agus iad a uasghrádú go díreach go Bonnlíne 3 faoi dheireadh 2022, ar bhonn Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 5081 final.

(6)

A mhéid a bhaineann leis an iarraidh seo ar neamhchur i bhfeidhm sealadach phointe 4.2.5.1. agus phointe 4.2.8. den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919, an fhaisnéis a sholáthair údaráis na hÍsiltíre agus na Gearmáine i gcomhréir le hAirteagal 7(4) de Threoir (AE) 2016/797, chuir an fhaisnéis sin ar a chumas don Choimisiún a anailís a dhéanamh.

(7)

Bhí moill ar an tionscadal chun na hocht dtraein dhoscartha a uasghrádú go trealamh Bhonnlíne 3 ETCS ar bord sa chéad bhliain den tionscadal, go príomha mar gheall ar fhachtóirí seachtracha nach raibh ach smacht teoranta ag an monaróir orthu. Ar na cúiseanna leis na moilleanna, ní dhearnadh uasghrádú ar an mbonneagar go Bonnlíne 3 ETCS, bhí doiléire ann maidir leis na riachtanais chun cineál an chórais Aicme B a chur chun feidhme, agus bhí tionchar ag COVID-19 ar chinnteoireacht agus ar chumarsáid idir na páirtithe leasmhara.

(8)

Chun na moilleanna a chúiteamh agus chun leanúint de bheith ag oibriú na dtraenacha, ghlac údaráis na hÍsiltíre agus na Gearmáine leis an iarraidh ón monaróir an dá fheidhm “lascadh paicéad GPRS” agus “bainistiú eochracha ar líne” a bhaint go sealadach ó shonraíochtaí na dtraenacha doscartha agus féachaint an bhféadfaí srian nó coinníoll úsáide a chur i bhfeidhm chun an dá fheidhm a chúiteamh. Ach an dá fheidhm theicniúla, mar atá lascadh paicéad GPRS agus bainistíocht eochracha ar líne, is dlúthchuid de Bhonnlíne 3 ETCS iad. Is cuid de na ceanglais faoi phointe 4.2.5.1. “Cumarsáid raidió leis an traein” é lascadh paicéad GPRS agus is cuid de na ceanglais faoi phointe 4.2.8. “Bainistiú eochracha” den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 é bainistiú eochracha ar líne. Dá bhrí sin, dá bhfaighfí réidh leis an dá fheidhm sin ní chomhlíonfaí Rialachán (AE) 2016/919.

(9)

Mar sin de, mura dtabharfaí maolú ar Bhonnlíne 3 ETCS a chur i bhfeidhm ina iomláine, bheadh gá ann deireadh a chur le hoibriú na dtraenacha doscartha. Tá saintréithe sonracha ag na traenacha doscartha, mar atá trí chóras soláthair cumhachta (1,5 kV, 3 kV agus 15 kV) agus trí chóras rialaithe traenach Aicme B (ATB, TBL1+, agus PZB). Traenacha doscartha a bhfuil na tréithe sin nó tréithe den chineál céanna acu, atá údaraithe le bheith ag rith san Ísiltír agus sa Ghearmáin, níl siad ar fáil ar an margadh faoi láthair. Mar sin de, ní féidir traenacha doscartha ar léas a chur ina n-ionad ar bhonn sealadach. Dá bharr sin, níor mhór busanna a chur in ionad na dtraenacha doscartha, rud a mbeadh tionchar eacnamaíoch aige ó thaobh ioncam caillte agus na gcostas ard díreach a bhaineann le seirbhís mhalartach iompair de bhóthar, agus ní hamháin sin ach a mbeadh tionchar diúltach socheacnamaíoch aige freisin ar chustaiméirí Arriva, agus a bheadh ina chúis le muinín na bpaisinéirí san oibreoir a chailleadh mar gheall ar an gcur isteach ar an tseirbhís.

(10)

I gcomhréir le hAirteagal 7(4) de Threoir (AE) 2016/797, chuir na hiarratasóirí in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh an mhoill ar chur chun feidhme an dá fheidhm difear don tsábháilteacht agus don idir-inoibritheacht, ós rud é go meastar nach dtabharfar an dá fheidhm isteach taobh riain roimh 2026 agus go bhfuil Bonnlíne 3 ETCS ar bord go hiomlán comhoiriúnach leis an gcomharthaíocht taobh riain. Ina theannta sin, tá teorainn leis an tionchar atá ag neamhchur i bhfeidhm an dá fheidhm, ós rud é nach mbeidh na traenacha doscartha ag dul ach idir Aachen agus Maastricht.

(11)

Dá bhrí sin, chun nach gcuirfear isteach ar sheirbhísí iarnróid idir-réigiúnacha fad agus atáthar ag fanacht ar shuiteáil an trealaimh ERTMS atá in easnamh, ba cheart a mheas go bhfuil an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 7(1), pointe (c), de Threoir (AE) 2016/797 comhlíonta agus ba cheart an maolú ar phointe 4.2.5.1. agus ar phointe 4.2.8. den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 a dheonú go dtí an 31 Nollaig 2024.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Threoir (AE) 2016/797,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Glactar leis an iarraidh ó Ríocht na hÍsiltíre agus ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine maidir le gan pointe 4.2.5.1. “Cumarsáid raidió leis an traein” agus pointe 4.2.8. “Bainistiú eochracha” den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 ón gCoimisiún a chur i bhfeidhm i gcás na n-ocht dtraein dhoscartha “FLIRT3 EMU3 MS Limburg (L-435)”, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2.

Airteagal 2

Cuirfidh Ríocht na hÍsiltíre agus Poblacht Chónaidhme na Gearmáine an Coimisiún ar an eolas faoin 31 Márta 2023 faoi na hoibreacha atá sceidealaithe chun pointe 4.2.5.1. agus pointe 4.2.8. den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 a chur chun feidhme, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoina gcur chun feidhme iarbhír faoin 31 Nollaig 2024.

Airteagal 3

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo laistigh de theorainneacha geografacha ghréasáin iarnróid na hÍsiltíre agus na Gearmáine.

Airteagal 4

Is chuig Ríocht na hÍsiltíre agus chuig Poblacht Chónaidhme na Gearmáine a dhírítear an Cinneadh seo.

Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2024.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Feabhra 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Adina-Ioana VĂLEAN

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 138, 26.5.2016, lch. 44.

(2)  Rialachán (AE) 2016/919 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2016 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le fochórais “um rialú agus ceannas agus um chomharthaíocht” an chórais iarnróid san Aontas Eorpach (IO L 158, 15.6.2016, lch. 1).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 5081 final ón gCoimisiún an 29 Iúil 2020 lena nglactar le hiarraidh arna cur isteach ag an Ísiltír, de bhun Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le gan pointe 7.4.2.1. den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 ón gCoimisiún a chur i bhfeidhm i gcás na n-ocht dtraein dhoscartha FLIRT3 EMU3 Limburg MS (L-435).

(4)  Tábla A 2.2. agus Tábla A 2.3. d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 ón gCoimisiún.