24.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 59/13


CINNEADH (AE) 2023/413 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Feabhra 2023

a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhse na teidlíochta i ndáil le comhléiriúcháin chlosamhairc mar a fhoráiltear in Airteagal 5 den Phrótacal maidir le Comhar Cultúrtha a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2015/2169 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (1), agus go háirithe Airteagal 3(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 1 Deireadh Fómhair 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2015/2169.

(2)

Leis an bPrótacal maidir le Comhar Cultúrtha (2) (“an Prótacal”), atá i gceangal leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (3) (“an Comhaontú Saorthrádála”), bunaítear an creat ina bhfuil na Páirtithe le comhoibriú chun malartuithe a éascú maidir le gníomhaíochtaí cultúrtha, earraí agus seirbhísí, lena n-áirítear san earnáil closamhairc.

(3)

Áirítear go heisceachtúil sa Phrótacal forálacha maidir le teidlíocht i ndáil le comhléiriúcháin chlosamhairc chun tairbhe a bhaint as na scéimeanna faoi seach atá forchoimeádta i bprionsabal do thíortha i mbéal forbartha a bhfuil tionscail chlosamhairc atá i mbéal forbartha acu.

(4)

De bhun na bhforálacha sin den Phrótacal, tar éis thréimhse tosaigh 3 bliana, táthar le tréimhse na teidlíochta sin a athnuachan go ceann tréimhsí leantacha eile den fhad céanna, mura gcuireann Páirtí deireadh leis an teidlíocht trí fhógra i scríbhinn a thabhairt 3 mhí ar a laghad sula rachaidh an tréimhse tosaigh nó aon tréimhse dá héis sin in éag. I gcomhréir leis na forálacha sin, cuireadh síneadh le tréimhse na teidlíochta go deireanach go dtí an 30 Meitheamh 2023, ós rud é nár chuir aon Pháirtí deireadh léi. Tá an Coiste um Chomhar Cultúrtha (“an Coiste”) le measúnú a dhéanamh in am trátha ar éifeachtaí iarbhír an Phrótacail i ndáil le comhléiriúcháin chlosamhairc agus le bheith mar bhonn do chinneadh an Aontais maidir le síneadh a chur le tréimhse na teidlíochta ar feadh tréimhse eile trí bliana go dtí 2026 nó gan síneadh a chur léi.

(5)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2015/2169, tá an Coimisiún le fógra a thabhairt do Phoblacht na Cóiré má bhíonn sé i gceist ag an Aontas gan síneadh a chur le tréimhse na teidlíochta chun comhléiriúcháin de réir an nós imeachta a leagtar amach sa Phrótacal sin, ach amháin má aontaíonn an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, 4 mhí roimh dheireadh thréimhse na teidlíochta sin, leanúint ar aghaidh leis an teidlíocht. Má aontaíonn an Chomhairle leanúint ar aghaidh leis an teidlíocht sin, beidh an nós imeachta sin infheidhme arís ag deireadh thréimhse athnuaite na teidlíochta.

(6)

An 22 Nollaig 2022, chuathas i gcomhairle le Grúpa Comhairleach Baile an Aontais dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le síneadh a chur le tréimhse na teidlíochta mar a fhoráiltear sna forálacha maidir le teidlíocht i ndáil le comhléiriúcháin chlosamhairc.

(7)

An 7 Nollaig 2022, rinne an Coiste measúnú ar na torthaí ar chur chun feidhme na teidlíochta ó thaobh fheabhsú na héagsúlachta cultúrtha agus an chomhair chomhthairbhigh maidir le saothair chomhléirithe dá bhforáiltear sa Phrótacal.

(8)

I bhfianaise an dlúthchaidrimh uathúil agus stairiúil idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré, agus os rud é go bhféadfadh tairbhe eacnamaíoch agus cultúrtha ar an dá thaobh a bheith i gceist le comhléiriúcháin idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré, comhaontaíonn an Chomhairle le síneadh a chur le tréimhse na teidlíochta i ndáil le comhléiriúcháin chlosamhairc chun tairbhe a bhaint as scéimeanna na bPáirtithe faoi seach chun ábhar cultúrtha áitiúil/réigiúnach a chur chun cinn de réir mar a fhoráiltear sa Phrótacal. Is féidir leis an teidlíocht closamhairc deiseanna breise a chruthú do na Ballstáit uile, lena n-áirítear na Ballstáit nach raibh in ann comhléiriúcháin a fhorbairt ar bhonn déthaobhach go dtí seo.

(9)

Níor cheart an Cinneadh seo difear a dhéanamh d’inniúlachtaí an Aontais ná inniúlachtaí na mBallstát faoi seach. Go háirithe, níor cheart go ndéanfadh sé difear d’inniúlacht na mBallstát comhaontuithe comhléiriúcháin a thabhairt i gcrích,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir le tréimhse na teidlíochta chun go mbainfidh comhléiriúcháin chlosamhairc tairbhe as scéimeanna na bPáirtithe faoi seach chun ábhar cultúrtha áitiúil/réigiúnach a chur chun cinn, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 5, míreanna (4) go (7), den Phrótacal, cuirfear síneadh léi go ceann fad 3 bliana, ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2026.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Feabhra 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)   IO L 307, 25.11.2015, lch. 2.

(2)   IO L 127, 14.5.2011, lch. 1418.

(3)   IO L 127, 14.5.2011, lch. 6.