20.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 51/36


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2023/381 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Feabhra 2023

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2011/235/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (1), agus go háirithe Airteagal 3(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Aibreán 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/235/CBES.

(2)

An 25 Meán Fómhair 2022, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dearbhú thar ceann an Aontais inar cáineadh go géar úsáid fhorleathan agus dhíréireach fornirt ag fórsaí slándála na hIaráine ina gcoinne siúd a bhí páirteach san agóidíocht neamhfhoréigneach, ag tabhairt dá aire go raibh básanna mar aon le líon mór gortuithe mar thoradh air. Sonraíodh freisin sa dearbhú nach mór iad siúd atá freagrach as Mahsa Amini a mharú a thabhairt chun cuntais, agus iarradh ar údaráis na hIaráine imscrúduithe trédhearcacha inchreidte a áirithiú chun líon na ndaoine a fuair bás agus a gabhadh a shoiléiriú, gach duine a bhí páirteach san agóidíocht neamhfhoréigneach a scaoileadh saor agus próis chuí a chur ar fáil do gach duine atá á choinneáil. Ina theannta sin, cuirtear i bhfios go láidir sa dearbhú, i ndáil leis an gcinneadh a rinne an Iaráin srian mór a chur ar rochtain ar an idirlíon agus ardáin teachtaireachtaí meandracha a bhlocáil, gur sárú follasach atá ann ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Ar deireadh, luaitear sa dearbhú go ndéanfaidh an tAontas machnamh ar na roghanna uile atá ar fáil dó chun aghaidh a thabhairt ar mharú Mahsa Amini agus ar an gcaoi ar fhreagair fórsaí slándála na hIaráine do na léirsithe ina dhiaidh sin.

(3)

Sa chomhthéacs sin, agus i gcomhréir le gealltanas an Aontais aghaidh a thabhairt ar gach saincheist imní a bhaineann leis an Iaráin, lena n-áirítear staid chearta an duine, faoi mar a dhearbhaítear i gConclúidí ón gComhairle an 12 Nollaig 2022, ba cheart 32 duine agus dhá eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2011/235/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Feabhra 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 51.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine agus na heintitis seo a leanas le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES

Daoine

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“174.

ESMAEILI Mohammad Mehdi

محمد مهدی اسماعیلی

Dáta breithe: 1975

Áit bhreithe: Kabudarahang, Hamedan, Iran

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: an tAire Cultúir agus Treoraíochta Ioslamaí

Eintitis ghaolmhara: Ministry of Culture and Islamic Guidance; Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Is é Mohammad Mehdi Esmaeili Aire Cultúir agus Treoraíochta Ioslamaí na hIaráine.

20.2.2023

Faoina údarás, tá bagairt déanta ag an Aireacht ar ealaíontóirí/ceoltóirí nach gcloíonn lena mbíonn á rá ag an Rialtas go gcuirfear toirmisc taistil agus oibre orthu. Bhagair sé go pearsanta agus go poiblí gabháil agus toirmisc oibre ar scannánóirí a d’fhoilsigh ráiteas inar iarradh ar na fórsaí slándála srian a choinneáil orthu féin i gcoinne agóideoirí síochánta. Gabhadh líon suntasach ealaíontóirí agus iriseoirí faoi chúiseanna bréige ó tháinig sé chun bheith ina Aire, rud a léiríonn go ndearnadh gníomhartha diansmachtúla tar éis na mbagairtí diansmachtúla. Oibríonn Esmaeili freisin chun srian breise fiú a chur leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh trí bhille a bhrú tríd an bParlaimint a dhéanfaidh coir as comhroinnt aon fhaisnéise a meastar go gcáintear an réimeas léi nó tuairisciú a meastar go gcáintear an réimeas leis. Faoi údarás Mohammad Mehdi Esmaeili agus formheas ráite déanta aige ina leith, rinneadh neart ealaíontóirí, ceoltóirí, scannánóirí agus iriseoirí ón Iaráin a bhagairt, a ghabháil agus a ionchúiseamh ar chúiseanna bréige agus rinneadh a saoirse chun tuairimí a nochtadh a chiorrú go suntasach a thuilleadh.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

175.

NOURI Yousef

یوسف نوری

Dáta breithe: 1961

Áit bhreithe: Ilam, Iran

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: An tAire Oideachais

Eintitis ghaolmhara: Ministry of Education Iran; Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Is é Yousef Nouri Aire Oideachais na hIaráine ó mhí na Samhna 2021.

Faoina fhreagrachttá oideachas mhic léinn na hIaráine ailínithe go leanúnach le tuairimí an rialtais agus le teagasc Ayatollah Chamenei. I mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair 2022, chonacthas go raibh daltaí scoile Iaránacha á dtabhairt faoi choimeád ag fórsaí slándála agus é á líomhain go raibh baint acu le hagóidí frith-Hidseab. Ina cháil mar Aire Oideachais, tá Nouri freagrach as mic léinn a choinneáil i saoráidí ceartúcháin. Dheimhnigh Nouri gur gabhadh roinnt daltaí scoile cheana féin. Dúirt sé gur cuireadh chuig ‘institiúidí síceolaíocha’ iad a choinníonn daltaí chun iad ‘a chur ar bhealach a leasa agus a athoiliúint’ chun go gcuirtear cosc ar iompar ‘frithshóisialta’. Dúirt sé nach bhféadfadh daltaí filleadh ar an scoil ach amháin tar éis iad a ‘chur ar bhealach a leasa’.

20.2.2023

Trína bheith freagrach as coinneáil threallach mac léinn chun tuairimí frithrialtais a aisiompú, sáraíonn Nouri ceart bunúsach an duine chun oideachais trína ndíreofar an t-oideachas ar lánfhorbairt phearsantacht an duine agus ar neartú na hurraime do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

176.

KARIMI Farzin

فرزین کریمی مزلقان چای

(a.k.a. KARIMI MAZLGHANCHAY Farzin)

Dáta breithe: 7.12.1992

Áit bhreithe: Iran

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais: 0440273961

Feidhm: Comhalta de Ministry of Intelligence and Security (MOIS) de chuid na hIaráine; comhbhunaitheoir Ravin Academy

Tá Farzin Karimi ina chomhalta de Ministry of Intelligence and Security (MOIS) de chuid na hIaráine agus ina chomhbhunaitheoir de Ravin Academy atá ar liosta an Aontais Eorpaigh, eintiteas a chuireann oiliúint ar dhaoine aonair sa chibearshlándáil agus sa haiceáil, agus a earcaíonn daoine as measc na n-oiliúnaithe sin do MOIS.

Tá baint fhorleathan ag MOIS le grúpaí inmheánacha freasúra a insíothlú, le faireachán a dhéanamh ar bhagairtí intíre agus le heasaontais easaoránach agus le spiairí agus easaontóirí líomhnaithe a ghabháil.

Dá bhrí sin, tá Farzin Karimi freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

20.2.2023

177.

MOSTAFAVI Seyed Mojtaba

سید مجتبی مصطفوی

ar a dtugtar freisin (MORTAZAVI, Mojtaba; MOSTAF, Mojtaba)

Dáta breithe: 2.4.1987

Áit bhreithe: Tehran (Iran)

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Cárta Aitheantais Náisiúnta: Uimh. 0080467741 (an Iaráin)

Feidhm: comhalta de Ministry of Intelligence and Security (MOIS) de chuid na hIaráine; comhbhunaitheoir Ravin Academy

Tá Seyed Mojtaba Mostafavi ina chomhalta de Ministry of Intelligence and Security (MOIS) de chuid na hIaráine agus ina chomhbhunaitheoir de Ravin Academy atá ar liosta an Aontais Eorpaigh, eintiteas a chuireann oiliúint ar dhaoine aonair sa chibearshlándáil agus sa haiceáil, agus a earcaíonn daoine as measc na n-oiliúnaithe sin do MOIS.

Tá baint fhorleathan ag MOIS le grúpaí inmheánacha freasúra a insíothlú, le faireachán a dhéanamh ar bhagairtí intíre agus le heasaontais easaoránach agus le spiairí agus easaontóirí líomhnaithe a ghabháil.

Dá bhrí sin, tá Seyed Mojtaba Mostafavi freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

20.2.2023

178.

ESMAELI Vali

ولی اسماعیلی

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: an ceann ar Social Commission na parlaiminte

Is reachtóir agus dochtaire é Vali Esmaeli, agus is ceann é ar Social Commission pharlaimint na hIaráine.

Is duine de na 227 gcomhalta parlaiminte é a shínigh ráiteas an 6 Samhain 2022 ina moltar na forsaí slándála as agóideoirí a mharú agus ina ngríosaítearna breithiúna trialacha a bhrostú agus pionós an bháis a ghearradh ar agóideoirí trína dhearbhú gur ‘Muharebeh’ iad nó ‘naimhdeas i gcoinne Dé’. Ghlaoigh Esmaeli ‘gníomhairí eachtracha’ ar agóideoirí agus thug sé údar do sháruithe ar cheart an duine a rinne Islamic Republic of Iran. Ina cháil mar chomhalta de pharlaimint na hIaráine, thacaigh Esmaeli le marú, coinneáil agus céasadh daoine le linn na n-agóidí a bhí ann ar fud na tíre in 2022.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

20.2.2023

179.

NADERI Ahmad

احمد نادری

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: Comhalta de presidium Pharlaimint na hIaráine

Is reachtóir agus dochtaire é Ahmad Naderi, agus comhalta de presidium/bhord stiúrthóirí pharlaimint na hIaráine.

Is duine de na 227 gcomhalta parlaiminte (CP) é a shínigh ráiteas an 6 Samhain 2022 ina moltar na forsaí slándála as agóideoirí a mharú agus ina ngríosaítear na breithiúna trialacha a bhrostú agus pionós an bháis a ghearradh ar agóideoirí trína dhearbhú gur ‘Muharebeh’ iad nó ‘naimhdeas i gcoinne Dé’.

Agus ráiteas ó 233 CPanna á léamh amach aige i seisiún poiblí na parlaiminte an 2 Deireadh Fómhair 2022, mhol sé feidhmíocht na bhfórsaí slándála agus forfheidhmithe dlí as na hagóideoirí a chur faoi chois agus thacaigh sé leis an bhfeidhmíocht sin. Ina cháil mar chomhalta de pharlaimint na hIaráine, thacaigh Naderi le marú, coinneáil agus céasadh daoine le linn na n-agóidí a bhí ann ar fud na tíre in 2022.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

20.2.2023

180.

ELAHIAN Zohreh

ا الهیان زهره

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: baineann

Feidhm: Comhalta de National Security and Foreign Policy Commission de chuid Pharlaimint na hIaráine

Is reachtóir agus dochtaire í Zohreh Elahian, agus comhalta de National Security and Foreign Policy Commission de chuid pharlaimint na hIaráine.

Is duine de na 227 gcomhalta parlaiminte í a shínigh ráiteas an 6 Samhain 2022 ina moltar na forsaí slándála as agóideoirí a mharú agus ina ngríosaítear na breithiúna trialacha a bhrostú agus pionós an bháis a ghearradh ar agóideoirí trína dhearbhú gur ‘Muharebeh’ iad nó ‘naimhdeas i gcoinne Dé’. Ina cáil mar chomhalta de pharlaimint na hIaráine, thacaigh Elahian le marú, coinneáil agus céasadh daoine le linn na n-agóidí a bhí ann ar fud na hIaráine in 2022.

Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

20.2.2023

181.

FARAHANI Ahmad Amirabadi

احمد امیرآبادی فراهانی

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: Comhalta de presidium pharlaimint na hIaráine

Is reachtóir agus dochtaire é Amirabadi Farahani, agus comhalta de presidium/bhórd stiúrthóirí pharlaimint na hIaráine. Is duine de na 227 gcomhalta parlaiminte é a shínigh ráiteas an 6 Samhain 2022 ina moltar na forsaí slándála as agóideoirí a mharú agus ina ngríosaítear na breithiúna trialacha a bhrostú agus pionós an bháis a ghearradh ar agóideoirí trína dhearbhú gur ‘Muharebeh’ iad nó ‘naimhdeas i gcoinne Dé’. Ina cháil mar chomhalta de pharlaimint na hIaráine, thacaigh Farahani le marú, coinneáil agus céasadh daoine le linn na n-agóidí a bhí ann ar fud na tíre in 2022.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

20.2.2023

182.

DELKHOSH-ABATARI Seyyed Kazem

سید کاظم دلخوش اباتری

Áit bhreithe: Someh, Iran

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: Urlabhraí an Judiciary and Legal Commission de chuid pharlaimint na hIaráine

Is Urlabhraí an Judiciary and Legal Commission de chuid pharlaimint na hIaráine é Seyyed Kazem Delkhosh-Abatari.

Le linn agóidí 2022/2023, chuidigh sé le plean a fhorbairt chun iriseoirí agus eagraíochtaí meán a fhoilsíonn nuacht nach bhfuil ag teacht le hinsint oifigiúil an Islamic Republic a ionchúiseamh. Tá géarú tagtha ar an gcur faoi chois atá á dhéanamh ar iriseoirí san Iaráin ó thús na n-agóidí in 2022 agus gabhadh beagnach 70 iriseoir go dtí seo. Ina cháil mar urlabhraí an Judiciary and Legal Commission de chuid Pharlaimint na hIaráine, bhí baint ag Delkhosh-Abatari leis na meáin agus iriseoirí a chur faoi chois tar éis bhriseadh amach na n-agóidí ar fud na hIaráine in 2022.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

20.2.2023

183.

JALALI Hossein

حسین جلالی

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: Comhalta parlaiminte

Is reachtóir, dochtaire agus comhalta de pharlaimint na hIaráine é Hossein Jalali.

Tá sé ar duine de na 227 comalta parlaiminite a shínigh litir ina moltarna forsaí slándála as agóideoirí a mharú agus ina ngríosaítear na breithiúna trialacha a bhrostú agus pionós an bháis a ghearradh ar agóideoirí trína dearbhú gur “Muharebeh” iad nó “naimhdeas i gcoinne Dé”. Dhearbhaigh sé go pearsanta go bhfuil an litir ann agus d’athdhearbhaigh sé na héilimh a bhfuil inti. Ina cháil mar chomhalta de pharlaimint na hIaráine, d’iarr Jalali go pearsanta go gcuirfí agóideoirí chun báis.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

20.2.2023

184.

MOUSAVI Seyyed Nezamoldin

سید نظام الدین موسوی

(ar a dtugtar freisin MOUSAVI Nezam)

Áit bhreithe: Khorramabad, Iran

Inscne: fireann

Feidhm: Urlabhraí bhord stiúrthóirí Pharlaimint na hIaráine

Is é Seyyed Nezamoldin Mousavi urlabhraí presidium/bhord stiúrthóirí Pharlaimint na hIaráine.

Le linn agóidí 2022/2023, bhí cruinniú aige leis na húdaráis bhreithiúnacha agus le reachtóirí agus é d’aidhm aige dlús a chur le cur i bhfeidhm na bpianbhreitheanna a gearradh ar agóideoirí. Ina cháil mar urlabhraí presidium/bhord stiúrthóirí pharlaimint na hIaráine, ghriosaigh Mousavi na breithiúna dlús a chur le trialacha agus cur i bhfeidhm na bpianbhreitheanna a gearradh ar agóideoirí a bhrostú, agus ar an gcaoi sin, shéan sé a gceart chun triail chóir a fháil. Dá bhrí sin tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

20.2.2023

Tá Mousavi freisin ar duine de na 227 comalta parlaiminte a shínigh ráiteas an 6 Samhain 2022 ina moltarna bhforsaí slándála as agóideoirí a mharú agus ina ngríosaítear ar na breithiúna chun na trialacha a bhrostú agus pionós an bháis a ghearradh ar agóideoirí trína dearbhú gur “Muharebeh” iad “nó naimhdeas i gcoinne Dé”. Ghlaoigh sé ‘gníomhairí eachtracha’ ar agóideoirí agus thug sé údar do sháruithe ar cheart an duine a rinne Islamic Republic of Iran. Thacaigh Mousavi le marú, coinneáil agus céasadh daoine le linn na n-agóidí a bhí ann ar fud na tíre in 2022.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

185.

NESARI Habibollah Jan

حبیب الله جان نثاری

Áit bhreithe: Iran

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: ionadaí oiliúna agus oideachais de Law Enforcement Forces of the Islamic Republic of Iran (LEF)

Faoi láthair is é Habibollah Jan Nesari ionadaí oiliúna agus oideachais de Law Enforcement Forces of the Islamic Republic of Iran (LEF) atá ar liosta an Aontais.

Idir 2016 agus an 30 Nollaig 2019, bhí sé ina leas-cheannasaí ar Aonaid Speisialta LEF.

Ina cháil mar leas-cheannasaí, bhí sé freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na fórsaí a bhí ag úsáid armáin mharfacha agus neamhmharfacha le linn na n-agóidí ar fud na tíre in 2019. Mar thoradh air sin, maraíodh na céadta agóideoirí. Fuarthas ciontach é as coireanna in aghaidh an chine dhaonna in International People’s Tribunal on Iran’s Atrocities as an ról a bhí aige sa chniogbheartaíocht a cuireadh ar agóideoirí ina cháil mar leas-cheannasaí. Mar chuid de na fórsaí slándala, fuarthas gur dhear na fórsaí póilíneachta plean chun coireanna in aghaidh an chine dhaonna, mar aon le dúnmharú, príosúnú, fuadaigh forfheidhmithe, céasadh agus foréigean gnéasach, a dhéanamh agus an plean sin a chur chun feidhme chun deireadh a chur leis na hagóidí agus chun coireanna a rinne siad le linn na n-agóidí i mí na Samhna 2019 a cheilt.

20.2.2023

Mar leas-cheannasaí, tá Nesari freagrach go pearsanta as na sáruithe ar cheart an duine a rinne LEF. Tá LEF, ar a bhfuil sé ag cur oiliúint faoi láthair, mar chuid den chiongbheartaíocht fhoréigneach a bhris amach i gcoinne agóideoirí i mí Mheán Fómhair 2022, lena n-áirítear trí fhórsa marfach a úsáid i gcoinne agóideoirí na hIaráine.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

186.

BABAEI Hassan

حسن بابایی

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: Ceann State Organization for Registration of Deeds and Properties

Is Ceann State Organization for Registration of Deeds and Properties agus duine sinsearach i mbreithiúnas na hIaráine é Hassan Babaei.

Sna feidhmeanna sin, tá Hassan Babei freagrach as an iliomad sáruithe ar an gceart chun triail chóir a fháil le linn na hagóidí 2022/2023 san Iaráin.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

20.2.2023

187.

GHANNAD Qazi

قاض قناد

(ar a dtugtar freisin QANAD Qazi)

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: Ionchúisitheoir agus breitheamh an Revolutionary Court

Is ionchúisitheoir agus breitheamh an Revolutionary Court é Qazi Ghannad.

Le linn agóidí 2022/2023, sháraigh sé an ceart chun triail chóir a fháil agus ghearr sé pionós an bháis ar agóideoirí a chuir réimeas na hIaráine chun báis ina dhiaidh sin. Mar ionchúisitheoir ghearr sé pionós an bháis i gcás Majid Rahnavard in 2022.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

20.2.2023

188.

MANSOURI Seyed Hadi

هادی منصوری

Áit bhreithe: Mashhad, Iran

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: ceann an cheathrú brainse den Revolutionary Court of Mashhad

Tá Seyed Hadi Mansouri ina bhreitheamh agus ina cheann ar an gceathrú brainse den Revolutionary Court of Mashad ó mhí na Nollag 2017 i leith.

Le linn agóidí 2022/2023, ghlac sé páirt san fheachtas pionós an bháis a ghearradh ar agóideoirí rud a sháraigh a gceart chun triail chóir a fháil freisin.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

20.2.2023

189.

HOSSEINI Hojjat al-Eslam Hossein

حسینی الاسلام حسین حجت

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: Ceann na mBreithiúna do chúige Kurdistan

Is é Hojjat al-Eslam Hossein Hosseini Ceann na mBreithiúna i réigiún Kurdistan.

Le linn agóidí 2022/2023, ghlac sé páirt i gcur faoi chois na léirsithe agus tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a chur chun feidhme agus as cur faoi choisléirsitheoirí síochánta. Tá sé comhpháirteach sna sáruithe sin, céasadh agus íde atá cruálach mhídhaonna agus tháireach san áireamh, a chur chun feidhme.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

20.2.2023

190.

JABARI Mohammad

محمد جبار

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: Ionchúisitheoir chúige Kurdistan

Is é Mohammad Jabari ionchúisitheoir chúige Kurdistan.

Sa phost seo, tá sé freagrach as roinnt sáruithe ar chearta an duine ó bhí agóidí 2019 ann, lena n-áirítear pionóis an bháis agus cur faoi chois na léirsithe.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

20.2.2023

191.

MOSTAFAVINIA Hojjat al-Eslam Ali

مصطفوی علی الاسلام هجت

(ar a dtugtar freisin MOSTAFAVI (Hojjatoleslam) Ali)

Áit bhreithe: Iran

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: cléireach; Ionchúisitheoir Ginearálta chúige Sistan and Baluchestan

Seoladh: Zahedan

Is cléireach é Hojjat-al-Eslam Ali Mostafavina agus is é an Príomh-Ionchúisitheoir do chúige Sistan and Baluchestan. Bhí sé ina ionchúisitheoir roimhe sin in Sistan and Baluchestan, agus in South Khorasan.

Ina cháil sin, bhí sé i gceannas ar léirsitheoirí a ionchúiseamh a coinníodh go treallach le linn agóidí Zahedan, a tharla i mí Dheireadh Fómhair 2022 agus a chuir na fórsaí póilíneachta faoi chois go foréigneach. Maraíodh agus gortaíodh daoine mar thoradh ar an gcur faoi chois foréigneach sin.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

20.2.2023

192.

SHAMSABAD Mehdi

آباد شمس مهدی

(ar a dtugtar freisin SHAMSABAD Mahdi)

Áit bhreithe: Iran

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: Ionchúisitheoir chúige Sistan and Baluchestan

Is ionchúisitheoir Zahedan i gcúige Sistan and Baluchestan é Mehdi Shamsabad.

Ina cháil sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine le linn agóidí 2022/2023, lena n-áirítear pionóis an bháis agus cur faoi chois léirsithe, agus as pionós táireach a ghearradh, bás trí lascadh san áireamh.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

20.2.2023

193.

HARIKANDI Hossein Fazeli

هریکندی فاضلی حسین

Áit bhreithe: Babol, Mazandaran province

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: ionchúisitheoir ginearálta chúige Alborz

Is ionchúisitheoir ginearálta chúige Alborz é Hossein Fazeli Harikandi.

San fheidhm seo, tá sé freagrach as na céadta léirsitheoirí a chúiseamh sa choir ‘an t-éilliú a chur chun cinn ar domhan’ le linn agóidí 2022/2023, rud a chuir i mbaol iad pionós an bháis a fháil.

Thacaigh sé le tuairisc an rialtais maidir le bás Sarina Ismailzadeh in 2022. Foréigean na bpóilíní ba chúis lena bás. D’eisigh an stát ráiteas, áfach, inar luadh gur chuir sí lámh ina bás féin agus, dá bhrí sin, nár cailleadh í mar thoradh ar chur faoi chois foréigneach na léirsithe i gcúige Alborz.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

20.2.2023

194.

MADADI Hassan

حسن مددی

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: ionchúisitheoir gníomhach chúige Alborz

Tá Hassan Madadi ina ionchúisitheoir gníomhach ar chúige Alborz ó 2020 ar a laghad.

Ina cháil seo, tá sé freagrach as roinnt sáruithe tromchúiseacha ar cheart an duine go háirithe séanadh an chirt chun triail chóir a fháil le linn agóidí 2022/2023.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

20.2.2023

195.

TAGHANAKI Soghra Khodadadi

صغری خدادادی

Dáta breithe: 27.3.1971

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: baineann

Feidhm: Stiúrthóir Qarchak Women’s Prison

Uimhir phas: B50799950 (Iran) (duine aonair)

Seoladh: Varamin, Tehran, Iran

Is stiúrthóir/bardach Qarchak Women’s Prison í Soghra Khodadadi Taghanaki.

Tá droch-cháil ar an bpríosún as dálaí coinneála mídhaonna, lena n-áirítear drochdhálaí sláinte agus sláintíochta, cóir leighis a dhiúltú, ganntanas bia, úsáid iomarcach fornirt in aghaidh na bpriosúnach, céasadh, ionsaí gnéasach agus básuithe seachbhreithiúnacha.

Tá Qarchak prison ar cheann de na príomháiteanna ina bhfuil na mná a ghabhadh le linn agóidí síochánta 2022/2023 tar éis bhás Mahsa Amini, a bhí 22 bhliain d’aois, agus í faoi choimeád Morality Police na hIaráine, á gcoinneáil.

Dá bhrí sin, tá Soghra Khodadadi Taghanaki freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

20.2.2023

196.

PASANDIDEH Heidar

حیدر پسندیده

Áit bhreithe: Iran

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: bardach phríosún Sanandaj

Tá Heidar Pasandideh ina bhardach ar Sanandaj Central Prison i gcúige Kurdistan na hIaráine ó 2020.

Faoina riar, cuireadh príosúnaigh chun báis go treallach in Sanandaj Central Prison. Mar bhardach, rinne sé maoirseacht ar choinneáil agus céasadh príosúnach a gabhadh le linn agóidí 2022 agus 2023 tar éis bháis Mahsa Amini agus dá bhrí sin tá sé freagrach as an gcoinneáil agus céasadh sin.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

20.2.2023

197.

PIRI Morteza

مرتضی پیری

Dáta breithe: 5.7.1977

Áit bhreithe: Zabol, Sistan and Baluchestan province, Iran

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: bardach Zahedan Central Prison

Uimhir aitheantais: 4072307122

Seoladh: Zahedan, Iran

Is é Morteza Piri bardach Zahedan Central Prison i gcúige Sistan and Baluchestan.

Tá droch-cháil ar an bpríosún as dálaí coinneála mídhaonna, lena n-áirítear drochdhálaí sláinte agus sláintíochta, cóir leighis a dhiúltú, iomarca fornirt a imirt ar phríosúnaigh agus básuithe seachbhreithiúnacha. Faoina riar, cuireadh a lán daoine chun báis in Zahedan Prison, le líon díréireach díobh dirithe ar mhionlach Baluchi na hIaráine. Sa cháil sin, bhí baint aige le cniogbheartaíocht 2022 agus 2023 tar éis bháis Mahsa Amini, bean 22 bliana d’aois, a bhí faoi choimeád ag póilíní moráltachta na hIaráine.

Dá bhrí sin, tá Morteza Piri freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

20.2.2023

198.

AZIZI Allah-Karam

اللهکرم عزیزی

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: ceann Rajai Shahr Prison

Seoladh: Moazzen Blvd, Gohardasht, Karaj City, Alborz Province, Iran

Eintitis gaolmhara: Rajai Shahr Prison

Tá Allah-Karam Azizi ina cheann ar Rajaee Shahr Prison (ar a dtugtar freisin Rajai Shahr Prison, Rajaishahr, Raja’i Shahr, Reja’i Shahr, Rajayi Shahr, Gorhardasht Prison, Gohar Dasht Prison) san Iaráin, príosún atá ar liosta an Aontais Eorpaigh.

Sa cháil sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Iaráin, eadhon céastóireacht agus íde nó pionós cruálach, mídhaonna agus táireach, chomh maith le drochíde a thabhairt do phríosúnaigh agus iad a chéasadh.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

20.2.2023

199.

KHOSRAVI Mohammad Hossein

محمد حسین خسروی

Dáta breithe: 23.9.1974

Áit bhreithe: Birjand, South Khorasan province, Iran

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar phríosúin Sistan and Baluchestan Province, iar-bhardach Zahedan Central Prison

Uimhir aitheantais: 0653027761

Seoladh: Sistan and Baluchestan Province, Iran

Ina cháil mar Ard-Stiúrthóir ar phriosúin Sistan and Baluchestan Province, déanann Mohammad Hossein Khosravi maoirseacht ar phríosúin i gcúige Sistan and Baluchestan.

Tá droch-cháil ar na príosúin sa chúige, Zahedan Central Prison san áireamh, as dálaí coinneála mídhaonna, lena n-áirítear drochdhálaí sláinte agus sláintíochta, cóir leighis a dhiúltú, iomarca fornirt a imirt ar phríosúnaigh agus básuithe seachbhreithiúnacha. Faoina riar, cuireadh a lán daoine chun báis in Zahedan Prison féin, ar de mhionlach Balúchach na hIaráine líon díréireach díobh, agus bhí baint aige le cniogbheartaíocht 2022 agus 2023 tar éis bháis Mahsa Amini, bean 22 bhliain d’aois, a bhí faoi choimeád ag póilíní moráltachta na hIaráine.

Dá bhrí sin, tá Mohammad Hossein Khosravi freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

20.2.2023

200.

CHEHARMAHALI Ali

علی چهارمحالی

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar phríosúin Alborz

Seoladh: Alvand Building, Below Mader Square, Karaj, Mehravila, Iran

Tá Ali Cheharmahali ina Ard-Stiúrthóir ar na príosúin i gcúige Alborz agus is iar-stiúrthóir é ar Evin Prison atá ar liosta an Aontais Eorpaigh.

Sa cháil sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Iaráin, lena n-áirítear céasadh agus íde chruálach, mhídhaonna nó tháireach le linn agóidí 2022 agus 2023.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

20.2.2023

201.

FADAVI Ali

علی فدوی

Dáta breithe: 1961

Áit bhreithe: Iran

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: leas-cheannasaí Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Tá Ali Fadavi ina leas-cheannasaí ar Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC).

Ghlac IRGC páirt mhór i gcur faoi chois gníomhach foréigneach agóidí 2022 agus 2023 san Iaráin agus, dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

Sá ról sin, tá na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine atá á ndéanamh ag IRGC á stiúradh, á éascú agus á gceadú ag Fadavi.

Dá bhrí sin, tá Ali Fadavi freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

20.2.2023

202.

SHARIF Ramezan

شریف رمظان

Áit bhreithe: Iran

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: Urlabhraí do Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Tá Ramezan Sharif ina urlabhraí do Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC).

Ghlac IRGC páirt mhór i gcur faoi chois gníomhach foréigneach agóidí 2022 agus 2023 san Iaráin agus, dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

Sá ról sin, tá na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine atá á ndéanamh ag IRGC á gceilt agus á gceadú ag Sharif.

Dá bhrí sin, tá Ramezan Sharif freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

20.2.2023

203.

JOMEIRI Fathollah

فتح الله جمیری

Áit bhreithe: Iran

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: Ceann Intelligence Protection Organization an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)/Security Unit of the IRGC

Tá Fathollah Jomeiri ina Cheann ar Intelligence Protection Organization an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC), dá ngairtear freisin an Security Unit of the IRGC.

Tá an t-aonad sin freagrach as bonneagar ríthábhachtach, limistéir thábhachtacha agus daoine tábhachtacha, ar nós VIPanna an réimis, sa tír a chosaint, agus thar aon ní eile as an réimeas a chosaint.

Ghlac IRGC páirt mhór i gcur faoi chois gníomhach foréigneach agóidí 2022 agus 2023 san Iaráin agus, dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

Sá ról sin, tá na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine atá á ndéanamh ag IRGC á stiúradh, á éascú agus á gceadú ag Jomeiri.

Dá bhrí sin, tá Fathollah Jomeiri freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

20.2.2023

204.

KAAMFAR Behdad

کامفر بهداد

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: ionchúisitheoir in Karaj Revolutionary Prosecutor’s Office

Is ionchúisitheoir in Karaj Revolutionary Prosecutor’s Office é Behdad Kaamfar a ionchúisíonn cásanna in Karaj Revolutionary Court.

Agus é i mbun na feidhme sin tá sé freagrach as agóideoirí a chur faoi chois trí phionóis dhéine, lena n-áirítear pionós an bháis. Baineann údaráis bhreithiúnacha na hIaráine úsáid go háirithe as cúiseamh coiriúil an ‘Muharebeh’ nó ‘naimhdeas i gcoinne Dé’ lena gceadaítear pionós an bháis as cur i gcoinne comhlachtaí stáit agus úsáidtear go minic é chun agóideoirí a chur faoi chois.

Go háirithe, bhí Kaamfar ina ionadaí don ionchúiseamh i gcás i mí na Samhna agus i mí na Nollag 2022 inar ciontaíodh roinnt agóideoirí, is cosúil, as ionsaithe ar an Basij. Sa triail sin, bhí Kaamfar ina cheannasaí ar ionchúiseamh ar eascair roinnt pionóis bháis as ‘Muharebeh’, go háirithe sna cásanna in aghaidh Mohammad Mehdi Karimi, Amid Mehdi Shokrollahi, Reza Aria Farzaneh Gharehassanlou, Hamid Gharehassanlou, Ali Moazzami Goudarzi agus Hossein Mehdi Mohammadi.

20.2.2023

Tar éis dó a bheith ina cheannasaí ar na hionchúisimh sin agus tar éis dó leas a bhaint as na cionta sin atá contrártha le prionsabail an cheartais, rud ba chúis le bás daoine aonair a bhí ag cur i gcoinne stát na hIaráine, tá Behdad Kaamfar freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

205.

FATHI Murad

مراد فتحی

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: Stiúrthóir ar na príosúin i gcúige West Azerbaijan

Tá Murad Fathi ina stiúrthóir ar na príosúin i gcúige West Azerbaijan ón 22 Samhain 2022.

Roimhe sin bhí an post céanna aige i gcúige Kordestan. Sna príosúin a bhí faoina stiúir, bhí cásanna inar céasadh príosúnaigh le linn agóidí 2022 agus 2023, agus i gcásanna áirithe fuair daoine a bhí á gcoimeád bás mar thoradh ar chéasadh agus/nó de easpa cúraim leighis. Ar na daoine a coimeádadh agus a céasadh bhí agóideoirí sa dá chúige sin.

Tar éis dó a bheith rannpháirteach sa chos ar bolg ar agóideoirí agus maoirseacht a dhéanamh ar chéasadh sna saoráidí príosúin faoina cheannas, agus roinnt cásanna ina bhfuair príosúnaigh bás dá thoradh, tá Murad Fathi freagrach as sáruithe tromhchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

20.2.2023” ;

Eintitis

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“32.

Law Enforcement Forces of the Islamic Republic of Iran (LEF) Cooperation Foundation

بنیاد تعاون فراجا

بنیاد تعاون ناجا

(ar a dtugtar freisin NAJA Cooperation Foundation)

Seoladh: Marzdaran Blvd, Teheran, Tehran

Iran

An cineál eintitis: Fondúireacht chomhair a bhfuil baint aici le Law Enforcement Force of the Islamic Republic Eintitis ghaolmhara: Law Enforcement Forces of the Islamic Republic of Iran (LEF) (ar a dtugtar freisin NAJA; FARAJA)

فرماندهی انتظامی جمهورى اسلامی ایران

Is comhar eacnamaíoch é Law Enforcement Forces of the Islamic Republic of Iran (LEF) Cooperation Foundation atá á rialú ag LEF (ar a dtugtar freisin NAJA) atá ar liosta ag an Aontais Eorpaigh agus atá gníomhach i dtionscail fuinnimh, tógála, seirbhísí, teicneolaíochta agus bhaincéireachta na hIaráine.

Is craobh mhaoiniúcháin thábhachtach de LEF é LEF Cooperation Foundation, sealbhaíochta airgeadais de facto é a chuireann cistí ar fáil agus a aistríonn cistí agus a úsáidtear chun teacht timpeall ar smachtbhannaí. Anuas air sin tá Cooperation Foundation agus a fhochuideachtaí ar cheann de líon beag soláthróirí a ghlacann páirt go heisiach i monarú agus allmhairiú trealaimh a úsáidtear chun agóidí san Iaráin a chur faoi chois.

20.2.2023

Dá bhrí sin, cuireann LEF Cooperation Foundation acmhainní airgeadais agus trealamh ar fáil do LEF chun cos ar bolg a imirt agus úsáideann LEF an tacaíocht sin chun sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine.

Dá bhrí sin, tá LEF Cooperation Foundation freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

33.

Police Science and Social Studies Institute

پژوهشگاه علوم انتظامی و مطالعات اجتماعی فراجا

Áit chláraithe: Tehran (Iran)

Seoladh: QCC3+HPP District 3, Tehran, Tehran Province, Iran

An cineál eintitis: Institiúid a bhfuil baint aici le Law Enforcement Force of the Islamic Republic (LEF)

Eintitis ghaolmhara: Law Enforcement Forces of the Islamic Republic of Iran (LEF) (ar a dtugtar freisin NAJA; FARAJA)

Táirgeann an Police Science and Social Studies Institute, atá cleamhnaithe le Law Enforcement Forces of the Islamic Republic of Iran (LEF) (ar a dtugtar freisin NAJA) atá ar liosta an Aontais, ‘ladrainn frithchíréibe’ a úsáidtear chun agóideoirí síochánta a chur faoi chois. Anuas air sin, cuireann an institiúid chun cinn agus déanann sí taighde ar úsáid ladrann d’fhórsaí póilíneachta.

Tá Police Science and Social Studies Institute comhlachaithe le Law Enforcement Forces of Iran agus tá trealamh á chur ar fáil aige a úsáidtear chun sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a dhéanamh.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.’

20.2.2023” .