|
10.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 40/18 |
CINNEADH (AE) 2023/309 ÓN gCOMHAIRLE
an 6 Feabhra 2023
lena gceaptar triúr comhaltaí agus comhalta malartach, arna moladh ag Poblacht na hIodáile, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint do na tograí ó rialtas na hIodáile,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
|
(2) |
An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. An 6 Deireadh Fómhair 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2021/1834 (3), lena gceaptar seisear comhaltaí agus ceathrar comhaltaí malartacha, arna mholadh ag Poblacht na hIodáile, de Choiste na Réigiún. |
|
(3) |
Tá suíocháin triúr comhaltaí ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis do na sainorduithe náisiúnta teacht chun deiridh agus is ar an mbonn sin a moladh Sergio CACI, Guido CASTELLI agus Salvatore Domenico Antonio POGLIESE a cheapadh. |
|
(4) |
Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis do Roberto PELLA éirí as oifig. |
|
(5) |
Mhol rialtas na hIodáile na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha nó áitiúla iad agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó áitiúil, mar chomhaltaí de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Lorenzo GALLIGANI, Consigliere del Comune di Pistoia (Comhalta de Chomhairle Bhardasach Pistoia), agus Andrea PUTZU, Consigliere della Regione Marche (Comhalta de Chomhairle Réigiúnach Marche). |
|
(6) |
Mhol Rialtas na hIodáile Roberto PELLA, ionadaí ó chomhlacht áitiúil a bhfuil aige sainordú toghchánach in údarás áitiúil, Sindaco del Comune di Valdengo (BI) (Méara ar Bhardas Valdengo (BI)) mar chomhalta de Choiste na Réigiún go dtí an 31 Bealtaine 2024. |
|
(7) |
Mhol Rialtas na hIodáile Antonio DECARO, ionadaí ó chomhlacht áitiúil a bhfuil aige sainordú toghchánach in údarás áitiúil, Sindaco del Comune di Bari (Méara ar Bhardas Bari), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún go dtí an 31 Bealtaine 2024, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar ar Choiste na Réigiún na hionadaithe seo a leanas de chomhlachtaí réigiúnacha nó áitiúla a bhfuil sainordú toghchánach acu:
|
(a) |
mar chomhaltaí:
agus |
|
(b) |
mar chomhalta malartach:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Feabhra 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.
(2) Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).
(3) Cinneadh (AE) 2021/1834 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2021 lena gceaptar seisear comhaltaí agus ceathrar comhaltaí malartacha, arna moladh ag Poblacht na hIodáile, de Choiste na Réigiún (IO L 372, 20.10.2021, lch. 11).