6.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 82/1


CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

an 2 Márta 2023

lena gceaptar comhalta den Bhord Comhairleach um Rialachas Staitistiúil Eorpach

(2023/C 82/01)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chinneadh (CE) Uimh. 235/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena mbunaítear an Bord Comhairleach um Rialachas Staitistiúil Eorpach (1), agus go háirithe Airteagal 3(5) de,

Ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Lena Cinneadh an 18 Nollaig 2020 (2), cheap an Chomhairle beirt chomhaltaí den Bhord Comhairleach um Rialachas Staitistiúil Eorpach (an “Bord”) le haghaidh téarma oifige 3 bliana ag tosú ón 1 Feabhra 2021.

(2)

D’éirigh duine amháin den bheirt chomhaltaí, Bart DE MOOR, as oifig roimh dhul in éag a théarma oifige.

(3)

Is gá, dá bhrí sin, comhalta nua a cheapadh ar an mBord.

(4)

De réir Airteagal 3(2) de Chinneadh Uimh. 235/2008/CE, roghnófar comhaltaí an Bhoird as measc saineolaithe a mbeidh sár-inniúlacht acu i réimse an staidrimh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Juan Manuel RODRIGUEZ POO mar chomhalta den Bhord Comhairleach um Rialachas Staitistiúil Eorpach ar feadh téarma oifige 3 bliana.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh Bhruiséil, 2 Márta 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

E. BUSCH


(1)  IO L 73, 15.3.2008, lch. 17.

(2)  Cinneadh ón gComhairle an 18 Nollaig 2020 lena gceaptar beirt chomhaltaí den Bhord Comhairleach um Rialachas Staitistiúil Eorpach (IO C 445, 22.12.2020, lch. 3).