|
7.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 35/23 |
CINNEADH (CBES) 2023/259 ÓN gCOMHAIRLE
an 6 Feabhra 2023
lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine agus lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/346
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 25 Iúil 2012, d’aontaigh an Chomhairle Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) um Chearta an Duine a cheapadh. |
|
(2) |
An 28 Feabhra 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/346 (1), lena gceaptar Eamon GILMORE mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine. Tá sainordú ISAE le dul in éag an 28 Feabhra 2023. |
|
(3) |
Ba cheart síneadh 12 mhí breise a chur le sainordú ISAE agus ba cheart méid tagartha airgeadais nua a bhunú don tréimhse ón 1 Márta 2023 go dtí an 29 Feabhra 2024. |
|
(4) |
Cuirfidh ISAE an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh iad, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/346 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: “Airteagal 1 Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh Cuirtear síneadh le sainordú Eamon GILMORE mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) um Chearta an Duine go dtí an 29 Feabhra 2024. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfar sainordú ISAE a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.” |
|
(2) |
in Airteagal 5(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: “EUR 1 567 461,56 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann le sainordú an Ionadaí Speisialta don tréimhse ón 1 Márta 2023 go dtí an 29 Feabhra 2024 a chumhdach.”; |
|
(3) |
in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt: “Cuirfidh ISAE tuarascálacha rialta ar an dul chun cinn faoi bhráid na Comhairle, an Ardionadaí agus an Choimisiúin agus cuirfidh sé tuarascáil chuimsitheach chríochnaitheach ar chur chun feidhme an tsainordaithe faoina mbráid faoin 30 Samhain 2023.”. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Feabhra 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
(1) Cinneadh (CBES) 2019/346 ón gComhairle an 28 Feabhra 2019 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine (IO L 62, 1.3.2019, lch. 12).