7.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 35/21


CINNEADH (CBES) 2023/258 ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Feabhra 2023

lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Phróiseas Síochána an Mheánoirthir agus lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/710

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 33 agus 31(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 25 Samhain 1996, d’aontaigh an Chomhairle Toscaire Speisialta an Aontais Eorpaigh do Phróiseas Síochána an Mheánoirthir a cheapadh.

(2)

An 29 Aibreán 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/710 (1) lena gceaptar Sven KOOPMANS mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Phróiseas Síochána an Mheánoirthir. Tá sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh le dul in éag an 28 Feabhra 2023.

(3)

Ba cheart síneadh 24 mhí breise a chur le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh agus ba cheart méid tagartha airgeadais nua a bhunú don tréimhse ón 1 Márta 2023 go dtí an 28 Feabhra 2025.

(4)

Ba cheart Cinneadh (CBES) 2021/710 a leasú dá réir sin.

(5)

Cuirfidh Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/710 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh

Cuirtear síneadh go dtí an 28 Feabhra 2025 le sainordú Sven KOOPMANS mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Phróiseas Síochána an Mheánoirthir. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfar sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.”

;

(2)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“EUR 2 499 330,98 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don tréimhse ón 1 Márta 2023 go dtí an 28 Feabhra 2025 a chumhdach.”;

(3)

in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

“Cuirfidh Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh tuarascálacha tráthrialta maidir le dul chun cinn faoi bhráid na Comhairle, an Ardionadaí agus an Choimisiúin, mar aon le tuarascáil chuimsitheach ar chur chun feidhme an tsainordaithe, faoin 30 Samhain 2024.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Feabhra 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  Cinneadh (CBES) ón gComhairle 2021/710 an 29 Aibreán 2021 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Phróiseas Síochána an Mheánoirthir (IO L 147, 30.4.2021, lch. 12).