|
4.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 32/11 |
CINNEADH (CBES) 2023/252 ÓN gCOMHAIRLE
an 4 Feabhra 2023
lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1). |
|
(2) |
Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine. |
|
(3) |
An 6 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1909 (2), lenar tugadh isteach díolúine ón toirmeasc ar mhuiriompar a sholáthar agus ón toirmeasc ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar, a bhaineann le hamhola nó táirgí peitriliam de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis a iompar de mhuir chuig tríú tíortha, is é sin amhola nó táirgí peitriliam arna gceannach de réir caidhp phraghais réamhshocraithe arna comhaontú ag Comhghuaillíocht na Caidhpe Praghais, nó faoi bhun na caidhpe praghais sin. Tá sé beartaithe, leis an díolúine sin, na drochiarmhairtí ar sholáthar fuinnimh chuig tríú tíortha a mhaolú agus géarmhéadú na bpraghsanna de bharr dálaí urghnácha sa mhargadh a laghdú, agus ioncam ola na Rúise a theorannú san am céanna. |
|
(4) |
An 3 Nollaig 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/2369 (3), lenar socraíodh caidhp phraghais le haghaidh amhola, is é sin praghas in aghaidh an bhairille ag a bhfuil nó faoina bhfuil amhola ón Rúis díolmhaithe ón toirmeasc ar mhuiriompar na hamhola sin a sholáthar agus ón toirmeasc ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó maoiniú nó cúnamh airgeadais, a bhaineann le muiriompar na hamhola sin chuig tríú tíortha, a sholáthar. |
|
(5) |
I bhfianaise na staide, agus éifeachtacht an bhirt i dtéarmaí na dtorthaí a bhfuiltear ag súil leo, a mhéid a chloífear go hidirnáisiúnta le sásra na caidhpe praghais agus an t-ailíniú neamhfhoirmiúil a dhéanfar leis, mar aon leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an Aontas agus ar a Bhallstáit á gcur san áireamh, is iomchuí dhá chaidhp phraghais breise ar tháirgí peitriliam a thabhairt isteach; is é sin an praghas in aghaidh an bhairille ag a bhfuil nó faoina bhfuil táirgí peitriliam ón Rúis díolmhaithe ón toirmeasc ar mhuiriompar na dtáirgí sin chuig tríú tíortha a sholáthar agus ón toirmeasc ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar, a bhaineann le muiriompar na dtáirgí sin chuig tríú tíortha. Go háirithe, is iomchuí caidhp phraghais amháin a thabhairt isteach i gcás táirgí peitriliam arna dtrádáil agus amhola ar lascaine (“lascaine ar amhola”) agus caidhp phraghais eile ar tháirgí peitriliam arna dtrádáil agus amhola ar biseach (“biseach ar amhola”). |
|
(6) |
Is iomchuí freisin idirthréimhse 55 lá a thabhairt isteach le haghaidh soithí a bhfuil táirgí peitriliam de thionscnamh na Rúise á n-iompar acu, is é sin táirgí peitriliam a cheannaítear agus a luchtaítear ar an soitheach roimh an 5 Feabhra 2023 agus a díluchtaítear roimh an 1 Aibreán 2023. |
|
(7) |
Le Cinneadh (CBES) 2022/2369, tugadh isteach athbhreithniú rialta ar shásra na caidhpe praghais. Ó lár mhí an Mhárta 2023 ar aghaidh, ba cheart an t-athbhreithniú sin a bheith bunaithe ar shonraí oibiachtúla arna gcur ar fáil ag an gCoimisiún don Chomhairle gach 2 mhí. Ba cheart a áireamh sna sonraí sin faisnéis maidir le leibhéal phraghsanna na hamhola agus na dtáirgí peitriliam scagtha, éagsúlachtaí le linn tréimhse an athbhreithnithe agus réamhaisnéisí réasúnacha ar na praghsanna sa tréimhse dár gcionn. Áireoidh an Coimisiún sonraí ábhartha leis freisin maidir leis an tionchar ionchasach ar bhuiséad na Rúise, ar an earnáil fuinnimh agus ar na Ballstáit. Bunaithe ar na sonraí sin, ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 4p(12) de Chinneadh 2014/512/CBES agus ar an ngealltanas a tugadh chun an chaidhp phraghais a choigeartú mar a leagtar síos san airteagal sin, tíolacfaidh an tArdionadaí, le tacaíocht ón gCoimisiún, na tograí is gá. |
|
(8) |
Is iomchuí freisin leasuithe teicniúla áirithe a dhéanamh. |
|
(9) |
Ní mór don Aontas tuilleadh a dhéanamh chun bearta áirithe a chur chun feidhme. |
|
(10) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/512/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Airteagal 4o mar a leanas:
|
|
(2) |
leasaítear Airteagal 4p mar a leanas:
|
|
(3) |
leasaítear na hIarscríbhinní i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Feabhra 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
(1) Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).
(2) Cinneadh (CBES) 2022/1909 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 259I, 6.10.2022, lch. 122).
(3) Cinneadh (CBES) 2022/2369 ón gComhairle an 3 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 311I, 3.12.2022, lch. 8).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh 2014/512/CBES mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Iarscríbhinn XI mar a leanas:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(2) |
cuirtear an iarscríbhinn seo a leanas leis: “IARSCRÍBHINN XIII Liosta na dtáirgí amhola agus peitriliam dá dtagraítear in Airteagail 4o agus 4p
|