3.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 32/68


CINNEADH (AE) 2023/232 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Iúil 2022

maidir le Státchabhair SA.55208 (2020/C) (ex 2022/NN) arna chur i bhfeidhm ag an tSeicia do Czech Post

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 5136)

(Is é an leagan Béarla an t-aon leagan barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 108(2) de,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus go háirithe Airteagal 62(1), pointe (a) de,

Tar éis a iarraidh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur isteach de bhun na bhforálacha agus ag féachaint dá gcuid barúlacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

(1)

An 18 Eanáir 2018, rinne údaráis na Seice cúiteamh do Czech Post a réamhfhógairt as an oibleagáid seirbhíse uilíche poist (“USO”) a sholáthar le linn na tréimhse 2018-2022. An 8 Márta 2019, tar éis plé a dhéanamh ar an réamhfhógra agus go háirithe ar mhodheolaíocht an ghlanchostais sheachanta (“NAC”), rinne údaráis na Seice an réamhfhógra sin a tharraingt siar.

(2)

An 20 Lúnasa 2019, rinne údaráis na Seice cúiteamh do Czech Post as USO a sholáthar le linn na tréimhse 2018-2022 a réamhfhógairt arís (“an beart”). I gcomparáid le réamhfhógra an 18 Eanáir 2018, leasaíodh an beart go háirithe maidir le ríomh NAC.

(3)

An 8 agus an 22 Samhain 2019, fuair an Coimisiún dhá ghearán fhoirmiúla ó bheirt iomaitheoirí de chuid Czech Post, Zásilkovna s.r.o. (“Zàsilkovna”) agus První Novinová Společnost a.s. (“PNS”, “Mediaservis” roimhe seo). Cláraíodh na gearáin faoi na huimhreacha SA.55686 (2019/FC) agus SA.55497 (2019/FC) (1) faoi seach.

(4)

Cuireadh na gearáin ar aghaidh chuig údaráis na Seice an 4 Nollaig 2019. D’fhreagair údaráis na Seice i litir dar dáta an 31 Eanáir 2020.

(5)

An 28 Eanáir 2020, rinne údaráis na Seice cúiteamh le deonú do Czech Post a fhógairt as an oibleagáid seirbhíse uilíche (“USO”) a sholáthar le linn na tréimhse 2018-2022.

(6)

An 12 Márta 2020, d’iarr an Coimisiún faisnéis bhreise ó údaráis na Seice, a d’fhreagair i litir dar dáta 24 Aibreán 2020.

(7)

Le cinneadh dar dáta an 23 Meitheamh 2020, chuir an Coimisiún údaráis na Seice ar an eolas go raibh cinneadh déanta aige an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 108(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”) a thionscnamh i leith na cabhrach (2) (“an cinneadh tosaigh”). D’iarr an Coimisiún ar údaráis na Seice a gcuid barúlacha a chur isteach agus gach faisnéis den sórt sin a sholáthar a d’fhéadfadh cabhrú chun measúnú a dhéanamh ar an gcabhair, agus d’iarr sé freisin ar na páirtithe leasmhara go léir a mbarúlacha a chur isteach faoin gcabhair.

(8)

Fuair an Coimisiún na barúlacha faoin gcinneadh tosaigh ó údaráis na Seice agus ó Czech Post i litir dar dáta an 24 Iúil 2020.

(9)

Fuair an Coimisiún barúlacha ó Zàsilkovna maidir leis an gcinneadh tosaigh i litir dar dáta an 2 Deireadh Fómhair 2020 agus ó PNS i litir dar dáta an 3 Deireadh Fómhair 2020.

(10)

Chuir an Coimisiún na barúlacha ó gach tríú páirtí ar aghaidh chuig údaráis na Seice an 9 Samhain 2020.

(11)

Sholáthair údaráis na Seice a gcuid tráchtanna ar na barúlacha ó thríú páirtithe i litir dar dáta an 3 Feabhra 2021.

(12)

An 9 Iúil 2021, sheol seirbhísí an Choimisiúin litir chuig Zàsilkovna agus PNS á chur in iúl dóibh go ndéanfaí cásanna SA.55686 (2019/FC) agus SA.55497 (2019/FC) a thabhairt chun críche agus go ndéanfaí an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a phróiseáil i gcomhpháirt faoi chás-uimhir SA.55208 (2020/C). Mar thoradh air sin, scrúdófaí na barúlacha agus an fhaisnéis a cuireadh ar fáil i dteannta leis na gearáin i gcásanna SA.55686 (2019/FC) agus SA.55497 (2019/FC) i gcomhthéacs an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil SA.55208 (2020/C).

(13)

An 12 Samhain 2021, d’iarr an Coimisiún faisnéis bhreise ó údaráis na Seice. D’fhreagair údaráis na Seice i litir dar dáta an 10 Nollaig 2021.

(14)

An 2 Nollaig 2021, sheol Zàsilkovna barúlacha breise chuig an gCoimisiún.

(15)

An 17 Feabhra 2022 agus an 29 Márta 2022, d’iarr an Coimisiún soiléiriú maidir leis an bhfaisnéis a chuir údaráis na Seice isteach i litir dar dáta an 10 Nollaig 2021. D’fhreagair údaráis na Seice i litreacha dar dáta an 16 Márta 2022 agus an 1 Aibreán 2022.

(16)

Comhaontaíonn an tSeicia go heisceachtúil a cearta a dhíorthaíonn ó Airteagal 342 CFAE a tharscaoileadh, i gcomhar le hAirteagal 3 de Rialachán 1/1958 (3) agus go nglacfar an Cinneadh seo agus go dtabharfar fógra faoi i mBéarla.

2.   TUAIRISC MHIONSONRAITHE AR AN mBEART/AN gCABHAIR

2.1.   An tairbhí: Czech Post

(17)

Is é Czech Post, an príomhoibreoir poist sa tSeicia, tairbhí aonair an bhirt.

(18)

Tá Czech Post go hiomlán faoi úinéireacht an Stáit agus bhunaigh Aireacht Geilleagar Phoblacht na Seice é in 1993, i gcomhréir leis an Acht um Fhiontair faoi úinéireacht an Stáit (4). Déantar a stádas dlíthiúil agus a stádas úinéireachta a rialáil leis an Acht um Fhiontair faoi úinéireacht an Stáit (5).

(19)

Chomh maith le seirbhísí poist, cuireann Czech Post roinnt seirbhísí eile ar fáil freisin, amhail seirbhísí airgeadais (seirbhísí baincéireachta, seirbhísí láimhseála airgid thirim, agus seirbhísí a bhaineann le pinsin a íoc).

(20)

D’ainneoin léirscaoileadh mhargadh poist na Seice an 1 Eanáir 2013, níor tháinig aon fhorbairt shuntasach ar iomaíocht i margadh na litreacha. Is iad PNS agus Česká distribuční na hiomaitheoirí is tábhachtaí atá ag Czech Post i margadh na litreacha agus is iad PPL CZ (Professional Parcel Logistic), Direct Parcel Distribution CZ (DPD), General Logistics Systems Czech Republic (GLS) agus Zásilkovna na hiomaitheoirí is tábhachtaí atá aige i margadh na mbeartán.

2.2.   An USO arna chur ar iontaoibh Czech Post

(21)

Le cinneadh an 12 Nollaig 2017 ón rialtóir náisiúnta poist, cuireadh Oifig Teileachumarsáide na Seice (“CTO”), (6) an USO ar iontaoibh Czech Post don tréimhse 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2022.

(22)

Tá raon feidhme an USO a thugtar ar iontaoibh do Czech Post leagtha amach sa reachtaíocht náisiúnta, eadhon Roinn 3, mír 1, den Acht um Sheirbhísí Poist (7), agus folaítear na nithe seo a leanas leis:

(a)

seachadadh míreanna poist a bhfuil meáchan suas le dhá chileagram iontu (sa bhaile agus thar lear);

(b)

seachadadh beartán poist a bhfuil meáchan suas le dhá chileagram iontu (sa bhaile agus thar lear);

(c)

seachadadh earraí cláraithe a bhfuil meáchan suas le dhá chileagram iontu (sa bhaile agus thar lear);

(d)

seachadadh earraí árachaithe a bhfuil meáchan suas le deich gcileagram iontu (sa bhaile agus thar lear);

(e)

orduithe airgid poist (“PMO”);

(f)

seachadadh saor in aisce míreanna poist a bhfuil meáchan suas le seacht gcileagram iontu (sa bhaile agus thar lear);

(g)

seachadadh míreanna poist ón gcoigríoch laistigh de raon feidhme na seirbhísí atá luaite i bpointe (a) go (d) agus (f);

(h)

seachadadh beartán poist a bhfuil meáchan suas le 20 cileagram iontu (sa bhaile agus thar lear);

(i)

seachadadh “málaí M” a bhfuil meáchan suas le 30 cileagram iontu (sa bhaile agus thar lear); is éard atá sa tseirbhís seo málaí speisialta ina bhfuil nuachtáin, tréimhseacháin, leabhair agus doiciméid chlóite dá samhail don seolaí céanna ag an seoladh céanna;

(j)

seirbhís freagartha gnó idirnáisiúnta: seirbhís a cheadaíonn costas postais litir freagartha a sheoltar chuig tír eile a bhailiú roimh ré ón seoltóir; ní seirbhís neamhspleách poist í toisc nach n-áirítear léi ach modh éagsúil íocaíochta an phraghais le haghaidh míreanna poist atá suas le dhá chileagram ar meáchan laistigh de raon feidhme an USO;

(k)

cúpóin fhreagartha idirnáisiúnta: modh éagsúil íocaíochta an phostais le haghaidh míreanna poist. Is féidir an cúpón a mhalartú ar stampaí arb ionann iad agus an t-íosphostas le haghaidh aerlitreach tosaíochta suas le fiche gram a sheoltar chuig Ballstát eile de chuid an Aontais Phoist Uilechoitinn.

(23)

Mar sholáthraí seirbhíse uilíoch, tá sé de dhualgas ar Czech Post inrochtaineacht ar gach seirbhís poist uilíoch a áirithiú, ar phraghsanna réasúnta, ar fud chríoch iomlán na Seice, agus uair amháin gach lá oibre ar a laghad.

(24)

Is é seo a leanas an bunús dlí le haghaidh an USO a sholáthar:

(a)

Acht Uimh. 29/2000 Coll., um Sheirbhísí Poist agus lena leasaítear Achtanna Áirithe (“an tAcht um Sheirbhísí Poist”);

(b)

cinneadh an 12 Nollaig 2017 ón CTO (8) lena cuireadh an USO ar iontaoibh Czech Post don tréimhse 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2022;

(c)

Ordú Rialtais Uimh. 178/2015 Coll., maidir le híoslíon na n-ionad oibre a chinneadh chun seirbhísí uilíocha a sholáthar (9);

(d)

Foraithne Uimh. 464/2012 Coll., maidir le sonraíochtaí na seirbhísí uilíocha aonair agus maidir leis na buncheanglais cháilíochta i dtaca lena soláthar a chinneadh;

(e)

Foraithne Uimh. 465/2012 Coll. maidir leis an modh chun cuntais ar leithligh a choinneáil le haghaidh costais agus ioncaim shealbhóir an cheadúnais poist; agus

(f)

Foraithne Uimh. 466/2012 Coll., maidir le modh de chuid CTO chun na glanchostais a bhaineann le comhlíonadh na hoibleagáide maidir le soláthar seirbhísí uilíocha a ríomh.

2.3.   Córas Faisnéise Boscaí Sonraí (“DBIS”)

(25)

Cuireadh soláthar an Chórais Faisnéise Boscaí Sonraí (“DBIS”) ar iontaoibh Czech Post freisin don tréimhse 2018-2022. An 2 Feabhra 2018, ghlac an Coimisiún cinneadh (10) inar cinneadh gurb ionann cúiteamh de mhéid CZK 2.3 billiún (EUR 85.1 milliún) a bhí le deonú do Czech Post as DBIS a sheachadadh thar an tréimhse 2018-2022 agus státchabhair atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Chreat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2012 (11).

(26)

Is cainéal leictreonach é DBIS le haghaidh na cumarsáide inmheánaí laistigh den riarachán poiblí agus le haghaidh cumarsáid shlán idir an riarachán poiblí agus saoránaigh agus cuideachtaí, a thagann, i gcásanna áirithe, in ionad gnáthsheirbhísí poist amhail post cláraithe.

2.4.   An beart dá dtugtar fógra agus an sásra cúitimh don USO

2.4.1.   Raon feidhme an fhógra agus méid an chúitimh

(27)

Baineann an beart dá dtugtar fógra le cistiú poiblí chun go soláthróidh Czech Post an USO arna sainmhíniú ag údaráis na Seice (féach aithris (22)) le linn na tréimhse 2018-2022, ar cistiú é atá le deonú ar bhonn an Achta um Sheirbhísí Poist. De bhun Airteagal 34e(3) den Acht um Sheirbhísí Poist ní féidir le CTO cistí a aistriú chun glanchostais shealadacha nó glanchostais a íoc, glanchostais arb ionann iad agus ualach airgeadais míchothrom go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le comhoiriúnacht an chúitimh leis an margadh inmheánach.

(28)

Braithfidh an cúiteamh a dheonófar do Czech Post ar ghlanchostais an USO, mar a arna shainmhíniú ag údaráis na Seice, agus arna bhfíorú ag an CTO, agus tá sé teoranta d'uasmhéid CZK 1 500 milliún (EUR 55.5 milliún (12)) gach bliain. (féach aithris (33)).

2.4.2.   Nós imeachta chun an tsuim a bheidh le deonú mar chúiteamh a chinneadh

(29)

De bhun Roinn 34c den Acht um Sheirbhísí Poist, ní shocraítear méid an chúitimh USO le haghaidh gach bliain roimh ré, ach déantar é a ríomh agus a íoc go bliantúil i dtrí chéim.

Céim 1: Aisíocaíocht na nglanchostas sealadach i mbliain t (costais ar ionann iad agus 50 % de na glanchostais i mbliain t-1)

(30)

Maidir leis na glanchostais shealadacha a thabhaítear i mbliain ar leith, féadfaidh Czech Post iarraidh a chur faoi bhráid CTO ar aisíocaíocht ina leith ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig den bhliain sin (bliain t) i gcomhréir le Roinn 34c den Acht um Sheirbhísí Poist. I gcásanna den sórt sin, eiseoidh an CTO cinneadh lena suífear na glanchostais shealadacha a bheidh ina gcostais is ionann le 50 % de na glanchostais a ríomhadh (agus úsáid á baint as an modh ar a dtugtar tuairisc i Roinn 8.2.8) don bhliain roimhe sin (bliain t-1) a bhfuil an tsuim fíoraithe ina leith. Laistigh de 30 lá ón dáta a thiocfaidh an cinneadh chun bheith ina chinneadh críochnaitheach, déanfaidh an tSeicia aisíocaíocht le Czech Post i leith na nglanchostas sealadach tríd an CTO.

Céim 2: Aisíocaíocht i mbliain t+1 de na glanchostais atá fágtha a tabhaíodh i mbliain t

(31)

Maidir leis na glanchostais iarbhír a thabhaítear i mbliain ar leith, féadfaidh Czech Post iarratas ar aisíocaíocht a chur faoi bhráid CTO faoin 31 Lúnasa na bliana dár gcionn (bliain t+1), de réir Roinn 34d den Acht um Sheirbhísí Poist. Déanann CTO an glanchostas arna ríomh ag Czech Post a fhíorú ag baint úsáide as modheolaíocht an ghlanchostais sheachanta. Suífidh CTO, trí chinneadh, na glanchostais, ar costais iad is ionann le suim na nglanchostas arna bhfíorú i gcomhréir le Roinn 34b den Acht um Sheirbhísí Poist. Chun glanchostais a aisíoc, asbhainfidh an CTO na glanchostais shealadacha a aisíocadh cheana le Czech Post. Má bhíonn na glanchostais shealadacha a íocadh níos airde ná na glanchostais a tabhaíodh i mbliain ar leith, aisíocfaidh Czech Post an difríocht leis an Stát.

(32)

Fíoraíonn an CTO tionscnamh agus méid na nglanchostas ar an mbealach a shonraítear i Roinn 34b den Acht um Sheirbhísí Poist. Más rud é, tar éis an fíorú sin a dhéanamh, go bhfuil ríomh na nglanchostas ceart, beidh Czech Post i dteideal aisíocaíochta ar na glanchostais de réir dlí.

Céim 3: Ní féidir leis an aisíocaíocht a bheith os cionn CZK 1 500 milliún le haghaidh gach bliana

(33)

Fíoraíonn an CTO glanchostas an USO mar atá sainmhínithe ag údaráis na Seice i gcomhréir le Roinn 34b den Acht um Sheirbhísí Poist. Aisíoctar an glanchostas suas go dtí an t-uasmhéid CZK 1 500 milliún le haghaidh gach bliana, de réir Roinn 34d den Acht um Sheirbhísí Poist, bunaithe ar anailís ar ualach míchothrom an USO.

3.   GEARÁIN

3.1.   An gearán a rinne Zàsilkovna

(34)

Áitíonn Zàsilkovna, iomaitheoir de chuid Czech Post atá gníomhach sa mhargadh seachadta beartán, gur thairbhigh Czech Post de chabhair neamhdhleathach ó bhí 2013 ann “ar a laghad”. Tá achoimre thíos ar an ngearán a rinne Zàsilkovna.

(35)

Tá Zàsilkovna den tuairim nach bhfuil an gníomh iontaoibhe i gcomhréir leis an gCreat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, toisc nach bhfuil an modh chun méid an chúitimh do Czech Post a chinneadh oibiachtúil agus trédhearcach. Áitíonn Zàsilkovna nach bhfuil aon mhionsonraí maidir le ríomh na nglanchostas ar ar a mbonn a cinneadh méid an chúitimh mínithe ná foilsithe ag údaráis na Seice ná ag Czech Post.

(36)

Tá Zàsilkovna den tuairim freisin go bhfuair Czech Post acmhainní airgeadais iomarcacha mar chúiteamh as an USO, mar atá sainithe ag údaráis na Seice, ó 2013 go 2017, agus gur in olcas a rachaidh an scéal sa tréimhse 2018-2022. Maidir leis sin, luann Zàsilkovna go bhfuil méadú faoi thrí tagtha ar an teorainn bhliantúil maidir le hualach míchothrom don tréimhse 2018-2022, go dtí CZK 1 500 milliún, i gcomparáid leis an méid ar glacadh leis sa chinneadh ón gCoimisiún lena gcumhdaítear cúiteamh USO don tréimhse 2013-2017 (an “Cinneadh maidir le USO 2018”) (13). Tá Zàsilkovna den tuairim go mbaineann Czech Post leas as an gcúiteamh iomarcach sin chun a sheirbhísí neamh-USO a thras-fhóirdheonú, go háirithe ar mhargadh na mbeartán. (14)

(37)

Tá Zàsilkovna den tuairim go háirithe go bhfaigheann Czech Post cúiteamh iomarcach toisc go leithdháileann sé costas iomlán a líonra seachadta agus iompair ar an USO, agus mar sin nach leithdháileann sé sciar de na costais sin mar is ceart dá sheirbhís “Balíkovna” (seachadadh beartán chuig pointí bailithe seachas oifigí poist) agus mar sin go ndéanann sé an tseirbhís sin a thras-fhóirdheonú leis an gcúiteamh as an USO a líomhnaítear a bheith iomarcach. Dar le Zàsilkovna, tairgtear seirbhís Balíkovna “go mór faoi bhun an chostais”. Is cosúil go bhfuil Zàsilkovna den tuairim go bhfuil costais á mí-leithdháileadh ag Czech Post ó 2013 ar a laghad.

(38)

Tugann Zàsilkovna bunús lena argóint maidir le praghsanna Balíkovna trí thagairt a dhéanamh dá phraghsanna féin agus praghsanna iomaitheoirí príobháideacha eile chun beartáin a sheachadadh chuig pointí bailithe (ar praghsanna iad uile a líomhnaítear a bheith níos airde). Ina theannta sin, luann Zàsilkovna go bhfuil na praghsanna a ghearrann Czech Post do sheachadadh beartán chuig oifigí poist, seirbhís atá, más fíor do Zàsilkovna, an-chosúil le seirbhís Balíkovna toisc go bhfuil costais arda choiteanna agus an leibhéal céanna éifeachtúlachta próisis ag baint leis an dá sheirbhís sin, go bhfuil na praghsanna sin idir dhá agus trí oiread níos airde.

3.2.   An gearán a rinne PNS

(39)

Líomhnaíonn PNS go dtabharfar róchúiteamh do Czech Post as soláthar an USO, mar a shainíonn údaráis na Seice é. Maíonn PNS nach bhfuil cás frithfhíorasach an NAC inchreidte, toisc go mbeadh tionchar suntasach ag an laghdú ar líon na n-oifigí poist ar an ioncam a ghineann Czech Post ó sheirbhísí neamh-USO. Maíonn PNS go gcaillfí gach bliain leis an gcás frithfhíorasach an t-ioncam go léir a ghinfí trí sheirbhísí neamh-USO, arb ionann é agus CZK 4.25 billiún (EUR 157.3 milliún), ar suim é a líomhnaítear nach dtugtar cuntas ceart uirthi i ríomhanna údaráis na Seice agus Czech Post.

(40)

Líomhnaíonn PNS freisin go bhfuil catagóiriú mícheart déanta ag Czech Post ar sheirbhísí áirithe mar sheirbhísí neamh-USO agus mar sin gurb ann do laghdú saorga ar an ioncam a ghineann an USO. Dar le PNS, bíonn an glanchostas atá le cúiteamh níos airde ar dhóigh shaorga dá bharr sin.

(41)

Luann PNS freisin go ndearnadh an tAcht um Sheirbhísí Poist a leasú chun na teorainneacha maidir le cúiteamh glanchostas a mhéadú go suntasach go dtí CZK 1 500 milliún (EUR 55.5 milliún) in aghaidh na bliana, ó CZK 500 milliún (EUR 18.5 milliún) in aghaidh na bliana ar dtús. Tugann PNS le fios go ndearna údaráis na Seice, i gCinneadh USO 2018, glanchostas an USO a mheas ag CZK 984 milliún (EUR 36.4 milliún) ar a mhéad in aghaidh na bliana, suim atá go mór faoi bhun na huasteorann méadaithe sin.

(42)

Tá PNS den tuairim freisin gur sháraigh Czech Post na ceanglais trédhearcachta atá leagtha amach i dTreoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), agus go háirithe in Iarscríbhinn 1, cuid C, fomhír 1, a ghabhann leis an Rialachán sin agus in Airteagal 7(5) den Rialachán sin, trí mhéid an chúitimh amháin a fhoilsiú, seachas ríomhanna an NAC.

(43)

Maíonn PNS nach bhfuil ríomh na nglanchostas a rinne Czech Post i gcomhréir le hIarscríbhinn 1, Cuid B, fomhír 5, a ghabhann le Treoir 97/67/CE. Déantar foráil sa Treoir sin “go mbeidh an ríomh bunaithe ar costais is inchurtha le heilimintí de na seirbhísí sainaitheanta nach féidir a sholáthar ach amháin trí chaillteanas a dhéanamh nó ar ghlanchostas atá lasmuigh de ghnáthchaighdeáin tráchtála”. Tá PNS den tuairim freisin go sáraíonn Czech Post Roinn 33 den Acht um Sheirbhísí Poist, lena gcuirtear de cheangal air seirbhísí a chur ar fáil laistigh de raon feidhme na seirbhíse uilíche ar phraghsanna atá dírithe ar chostais.

(44)

Maíonn PNS go dtugann Czech Post lascainí “ollmhóra” de suas go dtí 60 % do sheoltóirí móra, rud a fhágann go mbíonn na praghsanna “thar a bheith” íseal, faoi bhun an chostais. Dar le PNS, leanann sé seo as beartas praghsála Czech Post féin agus níor cheart an tuiscint a bhaint as go dtagann sé lasmuigh de ghnáthchaighdeáin tráchtála de réir bhrí Threoir 97/67/CE, i.e. nach gcuireann an USO, mar atá sainithe ag údaráis na Seice, ceangal ar Czech Post praghsanna a ghearradh faoi bhun an chostais. Dá bhrí sin ní féidir aon chaillteanas a eascraíonn as an gcleachtas sin a chur san áireamh agus cúiteamh Czech Post á ríomh.

(45)

Chun tacú leis an argóint sin, sholáthair PNS sampla eile agus luann sé gur tháinig ardú de bheagnach 20 % ar phraghsanna do phostas hibrideach (16) in 2019, rud a chiallaíonn, dar le PNS, go bhfuil an praghas nua ró-ard agus go sáraíonn sé corrlach brabúis réasúnta nó nach raibh an praghas is ísle roimhe seo dírithe ar chostais mar go mbeadh sé ró-íseal chun costais a chumhdach.

4.   NA FORAIS CHUN AN NÓS IMEACHTA IMSCRÚDAITHE FOIRMIÚIL A THIONSCNAMH

(46)

An 23 Meitheamh 2020, d’oscail an Coimisiún an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil maidir leis an gcúiteamh USO do Czech Post don tréimhse 2018-2022 i ngeall ar amhras a bhí air maidir lena chomhoiriúnacht leis an margadh inmheánach.

(47)

Sa chinneadh tosaigh, chuir an Coimisiún a amhras in iúl ar dtús faoi raon feidhme an USO, mar atá sainithe ag údaráis na Seice. Go deimhin, tá an USO a cuireadh ar iontaoibh Czech Post, mar a thugtar tuairisc air in aithris (22), níos leithne ná na seirbhísí ar a dtugtar tuairisc in Airteagal 3 de Threoir 97/67/CE. Go háirithe, thug an Coimisiún dá aire go n-áirítear ar an USO orduithe airgid poist, nach bhfuil liostaithe san Airteagal sin agus dá dtagraítear i dTreoir 2008/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) mar sheirbhísí breise nó seirbhísí comhlántacha. Ina theannta sin, mheas an Coimisiún nach ndeachthas i gcomhairle go sonrach leis an bpobal maidir le horduithe airgid poist a áireamh i raon feidhme an USO don tréimhse dá dtugtar fógra. Mar thoradh air sin, tháinig sé ar an gconclúid go raibh amhras ann go bhféadfadh an USO mar atá sainithe ag an tSeicia san Acht um Sheirbhísí Poist (nó orduithe airgid poist ar a laghad) cáiliú mar fhíor-sheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta.

(48)

Sa dara háit, agus ag féachaint don amhras faoi raon feidhme an USO, mar atá sainithe ag údaráis na Seice, chuir an Coimisiún in iúl freisin go raibh amhras air faoi chomhlíonadh rialacha maidir le soláthar poiblí an Aontais i dtaca le dámhachtain dhíreach an USO. Go deimhin, féadfar soláthraí USO a ainmniú faoi Airteagal 4(2) de Threoir 97/67/CE más rud é gur féidir raon feidhme na ngníomhaíochtaí a dhéanann an soláthraí USO a mheas mar sheirbhís uilíoch mar a shainítear in Airteagal 3 den Treoir sin í.

(49)

Sa tríú háit, chuir an Coimisiún in iúl go raibh amhras air faoin gcinneadh tosaigh maidir le méid an chúitimh a bheidh le deonú do Czech Post. I dtaca leis sin, chuir an Coimisiún in iúl go raibh amhras air faoi inchreidteacht dhearadh chás frithfhíorasach Czech Post. Go háirithe, bhí amhras ar an gCoimisiún go mbeadh Czech Post tar éis níos mó ná 1 000 oifig a bhí á bhfeidhmiú go deonach aige go dtí deireadh 2015 a dhúnadh, faoin gcás frithfhíorasach. Thug an Coimisiún dá aire nach bhfágann teacht i bhfeidhm foraithne cur chun feidhme in 2016 lenar cuireadh cosc ar oifigí poist áirithe dúnadh, agus an méid sin amháin, go bhfuil oibriú na n-oifigí poist sin ina n-ualach ann féin agus go bhféadfadh Czech Post iad a dhúnadh tráth ar bith roimh theacht i bhfeidhm na foraithne cur chun feidhme, ach gur shocraigh siad gan é sin a dhéanamh.

(50)

Ina theannta sin, chuir an Coimisiún in iúl go raibh amhras air faoi chainníochtú thionchar na n-athruithe a mhol Czech Post ar a bhonneagar poist agus ar a mhinicíocht seachadta sa chás frithfhíorasach. Maidir le cainníochtú na héifeachta ar an éileamh sa chás frithfhíorasach a eascraíonn as an laghdú ar an mbonneagar (18), rinne údaráis na Seice suirbhé a thug le fios i measc nithe eile go scoirfeadh 29 % d’fhreagróirí d’úsáid a bhaint as Czech Post le haghaidh seirbhísí airgeadais dá ndúnfaí oifig an phoist a raibh á úsáid acu faoi láthair, agus go ndéanfaí difear mór do sheirbhísí poist freisin ós rud é go scoirfeadh 20 % d’fhreagróirí d’úsáid a bhaint as Czech Post chun litreacha cláraithe a sheoladh. Cé nár cheart go dtiocfadh laghduithe comhfhreagracha ar éileamh as na freagairtí maidir le héileamh sna suirbhéanna, sa chás frithfhíorasach, dar le húdaráis na Seice, ní laghdódh ioncam ó sheirbhísí neamh-USO ach 4 %, agus laghdódh an t-éileamh ar litreacha cláraithe díreach 1,1 %. I bhfianaise an mhéid thuas, chuir an Coimisiún in iúl go raibh amhras air go ndearnadh an tionchar ar éileamh a bheadh ag dúnadh oifigí poist a chainníochtú i gceart.

(51)

Maidir le cainníochtú na héifeachta ar éileamh sa chás frithfhíorasach a eascraíonn as an laghdú ar mhinicíocht seachadta (19), rinne údaráis na Seice suirbhé samplach ar 1 002 shaoránach a bhain úsáid as Czech Post chun litreacha a sheoladh sa tréimhse 6 mhí roimhe sin, inar iarradh orthu cé acu an mbeadh nó nach mbeadh sé “inghlactha”, dar leo, na litreacha a sheolann siad a bheith seachadta laistigh de dhá lá oibre, seachas an lá dár gcionn. De réir an tsuirbhé, mheas [70-95] % de na freagróirí go mbeadh sé inghlactha, mheas [2,5-15] % de na freagróirí nach mbeadh sé inghlactha, agus mheas [2,5-15] % de na freagróirí nach mbeadh sé inghlactha ná doghlactha. Dar le húdaráis na Seice, mar thoradh ar an laghdú ar an minicíocht seachadta, go laghdófaí líon na litreacha neamhchláraithe [5-15] % sa chás frithfhíorasach. Ag cur san áireamh an méid thuasluaite, chuir an Coimisiún in iúl go raibh amhras air, ar an gcéad dul síos, go gceadaíonn an suirbhé seo aon chonclúid daingean a bhaint maidir leis na héifeachtaí beachta ar éileamh a bhaineann le minicíocht an tseachadta a laghdú, ós rud é nach léiríonn dearcadh a bheith ag freagróirí go bhfuil nó nach bhfuil athrú ar rátaí seachadta Czech Post inghlactha an difear a dhéanfadh sé don éileamh. Sa dara háit, bhí an Coimisiún in amhras gur chainníochtaigh údaráis na Seice éifeacht an éilimh sin i gceart, i bhfianaise na neamhréire idir torthaí an tsuirbhé agus an laghdú ar mhéideanna.

(52)

Ar deireadh, maidir le NAC an USO chuir an Coimisiún amhras in iúl gur chuir údaráis na Seice an glanchostas a bhain le soláthar DBIS san áireamh i gceart. Go deimhin, agus NAC an USO á ríomh, ní mór aon chomhaireamh dúbailte maidir leis an NAC a ríomhtar don DBIS a bhfuil Czech Post curtha ar iontaoibh ina leith don tréimhse chéanna (“cinneadh maidir le DBIS”) (20) a sheachaint. Sa chás seo, tá ríomh déanta ag údaráis na Seice go bhfuil an NAC (USO+DBIS) cothrom le CZK 15.2 billiún (EUR 562.6 milliún) le linn an tréimhse 2018-2022. Is ionann an NAC (DBIS) agus CZK 5.2 billiún (EUR 192.5 milliún) don tréimhse chéanna (21). Mar thoradh air seo tá NAC (USO) de CZK 10.0 billiún (EUR 370.1 milliún). Tháinig údaráis na Seice ar an gconclúid, áfach, gurb ionann an NAC (USO) agus CZK 12.3 billiún (EUR 455.3 milliún), nó CZK 2.5 billiún (EUR 92.5 milliún) ar an meán in aghaidh na bliana. Mar thoradh air sin, is cosúil go ndearna údaráis na Seice earráid mhodheolaíoch.

(53)

I bhfianaise an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh amhras air maidir le meastachán NAC an USO don tréimhse 2018-2022. Thug an Coimisiún faoi deara, d’ainneoin uasteorainn de CZK 7.5 billiún (EUR 277.6 milliún) a bheith ann, cé gur measadh CZK 12.3 billiún a bheith san NAC, go raibh na neamhchinnteachtaí sa NAC ró-shuntasach chun a eisiamh go bhféadfadh an NAC a bheith fiú níos ísle ná an uasteorainn cúitimh agus go bhféadfadh sé go bhfuair Czech Post an iomarca cúitimh as an USO.

(54)

Sa cheathrú háit, chuir an Coimisiún amhras in iúl faoin dreasacht éifeachtúlachta. Go deimhin, tá uasmhéid cúitimh Czech Post don tréimhse 2018-2022 leagtha síos san Acht um Sheirbhísí Poist, agus tá an méid sin socraithe thar an tréimhse iontaoibhe. A mhéid atá uasteorainn chúitimh Czech Post níos ísle ná an NAC, mheasfadh an Coimisiún go mbeadh an cur chuige sin inghlactha chun dreasacht éifeachtúlachta a áirithiú. Mar sin féin, agus na héiginnteachtaí a luaitear in aithris (53) thuas á gcur san áireamh, chuir an Coimisiún in iúl freisin go raibh amhras air faoi cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an USO an ceanglas maidir le dreasachtaí éifeachtúlachta atá leagtha amach i mír 39 den Chreat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2012. (22).

(55)

Sa chúigiú háit, chuir an Coimisiún in iúl go raibh amhras air gur comhlíonadh na ceanglais trédhearcachta atá leagtha amach i mír 60 den Chreat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2012. Go deimhin, mheas an Coimisiún gur cheart an comhairliúchán poiblí dá dtagraítear in aithris (47), dá mba ghá é, a bheith foilsithe.

5.   BARÚLACHA Ó PHÁIRTITHE LEASMHARA

5.1.   Zàsilkovna

(56)

Tá an t-amhras céanna a luaigh an Coimisiún sa chinneadh tosaigh ar Zàsilkovna agus tá barúlacha eile curtha ar aghaidh aige maidir le comhoiriúnacht an bhirt.

(57)

Go háirithe, tá Zàsilkovna den tuairim gur féidir le hoibreoirí príobháideacha an USO, mar atá sainithe ag údaráis na Seice, nó ar a laghad na seirbhísí seachadta beartán, a fheidhmiú ar bhonn tráchtála mar atá sa Ghearmáin, san Ísiltír agus sa tSualainn gan aon Státchabhair. Chuige sin, áitíonn sé nach ionann dálaí an mhargaidh reatha agus teip sa mhargadh maidir le soláthar an USO ar bhonn tráchtála agus mar sin nach féidir an USO a mheas mar fhíorsheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta..

(58)

Míníonn Zàsilkovna go gcomhlíonann a líonra beartán poist an ceanglas maidir le 3 200 oifig phoist ar a laghad mar atá leagtha síos in Ordú Rialtais N.178/2015 Coll. Míníonn sé freisin go gcomhlíonann a líonra poist na bunchritéir cháilíochta go léir chun infhaighteacht leordhóthanach a áirithiú agus go gcomhlíonann sé formhór mór na gcritéar chun dlús leordhóthanach a áirithiú. D’fhéadfadh líonra poist Zàsilkovna na critéir atá fágtha a chomhlíonadh go han-tapa freisin chun cáiliú mar líonra poist náisiúnta a theastaíonn chun an USO a sholáthar mar atá leagtha síos i bhForaithne Uimh. 464/2012.

(59)

Maíonn Zàsilkovna nach bhfuil aon bhunús leis na tréimhsí dímheasa do na sócmhainní chun USO a sholáthar, mar atá sainithe ag údaráis na Seice, chun críocha na tréimhse iontaoibhe, toisc go bhfuil amhras ann faoi na nithe seo a leanas: cé acu de na sócmhainní atá liostaithe i dTábla 1 den chinneadh tosaigh atá beartaithe a mhaoiniú ón gcúiteamh as an USO; cén uair a ceannaíodh iad nó cén uair atá sé beartaithe iad a cheannach; nó an bhfuil a dtréimhse dímheasa imithe i léig. Níl aon fhianaise sa liosta ach an oiread maidir leis an ngá atá leis na sócmhainní chun an USO a sholáthar. Dar le Zàsilkovna, níl a leithéid de liosta trédhearcach ar chor ar bith agus ní féidir é a úsáid mar fhianaise.

(60)

Dar le Zàsilkovna, níl an cúiteamh as an USO i gcomhréir leis na ceanglais trédhearcachta airgeadais atá leagtha amach sa Chreat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. I dtuairim Zàsilkovna, tá cuid den chúiteamh curtha san áireamh go foirmiúil cheana féin ag Czech Post i dtuarascáil bhliantúil 2019 sular fhaomh an Coimisiún an cúiteamh agus sular íocadh é. Ina theannta sin, maíonn Zàsilkovna go ndéanann Czech Post na praghsanna faoi bhun costais dá sheirbhísí neamh-USO a fhóirdheonú trí na seirbhísí USO, go méadaíonn sé a chaillteanais agus go leithdháileann sé iad ar ghníomhaíochtaí USO, mar atá sainithe ag údaráis na Seice.

(61)

Maíonn Zàsilkovna freisin gur sháraigh údaráis na Seice na rialacha maidir le soláthar poiblí atá leagtha amach in Airteagal 4(2) de Threoir 97/67/CE, ós rud é gur bhunaigh an rialtóir (i.e. CTO) na critéir ábhartha ar bhealach idirdhealaitheach toisc gur critéir shaincheaptha do Czech Post a bhí iontu. Áitíonn sé na nithe seo a leanas: (i) cuireadh na PMOnna san áireamh d’aon ghnó i raon feidhme an USO, rud a thug, ar an gcaoi sin, buntáiste do Czech Post, arbh é an t-aon oibreoir poist a d’fhéadfadh seirbhísí den sórt sin a thairiscint (i.e. bonneagar, líonra, lóistíocht speisialta, etc.); agus (ii) socraíodh na critéir/pointí meastóireachta ar bhealach a chuir ar a chumas do Czech Post tromlach na bpointí dámhachtana a bhailiú.

(62)

Dar le Zàsilkovna, bíonn róchúiteamh as an USO mar thoradh ar mhéid an NAC a fógraíodh, mar atá sainithe ag údaráis na Seice, mar gheall ar chúiseanna éagsúla amhail:

(a)

Ní gnóthas faoi riarachán maith é Czech Post, toisc nach míníonn sé go beacht na costais go léir a líomhnaítear a bheith riachtanach chun oibleagáidí USO a chomhlíonadh sa chás fíorasach;

(b)

Ní dhealaíonn Czech Post ón nglanchostas seachanta deiridh caillteanais a bhaineann sé amach go deonach trína sheirbhísí nach seirbhísí USO iad a sholáthar ar phraghsanna faoi bhun costais;

(c)

tá dúnadh 67,1 % d’oifigí poist agus tiontú 14,4 % díobh ina bPointí Poist, sa chás frithfhíorasach, go hiomlán neamhréadúil agus tá sé saincheaptha chun údar a thabhairt do chúiteamh USO réamhroghnaithe;

(d)

is ionann an laghdú ar mhinicíocht an tseachadta (ó 5 lá in aghaidh na seachtaine go 5 lá in aghaidh na coicíse) arna ghlacadh sa chás frithfhíorasach, agus an cás iarbhír maidir leis na litreacha ó 2020 nuair a thug CZ Post isteach an seachadadh dhá-luas a líomhnaítear nach ndearna Czech Post é a chur san áireamh ina chás frithfhíorasach agus an coigilteas costais faoi seach á mheas;

(e)

laghdódh an laghdú ar mhinicíocht seachadta brabúsacht Czech Post a thuilleadh sa chás frithfhíorasach agus san NAC; agus

(f)

níl an mhodheolaíocht chun glanchostas an USO a ríomh bunaithe ar an modheolaíocht leithdháilte costas, a bheadh níos oiriúnaí go ginearálta, a chuirfeadh cosc ar thras-fhóirdheonú agus a roinnfeadh go comhréireach na costais choiteanna idir an tseirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus gníomhaíochtaí tráchtála eile, de réir mar a líomhnaítear.

(63)

Ar deireadh, tá Zàsilkovna den tuairim gur ceist neamhspleách maidir le státchabhair é tras-fhóirdheonú gníomhaíochtaí nach gníomhaíochtaí USO iad agus a luaitear in aithris (60) ar cheart don Choimisiún iad a mheasúnú ar leithligh. Dar le Zàsilkovna, tá Czech Post i mbun tras-fhóirdheonú na bpraghsanna faoi chostas dá ghníomhaíochtaí neamh-USO. Ina theannta sin, tá Czech Post in ann na seirbhísí sin a sholáthar ar phraghsanna faoi bhun costais mura ndéantar na costais a bhaineann le hoibriú bonneagair agus líonra a roinnt i gceart idir gníomhaíochtaí USO agus gníomhaíochtaí neamh-USO.

5.2.   PNS (Mediaservis roimhe seo)

(64)

Tá PNS den tuairim nach bhfuil iontaoibh an USO, mar atá sainithe ag údaráis na Seice, ag teacht le mír 13 de Chreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta lena bhforáiltear “[nach] féidir le Ballstáit oibleagáidí sonracha seirbhíse poiblí a cheangal le seirbhísí atá á soláthar cheana ag gnóthais a oibríonn faoi ghnáthdhálaí margaidh nó ar féidir leo iad a sholáthar go sásúil. Ina leith sin, áitíonn PNS go bhfuil roinnt iomaitheoirí ann, PNS ina measc, atá ní hamháin breá sásta an USO a chomhlíonadh sa tSeicia, ach atá freisin i mbun seachadta seirbhísí cheana féin ar féidir iad a idirmhalartú leis na seirbhísí sin a thagann faoi raon feidhme an USO ar fud na Seice ar fad, rud lena bhféadfaí a áirithiú go soláthrófaí na USOnna seo ar an leibhéal céanna agus ar an gcaighdeán céanna le Czech Post agus ar chúiteamh glanchostas i bhfad níos ísle, más ann ar chor ar bith do ghlanchostais.

(65)

Dar le PNS, tá níos mó i gceist le PMOnna ná an sainmhíniú ar an USO mar a leagtar amach é in Airteagal 3 de Threoir 97/67/CE. Dá bhrí sin is ionann an fhoráil seo den Acht um Sheirbhísí Poist agus foráil atá ag teacht salach go díreach ar Threoir 97/67/CE. Maíonn PNS freisin nach bhfuil aon chiall eacnamaíoch le cuimsiú PMOnna san USO ós rud é go bhféadfadh bainc agus institiúidí gairmiúla airgid eile seirbhísí PMO a sholáthar go héasca gan aon chostas breise agus ar phraghas a bheadh gan dabht níos ísle ná Czech Post. Maidir le NAC an PMO, measann PNS nach mór é a eisiamh ón USO, rud a fhágann laghdú de CZK 200 milliún ar a laghad (thart ar EUR 8 milliún) in aghaidh na bliana (23).

(66)

Tá PNS den tuairim freisin go sáraíonn USO, mar atá sainithe ag údaráis na Seice, do chur ar iontaoibh Czech Post, trí dhámhachtain dhíreach, na rialacha maidir le soláthar. Ina leith sin, áitíonn PNS go raibh an tairiscint don USO idirdhealaitheach i dtaca le hoibreoirí seachas Czech Post. Dar le PNS, cuireadh na PMOnna san áireamh d’aon ghnó i raon feidhme an USO, rud a thug, ar an gcaoi sin, buntáiste do Czech Post, arbh é an t-aon oibreoir poist a d’fhéadfadh seirbhísí den sórt sin a thairiscint (i.e. bonneagar, líonra, lóistíocht speisialta, etc.) agus socraíodh na critéir/pointí meastóireachta ar bhealach a chuir ar a chumas do Czech Post tromlach na bpointí dámhachtana a bhailiú.

(67)

Creideann PNS nach bhfágann teacht i bhfeidhm foraithne cur chun feidhme in 2016 lenar cuireadh cosc ar oifigí poist áirithe dúnadh, agus an méid sin amháin, go bhfuil oibriú na n-oifigí poist sin ina n-ualach ann féin agus go bhféadfadh Czech Post iad a dhúnadh tráth ar bith roimh theacht i bhfeidhm na foraithne cur chun feidhme, ach gur shocraigh siad gan é sin a dhéanamh.

(68)

De réir PNS, tá cúiteamh USO bunaithe ar chás frithfhíorasach nach bhfuil réadúil, cás ina ndúntar oifigí poist, rud nach léiríonn iompar caighdeánach ná iompar margadh-dhírithe de chuid gnáthghníomhaí sa mhargadh, agus go roghnaítear líon na n-oifigí poist atá dúnta d’aon ghnó chun tacú leis an gcúiteamh glanchostas nua a socraíodh in 2018, ionas go mbeidh an líon sin níos airde ná an ceann roimhe sin le haghaidh 2013-2017. Tá dúnadh oifigí poist in aghaidh treocht an mhargaidh ós rud é go bhfuil iomaitheoirí móra Czech Post amhail PNS agus Zásilkovna, ag feidhmiú os cionn 3 000 oifig phoist gan USO.

(69)

De réir PNS, déantar an NAC don USO a chumadh roimh ré agus a ríomh go mícheart, gan na nithe seo a leanas a chur san áireamh: (i) cainníochtú cuí ar an nglanchostas a eascraíonn as oibriú na n-oifigí atá le dúnadh sa chás frithfhíorasach; (ii) an coigilteas a ghintear leis scéim nua seachadta Czech Post, nach bhfuil chomh minic sin; agus (iii) caillteanais dheonacha sheirbhísí neamh-USO de chuid Czech Post nach mór a bhaint as méid an NAC.

(70)

Maíonn PNS freisin nach ndéanann Czech Post a chuntais a dheighilt i gceart, agus go ndéanann sé na costais a bhaineann le seirbhísí neamh-USO a leithdháileadh go mícheart ar sheirbhísí USO, mar atá sainithe ag údaráis na Seice, agus ansin éilíonn sé cúiteamh as glanchostais an USO a méadaíodh go saorga ar an gcaoi sin agus go ndéanann sé caillteanais na n-ítimí nach ítimí USO iad a thras-fhóirdheonú. Áitíonn sé go dtagann an rialtóir, CTO, ar an gconclúid go rialta go gcomhlíonann Czech Post ceanglais an dlí náisiúnta maidir le cuntais a dheighilt, ach nach ndéanann sé iniúchadh dáiríre maidir le cé acu atá nó nach bhfuil na heochracha leithdháilte ceart go hábhartha. Dar le PNS, ní dheimhníonn an t-iniúchóir ach go bhfuil na huimhreacha curtha isteach i gceart sna táblaí a d’ullmhaigh Czech Post, cé nach ndearna an CTO ná iniúchóir aon mheastóireacht ábhartha ar an modheolaíocht sna cuntais leithleacha ón tráth ar ghlac an CTO an mhodheolaíocht maidir le deighilt cuntas breis is 7 mbliana ó shin.

(71)

Ina theannta sin, tugann PNS le fios go dtugann roinnt fíricí le fios nach ndéanann Czech Post a USO a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtach mar ghnóthas faoi riarachán maith. Mar shampla, chuir an eagraíocht neamhbhrabúis Hlídač státu (“Foras Faire an Stáit”), a bhfuil sé mar mhisean aici solas agus trédhearcacht a chaitheamh ar fheidhmiú rialtas na Seice, agus ar an láimhseáil a dhéantar ar airgeadas poiblí, chuir sí Czech Post sa dara háit ar liosta dubh na n-eintiteas is lú trédhearcacht de réir mar a líomhnaítear, ag tabhairt le fios go bhfuil an riosca éillithe thar a bheith ard. Tá PNS den tuairim freisin go bhfuil airgead Czech Post á chaitheamh ar bhealach míréasúnta, mí-éifeachtach gan cuspóir. Ní mór gach costas den chineál seo a dhíchur dá réir sin ó ríomh an NAC, mar nach mbaineann na costais sin le soláthar seirbhísí USO agus neamh-USO araon, ós rud é go gcaitear iad gan ghá. (24).

(72)

Ar deireadh, tarraingíonn PNS aird an Choimisiúin ar an gconradh idir Czech Post agus Oifig Staidrimh na Seice (Český statistický úřad) maidir le daonáireamh 2021, a bronnadh ar Czech Post gan aon tairiscint phoiblí a bheith ann, d’ainneoin gur fiú CZK 876 859 000 (thart ar EUR 33 milliún) an conradh sin. Tathantaíonn PNS ar an gCoimisiún meastóireacht chúramach a dhéanamh ar an gconradh seo arna dhámhachtain ar Czech Post, toisc go bhféadfadh luach saothair Czech Post faoin gconradh sin a bheith ina Státchabhair neamhfhógartha do Czech Post, de shárú ar Airteagal 108(3) CFAE.

5.3.   Czech Post

(73)

Tá Czech Post den tuairim go raibh cuimsiú an PMO san USO faoi réir comhairliúcháin phoiblí agus, fiú mura n-amharcfadh an Coimisiún ar an gcomhairliúchán a tharla mar “chomhairliúchán poiblí cuí”, measann Czech Post gurb ionann é agus “ionstraim iomchuí” [eile] trínar fíoraíodh go raibh gá le PMO a áireamh san USO ar mhaithe le leasanna na n-úsáideoirí. Measann Czech Post go ndeachthas i gcomhairle leis an bpobal maidir leis an USO i gcoitinne, lena n-áirítear an PMO, trí na hionstraimí seo a leanas:

(a)

rinne an CTO athbhreithniú arb é is aidhm dó a fhíorú an raibh cáilíocht na seirbhísí (bunúsacha) uilíocha ag freagairt do riachtanais an phobail agus ar cheart don CTO an oibleagáid a fhorchur arís chun na seirbhísí uilíocha aonair a sholáthar, agus ar cheart (cuid de) na seirbhísí uilíocha a chur ar fáil fiú in éagmais oibleagáidí ábhartha den sórt sin, ar bhealach atá inchomparáide leis na ceanglais do na seirbhísí uilíocha. Mar chuid den athbhreithniú, chuathas i dteagmháil le roinnt eintiteas (25) agus coimisiúnaíodh suirbhé i bhfoirm pobalbhreithe poiblí;

(b)

chuaigh an CTO i gcomhairle leis an bpobal ina dhiaidh sin in 2016 maidir lena rún oibleagáid a fhorchur chun an USO (lena n-áirítear an PMO) a sholáthar ar feadh tréimhse 5 bliana;

(c)

in 2016, bhí raon feidhme an USO ina ábhar athbhreithnithe ansin, a dhéileáil go sonrach le cuimsiú na seirbhíse PMO i raon feidhme na seirbhíse uilíche agus a bhí incháilithe go soiléir mar sheirbhís phoiblí;

(d)

i dteannta leis an athbhreithniú a rinneadh in 2016, is de chineál comhairliúchán poiblí próiseas achtaithe an leasaithe ar an Acht um Sheirbhísí Poist lena n-áirítear an PMO, mar ar reáchtáladh comhairliúcháin iomadúla, grúpaí oibre agus caibidlíochtaí déthaobhacha leis na heintitis lena mbaineann;

(e)

tá an díospóireacht ar an dréacht-dlí ar an Acht um Sheirbhísí Poist le linn an phróisis reachtaigh sa Pharlaimint náisiúnta oscailte don phobal ós rud é go bhfuil cead ag an bpobal i gcoitinne páirt a ghlacadh sa seimineár agus mar sin tá deis eile acu tuilleadh faisnéise a fháil agus seans freisin a moltaí maidir leis an dréacht-dlí a chur i láthair an tráth seo (26).

(74)

Dar le Czech Post, tá éifeacht dhearfach ag seirbhís PMO ar mhéid glanchostas an USO, mar atá sainithe ag údaráis na Seice (is é sin, laghdaítear léi méid na gcostas sin). Mar sin cumhdaíonn an tseirbhís PMO a costais féin agus rannchuidíonn sí le costais na gcomhpháirteanna eile den USO a chumhdach. Dá bhrí sin ní gá aon íocaíocht a dhéanamh ó chistí poiblí le haghaidh soláthar na seirbhíse PMO ag an Czech Post. Ní gá, dá bhrí sin, coinníollacha an Chreata maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (lena n-áirítear an ceanglas maidir le comhairliúchán poiblí) a chomhlíonadh maidir leis an tseirbhís seo, toisc nach bhfaigheann Czech Post aon chúnamh Stáit ina leith.

(75)

Ní aontaíonn Czech Post le dearbhú an Choimisiúin go bhfágann forchur seirbhíse breise nó seirbhíse comhlántaí de réir bhrí aithris (30) de Threoir 2008/6/CE go gcuirtear as an áireamh an fhéidearthacht go mbeidh dámhachtain dhíreach ann de bhun Airteagal 4(2) de Threoir 97/67/CE ós rud é gur fíoraíodh i gceart go raibh leas an phobail ann a áirithiú gur forchuireadh an oibleagáid seirbhísí PMO a sholáthar ar an soláthraí USO agus, an tráth céanna, go raibh sé fíoraithe, tríd an nós imeachta faoin Acht um Sheirbhísí Poist, gurbh é Czech Post an t-aon eintiteas a bhí in ann an USO a sholáthar, mar atá sainithe ag údaráis na Seice.

(76)

Maidir leis an amhras a chuir an Coimisiún in iúl i dtaca leis an gcás frithfhíorasach (aithris (107) den chinneadh tosaigh), d’áitigh Czech Post, cé nach raibh aon oibleagáid fhoirmiúil ann líon áirithe (líon is airde) oifigí poist a choinneáil go dtí 2016, ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil agus ón bplé polaitiúil ag an am, ní raibh aon amhras ann nach raibh an rogha theoiriciúil chun líon na n-oifigí poist a laghdú go 2 100 ach ina rogha shealadach, mar go gceanglófaí de réir dlí ar Czech Post aon oifigí poist a dhún sé a athoscailt. Bheadh nós imeachta den sórt sin go hiomlán neamhréasúnach i dtéarmaí eacnamaíocha. Ina theannta sin, áitíonn Czech Post nach féidir aon rud a thuiscint as seo maidir leis an gcás frithfhíorasach, ina samhlaítear cás nach mbeadh Czech Post faoi cheangal ag an USO, mar atá sainithe ag údaráis na Seice, agus dá bhrí sin nach dúnadh sealadach a bheadh i ndúnadh oifigí poist áirithe.

(77)

Maíonn Czech Post nach bhfuil aon bhunús leis an amhras atá ar an gCoimisiún maidir le cainníochtú na héifeachta ar éileamh a bhaineann le hoifigí poist a dhúnadh sa chás frithfhíorasach mar:

(a)

bhí an céatadán caillteanais ioncaim a cuireadh i bhfeidhm maidir le gach oifig phoist a dhúnadh sa chás frithfhíorasach mar an gcéanna leis na hoifigí poist a bhí le dúnadh sa chás frithfhíorasach ar a raibh an Cinneadh maidir le USO 2018 bunaithe (27); agus

(b)

tá an laghdú céatadánach san éileamh níos lú ar an iomlán, ag cur san áireamh an t-ioncam i bhfad níos airde a gnóthaíodh ag na hoifigí poist agus na hiostaí atá le coinneáil.

(78)

Maíonn Czech Post nach bhfuil aon bhunús leis an amhras atá ar an gCoimisiún maidir le cainníochtú na héifeachta ar éileamh an mhinicíocht seachadta a laghdú sa chás frithfhíorasach ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos, ó thaobh an chustaiméara de, níl ann ach seans laghdaithe go seachadfar a gcoinsíneacht an lá dár gcionn, i gcás, mar atá i bhformhór mór na gcásanna, nach dtabharfadh na custaiméirí an t-athrú ar an modh seachadta faoi deara mura cuireadh in iúl go sainráite dóibh é. Sa dara háit, glactar leis sa chás frithfhíorasach nach dtairgtear aon táirge ionadach leordhóthanach (28) eile do choinsíneachtaí poist a bhfuil am seachadta ráthaithe acu, rud a d'fhéadfadh cur le caillteanais ioncaim chomhfhreagracha.

(79)

Tá Czech Post den tuairim nach ndéantar é a chúiteamh, go mór, as costais iomlána an USO, mar atá sainithe ag údaráis na Seice, agus dá bhrí sin go bhfuil spreagadh ann i gcónaí chun éifeachtacht na seirbhísí USO a mhéadú.

(80)

Ar deireadh, maíonn Czech Post gur comhlíonadh mír 60 de Chreat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearáltaseirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta maidir le ceanglais trédhearcachta freisin. Chuige sin, áitíonn Czech Post: (i) gur foilsíodh torthaí an Athbhreithnithe a rinne CTO in 2016 (29) agus an chomhairliúcháin phoiblí a d'eagraigh an CTO in 2016 ar shuíomh Gréasáin an CTO (30); (ii) go bhfoilsítear torthaí na gcomhairliúchán poiblí a rinneadh le linn ullmhú agus achtú an Leasaithe ar an Acht um Sheirbhísí Poist in 2011 agus 2012, mar chuid den mheabhrán míniúcháin ar an leasú, (31) i leabharlann eKLEP don phobal (32) agus ar shuíomh Gréasáin Theach na dTeachtaí; agus (iii) go bhfuil torthaí na gcéimeanna aonair den phróiseas reachtach ar fáil, mar aon le taifid steinea-grafaíochta gach ceann de sheisiúin Chomhlachas na dTeachtaí agus an tSeanaid inar pléadh an dréacht-Leasú ar an Acht um Sheirbhísí Poist. (33).

6.   BARÚLACHA ÓN tSEICIA

6.1.   Barúlacha ón tSeicia maidir leis an gcinneadh tosaigh

(81)

Tá údaráis na Seice den tuairim go bhfuil an tseirbhís PMO cáilithe mar sheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus dá bhrí sin gur cheart í a áireamh i raon feidhme an USO.Ar an gcéad dul síos, measann siad nach bhfuil aon seirbhís cosúil leis an PMO a chuirtear ar fáil ar bhonn tráchtála (34).Ar an dara dul síos, is de chineál seirbhíse poiblí ar mhaithe le riachtanais an phobail a chomhlíonadh (go háirithe grúpaí leochaileacha den daonra) an PMO.Sa tríú háit, bhí raon feidhme an USO ina ábhar do phlé agus do chomhairliúcháin leis an bpobal i gcoitinne agus le páirtithe leasmhara agus an leasú ar an Acht um Sheirbhísí Poist in 2012 á ullmhú.Ar deireadh, bhí an rún chun an USO a fhorchur, lena n-áirítear an PMO, don tréimhse 2018-2022 bunaithe ar na conclúidí a baineadh as athbhreithniú fairsing ar cháilíocht agus ar mhodh an USO a sholáthar agus a dhearbhú agus a infhaighteacht ghinearálta ar chríoch na Seicia, i.e. arna stiúradh ag an rialtóir, CTO. Baineadh de thátal as an athbhreithniú nach bhféadfadh an margadh na seirbhísí poist agus na seirbhísí PMO a chuimsítear i raon feidhme an USO a sholáthar.

(82)

Míníonn údaráis na Seice go ndéantar an oibleagáid chun an USO a sholáthar agus a shocrú a fhorchur faoi Roinn 22 den Acht um Sheirbhísí Poist ar bhonn nós imeachta tairisceana. Socraíodh coinníollacha an nós imeachta tairisceana seo ionas go bhféadfadh aon pháirtí a bhfuil suim aige an USO a sholáthar, mar atá sainithe ag údaráis na Seice, a bheith rannpháirteach agus go gcomhlíonfaí na ceanglais is infheidhme maidir le trédhearcacht, cóir chomhionann agus neamh-idirdhealú. Sular fógraíodh an nós imeachta tairisceana, cuireadh in iúl go neamhfhoirmiúil don CTO go mbeadh suim ag roinnt oibreoirí a bheith rannpháirteach; níor chláraigh ach iarrthóir amháin don nós imeachta tairisceana ar deireadh thiar áfach – Czech Post. Mar gheall ar neamhchomhlíonadh le ceann amháin de na coinníollacha chun a bheith rannpháirteach sa nós imeachta tairisceana, diúltaíodh dá iarratas.

(83)

D’fhonn soláthar leanúnach an USO a áirithiú i gcomhréir leis na ceanglais cháilíochta is infheidhme ar fud chríoch na Seicia, d’fhorchuir údaráis na Seice USO ar Czech Post mar chomhlíon sé na critéir mheastóireachta ar an mbealach is fearr. Agus sin á dhéanamh acu, chuir údaráis na Seice an nós imeachta a leagtar síos i Roinn 22(9) den Acht um Sheirbhísí Poist i bhfeidhm, lena sonraítear go bhféadfaidh CTO, de bhua cinneadh maidir le deonú ceadúnais poist, an oibleagáid i ndáil le soláthar agus socrú na seirbhísí uilíocha a leagtar amach san fhógra i dtaobh an nós imeachta tairisceana a fhorchur ar an oibreoir is fearr a chomhlíonann na critéir mheastóireachta. Ar an gcúis sin, thionscain CTO imeachtaí riaracháin ex officio le Czech Post maidir le ceadúnas poist a dheonú le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2022, óir ba é Czech Post ab fhearr a chomhlíon na critéir a leagadh amach san fhógra i dtaobh an nós imeachta tairisceana. Agus an méid réamhluaite in aithrisí (81) agus (82) á gcur san áireamh, i dtuairim údaráis na Seice, comhlíonadh na ceanglais uile is infheidhme maidir le trédhearcacht, comhréireacht, cóir chomhionann agus neamh-idirdhealú sa phróiseas a bhain leis an oibleagáid chun USO a sholáthar, mar tagann siad ó Threoir 97/67/CE agus na rialacha maidir le soláthar poiblí, dá bhrí sin chomhlíon siad na ceanglais i mír 19 den Chreat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta.

(84)

A mhéid a bhaineann le dealraitheacht an cháis fhrithfhíorasaigh, soiléiríonn údaráis na Seice nach dtairgfear sa chás sin glacadh agus seachadadh litreacha cláraithe agus beartán in oifigí poist amháin ach ag PostPoints freisin chomh maith le seachadadh beartán ar luasphost atá lasmuigh de raon feidhme an USO faoi láthair, mar atá sainithe ag údaráis na Seice, (e.g. seirbhísí Balík Do ruky [Beartán go Lámh], Balík Na poštu [Beartán go Post, Balík Do balíkovny [Beartán go hOifig Beartán]) chomh maith le, i líonra Balíkovna (i.e. líonra de phointí bailithe nach dtairgeann ach aon seirbhís amháin — “Beartán agus Asraon Bailithe Beartphoist”, nó Balík do Balíkovny sa tSeicis) trí bhrainsí tríú páirtí a chur leis agus dá bhrí sin ag cruthú líonra seachtrach de phointí bailithe a oibrítear ar an mbealach céanna leo siúd a d’úsáid na hiomaitheoirí ar mhargadh beartán na Seice.Tairgfidh Czech Post dá bhrí sin seirbhísí poist ag PostPoints agus i líonra Balíkovna ach ní thairgfidh sé seirbhísí neamh-phoist tráchtála (e.g. seirbhísí bainc, díolachán ticéad crannchuir) ag na pointí sin. Ar deireadh, míníonn údaráis na Seice nach bhfuil sna hionaid a mheasann na soláthraithe eile a bheith mar “oifigí poist” ina líonraí brainse féin, ach pointí díolacháin (e.g. seastáin nuachtáin) agus pointí bailithe (pointí seirbhísí tríú páirtí atá bunaithe ar choimisiún) nach bhféadfaí breathnú orthu mar a bheith comhionann le hoifigí poist de réir bhrí an Achta um Sheirbhísí Poist mar ní chomhlíonann siad na ceanglais ábhartha chun raon iomlán seirbhísí USO a thairiscint. Tairgtear níos mó seirbhísí le hoifigí poist de chuid Czech Post agus dá bhrí sin tá siad níos costasaí ná pointí díolacháin agus pointí bailithe na n-iomaitheoirí.

(85)

De réir údaráis na Seice, forchuireadh an oibleagáid chun a áirithiú go bhfuil USO ar fáil le híosmhéid de 3 200 oifig phoist cheana roimh ainmniú an tsoláthraí seirbhíse uilíche don tréimhse dá dtugtar fógra (2018-2022). Bheadh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le haon Soláthraí Seirbhíse Uilíche ainmnithe sa tSeicia. Ar an gcúis sin, measann údaráis na Seice nach bhfuil an líon oifigí poist inar thairg Czech Post a sheirbhísí le linn na tréimhse 2013-2015 ábhartha don mheasúnú ar dhealraitheacht an cháis fhrithfhíorasaigh a mhéid a bhaineann le dúnadh oifigí poist. Míníonn údaráis na Seice, áfach, go raibh ciall leis an gcinneadh ó thaobh an gheilleagair de go gcoinneoidh Czech Post 1 118 oifig phoist (neamh-shainordaitheacha) atá ag déanamh caillteanais ar bun go deonach le haghaidh na tréimhse 2013-2015, ós rud é gurbh eol an tráth sin go n-athosclófar na hoifigí sin arís in 2016.

(86)

Míníonn údaráis na Seice freisin, ar bhonn na sonraí airgeadais, na gcaillteanas ioncaim measta mar gheall ar dhúnadh na n-oifigí poist sa chás frithfhíorasach, go mbeadh siad teoranta ós rud é nach ngineann na hoifigí dúnta ach codán beag ([15-35] %) den ioncam iomlán a ghineann an líonra poist iomlán agus aistreofar cuid de na hioncaim ó na hoifigí poist atá le dúnadh chuig Postpoints [Pointí Poist]. Tugtar an caillteanas ioncaim le fios ní hamháin ó thorthaí suirbhé ábhartha, ach ó fhíorais eile freisin, amhail an fad go dtí an oifig phoist is gaire agus seirbhís chomhchosúil a bheith le fáil ar an margadh.

(87)

A mhéid a bhaineann leis an imní a chuir an Coimisiún in iúl maidir le húsáid torthaí suirbhé le haghaidh cainníochtú na héifeachta éilimh a bhaineann leis an líonra oifigí poist a laghdú sa chás frithfhíorasach, mhínigh údaráis na Seice gur chuir siad san áireamh na torthaí suirbhé (35) lena léirítear go stopfadh 23 % d’fhreagróirí ag úsáid Czech Post le haghaidh seirbhísí airgeadais nach dtagann faoi raon feidhme an USO mar atá sainithe ag údaráis na Seice dá ndúnfadh an oifig phoist atá á húsáid acu faoi láthair. Níor cuireadh an céatadán caillteanais éilimh i bhfeidhm ach ar na hioncaim ó na seirbhísí airgeadais réadaithe maidir leis na hoifigí poist dúnta amháin sa chás frithfhíorasach (agus ní ar na hioncaim uile ó sheirbhísí airgeadais réadaithe maidir leis na hoifigí poist uile arna soláthar Czech Post). Níl i seirbhísí airgeadais ach gníomhaíocht ghnó imeallach de chuid Czech Post, áfach, ós rud é go léirítear leis an ioncam ó sheirbhísí airgeadais níos lú ná [5-20] % d’ioncam foriomlán Czech Post. Dá bhrí sin, bheadh an caillteanas éilimh faoi seach sa chás frithfhíorasach imeallach freisin. Ríomhadh an caillteanas éilimh a bhaineann le litreacha cláraithe ar an mbealach céanna. Ós rud é nach seolann custaiméirí ach [20-45] % de litreacha cláraithe ó oifigí poist, bheadh coinne le caillteanais éilimh sách teoranta sa chás frithfhíorasach chuige sin.

(88)

A mhéid a bhaineann le cainníochtú an éilimh atá fágtha a aistríodh ó na hoifigí dúnta chuig na cinn atá fós ann sa chás frithfhíorasach, mhínigh údaráis na Seice nach ndearna siad talamh slán de go mbeadh an t-éileamh atá fágtha ó na hoifigí dúnta mar an gcéanna i dtéarmaí céatadáin le haghaidh na n-oifigí dúnta uile agus maidir le gach cineál seirbhíse poist (i.e. gan beann ar chóngaracht don oifig phoist atá fágtha agus iomaíochas a bheith ann). Go háirithe, bíonn an céatadán caillteanais in ioncaim a bhaineann le litreacha ag brath ar an achar nach mór do chustaiméirí taisteal chuig an oifig phoist is cóngaraí (e.g. le haghaidh litreacha caighdeánacha, suas le 3 km, [0,5-2] %, suas le 5 km, [1-3] %, suas le 10 km, [2-6] % agus níos mó ná 10 km, [3-8] %). Cuireadh cur chuige éagsúil i bhfeidhm maidir le beartáin, i gcás inar úsáid údaráis na Seice céatadán éagsúil (i.e. [30-55] %) le haghaidh caillteanas éileamh gan beann ar an achar idir an oifig dúnta agus an oifig phoist is gaire atá fós ann. Bhí an cur chuige sin bunaithe ar an bhfíoras go bhfuil margadh na mbeartán an-iomaíoch sa tSeicia, tá seirbhísí na n-iomaitheoirí ar fáil ar fud na tíre, dá bhrí sin níor chuir siad san áireamh tionchar éagsúil ar éileamh ag brath ar an achar ón oifig phoist is gaire. I dtuairim údaráis na Seice, is é aistriú an éilimh atá fágtha chuig na 3 oifig phoist is gaire an cás is fearr a dhéanann aithris ar an aistriú iarbhír custaiméirí chuig na hoifigí poist atá fágtha, bunaithe ar dhóchúlacht gluaisteacht custaiméirí. Ar deireadh, mhínigh údaráis na Seice go ndearna siad suirbhé spriocdhírithe chun na toimhdí réamhluaite a chainníochtú.

(89)

A mhéid a bhaineann leis an tionchar a bheadh ag laghdú an líonra oifigí poist sa chás frithfhíorasach ar oibriú foriomlán Czech Post, mhínigh údaráis na Seice go ndéanann Czech Post bailiúchán ó bhoscaí poist, sórtáil agus seachadadh go neamhspleách ar oifigí poist. Dá bhrí sin, ní bheadh méadú i gcostais sórtála de thoradh laghdú ar an líon oifigí poist.

(90)

I gcodarsnacht leis an imní a chuir an Coimisiún in iúl in aithris (114) den chinneadh tosaigh, maíonn údaráis na Seice go ndearnadh tionchar éilimh an laghdaithe i minicíocht seachadta a chainníochtú i gceart ós rud é gur cuireadh san áireamh sa CTO tairiscint seirbhísí ionadacha a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an athrú ar an éileamh, chomh maith leis an suirbhé ar an margadh a luadh in aithris (113) den chinneadh tosaigh (“an suirbhé ar an margadh”). Mhínigh údaráis na Seice gur athraigh Czech Post an mhinicíocht seachadta i mí Feabhra 2020 agus tairgeann sé “coinsíneachtaí barainne” a sheachadtar de réir D+n (36) agus “coinsíneachtaí tosaíochta” a sheachadtar de réir D+1 (37). Tá coinsíneachtaí barainne CZK 7 níos saoire ná coinsíneachtaí tosaíochta (tá feidhm ag an difríocht sin maidir le gnáthlitreacha agus litreacha cláraithe araon). Sonraí (38) a chomhfhreagraíonn do thréimhse theoranta ó mhí Feabhra go mí na Bealtaine 2020, is cosúil go dtugtar le fios iontu go mbeadh an éifeacht éilimh a bhainfeadh leis an laghdú i minicíocht seachadta sách teoranta sa chás frithfhíorasach.

(91)

Thairis sin, mhínigh údaráis na Seice gur mheas siad an inniúlacht bhreise inchreidte a éilítear ionas go mbeadh Czech Post in ann leanúint ar aghaidh ag oibriú sa chás frithfhíorasach. Ar an gcéad dul síos, mheas siad an méid inniúlachta is gá chun aistriú ó gach oifig phoist atá dúnta, ansin rinne siad an méid atreoraithe a aistriú (in uaireanta an chloig oibre) chuig na hoifigí poist atá fágtha agus ar deireadh rinne siad tástáil ar an inniúlacht nua a bhaineann leis na hoifigí poist atá fágtha. Mhínigh údaráis na Seice go mbaineann an inniúlacht iomarcach ag na hoifigí poist tráchtála (39) le USO mar gheall go bhfuil an t-éileamh seirbhísí leagtha amach ar fud gach oifige poist éigeantaí agus dá bhrí sin ní bhaintear an úsáid iomlán as na hoifigí sin agus níl siad go hiomlán brabúsach (ní mhéadaíonn an t-éileamh ar sheirbhísí poist go comhréireach le líon na n-oifigí poist, i.e. ní gá go mbeadh ioncaim níos airde mar thoradh ar níos mó oifigí poist). Is de thoradh na n-uaireanta an chloig gnóthacha agus uaireanta an chloig ciúine le linn na n-uaireanta an chloig oscailte a bhíonn an t-ualach oibre ar oifigí poist tráchtála den sórt sin íseal. Athraíonn Czech Post an líon cuntar atá ar oscailt go solúbtha chun oiriúnú do na huaireanta an chloig sin a bhíonn idir ghnóthach agus chiúin, ach níl aon teorainn le hoiriúnú den sórt sin mar gheall ar uaireanta an chloig oibre na bhfostaithe.

(92)

A mhéid a bhaineann le tuairim an Choimisiúin a leagtar amach in aithris (115) den chinneadh tosaigh go bhfuil seans ann go ndearna údaráis na Seice earráid mhodheolaíochta sa ríomh maidir le glanchostas seachanta, glacann údaráis na Seice leis gur míthuiscint atá ann agus tá siad fós den tuairim gur mheas siad glanchostas seachanta DBIS i gceart agus glanchostas seachanta USO á ríomh acu. Ina dtuairim féin, níor dhiall siad ar bhealach substaintiúil ó na prionsabail ríofa a úsáideadh le haghaidh na tréimhse 2013-2017, ach rinne siad sainmhíniú as an nua ar an gcás frithfhíorasach chun an cás atá ann faoi láthair ar mhargadh poist na Seice a léiriú.

(93)

A mhéid a bhaineann le hamhras an Choimisiúin cé acu a chomhlíontar, nó nach gcomhlíontar, an ceanglas faoi mhír 39 den Chreat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, áitíonn údaráis na Seice gur uirlis choitianta atá i gceist le huasmhéid ceadaithe a shocrú chun na glanchostais a chumhdach chun éifeachtúlacht an tsoláthraí USO a áirithiú, éifeachtúlacht a spreagtar chun costais a laghdú agus eagrú oibre a fheabhsú d’fhonn costais nach gcúiteofar a laghdú. Measann údaráis na Seice freisin go bhféadfar breathnú ar an rialú atá ag CTP ar cháilíocht (40) USO mar uirlis eile atá ar fáil chun róchúiteamh a eisiamh agus soláthar éifeachtach an USO a áirithiú.

(94)

Ar deireadh, áitíonn údaráis na Seice go gcomhlíonann raon feidhme an USO an ceanglas maidir le trédhearcacht a leagtar amach i gCreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, ós rud é gur forchuireadh é faoi réir comhairliúcháin cheart, mar a mhínítear in aithris (81) thuas, lena n-áirítear foilsiú thorthaí an chomhairliúcháin.

6.2.   Barúlacha ón tSeicia maidir le barúlacha tríú páirtithe

6.2.1.   Barúlacha ón tSeicia maidir le barúlacha Zàsilkovna

(95)

Measann an tSeicia gur lochtach í an argóint faoina n-úsáideann Zásilkovna sonraí reatha ar an gcás margaidh chun aghaidh a thabhairt ar chonclúidí a rinne CTP a mhéid a bhaineann leis an ngá chun na hoibleagáidí USO a fhorchur ar chur i gcrích athbhreithniú 2016, ós rud é go bhfuil an staid mhargaidh in 2020 éagsúil leis an staid ar ar a bhonn a forchuireadh an USO. Tá an cinneadh chun oibleagáidí USO a fhorchur bunaithe ar thoradh an athbhreithnithe a rinneadh in 2016. Agus measúnú á dhéanamh ar mhinicíocht an chuir chuige a d’úsáid an tSeicia agus cinneadh á dhéanamh faoin ngá leis na hoibleagáidí sin a fhorchur, is gá measúnú a dhéanamh ar an staid tráth a rinneadh cinneadh den sórt sin, agus ní ar an staid mar atá sé sá lá atá inniu ann.

(96)

A mhéid a bhaineann leis an méid atá á mhaíomh ag Zàsilkovna nár cheart an USO, mar atá sainithe ag údaráis na Seice, a mheas mar fhíorsheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta ós rud é go bhféadfadh oibreoirí príobháideacha é a dhéanamh ar bhonn tráchtála gan aon chabhair, áitíonn an tSeicia gur ghníomhaigh sí i gcomhréir le ceanglais an Achta um Sheirbhísí Poist, acht lena dtrasuitear Treoir 97/67/CE tráth a raibh an oibleagáid á forchur aici. Deimhníodh leis an nós imeachta sin gur riachtanas poiblí oibiachtúil iad na seirbhísí USO go fóill agus gur cheart iad a fhorchur mar oibleagáid. An rún chun oibleagáid a fhorchur maidir an tseirbhís orduithe airgid poist a sholáthar, bhí sé san áireamh sa chomhairliúchán poiblí a bhí mar chuid den athbhreithniú agus cuireadh é i láthair ag ceardlann a eagraíodh le páirtithe leasmhara an 5 Eanáir 2017. Níor úsáid Zásilkovna a cheart chun a bharúil a thabhairt ar chor ar bith, áfach, agus níor ardaigh sé aon agóid maidir leis an rún sin sa chomhairliúchán poiblí.

(97)

A mhéid a bhaineann leis an méid atá á mhaíomh ag Zàsilkovna maidir le tréimhsí dímheasa na sócmhainní le haghaidh soláthar USO, mar atá sainithe ag údaráis na Seice, chun críocha na tréimhse iontaoibhe, go bhfuil na tréimhsí sin gan bhunús, áitíonn an tSeicia gur cuireadh an tréimhse dímheasa faoi bhráid an Choimisiúin chun críocha fógra na Státchabhrach le haghaidh na tréimhse 2018-2022. Tá an forbhreathnú seo i gcomhréir le saolré ionchasach na sócmhainní a thugtar sa Chuid Airgeadais de Thuarascáil Bhliantúil Czech Post, agus an tuarascáil sin fíoraithe ag iniúchóir, a fhad agus atá an tuairim iniúchóireachta mar chuid den Tuarascáil Bhliantúil. Measann CTO go bhfuil na sócmhainní a liostaítear mar shócmhainní atá riachtanach chun USO a sholáthar agus measann CTO go bhfuil a dtréimhsí dímheasa measta réasúnach.

(98)

A mhéid a bhaineann le hargóint Zàsilkovna maidir le sárú líomhnaithe na rialacha maidir le trédhearcacht airgeadais le haghaidh gnóthas poiblí, áitíonn an tSeicia go bhfuil cuntasaíocht na sócmhainní agus na ndliteanas measta i gcomhréir leis na rialacha maidir le cuntasaíocht is infheidhme sa tSeicia agus d’fhíoraigh comhlacht inniúil (iniúchóir neamhspleách) cuntais Czech Post. I dtuairim na Seicia, ní bhaineann amhras i ndáil le sárú na rialacha maidir le trédhearcacht an chaidrimh airgeadais idir Ballstáit agus gnóthais phoiblí leis an bhfíoras gur taifeadadh cuid de chúiteamh USO i gcuntais 2019, seachas sin tugann sé le fios nár thuig Zásilkovna an fhaisnéis a luaitear sa Tuarascáil Bhliantúil i gceart.

(99)

A mhéid a bhaineann leis an méid atá á mhaíomh ag Zásilkovna in aithris (61) gur sáraíodh na rialacha maidir le soláthar poiblí, áitíonn an tSeicia an méid a leanas: (i) cuireadh an nós imeachta tairisceana ar ceal ar son cúiseanna dlíthiúla agus ar bhealach dá bhforáiltear leis an dlí, ós rud é nár chomhlíon aon cheann de na rannpháirtithe na critéir incháilitheachta chun bheith rannpháirteach sa tairiscint; (ii) níor dhearbhaigh Zàsilkovna a leas i rannpháirtíocht sa nós imeachta tairisceana in aon chás; (iii) sular cuireadh tairiscintí isteach, cheadaigh CTO do gach iarratasóir ionchasach ceisteanna a chur faoi choinníollacha agus faoi raon feidhme na tairisceana, d’fhonn an trédhearcacht ba mhó ab fhéidir a áirithiú agus é a chur ar a gcumas do chách an fhaisnéis riachtanach uile a fháil chun a dtairiscintí a ullmhú; agus (iv) thosaigh CTO de mheastóireacht a dhéanamh ar na tairiscintí tar éis don sprioc-am dul in éag, i gcomhréir leis an ngnáth-chleachtas. Dearadh an nós imeachta tairisceana ar bhealach a cheadaigh do roinnt iarratasóirí a bheith rannpháirteach, fiú mura soláthraíonn siad punann iomlán seirbhísí USO, mar atá sainithe ag údaráis na Seice, agus ceadaíodh leis roinnt ceadúnas USO le haghaidh seirbhísí éagsúla USO a dhámhadh ar sholáthraithe seirbhíse uilíche éagsúla. Ní raibh aon ghá dá bhrí sin d’aon oibreoir amháin soláthar na seirbhísí uilíocha uile a bhí á n-iarraidh a ráthú. Agus an méid réamhluaite á chur san áireamh, i dtuairim na Seicia, ní raibh an nós imeachta tairisceana idirdhealaitheach agus, i gcodarsnacht leis sin, tarraingíodh suas é ar bhealach a chuir ar a chumas d’aon oibreoir seirbhísí poist iarratas a dhéanamh chun bheith ainmnithe mar an soláthraí seirbhíse uilíche.

(100)

A mhéid a bhaineann leis an méid atá á mhaíomh ag Zàsilkovna nach bhfuil an cás frithfhíorasach réadúil agus nár tarraingíodh suas é ach amháin chun críocha maolán a chruthú le bheith mar údar leis na glanchostais de CZK 10 billiún le haghaidh tréimhse 2018-2022, áitíonn an tSeicia an méid a leanas: (i) modheolaíocht an ghlanchostais sheachanta a úsáideadh chun na glanchostais a ríomh, níl sí de rogha shealbhóir an cheadúnais poist, ach foráiltear ina leith san Acht um Sheirbhísí Poist; (ii) meastar praghsanna seirbhísí neamh-USO de chuid Czech Post a bheith ar an leibhéal céanna sa chás fíorasach agus sna cásanna frithfhíorasacha araon agus níl feidhm ag an oibleagáid praghsála bunaithe maidir leo, i gcodarsnacht leis na praghsanna ar an gcuid de USO a bhaineann le seirbhísí; (iii) tá aisíocaíocht na nglanchostas teoranta ag an gcaillteanas eacnamaíoch ó USO a taifeadadh sna cuntais ar leithligh a bhaineann le costais agus ioncaim; (iv) cé nár úsáideadh ach 2 108 n-oifig phoist chun na glanchostais a ríomh faoin gcás fíorasach sular eisíodh Ordú Rialtais Uimh. 178/2015, cuireadh síneadh leis an oibleagáid go 3 200 oifig phoist ó 2016, agus (v) tá an cás frithfhíorasach sochreidte agus cainníochtaithe i gceart (féach aithrisí (82) go (89)) a fhad agus a oibríonn Czech Post i gcomhréir le treochtaí an mhargaidh. Measann an tSeicia go bhfuil an uasteorainn cúitimh atá ann faoi láthair ina dreasacht éifeachtach chun cost-éifeachtúlacht a bhaint amach ach go bhfuil, ar na cúiseanna thuasluaite, an méid atá á mhaíomh gur modhnaíodh an cás frithfhíorasach chun comhfhreagairt don uasteorainn mhéadaithe gan bhunús.

(101)

A mhéid a bhaineann leis an méid atá á mhaíomh ag Zàsilkovna go ndearna Czech Post rómheastachán ar na glanchostais sheachanta gan an cás frithfhíorasach ag seoladh seachadadh D+n ag grád barainne a chur san áireamh, áitíonn an tSeicia gur cuireadh an seoladh sin san áireamh agus an doiciméadacht mhionsonraithe a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin an 18 Eanáir 2020 mar fhianaise air sin.

(102)

Ar deireadh, diúltaíonn an tSeicia don mhéid atá á mhaíomh ag Zàsilkovna go dtras-fhóirdheonaíonn Czech Post gníomhaíochtaí a dhéantar ar bhonn tráchtála go hiomlán trí 781 phointe bailithe Balíkovna a bhunú agus trí bheartáin agus ioncaim faoi seach ó oifigí nach bhfuil chomh brabúsach a atreorú ina dhiaidh sin chuig na 781 phointe bailithe sin chun na glanchostais sheachanta a ardú d’aon turas agus, dá bhrí sin, róchúiteamh a thabhairt do Czech Post. Áitíonn an tSeicia nach bhfuil sé sin fíor mar gheall ar an méid a leanas: (i) tá ar Czech Post bealaí a aimsiú chun cuíchóiriú a dhéanamh ar a oibríochtaí agus a sheirbhísí a dhéanamh níos tarraingtí do thomhaltóirí; agus (ii) cuirtear glanchostais Balíkovna sa chás fíorasach agus sa chás frithfhíorasach san áireamh sa ríomh ar ghlanchostais sheachanta, mar sin níl róchúiteamh mar thoradh ar sheirbhísí Balíkovna agus dá bhrí sin níl aon tras-fhóirdheonú ar na seirbhísí neamh-USO.

6.2.2.   Barúlacha ón tSeicia maidir le barúlacha PNS

(103)

Ar an mbealach céanna, maidir le tuairim na Seicia in aithris (95) a mhéid a bhaineann le barúlacha Zàsilkovna agus an argóint ina n-úsáideann PNS na sonraí reatha maidir le staid an mhargaidh chun aghaidh a thabhairt ar chonclúidí a rinne CTO a mhéid a bhaineann leis an ngá chun an oibleagáid a fhorchur ar chur i gcrích athbhreithniú 2016, measann an tSeicia go bhfuil an argóint sin go hiomlán gan bhunús.

(104)

Ar an mbealach céanna, maidir le tuairim na Seicia a chuirtear in iúl in aithris (96) faoin gceist ar féidir oibreoirí príobháideacha USO, mar atá sainithe ag údaráis na Seice, a dhéanamh ar bhonn tráchtála gan aon chabhair, áitíonn an tSeicia gur ghníomhaigh sí i gcomhréir le ceanglais an Achta um Sheirbhísí Poist, acht lena dtrasuitear Treoir 97/67/CE tráth a raibh an oibleagáid á forchur aici. Sa chomhairliúchán poiblí a rinne CTO i gcomhthéacs athbhreithniú 2016, chuir PNS (i.e. Mediaservis s.r.o, an tráth sin) a thuairim in iúl go raibh gá le USO a fhorchur fós an tráth sin ós rud é nach bhféadfaidh an margadh seirbhísí den sórt sin a sholáthar. Cuireann an tSeicia leis sin, le linn athbhreithniú 2016, ag maíomh nár sainaithníodh aon oibreoir eile mar oibreoir a bhí in ann, ar bhonn tráchtála, soláthar seirbhísí poist a áirithiú ar bhealach atá comhsheasmhach le soláthar USO.

(105)

A mhéid a bhaineann leis an méid atá á mhaíomh ag PNS go bhféadfaidh institiúidí airgeadais seirbhís orduithe airgid poist a dhéanamh ar an mbealach céanna ach níos saoire ná Czech Post agus dá bhrí sin gur cheart é a eisiamh ó raon feidhme USO, áitíonn an tSeicia nár chuir PNS in aghaidh orduithe airgid poist a bheith san áireamh i raon feidhme USO in athbhreithniú 2016 agus gur thángthas ar na conclúidí a leanas san athbhreithniú sin: (i) is riachtanas poiblí oibiachtúil atá i gceist le seirbhís orduithe airgid poist; (ii) ní fhéadfar aon seirbhís mhargaidh eile a ionadú le haghaidh orduithe airgid poist; agus (iii) bhí gá le seirbhís den sórt sin a chur san áireamh i raon feidhme USO. Thairis sin, míníonn an tSeicia, bunaithe ar an bhfaisnéis ó thaifid ar leithligh de chostais agus ioncaim, nach raibh seirbhís orduithe airgid poist neamhbhrabúsach in 2018 ná 2019 (bhí an bhrabúsacht sa dá bhliain níos mó ná [5-25] %) agus níor tabhaíodh aon ghlanchostas breise i soláthar na seirbhíse sin, mar a dhearbhaíonn Czech Post ina litir chuig an gCoimisiún an 21 Iúil 2020 (pointe [18.])

(106)

Ar an mbealach céanna le tuairim na Seicia a chuirtear i láthair in aithris (99) faoin gceist ar sáraíodh rialacha maidir le soláthar poiblí ós rud é go líomhnaítear gur ar bhealach idirdhealaitheach a dearadh na critéir chun bheith rannpháirteach i dtairiscint le haghaidh roghnú sealbhóra cheadúnais poist, tá Czech Post den tuairim nach raibh an nós imeachta idirdhealaitheach ach i gcodarsnacht leis sin, dearadh é ar bhealach a chuir ar a chumas d’aon soláthraí seirbhísí poist iarratas a dhéanamh chun bheith ainmnithe mar an soláthraí seirbhíse uilíche.

(107)

A mhéid a bhaineann leis an méid atá á mhaíomh ag PNS gur tugadh róchúiteamh do Czech Post ós rud é go ndearnadh an líon oifigí post nach n-oibreodh Czech Post mura bhforchuirfí aon oibleagáid, a mhodhnú d’aon turas ionas go mbeidh glanchostas seachanta níos airde ann, in éineacht leis an teorainn chúitimh mhéadaithe ó 2018, áitíonn an tSeicia an méid a leanas, de réir a míniúcháin in aithris (100): (i) go n-eascraíonn an t-athrú ar an líon oifigí poist atá le dúnadh sa chás frithfhíorasach ón athrú ar an oibleagáid chun líon níos mó oifigí poist a oibriú; (ii) rinneadh dúnadh na n-oifigí poist a chainníochtú i gceart sa chás frithfhíorasach; and (iii) tá oibriú foriomlán agus forbairt líonra Czech Post i gcomhréir le treochtaí an mhargaidh.

(108)

A mhéid a bhaineann leis an méid atá á mhaíomh ag PNS go sáraítear le seachadadh dhá luas (D+1 tosaíochta agus D+n barainne) a tugadh isteach i mí Feabhra 2020 an oibleagáid chun seachadadh poist a áirithiú ar gach lá oibre, áitíonn an tSeicia an méid a leanas: (i) leanann Czech Post de bheith faoi cheangal a áirithiú go ndéanfar seachadadh chuig seoladh ar bith ar gach lá oibre má iarrann custaiméirí an méid sin; (ii) cuireann custaiméirí an iarraidh sin in iúl trí íoc as seachadadh poist tosaíochta agus seachadtar an mhír phoist faoin gcóras D+1; agus (iii) modhnú na seirbhísí a thairgeann Czech Post i bhfoirm dhá luas seachadta agus an coigilteas costais atá mar thoradh air sin, cuireadh iad san áireamh ar bhealach cuí tráth a raibh meastachán ar na glanchostais á leagan síos chun críocha an fhógra seo.

(109)

A mhéid a bhaineann leis an méid atá á mhaíomh ag PNS go bhfuil mí-úsáid á baint ag Czech Post as cúiteamh USO chun tras-fhóirdheonú a dhéanamh ar na seirbhísí a sholáthraíonn sé lasmuigh de raon feidhme USO agus seirbhísí neamh-USO a thairiscint ar phraghsanna an-íseal, áitíonn an tSeicia maidir leis an sampla comparáide praghais idir an dá sheirbhís, “gnáthmhír phoist bharainne” vs “mír phoist dhíreach” a chuir PNS chun tosaigh chun an líomhain sin a léiriú, nach bhfuil an sampla sin iomchuí. Cé go bhfuil an tseirbhís “mír phoist choiteann” (obyčejné psaní) ar fáil d’aon duine agus cé gur féidir í a sheoladh ach í a chur isteach in aon oifig phoist de chuid Czech Post nó í a chur i mbosca poist, agus nach bhfuil íosmhéid míreanna poist aonair ann (41), tá an tseirbhís “mír phoist dhíreach” (obchodní psaní) ceaptha do bhulc-phostóirí a bhfuil íosmhéid míre poist ar leith de 500 píosa de thoisí comhionanna acu agus ní féidir í a sheoladh ach amháin ar bhonn conartha le Czech Post agus ó oifigí poist roghnaithe amháin, agus ní mór na míreanna poist a réamhphróiseáil (sórtáil agus cuachadh) de réir na gceanglas atá leagtha síos roimh ré sa chonradh. Thairis sin, ní fhéadfaidh a bheith sna míreanna poist seo ach nuachtáin, irisí, leabhair, bróisiúir, catalóga, bileoga nó ábhar clóite de chineál fógraíochta amháin, faisnéis atá beartaithe do chomhaltaí clubanna custaiméara agus dílseachta, chomh maith le cumarsáid atá dírithe ar chistí nó acmhainní eile a thiomsú le haghaidh gníomhaíochtaí a dhéanann eagraíochtaí nó daoine aonair ar mhaithe le leas an phobail. Léiríonn an difríocht idir praghsanna an dá sheirbhís na difríochtaí réamhluaite i gcáilíocht agus acmhainní na cuideachta arna n-úsáid chun gach seirbhís a sholáthar. Thairis sin, meabhraíonn an tSeicia breithiúnas na Cúirte Ginearálta in První novinová společnost (42) inar thángthas ar an gconclúid nach gcuireann an Creat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta bac ar aon bhealach ar oibreoir USO a bheith in ann an cúiteamh a íocadh chun na críche sin a leithdháileadh ar sheirbhísí eile.

(110)

Diúltaíonn an tSeicia don mhéid atá á mhaíomh ag PNS: (i) go ndéantar na costais a bhaineann le seirbhísí neamh-USO a leithdháileadh go mícheart ar USO, mar atá sainithe ag údaráis na Seice, chun a thabhairt le fios go bhfuil soláthar USO ina ualach suntasach airgeadais ar Czech Post; (ii) go bhfuil na rialacha lena rialaítear leithdháileadh costas agus ioncam chun cuntais ar leithligh a choimeád go hiomlán de dhiscréid shealbhóir an cheadúnais poist; agus (iii) nach scrúdaíonn CTO ar aon bhealach an bhfuil na rialacha maidir le leithdháileadh (eochracha) ceart ó thaobh na bhfíoras de. Áitíonn an tSeicia go bhfuil sé d’oibleagáid ar shealbhóirí ceadúnais poist sa tSeicia a rialacha leithdháilte a chur faoi bhráid CTO lena bhformheas faoi Roinn 33a(4) den Acht um Sheirbhísí Poist, ina leagtar síos freisin inniúlacht CTO maidir leis na rialacha sin a scrúdú agus a fhormheas. Áirítear sna rialacha formheasta maidir le leithdháileadh tuairisc mhionsonraithe ar an bprionsabal a rialaíonn leithdháileadh costas agus ioncam ó chuntasaíocht airgeadais go dtí an leibhéal mionsonraí á éilítear i ndáil le taifid ar leithligh ar chostais agus ar ioncam de réir mar a éilítear ó shealbhóirí ceadúnais poist leis an Acht um Sheirbhísí Poist agus i gcomhréir le Foraithne Uimh. 465/2012 lena gcuirtear an tAcht sin chun feidhme. I bhfianaise an mhéid réamhluaite, i dtuairim na Seicia, déantar cuntais Czech Post a dheighilt go cuí idir USO, mar atá sainithe ag údaráis na Seice, agus seirbhísí nach seirbhísí de chuid USO iad.

(111)

Ar deireadh, a mhéid a bhaineann le líomhaintí PNS arna gcur i láthair in aithris (71), go gcaitheann Czech Post airgead “go míréasúnta, go mífhóinteach agus go neamh-éifeachtúil” i gcomhthéacs “conarthaí, idirbhearta agus imthosca amhrasacha”, áitíonn an tSeicia go ndéanann a bhunaitheoir, i.e. an Aireacht Gnóthaí Baile faireachán ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht chaiteachas Czech Post, agus ag an am céanna tá a Chlár um Chomhlíonadh Corparáideach inmheánach féin curtha i bhfeidhm ag Czech Post in aghaidh éillithe agus cineálacha eile mí-iompair (43) agus i gcás ina bhfuil amhrais, d’ainneoin na mbeart go léir atá i bhfeidhm, faoi chleachtais éagóracha i ndáil le conradh ar leith a dhámhachtain, go dtugann na húdaráis inniúla aghaidh ar an gceist, amhail an Chúirt Bardasach i bPrág.

7.   MEASÚNÚ AR AN mBEART

7.1.   Cabhair a bheith ann

(112)

De réir Airteagal 107(1) CFAE “aon chabhair arna deonú ag Ballstát nó arna deonú trí bhíthin acmhainní Stáit i bhfoirm ar bith, agus a bhéarfaidh nó is baolach a bhéarfadh saobhadh ar iomaíocht trí thaobhú le gnóthais áirithe nó le táirgeadh earraí áirithe, ní luífidh sí leis an margadh inmheánach sa mhéid go dtéann sí i gcion ar an trádáil idir Ballstáit”.

(113)

Dá bhrí sin, chun go mbeadh beart cáilithe mar státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, ní mór na ceithre choinníoll charnacha seo a leanas a chomhlíonadh: (i) ní mór don bheart a bheith inchurtha i leith an Bhallstáit agus é a dheonú trí bhíthin acmhainní Stáit; (ii) ní mór dó buntáiste eacnamaíoch a thabhairt do ghnóthais;, (iii) ní mór don bhuntáiste a bheith roghnaitheach; agus (iv) ní mór don bheart iomaíocht a shaobhadh nó saobhadh a bhagairt agus difear a dhéanamh do thrádáil idir Ballstáit.

7.2.   Cabhair inchurtha i leith an Stáit agus acmhainní an Stáit a bheith ann

(114)

Ní mór do bheart a bheith inchurtha i leith an Stáit agus ní mór é a dheonú go díreach nó go hindíreach trí bhíthin acmhainní Stáit chun go gcáileofar mar Státchabhair é.

(115)

An cúiteamh as soláthar USO mar atá sé sainithe ag údaráis na Seice, is í an tSeicia a íocann é óna buiséad féin, agus is é CTO a riarann é. Cinneann CTO méid an chúitimh de réir an nós imeachta atá leagtha amach san Acht um Sheirbhísí Poist (féach Roinn 8.2.2).

(116)

Dá bhrí sin, tá an cúiteamh a dheonaítear do Czech Post as USO a urscaoileadh inchurtha i leith an Stáit agus tugtar é trí bhíthin acmhainní Stáit.

7.3.   Cabhair arna deonú do ghnóthas

(117)

Ní féidir le cistiú poiblí arna dheonú d’eintiteas a bheith cáilithe mar státchabhair ach amháin más gnóthas é an t-eintiteas sin de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE. Tá gnóthais sainithe go comhsheasmhach ag CBAE mar eintitis atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch (44). Dá bhrí sin, braitheann cáiliú eintitis mar ghnóthas ar chineál a ghníomhaíochta, gan aird ar stádas dlíthiúil an eintitis ná ar an mbealach a mhaoinítear é (45). Ní mór gníomhaíocht a mheas go ginearálta mar ghníomhaíocht de chineál eacnamaíoch i gcás inarb é atá i gceist léi earraí agus seirbhísí a thairiscint ar mhargadh (46). Eintiteas a dhéanann gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus neamheacnamaíocha araon, ní mheasfar gur gnóthas é ach amháin maidir leis an gcéad cheann (47).

(118)

Sa chás seo, cuireann Czech Post seirbhísí poist ar fáil ar luach saothair ar mhargadh Poist na Seice agus in iomaíocht le soláthraithe eile. Is gníomhaíocht eacnamaíoch é seirbhísí poist a thairiscint ar an margadh sin. Cúitíonn an Stát Czech Post as seirbhísí áirithe a sholáthar (USO, mar atá sé sainithe ag údaráis na Seice) agus dá bhrí sin cúitíonn sé gníomhaíocht eacnamaíoch. Dá réir sin, maidir leis na gníomhaíochtaí a mhaoinítear leis na bearta i gceist, cáilíonn Czech Post mar ghnóthas.

7.4.   Buntáiste

(119)

Is é is buntáiste ann, de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, aon tairbhe eacnamaíoch nach mbeadh faighte ag gnóthas faoi ghnáthdhálaí margaidh, i.e. in éagmais idirghabháil ón Stát (48). Is é éifeacht an bhirt ar an ngnóthas amháin atá ábhartha, níl cúis ná cuspóir idirghabháil an Stáit ábhartha (49). Aon uair a fheabhsaítear staid airgeadais an ghnóthais de thoradh idirghabháil Stáit, tá buntáiste ann.

(120)

Tá cúiteamh USO ceaptha chun an glanchostas iomlán nó cuid den ghlanchostas arna thabhú ag Czech Post agus an USO á chomhlíonadh a chumhdach, mar atá sainithe ag údaráis na Seice. Gan idirghabháil Stáit, bheadh ar Czech Post na costais sin a íoc é féin. Leis an mbeart atá faoi mheasúnú, scaoiltear Czech Post ó chuid de na costais a bhaineann lena ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus feabhsaítear staid airgeadais Czech Post. Dá thoradh sin, agus gan dochar don cheist cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an beart na coinníollacha arna leagan síos ag an gCúirt Bhreithiúnais ina breithiúnas C-280/00 Altmark (50), prima facie déanann an beart faoi mheasúnú buntáiste a dheonú do Czech Post.

Critéir Altmark a chomhlíonadh

(121)

An cúiteamh seirbhíse poiblí a dheonaítear do ghnóthas a chomhlíonann na ceithre chritéar a leagtar síos in Altmark, meastar nach dtugann sé aon bhuntáiste eacnamaíoch agus, dá bhrí sin, ní státchabhair é. Is iad seo a leanas na ceithre chritéar sin, atá carnach:

(a)

ní mór oibleagáidí seirbhíse poiblí a bheith le comhlíonadh ag an ngnóthas faighteora iarbhír agus ní mór na hoibleagáidí sin a bheith sainithe go soiléir;

(b)

ní mór na paraiméadair ar ar a mbonn a ríomhtar an cúiteamh a bhunú roimh ré ar bhealach oibiachtúil trédhearcach;

(c)

ní fhéadfaidh an cúiteamh a bheith níos mó ná an méid is gá chun na costais uile nó cuid de na costais arna dtabhú i gcomhlíonadh oibleagáidí seirbhíse poiblí a chumhdach, agus na fáltais ábhartha agus brabús réasúnach á gcur san áireamh;

(d)

más rud é, maidir leis an ngnóthas atá le hoibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh, i gcás sonrach, nach roghnaítear é de bhun nós imeachta soláthair phoiblí trína bhféadfaí an tairgeoir atá in ann na seirbhísí sin a sholáthar ar an gcostas is lú don phobal a roghnú, ní mór an leibhéal cúitimh is gá a chinneadh ar bhonn anailíse ar na costais a thabhódh gnóthas tipiciúil, atá dea-riartha agus a soláthraítear modhanna leordhóthanacha dó san earnáil chéanna, agus na hioncaim ábhartha agus brabús réasúnach as comhlíonadh na n-oibleagáidí á gcur san áireamh.

(122)

Maidir leis an gcúiteamh a deonaíodh do Czech Post le linn na tréimhse faoi athbhreithniú, aithníonn údaráis na Seice nach bhfuil an ceathrú critéar Altmark comhlíonta. Measann an Coimisiún freisin nach gcomhlíontar an ceathrú critéar Altmark ós rud é, in éagmais nós imeachta soláthair phoiblí lena gceadaítear roghnú an tairgeora a bheadh in ann an tseirbhís a sholáthar ar an gcostas is lú don phobal (51), nár léirigh údaráis na Seice gur cinneadh an leibhéal cúitimh ar bhonn anailíse ar chostais gnóthais dea-riartha laistigh den earnáil chéanna, agus na fáltais agus brabús réasúnta á gcur san áireamh.

(123)

Ós rud é go bhfuil na ceithre chritéar Altmark carnach, mura gcomhlíontar aon cheann de na critéir sin, measfar gur buntáiste é an cúiteamh de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE. Ós rud é nach gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na ceithre chritéar Altmark sa chás seo, is é conclúid an Choimisiúin go ndeonaíonn an cúiteamh as soláthar an USO buntáiste do Czech Post.

7.5.   Roghnaíocht

(124)

Ceanglaítear le hAirteagal 107(1) CFAE go dtabharfadh beart, chun a bheith sainmhínithe mar státchabhair, buntáiste do “ghnóthais áirithe nó táirgeadh earraí áirithe”. Tugann an Coimisiún dá aire nach ndeonófar cúiteamh USO ach do Czech Post amháin. Ós rud é go mbaineann an cás seo le beart cabhrach aonair, is leordhóthanach an buntáiste eacnamaíoch a shainaithint (féach aithrisí (119) go (123)) chun tacú leis an toimhde go bhfuil an beart roghnaitheach (52). In aon chás, ní cosúil go bhfuil an buntáiste céanna ag gnóthais eile sna hearnálacha céanna nó in earnálacha eile atá i staid inchomparáide fhíorasach agus dhlíthiúil. Dá bhrí sin, is beart roghnaitheach é de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE.

7.6.   Éifeacht ar thrádáil agus ar shaobhadh iomaíochta

(125)

Is ionann tacaíocht phoiblí do ghnóthais agus Státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE más rud é go “saobhann sí an iomaíocht nó go bhfuil bagairt ann í a shaobhadh” agus sa mhéid go ndéanann sé “difear don trádáil idir na Ballstáit”.

(126)

Maidir le saobhadh iomaíochta, meastar go ndéanann beart arna dheonú ag Stát saobhadh nó bagairt ar iomaíocht a shaobhadh nuair is dóigh dó staid iomaíochta an fhaighteora a fheabhsú i gcomparáid le gnóthais eile a bhfuil sé in iomaíocht leo (53). Sa chleachtas, glactar leis go bhfuil saobhadh iomaíochta ann nuair a dheonaíonn Stát buntáiste airgeadais do ghnóthas in earnáil léirscaoilte i gcás ina bhfuil iomaíocht, nó ina bhféadfadh iomaíocht a bheith ann.

(127)

Maidir leis an éifeacht ar thrádáil, suitear le cásdlí na Cúirte Breithiúnais gur dóigh go ndéanfadh aon deonú cabhrach do ghnóthas a dhéanann a ghníomhaíochtaí sa mhargadh inmheánach difear don trádáil idir na Ballstáit (54). Sa réimse Státchabhrach, ní chuireann saintréith áitiúil nó réigiúnach na seirbhíse a sholáthraítear cosc a priori ar éifeacht den sórt sin ar an trádáil. Cé nach bhfuil tairseach nó céatadán docht faoina bhféadfaí a mheas nach ndéantar aon difear do thrádáil idir na Ballstáit, fágann raon feidhme teoranta na gníomhaíochta eacnamaíche, a d’fhéadfaí a fheiceáil trí láimhdeachas an-íseal, gur beag an baol go mbeidh éifeacht ar thrádáil ann.

(128)

A mhéid a bhaineann leis an gcás reatha, tugann an Coimisiún faoi deara go n-oibríonn Czech Post i margadh poist na Seice, a léirscaoileadh ón 1 Eanáir 2013. Oibríonn Czech Post, dá bhrí sin, in iomaíocht le soláthraithe eile.

(129)

Is cuid de ghrúpaí idirnáisiúnta iad iomaitheoirí áirithe Czech Post, iomaitheoirí a sholáthraíonn seirbhísí seachadta beartán go háirithe, a oibríonn i mBallstáit eile chomh maith (e.g. DPD).

(130)

Dá bhrí sin, bíonn trádáil ann idir Ballstáit san earnáil phoist agus neartaíonn an cúiteamh seirbhíse poiblí a deonaíodh do Czech Post a staid vis-à-vis gnóthais phoist eile a bhíonn in iomaíocht le trádáil laistigh den Aontas.

(131)

Tagann an Coimisiún ar an gconclúid gur dócha go ndéanfar an cúiteamh a deonaíodh do Czech Post le haghaidh sholáthar na hoibleagáide seirbhíse uilíche (USO), mar atá sainithe ag údaráis na Seice, difear don trádáil agus go gcuirfear iomaíocht as a riocht.

7.7.   Conclúid

(132)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tagann an Coimisiún ar an gconclúid go gcomhlíonann an cúiteamh a deonaíodh do Czech Post le haghaidh sholáthar USO le linn na tréimhse 2018-2022 na critéir a leagtar amach in Airteagal 107(1) CFAE agus, dá bhrí sin, is Státchabhair é an beart de réir bhrí na forála sin.

7.8.   Dleathacht na mbeart cabhrach dá dtugtar fógra don Choimisiún

(133)

Bunaithe ar Roinn 34c agus 34d den Acht um Sheirbhísí Poist, tá ceart ag Czech Post cúiteamh bliantúil a fháil a bheidh cothrom le glanchostais (a rinneadh uasteorainn de CZK 1.5 billiún air i gcás ina bhfuil glanchostais níos mó ná CZK 1.5 billiún) nuair a fhíoraíonn an Oifig Sheiceach Theileachumarsáide (CTO) glanchostais Czech Post. Go deimhin, foráiltear le Roinn 34c(3) den Acht um Sheirbhísí Poist go gcúiteoidh an Stát, trí [CTO], na glanchostais shealadacha do shealbhóir an cheadúnais poist [...]. Anuas air sin, foráiltear le hAirteagal 34d(4) den Acht um Sheirbhísí Poist go gcúiteoidh an Stát, trí [CTO], méid atá cothrom leis an difríocht idir na [glanchostais shealadacha agus na glanchostais deifnídeacha arbh ionann iad sin agus ualach éagórach] do shealbhóir an cheadúnais poist [...].

(134)

I ndiaidh fhíorú CTO ar ghlanchostais Czech Post, thaifead Czech Post cheana an cúiteamh bliantúil le haghaidh na mblianta 2018-2022 ina chuntais, fiú mura íocadh an cúiteamh sin fós (55).

(135)

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cabhair neamhdhleathach é an cúiteamh USO de réir bhrí Airteagal 1(f) den Rialachán Nós Imeachta.

8.   MEASÚNÚ COMHOIRIÚNACHTA

8.1.   Comhoiriúnacht faoi Airteagal 106(2) CFAE

(136)

A mhéid agus is Státchabhair é an cúiteamh a théann chun tairbhe Czech Post de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, ní mór measúnú a dhéanamh ar a chomhoiriúnacht le riachtanais an mhargaidh inmheánaigh.

(137)

Measann údaráis na Seice gur cúiteamh é an cúiteamh USO chun seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a dhéanamh. Dá bhrí sin, tá measúnú le déanamh ar chomhoiriúnacht an chúitimh sin leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 106(2) CFAE.

(138)

Foráiltear le hAirteagal 106(2) CFAE: “go mbeidh gnóthais a gcuirtear ar a n-iontaoibh seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne a oibriú nó a bhfuil tréithe monaplachta táirgthe ioncaim acu faoi réir rialacha sna Conarthaí, go háirithe na rialacha iomaíochta, sa mhéid nach dtiocfaidh de na rialacha sin a chur i bhfeidhm bac, ó dhlí ná ó ghníomh, ar chomhlíonadh na gcúraimí áirithe a sannadh dóibh. Ní mór nach ndéanfar difear don fhorbairt trádála a oiread sin agus go mbeadh sé contrártha do leasanna an Aontais.”.

(139)

I gcomhréir leis an bhforáil seo, féadfaidh an Coimisiún cúiteamh do sheirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a dhearbhú, seirbhísí atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe. Leag an Coimisiún síos na coinníollacha ar dá réir go gcuireann sé i bhfeidhm Airteagal 106(2) CFAE sa Chinneadh 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (56) agus sa Chreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta.

(140)

Thug údaráis na Seice fógra faoi chúiteamh suas le huasmhéid bliantúil CZK 1 500 milliún (EUR 55.5 milliún). A mhéid a bhíonn an cúiteamh le deonú do Czech Post níos mó ná EUR 15 mhilliún in aghaidh na bliana, ní thagann an cúiteamh sin faoi réim an raoin feidhme den Chinneadh 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, mar a leagtar amach in Airteagal 2 de.

(141)

Féadfar Státchabhair nach dtagann faoi raon feidhme Chinneadh 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a dhearbhú mar Státchabhair atá comhoiriúnach le hAirteagal 106(2) CFAE más gá é d’oibríocht na seirbhíse lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta lena mbaineann agus mura ndéanann sé difear d’fhorbairt trádála a oiread sin agus go mbeadh sé contrártha do leasanna an Aontais (57). I ndáil leis sin, leagtar amach i gCreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta na treoirlínte chun measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht chúitimh maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta.

8.2.   Comhlíontacht le Creat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta

(142)

Chun measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht chúiteamh USO a deonaíodh do Czech Post, tugann an Creat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta tuairisc ar na coinníollacha ábhartha is gá a chomhlíonadh. Liostaítear na coinníollacha sin thíos.

8.2.1.   Fíorsheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 106 CFAE

(143)

Mar a léirítear i mír 46 de Theachtaireacht an Choimisiúin maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (58), bíonn lamháil leathan discréide ag na Ballstáit maidir leis an gcineál seirbhísí a d’fhéadfaí a aicmiú mar sheirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Tá inniúlacht an Choimisiúin teoranta do sheiceáil go gcuirtear an lamháil leathan discréide i bhfeidhm gan earráid fhollasach a mhéid a bhaineann le sainmhíniú na seirbhíse lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus do mheasúnú a dhéanamh ar aon Státchabhair atá mar chuid den chúiteamh sin. Deimhnítear i mír 56 de Chreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta lamháil leathan discréide na mBallstát chun sainmhíniú a dhéanamh ar sheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta.

(144)

Chun a léiriú go ndeonaítear an cúiteamh d’fhíorsheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, “Ba cheart do na Ballstáit a thaispeáint [nuair a dheonaítear cúiteamh faoin gCreat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (59)] go ndearna siad measúnú ceart maidir le riachtanais seirbhísí an phobail lena dtacaítear trí bhíthin comhairliúchán poiblí nó ionstraimí iomchuí eile chun leasanna úsáideoirí agus soláthraithe a chur san áireamh.”

(145)

Aithnítear an USO mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Threoir 97/67/CE mar fhíorsheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (60). Dá thoradh sin, ní gá do na Ballstáit a chruthú trí bhíthin comhairliúchán poiblí ná ionstraimí iomchuí eile go ndearna siad measúnú ceart ar riachtanais seirbhísí an phobail nuair a bhíonn soláthraí á chur ar iontaoibh leis an USO mar a shainmhínítear in Airteagal 3 sin.

(146)

Tá USO a cuireadh ar iontaoibh Czech Post, mar a thugtar tuairisc air in aithris (22), níos leithne ná na seirbhísí a dtugtar tuairisc orthu in Airteagal 3 de Threoir 97/67/CE, áfach. Go háirithe, cuimsíonn USO, mar atá sainithe ag údaráis na Seice, na seirbhísí poist (“seirbhís poist lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta”) mar a shainmhínítear san fhoráil sin chomh maith le seirbhísí orduithe airgid poist, nach liostaítear san fhoráil sin agus dá dtagraítear i dTreoir 2008/6/CE mar sheirbhísí breise nó seirbhísí comhlántacha a d’fhéadfaí a chur ar fáil ar an leibhéal náisiúnta.

(147)

Mhínigh údaráis na Seice toisc nach mbíonn seirbhísí orduithe airgid poist brabúsach, nach méadaíonn cuimsiú orduithe airgid poist i raon feidhme USO an glanchostas, ach a mhalairt, bíonn éifeacht dhearfach ar mhéid ghlanchostais USO (laghdaíonn sé a méid). Mhínigh údaráis na Seice freisin nach léiríonn seirbhísí orduithe airgid poist ceart eisiach. Is seirbhísí iad a bhfuil gá leo chun riachtanais an phobail agus na n-údarás a chomhlíonadh i ndáil le híocaíochtaí áirithe. Ó dhearcadh an Achta um Sheirbhísí Poist, is cuid de USO iad seirbhísí orduithe airgid poist, agus is féidir an oibleagáid chun seirbhísí orduithe airgid poist a sholáthar a fhorchur ar leithligh nó in éineacht le bunsheirbhísí poist eile.

(148)

Measann an Coimisiún nach n-áirítear seirbhísí orduithe airgid poist i raon feidhme USO mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Threoir 97/67/CE. De réir aithris (30) de Threoir 2008/6/CE, áfach, féadfaidh Ballstáit cinneadh a dhéanamh seirbhísí breise nó comhlántacha a chur ar fáil don phobal, ar a gcríoch náisiúnta, amhail orduithe airgid poist, cé is moite díobh siúd a bhaineann leis na hoibleagáidí seirbhíse uilíche, mar a shainmhínítear i dTreoir 97/67/CE. Féadfaidh Ballstáit oibleagáidí a chur ar an soláthraí seirbhíse uilíche chun na seirbhísí sin a sholáthar.

(149)

Tugann an Coimisiún dá aire go ndearna CTO an cinneadh na seirbhísí poist agus seirbhísí orduithe airgid poist, a áirítear i raon feidhme USO, a aicmiú mar fhíorsheirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta in 2016, i gcomhthéacs athbhreithniú tráthrialta 5 bliana, ag cur dhálaí an mhargaidh an tráth sin san áireamh, i.e. 2016. Thairis sin, i gcomhthéacs athbhreithniú 2016, níor chuir Zàsilkovna ná PNS i gcoinne an riachtanais phoiblí le haghaidh seirbhísí poist agus seirbhísí orduithe airgid poist. Níor chuir siad i gcoinne chinneadh CTO ach an oiread seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a chur ar bhonn theip mhargaidh.

(150)

A mhéid a bhaineann leis an méid a bhí á mhaíomh ag Zàsilkovna in aithrisí (57) agus (58), chomh maith leis an méid a bhí á mhaíomh ag PNS in aithrisí (64) agus (65) nach bhfuil aon theip mhargaidh, bunaithe ar dhálaí an mhargaidh atá ann faoi láthair, le haghaidh seirbhísí poist agus seirbhísí orduithe airgid poist, tugann an Coimisiún dá aire go mbíonn discréid ag údaráis na Seice chun seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a eagrú agus soláthar díobh a áirithiú. Chun na críche sin, chuir údaráis na Seice athbhreithniú tráthrialta 5 bliana ar sheirbhísí poist agus ar sheirbhísí orduithe airgid poist araon ar bun, ar ar a bhonn a dhéanann siad measúnú ar riachtanais an phobail mar aon le dálaí an mhargaidh tráth an athbhreithnithe. Rinneadh an t-athbhreithniú in 2016 lena ndearnadh measúnú ar an ngá oibleagáidí a chur le haghaidh an dá sheirbhís araon le haghaidh na tréimhse reatha 2018-2022, agus measadh go raibh teip mhargaidh le haghaidh an dá sheirbhís araon, an tseirbhís poist agus an tseirbhís orduithe airgid poist. Cuireadh dálaí an mhargaidh atá ann faoi láthair chomh maith le forbairtí féideartha amach anseo san áireamh in athbhreithniú 2021 maidir leis an tréimhse 2023-2027.

(151)

Mar a leagtar amach in aithrisí (4) go (8) de Threoir 2008/6/CE, aithnítear na seirbhísí poist uilíche mar a shainmhínítear ar bhonn Airteagal 3 de Threoir 97/67/CE mar fhíorsheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (61).Ós rud é go gcomhfhreagraíonn na seirbhísí poist a áirítear i raon feidhme USO, mar a shainmhínigh údaráis na Seice é, curtha ar iontaoibh Czech Post do cheanglais a leagtar amach i dTreoir 97/67/CE, measann an Coimisiún nach gá do Phoblacht na Seice a chruthú go ndearnadh measúnú ceart ar riachtanais seirbhísí an phobail trí bhíthin comhairliúchán poiblí nó ionstraimí iomchuí eile.Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur comhlíonadh mír 14 den Chreat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a mhéid a bhaineann leis na seirbhísí sin.

(152)

Maidir le seirbhísí orduithe airgid poist, measann an Coimisiún gur chruthaigh Poblacht na Seice go ndearna sí measúnú ar riachtanais seirbhíse poiblí trí bhíthin comhairliúchán poiblí nó ionstraimí iomchuí eile, mar a mhínítear in aithrisí (73), (81), (95), (96) agus (103) go (105). Bunaithe ar an bhfaisnéis a soláthraíodh i gcaitheamh an nós imeachta imscrúdaithe, measann an Coimisiún gurb ionann an tseirbhís orduithe airgid poist a sholáthraíonn Czech Post agus fíorsheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (“seirbhís orduithe airgid poist lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta”). Go háirithe, mhínigh údaráis na Seice nár chomhlíon seirbhísí comhchosúla atá ar fáil ar an margadh ceanglais i dtéarmaí seachadta, raoin feidhme críche ná praghais inacmhainne. Ina fhianaise sin, measann an Coimisiún gur comhlíonadh ceanglas mhír 14 de Chreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a mhéid a bhaineann le horduithe airgid poist.

8.2.2.   An gá le gníomh iontaoibhe ina sonraítear na hoibleagáidí seirbhíse poiblí agus na modhanna ríomha cúitimh

(153)

Mar a léirítear i mír (15) de Chreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, ní mór soláthar seirbhíse lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, de réir bhrí Airteagal 106 CFAE, a chur ar iontaoibh an ghnóthais i gceist trí bhíthin gníomh oifigiúil amháin nó níos mó ná gníomh oifigiúil amháin. Mar a cheanglaítear le mír 16 de Chreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, ní mór na nithe seo a leanas, go háirithe, a shonrú sna gníomhartha iontaoibhe sin:

(a)

sainaithnítear ann ábhar agus fad na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí;

(b)

an gnóthas agus, i gcás inarb infheidhme, an chríoch lena mbaineann;

(c)

cineál na gceart eisiach a shann an t-údarás deonúcháin don ghnóthas;

(d)

tuairisc ar an sásra cúitimh agus ar na paraiméadair lena ríomhtar agus lena ndéantar faireachán agus athbhreithniú ar an gcúiteamh;

(e)

déantar socruithe ann chun aon róchúiteamh a sheachaint agus a aisghabháil.

(154)

Ainmníodh Czech Post mar sholáthraí USO ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2022 le cinneadh ó CTO (féach aithris (21)). Sonraítear le hiontaoibh Czech Post ábhar na hoibleagáide seirbhíse poiblí agus an chríoch lena mbaineann (féach aithrisí (22)-(23)). Leagtar amach san Acht um Sheirbhísí Poist, mar a thuairiscítear i Roinn 2.4.2, an sásra cúitimh agus an mhodheolaíocht a úsáidtear chun an cúiteamh a ríomh.

(155)

Tá deimhnithe ag údaráis na Seice nach bhfuil aon cheart eisiach ann a mhéid a bhaineann le seirbhísí poist a shanntar do Czech Post i gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Threoir 97/67/CE. Maidir leis na socruithe i ndáil le róchúiteamh a sheachaint agus a aisghabháil, áirithítear leis an sásra cúitimh go ríomhtar agus go n-athbhreithnítear an cúiteamh ex post, ní a choisceann róchúiteamh a thabhairt do Czech Post (féach Roinn 8.2.10).

(156)

A mhéid a bhaineann leis an méid a bhí á mhaíomh ag na gearánaithe in aithrisí (35) agus (42) gur sháraigh Czech Post na ceanglais trédhearcachta a leagtar amach sa Chreat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus i dTreoir 97/67/CE trí gan ríomhanna glanchostais sheachanta a fhoilsiú, tugann an Coimisiún dá aire go mbaineann na ceanglais trédhearcachta a leagtar amach i mír (60) den Chreat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta leis na nithe seo a leanas: i) torthaí an chomhairliúcháin phoiblí nó ionstraimí iomchuí eile; ii) ábhar agus fad na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí; iii) an gnóthas agus, i gcás inarb infheidhme, an chríoch lena mbaineann; agus iv) na méideanna cabhrach arna ndeonú don ghnóthas ar bhonn bliantúil. Sonraítear le hAirteagal (7)(5) de Threoir 97/67/CE, i gcás ina ndéanann Ballstát cinneadh sásra a thabhairt isteach chun an soláthraí (na soláthraithe) seirbhíse uilíche a chúiteamh as cistí poiblí, gur cheart cinneadh den sórt sin a bhunú ar chritéir oibiachtúla infhíoraithe agus é a chur ar fáil don phobal. Dá bhrí sin, ní cheanglaítear leis an gCreat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta ná le Treoir 97/96/CE gur cheart ríomhanna NAC a chur ar fáil don phobal. Mar a míníodh cheana in aithris (155), is san Acht um Sheirbhísí Poist a leagtar amach an sásra cúitimh agus na paraiméadair a úsáidtear chun an cúiteamh a ríomh agus tá siad ar fáil don phobal dá bhrí sin. Measann an Coimisiún dá bhrí sin go bhfuil an méid sin atá á mhaíomh ag na gearánaithe gan bhunús.

(157)

Tugann an Coimisiún dá aire thairis sin go bhfuil dhá sheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta san oibleagáid seirbhíse uilíche, mar a shainmhíníonn údaráis na Seice í, a chuirtear ar iontaoibh Czech Post; is iad sin an tseirbhís poist lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, de réir bhrí Threoir 97/67/CE, agus an tseirbhís orduithe airgid poist lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Áirítear sa ghníomh iontaoibhe ábhar agus fad na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí; an gnóthas agus, i gcás inarb infheidhme, an chríoch lena mbaineann; agus na méideanna cabhrach arna ndeonú don ghnóthas ar bhonn bliantúil le haghaidh an dá sheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Na ceanglais trédhearcachta a leagtar amach sa Chreat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus iad siúd a leagtar amach i dTreoir 97/67/CE, measann an Coimisiún nach sárú orthu é an dá sheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a bheith curtha ar iontaoibh an ghnímh iontaoibhe chéanna.

(158)

Mar fhocal scoir, measann an Coimisiún go bhfuil iontaoibh Czech Post le haghaidh na tréimhse 2018-2022 i gcomhréir le ceanglais Chreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta.

8.2.3.   Fad na tréimhse iontaoibhe

(159)

Mar a fhoráiltear i Roinn 2.4 de Chreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, “ba cheart údar a thabhairt d’fhad thréimhse na hiontaoibhe faoi threoir chritéir oibiachtúla amhail an gá le sócmhainní seasta neamh-inaistrithe a amúchadh.I bprionsabal, níor cheart go sáródh fad thréimhse na hiontaoibhe an tréimhse is gá le haghaidh dímheasa ar na sócmhainní is suntasaí a bhfuil gá leo chun an tseirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar.”.

(160)

Tá Czech Post ainmnithe ag CTO mar sholáthraí USO le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2022, mar sin ar feadh tréimhse 5 bliana.

(161)

De réir údaráis na Seice, cinneadh an tréimhse iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Threoir 97/67/CE, lena gceanglaítear go mbeidh fad an ainmnithe fada a dhóthain chun go mbeidh toradh ar an infheistíocht.

(162)

Mhínigh údaráis na Seice gur féidir údar a thabhairt leis an bhfad 5 bliana a bhaineann le hiontaoibh Czech Post faoi threoir na tréimhse lena bhfuil coinne le haghaidh dímheas ar na sócmhainní is suntasaí a bhfuil gá leo chun USO a sholáthar. Na hinfheistíochtaí a rinne Czech Post i sócmhainní seasta chun soláthar USO a áirithiú, tá tréimhsí amúchta cuntasaíochta thar a bheith éagsúil acu (féach tábla 4). Mhínigh údaráis na Seice freisin nach mór do gach gnóthas sa tSeicia plean amúchta a chur i dtoll a chéile de bhun Roinn 28(6) den Acht Cuntasaíochta (Acht Uimh. 563/1991 Coll.). Ní chinntear leis an Acht Cuntasaíochta tréimhse bheacht dímheasa le haghaidh gach cineál sócmhainne; ba cheart don tréimhse dímheasa a bheith comhfhreagrach don tréimhse úsáide, áfach, toisc nach mór léargas iontaofa ar an bhfíorstaid a thabhairt le sonraí cuntasaíochta. Fíoraíonn iniúchóir airgeadais an tréimhse dímheasa freisin. Foilsíonn na gnóthais an plean amúchta ina ráitis airgeadais agus ba cheart an plean a thabhairt cothrom le dáta gach bliain. Ba é ráiteas airgeadais Czech Post an fhoinse sonraí a úsáideadh chun an tréimhse dímheasa a bhfuil coinne léi a shocrú. In aon chás, cinntear fad na tréimhse iontaoibhe nuair a thionscnaítear imeachtaí chun ceadúnas poist a dheonú, i.e. sula ndeonaítear an ceadúnas poist do sholáthraí seirbhísí poist áirithe. Is í an ghnáth-thréimhse mar a leag údaráis na Seice síos í an tréimhse 5 bliana i gcomhthéacs a nósanna imeachta chun soláthar seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a eagrú agus a áirithiú, i bhfianaise fhorbairt an mhargaidh agus riachtanais na sochaí. Ar deireadh, áitíonn údaráis na Seice freisin go bhfuil fad na tréimhse iontaoibhe comhsheasmhach leis an gcleachtas i mBallstáit eile (62).

(163)

A mhéid a bhaineann leis an méid atá á mhaíomh ag Zàsilkovna in aithris (59) go bhfuil na tréimhsí dímheasa chun an tréimhse iontaoibhe a chinneadh gan bhunús, ós rud é nach bhfuil sé soiléir cé na sócmhainní a liostaítear i dtábla 1 den chinneadh tosaigh a bheartaítear a mhaoiniú ó chúiteamh USO, nó cathain a ceannaíodh nó a bheartaítear na sócmhainní sin a cheannach nó cé acu a chuaigh nó nach ndeachaigh a dtréimhse dímheasa in éag, tugann an Coimisiún dá aire go leagtar síos fad na hiontaoibhe roimh ré i gcomhthéacs na nósanna imeachta atá curtha i bhfeidhm ag an tSeicia chun soláthar USO a eagrú agus a áirithiú agus go socraítear roimh ré é i gcomhthéacs na tairisceana tosaigh chun an soláthraí seirbhíse poist a roghnú. Dá réir sin, sularbh eol cé hé sealbhóir an cheadúnais poist. Thairis sin, níl sé réalaíoch don údarás deonúcháin a bheith ar an eolas roimh ré maidir le fad na tréimhse dímheasa le haghaidh shócmhainní uile gach soláthraí seirbhíse poist a d’fhéadfadh a bheith rannpháirteach sa tairiscint chun fad na hiontaoibhe a chinneadh. Is mar thagairt chun an tréimhse iontaoibhe a chinneadh agus chuige sin amháin a úsáidtear tréimhse dímheasa na sócmhainní. Ní dhéantar breithniú ar chostais dímheasa i nglanchostas seachanta toisc nach costais iarbhír atá iontu ach speansais neamhairgid amháin a úsáidtear chun críoch cánach. De réir an chásdlí (63), tá sé de shaoirse ag Czech Post cúiteamh USO a úsáid chun aon chríoch. Costais infheistíochta, áfach, amhail costais ceannaigh sócmhainní a bhaineann leis an athrú ar oibriú Czech Post ón gcás fíorasach go dtí an cás frithfhíorasach, ní dhéantar breithniú orthu i ríomhanna glanchostais sheachanta agus níl aon tionchar acu dá bhrí sin ar chúiteamh USO.

Tábla 4

Tréimhse dímheasa le haghaidh shócmhainní Czech Post (a bhfuil gá leo chun USO a chur i gcrích)

Grúpa sócmhainní

Tréimhse dímheasa (blianta)

Foirgnimh

30 -45

Feithiclí

6

Iompar iarnróid

15

TF lárnach

4 -6

TF miondíola

3 -6

Innealra oifige

4 -6

Innealra trádstórais

4 -6

Innealra áiritheora

3 -8

Troscán

6

Gabhálais foirgneamh

6 -12

Teicneolaíocht láimhseála

5 -12

Taisceadáin agus maoin eile a bhaineann le slándáil

5 -20

Innealra sórtála

10

(164)

I gcomhréir le Roinn 2.4. de Chreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, ba cheart údar a thabhairt le fad na tréimhse iontaoibhe faoi threoir critéir oibiachtúla agus, i bprionsabal, níor cheart di a bheith níos faide ná an tréimhse a theastaíonn le haghaidh dímheas ar na sócmhainní is suntasaí a bhfuil gá leo chun an tseirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar. Measann an Coimisiún go bhfuil údar le USO a chur ar iontaoibh ar feadh tréimhse 5 bliana faoi threoir thréimhse dímheasa na sócmhainní is suntasaí a bhfuil gá leo chun an dá sheirbhís lena ngabhann leis eacnamaíoch ginearálta a áirítear in USO a sholáthar. Go deimhin, léirítear i dtábla 4 gur mó ná 5 bliana an tréimhse dímheasa le haghaidh an chuid is mó de shócmhainní Czech Post a bhfuil gá leo chun USO a chur i gcrích. Ina theannta sin, leagtar síos fad na tréimhse iontaoibhe roimh ré agus tréimhsí dímheasa a úsáidtear de ghnáth le haghaidh sócmhainní den sórt sin á gcur san áireamh, gan beann ar an soláthraí USO a roghnaítear. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur thug údaráis na Seice údar leormhaith le fad na hiontaoibhe.

8.2.4.   Comhlíontacht le Treoir 2006/111/CE

(165)

De réir mhír 18 de Chreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, “ní mheasfar cabhair a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 106(2) [CFAE] ach amháin i gcás ina gcomhlíonann an gnóthas, i gcás inarb infheidhme, Treoir 2006/111/CE [ón gCoimisiún] maidir le trédhearcacht an chaidrimh airgeadais idir Ballstáit agus gnóthais phoiblí agus maidir le trédhearcacht airgeadais laistigh de ghnóthais áirithe (64)”.

(166)

Thairis sin, ceanglaítear le mír 44 de Chreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta: “I gcás ina dtugann gnóthas faoi ghníomhaíochtaí atá laistigh agus lasmuigh de raon feidhme seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, ní mór go léirítear ar leithligh sna cuntais inmheánacha na costais agus na hioncaim a bhaineann le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus siúd a bhaineann leis na seirbhísí eile i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i mír 31.”.

(167)

Foráiltear leis an Acht um Sheirbhísí Poist, in Airteagal 33a de, nach mór do shealbhóir an cheadúnais poist cuntais ar leithligh a choinneáil ar chostais agus ioncaim atá bainteach le soláthar seirbhísí aonair a thagann faoi raon feidhme na hoibleagáide seirbhíse uilíche dá n-ainmnítear é (an tseirbhís poist lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus an tseirbhís orduithe airgid poist lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta araon), agus le soláthar seirbhísí eile. Foráiltear leis thairis sin go bhfuil an modh chun na cuntais a dheighilt le leagan síos i bhforaithne cur chun feidhme, agus nach mór d’iniúchóir neamhspleách iniúchadh a dhéanamh ar na cuntais dheighilte gach bliain.

(168)

Ghlac CTO an fhoraithne cur chun feidhme (65) agus leagtar síos inti, i Roinn 1 di, nach mór costais dhíreacha a leithdháileadh ar an tseirbhís a bhaineann go díreach léi, agus go bhfuil costais indíreacha nó costais choiteanna le leithdháileadh ar bhonn nasc cúisíoch leis na próisis, na gníomhaíochtaí nó na seirbhísí lena mbaineann. Mar a leagtar amach in Airteagal 33a den Acht um Sheirbhísí Poist, ní mór rialacha sonracha maidir le leithdháileadh costais choitinn, mar a mholann Czech Post, a bheith formheasta ag CTO.

(169)

Go háirithe, tá an córas cuntas ar leithligh agus an modh leithdháilte costais atá ag Czech Post bunaithe ar an modh Costála Bunaithe ar Ghníomhaíocht (ABC). Mar chéad chéim, leithdháiltear costais ar lárionaid chostais, e.g. oifig poist, iosta, ionad sórtála, etc. Leithdháiltear costais ar lárionaid chostais le haghaidh gach gníomhaíochta is féidir a thaifeadadh ar leithligh. Tá thart ar 5 740 lárionad costais i gcóras cuntasaíochta Czech Post faoi láthair. Míreanna costais nach dtaifeadtar ag lárionaid costais oibriúcháin (e.g. CBL, forchostais), leithdháiltear iad de réir rialacha réamh-fhormheasta i ndiaidh ríomh ar leibhéal na lárionad costais oibriúcháin. Tá leithdháileadh costas den sórt sin comhréireach le leithdháileadh costas díreach.

(170)

Mhínigh údaráis na Seice go bhfuil an deighilt cuntas faoi réir iniúchta ag cuideachta ghairmiúil neamhspleách. Ní mór don iniúchóir a fhíorú gur bhain sealbhóir an cheadúnais poist úsáid as na rialacha formheasta i gcleachtas cuntasaíochta agus go bhfuil na torthaí bliantúla ar dheighilt cuntasaíochta ceart. Thairis sin, chuir an tSeicia tuarascálacha an iniúchóra neamhspleách isteach le haghaidh na mblianta 2018, 2019 agus 2020 lena ndeimhnítear go bhfuil cuntasaíocht inmheánach Czech Post i gcomhréir le Treoir 97/67/CE, leis an dlí náisiúnta agus le rialacha arna bhformheas ag CTO agus go bhfuil sí oiriúnach dá réir sin chun glanchostais na hoibleagáide seirbhíse uilíche a chuirtear ar a hiontaoibh a chainníochtú.

(171)

Maíonn PNS in aithris (70) nach ndéanann Czech Post a chuntais a dheighilt i gceart agus go ndéanann sé costais a bhaineann le seirbhísí neamh-USO a leithdháileadh go mícheart ar sheirbhísí USO, mar a shainmhíníonn údaráis na Seice iad, agus go ndéanann sé na caillteanais ar na míreanna neamh-USO sin a thras-fhóirdheonú. Maíonn PNA freisin nach ndéanann CTO ná an t-iniúchóir imscrúdú éifeachtach ar cé acu a deighleadh nó nár deighleadh na cuntais i gceart nó ar cé acu atá nó nach bhfuil na heochracha leithdháilte ceart ó thaobh ábharthachta de. I ndáil leis sin, measann an Coimisiún gur léirigh údaráis na Seice go dtugann córas cuntasaíochta agus leithdháilte costais Czech Post caoi do leithdháileadh costas agus ioncam idir gníomhaíochtaí ar leibhéal leordhóthanachta maith go leor. Mar a shonraigh údaráis na Seice, leithdháiltear costais ar bhonn phrionsabal na comhréireachta, lena gcuirtear san áireamh an úsáid a bhaintear as gnéithe aonair den líonra poist. Thairis sin, mar a mhínítear in aithris (171), agus é á dheimhniú go bhfuil cuntasaíocht inmheánach Czech Post le linn 2018-2020 i gcomhréir le Treoir 97/67/CE, leis an dlí náisiúnta agus le rialacha arna bhformheas ag CTO, déanann an t-iniúchóir neamhspleách seiceáil ar an deighilt cuntas agus ar eochracha leithdháilte costais agus, dá réir sin, ar a n-oiriúnacht chun glanchostais na seirbhísí (poist agus orduithe airgid poist) lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a chuirtear ar a iontaoibh a chainníochtú. Ar deireadh, meabhraíonn an Coimisiún aithris (139) den chinneadh tosaigh lena soiléirítear gur ábhar cuntasaíochta é an mí-leithdháileadh costas a líomhnaítear agus nach mbainfeadh sé le haon aistriú acmhainní Stáit agus nach Státchabhair atá ann, dá bhrí sin, faoi Airteagal 107(1) CFAE.

(172)

Mar an gcéanna, a mhéid a bhaineann leis an méid atá á mhaíomh ag Zàsilkovna in aithrisí (37), (38), (60) agus (63) go ndéanann Czech Post na praghsanna faoi bhun an chostais ar a sheirbhísí neamh-USO amhail Balíkovna, a fhóirdheonú go deonach agus go ndéanann sé costais agus caillteanais na ngníomhaíochtaí neamh-USO a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí USO, mar a shainmhíníonn údaráis na Seice iad, measann an Coimisiún, mar an gcéanna lena chonclúid in aithris (172), gur deighleadh cuntais Czech Post i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 97/67/CE agus go n-eisiatar, dá bhrí sin, tras-fhóirdheonú na seirbhíse poist lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus na seirbhíse orduithe airgid poist lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta araon trí mhí-leithdháileadh costas. In aon chás, ní féidir breathnú ar thras-fhóirdheonú mar shaincheist neamhspleách óir ní féidir leis tarlú ach amháin i gcás ina bhfuil róchúiteamh ann de dheasca mí-leithdháileadh costas nó cainníochtú míchuí ar an gcás frithfhíorasach. Ní hamhlaidh ceachtar díobh sin sa bheart i láthair mar a mhínítear in aithris (206) thíos.

(173)

A mhéid a bhaineann leis an méid atá á mhaíomh ag Zàsilkovna in aithris (60) nach bhfuil cúiteamh USO i gcomhréir leis na ceanglais trédhearcachta airgeadais a leagtar síos le Creat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta de bhrí gur chuir Czech Post cuid den chúiteamh san áireamh i dtuarascáil bhliantúil 2019 cheana, tugann an Coimisiún dá aire nach bhfuil an fíoras gur taifeadadh an mhír sin sna cuntais bainteach le sárú ar na ceanglais trédhearcachta airgeadais réamhluaite maidir le deighilt cuntas.

(174)

Tugann an Coimisiún dá aire gurb ionann córas cuntasaíochta CZ Post agus an córas sa tréimhse iontaoibhe roimhe seo. Tharraing PNA freisin saincheist an chórais cuntasaíochta anuas ina achomharc in aghaidh Chinneadh USO 2018 i gCás T-316/18 (66), inar tháinig an Chúirt Ghinearálta ar an gconclúid go ndearna an Coimisiún anailís chríochnúil ar an gcóras cuntasaíochta, go háirithe ar a iontaofacht, agus dá bhrí sin, nach ndearna an Coimisiún earráid fhollasach measúnaithe ina leith sin.

(175)

Dá bhrí sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid gurb iomchuí an deighilt chuntasaíochta, mar a cuireadh chun feidhme í, idir gníomhaíochtaí nach mbaineann le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus gníomhaíochtaí a bhaineann le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Fágann sin go gcomhlíonann Czech Post Treoir 2006/111/CE agus mír 44 de Chreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta.

8.2.5.   Comhlíontacht le rialacha an Aontais maidir le soláthar poiblí

(176)

De réir mhír 19 de Chreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, “ní mheasfar cabhair a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 106(2) [CFAE] ach amháin i gcás inar chomhlíon an t-údarás freagrach rialacha infheidhme an Aontais i réimse an tsoláthair phoiblí, nó i gcás ina ngeallann sé go gcomhlíonfaidh sé iad, agus é ag cur soláthar na seirbhíse ar iontaoibh an ghnóthais i gceist. Áirítear orthu sin aon cheanglas maidir le trédhearcacht, cóir chomhionann nó neamh-idirdhealú a leanann go díreach as [CFAE] agus, i gcás inarb infheidhme, reachtaíocht thánaisteach an Aontais. Cabhair nach gcomhlíonann na rialacha agus na ceanglais sin, meastar go ndéanann sí difear don fhorbairt trádála a oiread agus go mbeadh sí contrártha do leasanna an Aontais de réir bhrí Airteagal 106(2) [CFAE].”.

(177)

Sonraítear leis an Acht um Sheirbhísí Poist go n-ainmneofar soláthraí USO trí nós imeachta roghnúcháin. I gcomhréir le Roinn 22 den Acht um Sheirbhísí Poist, rinne CTO an nós imeachta roghnúcháin i gcomhair shealbhóir an cheadúnais poist le haghaidh na tréimhse 2018-2022. Níor roghnaigh CTO aon soláthraí sa nós imeachta sin de dheasca neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha rannpháirtíochta.

(178)

Mhínigh údaráis na Seice gur thionscain siad nós imeachta riaracháin ex officio, i ndiaidh fhoirceannadh an nós imeachta roghnúcháin nár éirigh leis, chun a fhorchur ar Czech Post an oibleagáid chun USO a sholáthar, dá ndéantar foráil i Roinn 22, mír 9 den Acht um Sheirbhísí Poist.

(179)

A mhéid a bhaineann leis an méid atá á mhaíomh ag Zàsilkovna in aithris (30) agus an méid atá á mhaíomh ag PNS in aithris (65) gur sháraigh údaráis na Seice na rialacha soláthair phoiblí a leagtar amach in Airteagal 4(2) de Threoir 97/67/CE tríd an tseirbhís orduithe airgid poist a chur san áireamh d’aon ghnó i raon feidhme USO, agus critéir mheastóireachta/dhámhachtana an nós imeachta tairisceana á socrú i bhfabhar Czech Post acu, tugann an Coimisiún dá aire, mar a mhínigh údaráis na Seice, gur dearadh an nós imeachta tairisceana (67) ar bhealach inar tugadh caoi do rannpháirtíocht roinnt iarratasóirí, fiú murarbh fhéidir leo an phunann iomlán seirbhísí a sholáthar, agus do dhámhachtain roinnt ceadúnais poist le haghaidh seirbhísí aonair freisin. Bhí an fhéidearthacht ann dá bhrí sin go ndéanfaí soláthraithe éagsúla a ainmniú chun seirbhísí éagsúla a cuireadh san áireamh i raon feidhme USO a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Threoir 97/67/CE. Bhí tairgeoir in ann tairiscint a dhéanamh freisin ar sheirbhísí poist aonair ar chuid de USO iad, mar a shainmhínítear leis an dlí, gan seirbhísí orduithe airgid poist a áireamh. Thairis sin, cheadaigh CTO do gach iarratasóir ionchasach ceisteanna a chur maidir le coinníollacha agus raon feidhme na tairisceana, d’fhonn an trédhearcacht ba mhó ab fhéidir a áirithiú agus é a chur ar a gcumas do chách an fhaisnéis riachtanach uile a fháil chun a dtairiscintí a ullmhú. I ndáil leis sin, níor dhearbhaigh Zàsilkovna a leas i rannpháirtíocht sa nós imeachta tairisceana. I dtuairim an Choimisiúin, ní raibh an nós imeachta tairisceana idirdhealaitheach agus, i gcodarsnacht leis sin, tarraingíodh suas é ar bhealach a chuir ar a chumas d’aon soláthraí seirbhísí poist a bheith ainmnithe mar an soláthraí seirbhíse uilíche.

(180)

Measann an Coimisiún nach mbeadh rialacha maidir le soláthar poiblí infheidhme ach amháin sa chás go ndéanann Ballstáit an cinneadh nós imeachta tairisceana a eagrú chun soláthraí seirbhíse uilíche (“USP”) a roghnú agus, dá bhrí sin, go mbeadh comhoiriúnacht mhaoiniú USO leis an margadh inmheánach ag brath ar cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na rialacha sin. Sa chás reatha, i ndiaidh nós imeachta tairisceana nár éirigh leis, roghnaigh údaráis na Seice ar deireadh go ndéanfaí an t-oibreoir a bhí ann cheana a ainmniú go díreach mar an soláthraí seirbhíse uilíche, mar a cheadaítear le hAirteagal 7(2) de Threoir 97/67/CE. Agus sin á dhéanamh acu, chuir údaráis na Seice an nós imeachta a leagtar síos i Roinn 22(9) den Acht um Sheirbhísí Poist i bhfeidhm, lena sonraítear go bhféadfaidh CTO, de bhua cinneadh maidir le deonú ceadúnais poist, an oibleagáid i ndáil le soláthar agus socrú na seirbhísí uilíocha a leagtar amach san fhógra i dtaobh an nós imeachta tairisceana a fhorchur ar an oibreoir is fearr a chomhlíonann na critéir mheastóireachta. Ar an gcúis sin, thionscain CTO imeachtaí riaracháin ex officio le Czech Post maidir le ceadúnas poist a dheonú le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2022, óir ba é Czech Post ab fhearr a chomhlíon na critéir a leagadh amach san fhógra i dtaobh an nós imeachta tairisceana. Fágann sin go bhfuil iontaoibh dhíreach Czech Post mar sholáthraí seirbhíse uilíche na seirbhíse poist lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta i gcomhréir le mír 19 de Chreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Bíodh agus gur chuir údaráis na Seice an tseirbhís orduithe airgid poist lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta san áireamh in USO, ní neamhbhailíonn sin dlíthiúlacht iontaoibh dhíreach na seirbhíse orduithe airgid poist lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, óir rinne údaráis na Seice nós imeachta tairisceana nár éirigh leis agus ní dhearna siad cinneadh ach ina dhiaidh sin Czech Post a ainmniú mar an soláthraí seirbhíse uilíche, de bhrí gurbh é an soláthraí a chomhlíon na ceanglais maidir le soláthar sheirbhísí uile USO, mar a shainmhíníonn údaráis na Seice iad. In aon chás, tugann an Coimisiún dá aire go bhféadfaidh údaráis na Seice an nós imeachta caibidlithe a úsáid gan a fhoilsiú roimh ré i gcás nach ndéanfar aon tairiscint nó aon tairiscint oiriúnach, nó aon iarraidh ar rannpháirtíocht nó aon iarraidh oiriúnach ar rannpháirtíocht, a chur faoina mbráid i dtairiscint de réir Airteagal 32(2)a) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (68).

(181)

A mhéid a bhaineann le dámhachtain dhíreach na seirbhíse orduithe airgid poist lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, measann an Coimisiún go ndearna údaráis na Seice scrúdú ar na líonraí poist agus institiúidí airgeadais atá ann cheana (féach aithris (81) thuas) agus gur tháinig siad ar an gconclúid nach raibh aon oibreoir eile ar an margadh a sholáthródh seirbhísí orduithe airgid poist ar bhonn tráchtála ar fud chríoch Phoblacht na Seice, ar bhealach a éilítear le haghaidh seirbhís uilíoch, agus dá bhrí sin go gcomhlíonann siad na sonraíochtaí teicniúla a leagtar síos sa tairiscint. Tá seirbhísí orduithe airgid poist lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta chomh sonrach sin ina gcineál agus sa bhealach a soláthraítear iad nárbh ann d’aon soláthraí ionadach ar an margadh ar bhonn tráchtála an tráth a athbhreithníodh USO. Chun an tseirbhís orduithe airgid poist lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar, ní mór dlúthlíonra dáileacháin de mhéid suntasach chomh maith le hoibríochtaí seachadta a bheith ag oibreoir, maille le ráthaíochtaí arda slándála. Ní raibh na hacmhainneachtaí sin ag oibreoirí eile, a bhfuil gá leo chun an tseirbhís orduithe airgid poist lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar i gcomhréir le ceanglais Stát na Seice. Thairis sin, ní bheadh aon oibreoir eile in ann na hacmhainneachtaí sin a fhorbairt roimh an tréimhse 2018-2022. De bharr a dhlúis, a mhéid agus a cháilíochta, ba é líonra Czech Post an t-aon líonra amháin arbh fhéidir leis fónamh do chuspóirí na seirbhíse orduithe airgid poist lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Cé nach féidir é a chur as an áireamh go bhforbróidh iomaitheoirí líonra den sórt sin amach anseo, is é Czech Post an t-aon soláthraí amháin a fhéadann an tseirbhís orduithe airgid poist lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar go hiontaofa le linn na tréimhse 2018-2012. Sin é an fáth a n-aithníonn an Coimisiún go bhfuil líonra uathúil brainsí agus lóistíochta ag Czech Post i dtéarmaí dlúis, méid agus oibríochtaí seachadta laethúla a fhágann gurb é an t-aon soláthraí féideartha amháin é le haghaidh na seirbhíse orduithe airgid poist lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta le linn na tréimhse seo. Ar an mbonn sin, measann an Coimisiún gur féidir dámhachtain dhíreach na seirbhíse orduithe airgid poist lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a chumhdach le díolúine an tsoláthraí aonair agus a chur ar iontaoibh trí nós imeachta caibidlithe gan é a fhoilsiú roimh ré de réir Airteagal 32(2)b) de Threoir 2014/24/AE (69).

8.2.6.   Easnamh idirdhealaithe

(182)

De réir mhír 20 de Chreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, “i gcás ina sannfaidh údarás soláthar na seirbhíse céanna lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta do roinnt gnóthas, ba cheart an cúiteamh a ríomh ar bhonn an mhodha chéanna i ndáil le gach gnóthas.”.

(183)

Ós rud é nach sanntar an dá sheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta ach do Czech Post agus dósan amháin, measann an Coimisiún nach infheidhme é ceanglas mhír 20 de Chreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta.

8.2.7.   Méid an chúitimh

(184)

De réir mhír 21 de Chreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, “is gá nach mbeidh méid an chúitimh níos mó ná an méid a bhfuil gá leis chun glanchostas urscaoileadh na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí a chumhdach, lena n-áirítear brabús réasúnta.” I ndáil leis sin, leagtar síos le mír 24 de Chreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta gur “cheart modheolaíocht an ghlanchostais sheachanta a úsáid chun an glanchostas a bhfuil gá leis, nó a bhfuil coinne leis go mbeidh gá leis, a ríomh i gcás ina gceanglaítear sin le reachtaíocht an Aontais nó le reachtaíocht náisiúnta agus i gcásanna eile inar féidir sin.”.

8.2.8.   Ríomh an ghlanchostais: Modheolaíocht an Ghlanchostais Sheachanta

(185)

De réir mhír 25 de Chreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, “faoi mhodheolaíocht an ghlanchostais sheachanta, ríomhtar an glanchostas a bhfuil gá leis, nó a bhfuil coinne leis go mbeidh gá leis, chun na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a urscaoileadh mar an difríocht idir an glanchostas ar an soláthraí as a bheith ag oibriú faoin oibleagáid seirbhíse poiblí agus an glanchostas nó an glanbhrabús don soláthraí céanna as a bheith ag oibriú gan an oibleagáid sin.”.

(186)

Leagtar síos le Foraithne Cur Chun Feidhme Uimh. 466/2012 an nós imeachta a úsáideann CTO chun ríomh a dhéanamh ar an nglanchostas atá ar Czech Post as USO a sholáthar, mar a shainmhínítear leis an Acht um Sheirbhísí Poist.

(187)

Tá an mhodheolaíocht glanchostais sheachanta a úsáideann údaráis na Seice bunaithe ar cheithre phríomheilimint:

(a)

leagan amach an cháis fhíorasaigh agus an cháis fhrithfhíorasaigh;

(b)

ríomh an tionchair a bheadh ag an gcás frithfhíorasach ar chostais agus ioncaim Czech Post;

(c)

ríomh tairbhí doláimhsithe le haghaidh Czech Post;

(d)

ríomh an ghlanchostais iomláin.

(188)

A mhéid a bhaineann leis an méid atá á mhaíomh ag Zàsilkovna in aithris (62)(f) go bhfuil an mhodheolaíocht leithdháilte costais níos oiriúnaí chun an glanchostas seachanta a ríomh, tugann an Coimisiún dá aire go meastar de réir mhír 27 den Chreat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta “gurb í modheolaíocht an ghlanchostais sheachanta an modh is cruinne chun costas oibleagáide seirbhíse poiblí a chinneadh”. An tráth céanna, in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 97/67/CE freisin úsáidtear modheolaíocht an ghlanchostais sheachanta chun an glanchostas ar sholáthar USO a chinneadh.

I.   An cás fíorasach agus an cás frithfhíorasach

Cás fíorasach

(189)

Sa chás fíorasach, déantar ioncaim agus costais iarbhír Czech Post le haghaidh eilimintí éagsúla agus na gníomhaíochtaí uile a chur san áireamh le haghaidh na mblianta 2018-2020. Breithnítear meastachán ar chostas agus ioncaim Czech Post le haghaidh 2021 agus 2022. Meastar gur réasúnta agus beacht an rud é sonraí iarbhír le haghaidh na tréimhse 2018-2020 agus sonraí measta le haghaidh 2021 agus 2022 a úsáid toisc go bhfuil na figiúirí iarbhír ar fáil le haghaidh na tréimhse 2018-2020. Meastar gurb iomchuí na sonraí ionchuir sin agus go n-oireann sin chun róchúiteamh a eisiamh toisc go ndíorthaítear iad ó chóras cuntasaíochta Czech Post, a chomhlíonann Treoir 2006/111/CE agus mír 44 de Chreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, mar a mhínítear in aithris (176).

Cás frithfhíorasach

Céim 1: Na heilimintí de USO agus DBIS nach n-oibreodh an chuideachta faoi ghnáthdhálaí margaidh a shainaithint

(190)

Leis an gcás frithfhíorasach, breithnítear iompraíocht Czech Post mura gcuirfí USO (an tseirbhís poist lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus an tseirbhís orduithe airgid poist lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta) ná DBIS ar a iontaoibh. Tá breithniú déanta ag Czech Post ar na féidearthachtaí i dtaobh barrfheabhsú gnó agus athruithe déanta aige ar na ceithre eilimint seo a leanas sa chás frithfhíorasach, i gcomparáid leis an gcás fíorasach:

(a)

seirbhísí DBIS;

(b)

oifigí poist: an ceanglas maidir le dlús an líonra oifigí poist (an líon oifigí);

(c)

a mhinice a sheachadtar: an ceanglas maidir le seachadadh forleathan ar chríoch na tíre de mhinicíocht 5 lá oibre sa tseachtain;

(d)

próisis tacaíochta: Dualgais eile riaracháin nach sanntar ach don soláthraí USO (féach aithris (196)).

(191)

I ndáil leis na ceithre eilimint thuasluaite, áitíonn údaráis na Seice go ndéanfadh Czech Post an méid seo a leanas: (i) scor de sheirbhísí DBIS a sholáthar, (ii) roinnt oifigí poist a dhúnadh agus, ina theannta sin, roinnt eile a thiontú ina Postpoints (70) [Pointí Poist], (iii) a mhinice a sheachadtar roinnt míreanna poist a laghdú, agus (iv) scor de bheith ag déanamh roinnt gníomhaíochtaí a bhaineann le ceanglais USO nó iad a dhéanamh ar bhealach laghdaithe. Cuirtear ceithre eilimint an cháis fhrithfhíorasaigh i láthair a thuilleadh thíos:

1.   Foirceannadh sheirbhís DBIS

(192)

Le tabhairt isteach DBIS, athraíodh an bealach a seachadtar roinnt míreanna poist, gnáthlitreacha agus litreacha cláraithe go príomha, (míreanna “canablaithe”) ón mbealach fisiceach go bealach leictreonach, le haghaidh gach cineál úsáideoirí a dhéanann cumarsáid leis an riarachán poiblí. Sa chás frithfhíorasach, ina scorfadh Czech Post de bheith ag soláthar seirbhísí DBIS, dhéanfaí na míreanna poist canablaithe a sheachadadh ar an mbealach fisiceach traidisiúnta. Ar thaobh amháin, thiocfadh laghdú ar ioncaim agus costais Czech Post de réir ioncaim DBIS agus na gcostas a bhaineann leis agus, ar an taobh eile, thiocfadh méadú ar ioncaim agus costais Czech Post i ngeall ar aisghabháil na míreanna poist canablaithe atá le seachadadh i bhfoirm fhisiceach. Cuirtear i láthair i dTábla 5 thíos an líon míreanna poist sa chás fíorasach agus sa chás frithfhíorasach, á gcur san áireamh ann sonraí maidir leis na míreanna canablaithe mar a mheastar in aithris (152) den chinneadh maidir le DBIS iad:

Tábla 5

An líon míreanna poist sa chás fíorasach agus sa chás frithfhíorasach, á gcur san áireamh ann na míreanna canablaithe de réir boscaí poist (DBIS) mar a mheastar sa chinneadh maidir le DBIS iad:

An líon míreanna poist (sna mílte)

 

2018

2019

2020

2021

2022

Cás fíorasach (A)

gnáthphost

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

 

post cláraithe

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

Arna gcanablú (B)

gnáthphost

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

 

post cláraithe

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

Cás frithfhíorasach (C=A+B)

gnáthphost

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

 

post cláraithe

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

2.   Dúnadh roinnt oifigí poist agus tiontaíodh roinnt eile ina Postpoints [Pointí Poist]:

(193)

Measann Czech Post, le haghaidh na tréimhse 2018-2022, gur cuid den líonra oifigí poist iad 3 210 n-oifig phoist sa chás fíorasach. Sa líon sin tá 3 200 oifig phoist éigeantacha faoi USO agus 10 gcinn a oibrítear go deonach agus atá lonnaithe in áiteanna speisialta turasóireachta (e.g. sna sléibhte nó i músaeim amuigh faoin aer) a chuireann ar a gcumas do thurasóirí litreacha nó cártaí poist a sheoladh trí bhíthin stampaí speisialta. In éagmais USO, d’oibreodh Czech Post líonra nach bhfuil chomh dlúth céanna, gan ach na hoifigí poist is brabúsaí a choinneáil ar bun agus é á chur san áireamh gur soláthraí seirbhíse poist náisiúnta é sealbhóir an cheadúnais poist agus go gcuireann sé a áitreabh in úsáid i riocht agus go n-áiritheoidh sé go mbeidh a chuid seirbhísí ar fáil ar fud na tíre. Bunaithe ar a chóras cuntasaíochta inmheánach, leithdháileann Czech Post ioncaim agus costais ar oifigí poist chun brabúsacht gach oifige a chinneadh. Rinne Czech Post anailís ar an bhfaisnéis sin in éineacht le roinnt critéar oibriúcháin agus inrochtaineachta chun a chinneadh cé acu a choinneofaí nó nach gcoinneofaí oifig phoist sa chás frithfhíorasach. Bunaithe ar anailís Czech Post, sa chás frithfhíorasach, is éard a bheadh ina líonra 583 oifig phoist as measc na gceann éigeantach a oibríonn Czech Post faoi USO, 10 n-oifig phoist i dteannta na gceann éigeantach agus 462 Postpoint [Pointe Poist]. Cé go ndúnfaí thart ar 80 % de na hoifigí poist, sa chás frithfhíorasach, is lú ná 10 km an fad uasta a bheadh idir an chuid is mó (thart ar 89 %) de na hoifigí poist tráchtála agus Postpoints [Pointí Poist], bíodh gur faide sin ná sa chás fíorasach. I dtuairim Czech Post, thiocfadh laghdú substaintiúil ar infhaighteacht na seirbhísí uile a thairgtear in oifigí poist (lena n-áirítear seirbhísí poist agus seirbhísí orduithe airgid poist). An líon oifigí éigeantacha atá le coinneáil ar bun sa chás frithfhíorasach, meastar go mbeidh sé seasmhach le linn na tréimhse iontaoibhe agus cinneadh réamhbhreathnaitheach ex ante atá ann le haghaidh barrfheabhsú gnó. Léirítear i dTábla 6 thíos an líonra oifigí poist (an líon oifigí) sa chás fíorasach agus sa chás frithfhíorasach:

Tábla 6

An líon oifigí poist sa chás fíorasach agus sa chás frithfhíorasach

Bliain

oifigí sa chás fíorasach

oifigí le dúnadh sa chás frithfhíorasach

oifigí sa chás frithfhíorasach

Iomlán (oifigí poist éigeantacha + neamhéigeantacha)

éigeantach

neamhéigeantach

a bhfuil fágtha d’oifigí poist éigeantacha

a bhfuil fágtha d’oifigí poist neamhéigeantacha

oifigí a thiontófar i Postpoint [Pointe Poist]

an líon iomlán oifigí

 

a=b+c

b

c

d=a-h

e

f

g

h=e+f+g

2018

3 231

3 200

31

2 155

583

31

462

1 076

2019

3 232

3 200

32

2 155

583

32

462

1 077

2020

3 237

3 200

37

2 149

583

37

468

1 088

2021

3 237

3 200

37

2 149

583

37

468

1 088

2022

3 237

3 200

37

2 149

583

37

468

1 088

3.   Laghdú ar mhinicíocht seachadta míreanna poist sonracha

(194)

Mhínigh údaráis na Seice gurb é a chiallaíonn laghdú ar mhinicíocht seachadta litreacha go n-athrófaí an seachadadh ó 5 lá sa tseachtain go 5 lá sa choicís. Tá an margadh seachadta beartán iomaíoch go leordhóthanach agus ní thiocfadh laghdú dá bhrí sin ar mhinicíocht seachadta beartán. Mhínigh údaráis na Seice freisin go raibh coinne le hathruithe ar sheachadadh litreacha le linn 2018-2022. Sa chás fíorasach, tugadh córas nua seachadta isteach in 2020. Cuirfear síneadh, i bhfoirm seachadadh D+n, leis an seachadadh D+1 (71) atá ann faoi láthair agus glactar leis go n-aistreofar an chuid is mó den éileamh chuig seachadadh D+n ós mó is fearr le custaiméirí costais seachadta a shábháil ná luas an tseachadta. Sa chás frithfhíorasach, seachadadh D+n atá sa tairiscint. Mar chuid de chleachtas faireacháin ar fud na tíre, rinne Czech Post scrúdú ar an líon litreacha a seachadadh agus ar mhinicíocht a seachadta chuig áitribh aonair (i.e. teaghlaigh). Léirítear i dTábla 6a agus Tábla 6b thíos an saothar coibhéise lánaimseartha (FTE) a bhfuil gá leis agus an líon feithiclí a theastaíonn sa chás fíorasach agus sa chás frithfhíorasach chun seachadadh 5 lá sa choicís a dhéanamh.

Tábla 7a

An líonra seachadta in 2018

2018

FTE

an líon feithiclí

iompar (in km)

Cás fíorasach (D+1)

[…]

[…]

[…]

Cás frithfhíorasach (D+n)

[…]

[…]

[…]

difríocht

[2 000 -2 500 ]

[750 -900 ]

[10 000 000 -15 000 000 ]

Tábla 7b

An líonra seachadta in 2019

2019

FTE

an líon feithiclí

iompar (in km)

Cás fíorasach (D+1)

[…]

[…]

[…]

Cás frithfhíorasach (D+n)

[…]

[…]

[…]

difríocht

[2 000 -2 500 ]

[750 -900 ]

[11 000 000 -16 000 000 ]

Tábla 7c

An líonra seachadta in 2020, 2021 agus 2022

2020, 2021, 2022

FTE

an líon feithiclí

iompar (in km)

Cás fíorasach (D+n, D+1)

[…]

[…]

[…]

Cás frithfhíorasach (D+n)

[…]

[…]

[…]

Difríocht

[350 -500 ]

[700 -850 ]

[11 000 000 -16 000 000 ]

4.   Níos lú gníomhaíochtaí riaracháin

(195)

Scorfadh Czech Post freisin de ghníomhaíochtaí riaracháin áirithe a bhaineann le soláthar USO. Is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí riaracháin a bhaineann le soláthar USO a scorfadh Czech Post díobh sa chás frithfhíorasach:

(a)

am iompair agus sreabha iompair a thomhas agus a thuairisciú don rialtóir;

(b)

taifid mhionsonraithe a choinneáil ar chostais agus ioncaim ar leithligh, glanchostas USO a ríomh agus sin a thuairisciú don rialtóir;

(c)

iniúchadh a dhéanamh ar thaifid ar leithligh;

(d)

doiciméid fhoinseacha a cheannach chun glanchostas USO a ríomh;

(e)

an roinn teicneolaíochtaí poist atá freagrach as ceanglais cháilíochtúla USO a fhorbairt ina gcaighdeáin oibriúcháin a oibriú, faireachán a dhéanamh ar cháilíocht seirbhísí agus bearta ceartaitheacha a shocrú.

Inchreidteacht agus cainníochtú an cháis fhrithfhíorasaigh

(196)

A mhéid a bhaineann le hinchreidteacht cáis fhrithfhíorasaigh ina laghdófaí go suntasach méid an líonra oifigí poist, mhínigh údaráis na Seice go mbíonn roinnt cineálacha bunaíochtaí poist á n-oibriú ag Czech Post, idir oifigí beaga poist i mbardais bheaga nach bhfuil ach cuntar aonair á oibriú iontu agus oifigí móra poist i gcathracha móra a bhfuil cuntair go leor iontu. Is ar mhéid na hoifige a bhraitheann an líon custaiméirí a bhfreastalaítear orthu in oifig phoist shonrach. Is iad na hoifigí poist mhóra agus mheánmhéide atá lonnaithe i gceantair dhlúthdhaonra a fhreastalaíonn ar an líon is mó custaiméirí. Coinnítear na hoifigí sin ar bun, ar an mórgóir, sa chás frithfhíorasach. Ar an taobh eile, ní dhéanfaí oifigí poist níos lú a fhreastalaíonn ar líon níos lú custaiméirí a choinneáil ar bun sa chás frithfhíorasach. I dtuairim údaráis na Seice, ní ceart é a bheith ag glacadh leis go simplí gurb é a leanfadh as 81,5 % d’oifigí poist a dhúnadh (oifigí beaga a dhéanann caillteanais de ghnáth) go n-aistreofaí 81,5 % den éileamh chuig na hoifigí poist a bheadh fágtha, agus ní chomhfhreagraíonn sin don staid sa tSeicia. Léiríonn na sonraí airgeadais go ngineann na 583 oifig phoist a choinnítear ar bun sa chás frithfhíorasach [50-75] % d’ioncaim (éileamh) as an méid iomlán ioncam a taifeadadh ag na hoifigí poist in 2018. An 2 155 oifig phoist san iomlán atá le dúnadh, ní ghineann siad ach [15-35] % d’ioncaim in 2018, agus tá an cóimheas sin comhchosúil le blianta eile. Is chuig Postpoints [Pointí Poist] a aistrítear cuid de na hioncaim ó oifigí poist atá le dúnadh, óir is chucu a aistrítear éileamh na gcustaiméirí ar litreacha cláraithe agus beartáin chláraithe, ach caillfidh Czech Post an chuid eile den éileamh toisc go n-éireoidh roinnt custaiméirí as a sheirbhísí a úsáid, lena n-áirítear orduithe airgid poist. A mhéid a bhaineann le horduithe airgid poist, chaillfí [30-55] % de na hioncaim a ghintí sna hoifigí dúnta. Ar deireadh, ba ar bhonn torthaí suirbhé agus fíoras eile, amhail an fad go dtí an oifig phoist is gaire agus seirbhís chomhchosúil a bheith le fáil ar an margadh, a rinneadh meastachán ar an tionchar foriomlán a bheadh ar an éileamh.

(197)

A mhéid a bhaineann leis an tionchar ar éileamh de dheasca laghdú ar an minicíocht seachadta, mhínigh údaráis na Seice nárbh é an suirbhé margaidh amháin a chuir CTO san áireamh ach roinnt imthosca a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don athrú ar éileamh freisin (féach aithris (90)). B’eilimint thábhachtach eile, mar shampla, a mhéid atá fáil ar sheirbhísí is féidir a chur in ionad seachadadh litreacha. Cé go dtairgeann roinnt soláthraithe sa tSeicia seirbhísí mearsheachadta beartán, ní thairgeann ach seirbhísí cúiréireachta seachadadh ráthaithe litreacha faoi shamhail D+1. Bíonn coinne leis nach n-aistreoidh custaiméirí aonair go ginearálta chuig seirbhísí cúiréireachta ná cumarsáid leictreonach chun seachadadh D+1 a fháil. D’aistreoidís ina ionad sin chuig seirbhís seachadta D+n. Is féidir le custaiméirí aonair seirbhísí cúiréireachta nó cumarsáid leictreonach a úsáid, ach is dóchúil gur ar chúis éagsúil nach mbaineann le hathrú ar an minicíocht seachadta ó D+1 go D+n a úsáidfear na seirbhísí sin in ionad litreacha a sheachadadh, óir ní féidir fiú le coinsíneacht a sheachadtar faoi shamhail D+1 dul in iomaíocht leis an gcumarsáid leictreonach i dtéarmaí luais agus praghais; thairis sin, is costasaí i bhfad seirbhísí cúiréireachta. D’athraigh Czech Post an mhinicíocht seachadta i mí Feabhra 2020 agus tairgeann sé ‘coinsíneachtaí barainne’ a sheachadtar de réir D+n agus ‘coinsíneachtaí tosaíochta’ a sheachadtar de réir D+1. Tá coinsíneachtaí barainne CZK 7 níos saoire ná coinsíneachtaí tosaíochta (tá feidhm ag an difríocht sin maidir le gnáthlitreacha agus litreacha cláraithe araon). De réir shonraí Czech Post maidir le cóimheas na gcoinsíneachtaí barainne agus tosaíochta le haghaidh na tréimhse ó mhí Feabhra go mí na Bealtaine 2020, a chuirtear i láthair i dTábla 7, is fearr leis an gcuid is mó de chustaiméirí praghsanna níos ísle ná seachadadh níos tapa, ach níos daoire (roghnaíonn thart ar [93-96] % de chustaiméirí an tsamhail bharainne le haghaidh gnáthlitreacha agus thart ar [82-87] % le haghaidh litreacha cláraithe), rud a chomhfhreagraíonn do na torthaí suirbhé.

Tábla 8

Cóimheas idir coinsíneachtaí tosaíochta agus barainne (na custaiméirí uile):

Táirge

Samhail seirbhíse

Mí Feabhra 2020

Mí an Mhárta 2020

Mí Aibreáin 2020

Mí na Bealtaine 2020

Gnáthlitreacha

Tosaíochta

[5 -7 ] %

[5 -7 ] %

[3,5 -6,5 ] %

[3,5 -6,5 ] %

Barainne

[93 -95 ] %

[93 -95 ] %

[93,5 -96,5 ] %

[93,5 -96,5 ] %

Litreacha cláraithe

Tosaíochta

[13 -18 ] %

[13 -18 ] %

[13 -18 ] %

[13 -18 ] %

Barainne

[82 -87 ] %

[82 -87 ] %

[82 -87 ] %

[82 -87 ] %

(198)

A mhéid a bhaineann leis an méid atá á mhaíomh ag PNS in aithris (67) go ndearna Czech Post an cinneadh roinnt oifigí poist a oibriú go deonach go dtí 2016, tugann an Coimisiún dá aire nach gá go bhfágann cinneadh Czech Post roinnt oifigí poist a oibriú go deonach le linn 2013-2015 gur cheart go mbeadh an cur chuige céanna roghnaithe ag Czech Post le linn 2018-2020. Thairis sin, mar a mhínigh údaráis na Seice in aithris (85), an cinneadh a rinne Czech Post na hoifigí poist sin a choinneáil ar bun go sealadach, rinne sé ciall ó thaobh an gheilleagair de i bhfianaise an chinnidh pholaitiúil a bhí ar tí tarlú an tráth sin go méadófaí an líon oifigí éigeantacha go 3 200. Tugann an Coimisiún dá aire freisin nach bhfuil oibleagáid ar Bhallstáit, i bprionsabal, an cás frithfhíorasach céanna a úsáid i ngach fógra a thugtar faoi chúiteamh USO ach go bhfuil sé de lánrogha acu é a oiriúnú de réir forbairtí sa mhargadh. Tugtar léiriú réalaíoch ar na forbairtí sin sa mhargadh i gcostas agus ioncaim gach oifige poist, óir breithníodh iad sin san anailís inar cinneadh cén oifig ba cheart dúnadh agus cén oifig ba cheart fanacht oscailte sa chás frithfhíorasach. In aon chás, áfach, is é an fachtóir cinniúna é cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh an cás frithfhíorasach roghnaithe a chainníochtú i gceart, ar bhealach réalaíoch, mar a mhínítear in aithrisí (205) agus (206) thíos.

(199)

A mhéid a bhaineann leis an méid atá á mhaíomh ag Zàsilkovna in aithris (62), agus an méid atá á mhaíomh ag PNS in aithrisí (71) agus (72), nach gnóthas dea-riartha é Czech Post toisc nach míníonn sé go beacht riachtanas na gcostas uile a bhfuil gá leo chun an oibleagáid a urscaoileadh ar bhealach éifeachtach, ná nach dtugann sé údar beacht leis an riachtanas sin, tugann an Coimisiún dá aire go ndéanann an Aireacht Gnóthaí Baile faireachán ar chaiteachas Czech Post agus, go comhthreomhar leis sin, gur chuir Czech Post a Chlár inmheánach féin um Chomhlíontacht Chorparáideach in aghaidh an éillithe agus cineálacha eile mí-iompair i bhfeidhm agus i gcás ina mbíonn amhras ann faoi dhámhachtain conartha áirithe, d’ainneoin na mbeart uile atá i bhfeidhm, go gcuirtear an tsaincheist sin faoi bhráid na n-údarás inniúil amhail an Chúirt Dúiche i bPrág. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nár léirigh Zàsilkovna nach gnóthas dea-riartha é Czech Post. Thairis sin, athdhearbhaíonn an Coimisiún a chonclúid in aithris (175) go gcomhlíonann an deighilt chuntasaíochta idir gníomhaíochtaí a bhaineann agus nach mbaineann le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta mar a chuirtear chun feidhme iad Treoir 2006/111/CE agus mír 44 de Chreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Costais Czech Post atá riachtanach chun an oibleagáid a urscaoileadh, is iad sin amháin atá ina bhfachtóirí i ríomh an ghlanchostais sheachanta. Ina theannta sin, na costais a thabhódh gnóthas tipiciúil dea-riartha a ndéantar soláthar leordhóthanach dó san earnáil chéanna, ní hiad na costais sin amháin a chuirtear san áireamh i modheolaíocht an ghlanchostais, óir thabharfadh sin le tuiscint nach dtabharfadh an beart i gceist buntáiste don ghnóthas i gceist (chomhlíonfaí freisin an ceathrú critéar Altmark – aithrisí (120) agus (121)). Ar deireadh, tugann an Coimisiún dá aire nach gcumhdaítear le raon feidhme an chinnidh seo dámhachtain dhíreach dhaonáireamh 2021 do Czech Post, dá dtagraítear in aithris (72).

(200)

A mhéid a bhaineann leis an méid atá á mhaíomh ag Zàsilkovna in aithris (62), agus an méid atá á mhaíomh ag PNS in aithrisí (44), (45) agus (69), nach ndealaíonn Czech Post ón nglanchostas seachanta deiridh caillteanais a thabhaigh sé go deonach trína sheirbhísí neamh-USO a sholáthar ar phraghsanna faoi bhun costais, tugann an Coimisiún dá aire gur féidir lascainí a dheonú, i bprionsabal, fiú le haghaidh sheirbhísí USO. Foráiltear le Treoir 97/67/CE, in Airteagal 12 di, gur cheart praghsanna a bheith bunaithe ar chostas. Leis an oibleagáid praghsála bunaithe ar chostas, áfach, ní chumhdaítear táirgí nach dtagann faoi raon feidhme na seirbhíse uilíche agus tá sé de shaoirse ag Czech Post a bpraghsanna a chinneadh bunaithe ar éileamh agus soláthar. In aon chás, anuas ar an méid atá á mhaíomh ag na gearánaithe maidir le táirgí neamh-USO, rinne an Coimisiún measúnú ar phraghsanna lascainithe na dtáirgí neamh-USO freisin agus chinn go bhfuil praghsanna na dtáirgí neamh-USO a lascainítear go deonach níos airde ná a meánchostais inathraitheacha faoi seach, bunaithe ar fhaisnéis a chuir údaráis na Seice faoina bhráid, agus nach bhfuil aon tionchar míchuí acu ar an nglanchostas seachanta dá réir. Ar deireadh, tugann an Coimisiún dá aire, maidir le leithdháileadh na gcostas ar na táirgí éagsúla, bíodh na costais sin seasta nó inathraitheach, nach mbaineann an leithdháileadh sin le praghas gach táirge, bíodh sé lascainithe nó ná bíodh. Ós rud é go bhfuil costais gach táirge bunaithe ar thomhaltas acmhainní seachas ar chostas, is iad an mhodheolaíocht leithdháilte costais agus na heochracha leithdháilte faoi seach na heilimintí a chinntíonn leithdháileadh na gcostas ar gach táirge. Mar a mhínítear in aithrisí (169) go (172), áfach, chinn an Coimisiún go bhfuil an mhodheolaíocht leithdháilte costais agus na heochracha leithdháilte faoi seach i gcomhréir le Treoir 97/67/CE, leis an dlí náisiúnta agus le rialacha arna bhformheas ag CTO, mar a dheimhníonn iniúchóir neamhspleách iad le haghaidh na tréimhse 2018-2020. Tagann an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin nach ndéanann Czech Post costais mhíchuí táirgí neamh-USO a leithdháileadh ar chostais táirgí USO chun an glanchostas seachanta a mhéadú.

(201)

A mhéid a bhaineann leis an méid atá á mhaíomh ag Zàsilkovna in aithris (62), agus an méid atá á mhaíomh ag PNS in aithris (69), go bhfuil an laghdú ollmhór ar an líon oifigí poist go hiomlán neamhréalaíoch agus in aghaidh threochtaí an mhargaidh, agus nár cainníochtaíodh i gceart é, athdhearbhaíonn an Coimisiún a bharúlacha in aithris (197) go bhfuil an tionchar measta ar an éileamh ar ghnó USO, mar a shainmhíníonn údaráis na Seice é, agus ar an ngnó neamh-USO araon iontaofa sa chás frithfhíorasach. Thairis sin, mar fhreagairt ar mhearfhorbairt na deighleoige asraonta bailithe (bíonn an deighleog ag fás 70 – 100 % ó bhliain go bliain agus is í a chuimsíonn thart ar 20 % den dáileachán earraí ó shiopaí ar líne faoi láthair), thug Czech Post táirge ísealchostais comhchosúil isteach dá ngairtear Balík Do balíkovny (Asraon Seachadta agus Bailithe Beartphoist), rud a léiríonn go bhfuil tiontú na n-oifigí poist ina Postpoints [Pointí Poist] i gcomhréir le forbairt an mhargaidh.

(202)

A mhéid a bhaineann leis an méid atá á mhaíomh ag Zàsilkovna in aithris (66), agus an méid atá á mhaíomh ag PNS in aithris (72), gurb é an laghdú ar mhinicíocht seachadta é staid iarbhír Czech Post nár cuireadh san áireamh i gcainníochtú an tionchair ar éileamh faoi seach, tugann an Coimisiún dá aire go leanann Czech Post de bheith faoi oibleagáid an post a sheachadadh gach lá nuair a iarrtar sin agus nuair a íocann custaiméirí as, fiú agus an córas nua seachadta dhá luas ann. Sa chás frithfhíorasach, ní tharlóidh seachadtaí mar sin a thuilleadh. In aon chás, rinne údaráis na Seice idirdhealú i ríomhanna an ghlanchostais sheachanta idir an tréimhse sular tugadh an seachadadh dhá luas isteach agus an tréimhse ina dhiaidh, agus bhí cainníochtú an tionchair ar éileamh faoi seach bunaithe ar shuirbhé cuí margaidh agus tacaithe ag breathnuithe a rinneadh le déanaí ar threochtaí custaiméirí.

(203)

A mhéid a bhaineann leis an méid atá á mhaíomh ag Zàsilkovna in aithris (36) gur tugadh róchúiteamh do Czech Post in USO ó 2013 go 2017 agus gur bhain sé úsáid as an róchúiteamh sin chun a ghníomhaíochtaí tráchtála a thras-fhóirdheonú, tugann an Coimisiún dá aire go ndearnadh cúiteamh USO ó 2013 go 2017 a fhormheas le Cinneadh 2018 maidir le hOibleagáid Seirbhíse Uilíche ar sheas an Chúirt Ghinearálta leis i gCás T-316/18 (72). Ós rud é nach ndearnadh achomharc in aghaidh an chinnidh sin, seastar le torthaí an Choimisiúin sa chinneadh sin agus tá siad críochnaitheach.

(204)

Tugann an Coimisiún dá aire go ndearna an tSeicia, le linn an nós imeachta imscrúdaithe fhoirmiúil, athbhreithniú ar na ríomhanna glanchostais sheachanta ar tugadh fógra fúthu trí thoimhdí níos coimeádaí a bhreithniú sa chás frithfhíorasach (i.e. an glanchostas seachanta a laghdú). Go háirithe, ghlac an tSeicia leis go mbeadh an méid seo a leanas ann: (i) méadú acmhainneachta níos mó sna hoifigí poist atá fágtha chun an t-éileamh arna atreorú ó na hoifigí dúnta a phróiseáil; agus (ii) caillteanais ioncaim níos airde i ngeall ar léirmhíniú níos coimeádaí ar thorthaí na suirbhéanna margaidh. Chuir an tSeicia sonraí iarbhír seachas sonraí réamh-mheasta san áireamh sa chás fíorasach freisin, i gcás ina raibh fáil orthu, a d’fhág go raibh na ríomhanna glanchostais sheachanta níos réalaíche; léirigh sé le ríomhanna ionadacha go mbeadh coigilteas costais ag Czech Post ina oibríochtaí bailithe/seachadta, gan an coigilteas costais sin a bhreithniú sna ríomhanna glanchostais sheachanta áfach; léirigh sé go bhfuil praghsanna mhíreanna USO a thairgtear do chustaiméirí móra agus a lascainítear go deonach fós níos airde ná na meánchostais inathraitheacha faoi seach agus nach bhfuil aon tionchar míchuí acu ar an nglanchostas seachanta dá réir; agus bhreithnigh sé i gceart glanchostas cosanta DBIS, arna thabhairt cothrom le dáta le sonraí iarbhír i ríomh ghlanchostas cosanta USO. Dá thoradh sin, rinne an tSeicia glanchostas seachanta iomlán 2018-2022 ar tugadh fógra faoi a laghdú ó CZK 12 300 433 665 go CZK 9 996 852 907, ar choigeartú é de mhíneas 18,73 %, mar a chuirtear i láthair go mionsonraithe le haghaidh gach bliana i dTábla 9:

Tábla 9

Glanchostas seachanta ar tugadh fógra faoi vs. glanchostas seachanta arna choigeartú

Méideanna in CZK

2018

2019

2020

2021

2022

Iomlán

2018-2022

Glanchostas seachanta ar tugadh fógra faoi

2 694 652 078

2 967 587 686

2 100 283 382

2 230 483 704

2 307 426 815

12 300 433 665

Glanchostas seachanta arna choigeartú

2 402 212 803

2 498 215 225

1 631 363 967

1 723 251 833

1 741 809 079

9 996 852 907

coigeartú %

-10,85  %

-15,82  %

-22,33  %

-22,74  %

-24,51  %

-18,73  %

(205)

I bhfianaise a bhfuil thuas, measann an Coimisiún go bhfuil an cás frithfhíorasach a dtugtar tuairisc air inchreidte agus bunaithe ar thoimhdí réasúnacha a léiríonn iarracht Czech Post a ghnó a bharrfheabhsú trí chostais a choigilt agus ioncaim a mhéadú, agus go bhfuil an tionchar ar an éileamh ar sheirbhísí Czech Post measta i gceart, murab ionann agus an méid atá á mhaíomh ag na gearánaithe in aithrisí (62)(c) agus (68). Thairis sin, measann an Coimisiún go bhfuil na mínithe a thug Czech Post mar a mhínítear in aithrisí (73) go (80), agus na mínithe a thug údaráis na Seice mar a mhínítear in aithrisí (81) go (93) agus aithrisí (197) go (198), ciallmhar agus leormhaith chun an t-amhras a chuir an Coimisiún in iúl ina chinneadh tosaigh a dhíbirt. Faoi dhálaí an mhargaidh, is féidir a thuiscint go ndúnfadh Czech Post na hoifigí poist sin a thabhaíonn caillteanais agus go gcoinneodh sé ar bun na cinn a dhéanann brabús. Measann an Coimisiún nach bhfuil aon chiall le comparáid a dhéanamh idir an líonra poist sa chás frithfhíorasach agus líonraí na ngearánaithe toisc nach bhfuil in ‘oifigí poist’ na ngearánaithe, mar a ghairtear díobh, ach pointí díolacháin (e.g. bothanna nuachtán) agus pointí bailithe (i.e. áitribh tríú páirtí atá bunaithe ar choimisiún) nach féidir a mheas a bheith coibhéiseach le hoifigí poist de réir bhrí an Achta um Sheirbhísí Poist. Ní chomhlíonann na pointí díolacháin sin na ceanglais ábhartha dá bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta agus ní féidir leo an raon iomlán de sheirbhísí USO a thairiscint. Ar an gcaoi chéanna, is loighciúil an rud freisin é go n-athrófaí an mhinicíocht seachadta chun oiriúnú do dhálaí an mhargaidh agus don ghá caillteanais a laghdú. Cé go n-imreodh minicíocht seachadta níos ísle agus laghdú ar an líonra oifigí poist tionchar diúltach ar an éileamh, cuireann údaráis na Seice an méid sin san áireamh i ndearadh an cháis fhrithfhíorasaigh.

II.   Ríomh an tionchair a bheadh ag an gcás frithfhíorasach ar chostais agus ioncaim Czech Post

Céim 1: An tionchar ar chostais agus ioncaim ó oifigí poist áirithe a dhúnadh agus seirbhísí DBIS a fhoirceannadh sa chás frithfhíorasach a shainaithint

(206)

Is gá a dhéanamh amach an méid costas agus ioncam a chomhfhreagraíonn do na gníomhaíochtaí agus na heilimintí den líonra a cealaíodh. Is í cuntasaíocht inmheánach Czech Post foinse na faisnéise sin, i.e. taifid chuntasaíochta ar leithligh ar chostais agus ioncaim, go sonrach na costais agus na hioncaim a aithnítear ag comhthiomsuithe costais aonair (lárionaid chostais). Úsáidtear an modh Costála Bunaithe ar Ghníomhaíocht. Mura ndéanfaí an ghníomhaíocht i gceist, nó mura n-oibreofaí eilimint áirithe den líonra, choigleofaí na costais atá bainteach leis sin. Is ag lárionaid chostais ar leithligh a thaifeadtar na costais atá bainteach le hoifigí poist aonair a oibriú. Sa chuntas a choinníonn gach oifig phoist, tá taifid ar leithligh ar na costais uile a ghabhann leis an bhfoirgneamh agus a bhfuil de threalamh ann a reáchtáil, a chothabháil agus a dheisiú, ar na costais phearsanra uile le haghaidh fhoireann an chuntair agus ar chostais dhíreacha eile atá bainteach le seirbhísí áirithe a sholáthar (mar shampla, úsáid lipéad, comharthaí luacha, táillí ar rochtain ar bhunachair sonraí sheachtracha, etc.). Na hioncaim a fhaigheann oifigí poist as seirbhísí poist agus neamhphoist a sholáthar, taifeadtar iad sin freisin sa chuntas a choinníonn oifigí poist aonair. Thairis sin, taifeadtar na hioncaim ó oifig phoist sa chuntas a choinnítear ar a comhthiomsú costais (ina iomláine), d’ainneoin go gcumhdaítear leis na hioncaim sin freisin na costais a ghabhann le codanna eile den slabhra poist (i.e. sórtáil, iompar agus seachadadh). Déantar na hioncaim ó sheirbhísí poist a roinnt ina gcodanna den slabhra poist sin chun go mbeifear in ann comparáid a dhéanamh idir costas na n-oifigí poist agus an chuid ábhartha de na hioncaim a ghineann na hoifigí sin. Is é is cuspóir dó sin breithiúnas a thabhairt maidir le cé acu atá nó nach bhfuil oifig phoist áirithe brabúsach, rud atá tábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a choinneofaí nó nach gcoinneofaí an oifig phoist sin ar bun sa chás frithfhíorasach (malartach).

(207)

Déantar comparáid i dTáblaí 10 – 14 idir costas oifigí poist sa chás fíorasach agus sa chás frithfhíorasach agus sainaithnítear na costais sheachanta ón laghdú a bheartaítear sa chás frithfhíorasach le haghaidh na tréimhse 2018-2022.

Tábla 10

Comparáid idir costas na n-oifigí poist uile sa chás fíorasach agus sa chás frithfhíorasach (bliain 2018)

Costas oifigí poist (2018), in CZK

Cás fíorasach

Cás frithfhíorasach

Costais sheachanta

(1)

Oifigí éigeantacha faoi USO, lena n-áirítear:

[…]

 

 

(a)

Oifigí poist le dúnadh

[…]

[…]

[…]

(b1)

Oifigí poist fágtha

[…]

[…]

[…]

(b2)

Oifigí poist arna dtiontú ina Postpoints [Pointí Poist]

[…]

[…]

[…]

(2)

Oifigí poist neamhéigeantacha

[…]

[…]

[…]

Costas iomlán

[…]

[…]

1 971 954 710

Tábla 11

Comparáid idir costas na n-oifigí poist uile sa chás fíorasach agus sa chás frithfhíorasach (bliain 2019)

Costas oifigí poist (2019), in CZK

Cás fíorasach

Cás frithfhíorasach

Costais sheachanta

(1)

Oifigí éigeantacha faoi USO, lena n-áirítear:

[…]

 

 

(a)

Oifigí poist le dúnadh

[…]

[…]

[…]

(b1)

Oifigí poist fágtha

[…]

[…]

[…]

(b2)

Oifigí poist arna dtiontú ina Postpoints [Pointí Poist]

[…]

[…]

[…]

(2)

Oifigí poist neamhéigeantacha

[…]

[…]

[…]

Costas iomlán

[…]

[…]

2 068 972 772

Tábla 12

Comparáid idir costas na n-oifigí poist uile sa chás fíorasach agus sa chás frithfhíorasach (bliain 2020)

Costas oifigí poist (2020), in CZK

Cás fíorasach

Cás frithfhíorasach

Costais sheachanta

(1)

Oifigí éigeantacha faoi USO, lena n-áirítear:

[…]

 

 

(a)

Oifigí poist le dúnadh

[…]

[…]

[…]

(b1)

Oifigí poist fágtha

[…]

[…]

[…]

(b2)

Oifigí poist arna dtiontú ina Postpoints [Pointí Poist]

[…]

[…]

[…]

(2)

Oifigí poist neamhéigeantacha

[…]

[…]

[…]

Costas iomlán

[…]

[…]

2 087 416 256

Tábla 13

Comparáid idir costas na n-oifigí poist uile sa chás fíorasach agus sa chás frithfhíorasach (bliain 2021)

Costas oifigí poist (2021), in CZK

Cás fíorasach

Cás frithfhíorasach

Costais sheachanta

(1)

Oifigí éigeantacha faoi USO, lena n-áirítear:

[…]

 

 

(a)

Oifigí poist le dúnadh

[…]

[…]

[…]

(b1)

Oifigí poist fágtha

[…]

[…]

[…]

(b2)

Oifigí poist arna dtiontú ina Postpoints [Pointí Poist]

[…]

[…]

[…]

(2)

Oifigí poist neamhéigeantacha

[…]

[…]

[…]

Costas iomlán

[…]

[…]

2 092 609 307

Tábla 14

Comparáid idir costas na n-oifigí poist uile sa chás fíorasach agus sa chás frithfhíorasach (bliain 2022)

Costas oifigí poist (2022), in CZK

Cás fíorasach

Cás frithfhíorasach

Costais sheachanta

(1)

Oifigí éigeantacha faoi USO, lena n-áirítear:

[…]

 

 

(a)

Oifigí poist le dúnadh

[…]

[…]

[…]

(b1)

Oifigí poist fágtha

[…]

[…]

[…]

(b2)

Oifigí poist arna dtiontú ina Postpoints [Pointí Poist]

[…]

[…]

[…]

(2)

Oifigí poist neamhéigeantacha

[…]

[…]

[…]

Costas iomlán

[…]

[…]

2 102 282 619

(208)

Ní féidir coinne a bheith leis, áfach, gur féidir an coigilteas costais measta uile ó dhúnadh oifigí poist áirithe agus ó fhoirceannadh sheirbhísí DBIS a bheartaítear sa chás frithfhíorasach a bhaint amach ina iomláine.Nuair a dhúntar oifig phoist nó nuair nach soláthraítear seirbhís DBIS a thuilleadh, ní imíonn an t-éileamh ar na seirbhísí a sholáthraíonn an oifig sin i léig go hiomlán, agus leanfaí de mhíreanna poist arna gcanablú ag DBIS a sheachadadh tríd an bpost traidisiúnta (i.e. ar pháipéar) sa chás frithfhíorasach.Déanann an t-athrú sin ar an éileamh difear do na costais agus na hioncaim araon, agus ní mór é a chur san áireamh sa chás frithfhíorasach dá bhrí sin.Chun samhail a chruthú den chaoi a n-athrófaí an t-éileamh, mhínigh údaráis na Seice gur úsáid siad suirbhéanna margaidh agus an anailís a cuireadh i láthair i gcinneadh DBIS (féach aithris (193)).Dé réir na suirbhéanna a rinneadh, roghnódh roinnt custaiméirí leanúint de bheith ag úsáid sheirbhísí Czech Post i ndiaidh dhúnadh a n-oifige poist agus gheobhaidís freastal ar a n-éileamh ar sheirbhísí ag oifig phoist eile.Mar sin féin, tá sé dosheachanta go gcaillfí cuid den éileamh, óir d’athródh custaiméirí áirithe chuig iomaitheoirí eile agus roghnódh roinnt custaiméirí a n-éileamh a laghdú.Dá thoradh sin, chaillfeadh Czech Post ioncam ó sheirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus ó sheirbhísí nach ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta leo. Léirítear i dTábla 15 thíos cainníochtú an laghdaithe ioncaim a bhfuil coinne leis de dheasca modhnú ar an éileamh i ndiaidh oifigí poist a dhúnadh.

Tábla 15

Laghdú ioncam (2018-2022)

Bliain

Ioncaim - cás fíorasach

Ioncaim - cás frithfhíorasach

Tagann laghdú ar ioncaim (tionchar USO)

Tagann méadú ar ioncaim (tionchar DBIS)

Difríocht san ioncam

2018 (2 135 oifig phoist dhúnta + 462 Postpoint [Pointe Poist])

[…]

[…]

[…]

[…]

509 492 440

2019 (2 155 oifig phoist dhúnta + 462 Postpoint [Pointe Poist])

[…]

[…]

[…]

[…]

567 578 636

2020 (2 149 n-oifig phoist dhúnta + 462 Postpoint [Pointe Poist])

[…]

[…]

[…]

[…]

825 285 436

2021 (2 149 n-oifig phoist dhúnta + 468 Postpoint [Pointe Poist])

[…]

[…]

[…]

[…]

667 351 242

2022 (2 149 n-oifig phoist dhúnta + 468 Postpoint [Pointe Poist])

[…]

[…]

[…]

[…]

769 075 085

(209)

Shoiléirigh an tSeicia nach dtabhófaí sa chás frithfhíorasach na costais uile atá bainteach le seirbhís DBIS a sholáthar (sa chás fíorasach). Tá DBIS deighilte ó ghníomhaíochtaí an líonra poist thraidisiúnta ó thaobh oibriúcháin agus teicneolaíochta de agus níl aon phróiseas i bpáirt ag DBIS agus ag an bpróiseas poist ná ag próisis eile a chuirtear chun feidhme sna hoifigí poist, sa líonra iompair ná sna pointí seachadta, mar sin is féidir costais dhíreacha sheachanta DBIS a shainaithint go cruinn.

(210)

De bhun na hanailíse ar an tionchar ar ioncaim, ós rud é go bhfaigheann custaiméirí freastal ar a n-éileamh ar sheirbhísí poist agus neamhphoist in oifig phoist eile, ní foláir nó go bhfuil acmhainneacht leordhóthanach ar fáil san oifig sin. Má bhíonn gá le hacmhainneacht bhreise, méadaítear ar chostais acmhainní daonna agus trealaimh don oifig phoist sin. Na costais a ghabhann le hacmhainneacht (bhreise) leordhóthanach a chruthú in oifigí poist a fhanann oscailte, is mír iad a laghdaíonn ar na costais a choiglítear mar gheall ar na hoifigí poist eile a dhúnadh (i.e. laghdú ar na méideanna a mheastar a choiglítear i dtáblaí 10-14 thuas). Tá ríomh na hacmhainneachta breise sin bunaithe ar an méid seirbhísí a mbeadh coinne lena aistriú ó na hoifigí poist dúnta. Aistrítear an méid sin ina uaireanta oibre bunaithe ar noirm ama saothair maidir le gníomhaíochtaí agus aistrítear ina gcostais (bhreise) iad ina dhiaidh sin arís. Tuairiscítear i dTábla 16 na costais atá bainteach leis an méadú acmhainneachta a bhfuil gá leis sna hoifigí poist atá fágtha agus an tionchar ar na costais sheachanta.

Tábla 16

Coigilteas costais ar an líonra oifigí poist tar éis an méadú acmhainneachta a chur san áireamh (2018-2022)

Méideanna in CZK

Coigilteas costais 2018

Coigilteas costais 2019

Coigilteas costais 2020

Coigilteas costais 2021

Coigilteas costais 2022

Na costais sheachanta ó oifigí poist a dhúnadh

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

An costas méadaithe acmhainneachta sna hoifigí post atá fágtha*

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

An costas méadaithe acmhainneachta sna hoifigí post DBIS atá fágtha*

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

An coigilteas costais deiridh ar oifigí poist a dhúnadh

1 665 731 514

1 678 453 114

1 704 858 692

1 756 093 539

1 753 203 324

Céim 2: An tionchar ar chostais agus ioncaim ó bheith ag laghdú minicíocht seachadta litreacha sa chás frithfhíorasach a shainaithint

(211)

Le cuidiú comhairleora sheachtraigh, rinne Czech Post anailís ar chainníocht na litreacha a sheachadtar ar fud na tíre agus ar mhinicíocht a seachadta. Bhí an anailís bunaithe ar a mhinice a thug custaiméirí cuairt ar áitribh aonair sna ceantair litreacha aonair agus ar struchtúr na gcoinsíneachtaí a seachadadh.

(212)

Níl aon phlean ag Czech Post athrú a dhéanamh ar sheachadadh beartán, ós rud é go bhfuil an margadh seachadta beartán iomaíoch go leordhóthanach. Dá bhrí sin, níl minicíocht seachadta na mbeartán faoi réir athrú sa chás frithfhíorasach.

(213)

I gcás 2018-2019, áirítear D+1 sa chás fíorasach agus áirítear D+n le haghaidh gnáthlitreacha agus litreacha cláraithe sa chás frithfhíorasach. De bharr an mhinicíocht seachadta a bheith níos lú sa chás frithfhíorasach, bíonn coigilteas ann ar fheithiclí agus saothar (i.e. an líon iompróirí poist). Fionntar an coigilteas costais ó anailís ar chostais a thaifeadtar sa chuntasaíocht i gcomhthiomsuithe costais agus i gcórais oibriúcháin speisialaithe (i.e. Córas Tomhais ar Tháirgiúlacht Seachadta). Roinntear costais in dhá chineál: costais sheasta atá bainteach le seachadadh an phoist agus costais inathraitheacha a bhaineann le láimhseáil litreacha (i.e. litreacha a chur isteach i mboscaí litreacha, litreacha cláraithe a thabhairt ar láimh, taifid a dhéanamh ar sheachadadh - sínithe ó fhaighteoirí). Na costais a bhaineann le bheith ag dul amach ar thimpeall, is féidir breathnú orthu mar na costais a choiglítear mura dtéann an t-oibrí poist amach ar a thimpeall (coiglítear costais feithiclí, breosla agus foirne). Coiglítear, go páirteach, na costais a bhaineann le coinsíneachtaí a sheachadadh iarbhír chuig na seoltaí (tabhairt ar láimh) ag brath ar an laghdú beacht ar an éileamh ar sheirbhísí.

(214)

I gcás 2020-2022, áirítear seachadadh litreacha D+1 agus D+n sa chás fíorasach agus áirítear seachadadh D+n sa chás frithfhíorasach. Tá an glanchostas seachadta le haghaidh 2020-2022 níos lú toisc nach gcumhdaítear leis ach costais bhreise agus ioncaim bhreise as seachadadh litreacha D+1. Níl coinne leis go leanfadh laghdú ar an éileamh ar sheirbhísí as laghdú ar an minicíocht seachadta. Níl coinne le laghdú ar an éileamh ach mar iarmhairt ar an líonra oifigí poist a laghdú.

(215)

Deimhníodh na toimhdí dá dtagraítear in aithris (215) trí shuirbhé margaidh agus trí bhreathnuithe a rinneadh le déanaí ar an margadh mar a mhínítear in aithris (203). Agus an costas seachanta á thomhas, déantar gach cineál coigiltis costais a chainníochtú ar leithligh. Mionsonraítear an coigilteas costais i dTáblaí 17-21.

Tábla 17

Coigilteas costais i ngeall ar laghdú ar an minicíocht seachadta, agus breithniú á dhéanamh ar an tionchar a imrítear air sin i ngeall ar dheireadh a chur le DBIS (2018)

Costais (CZK) 2018

Cás fíorasach

Cás frithfhíorasach

Costais sheachanta (arna gcoigilt)

An líonra seachadta - litreacha

 

 

 

an líon uaireanta ar thimpeall agus seachadadh á dhéanamh laistigh den cheantar

[…]

[…]

[…]

tionchar DBIS (méadú ar an líon litreacha)*

[…]

[…]

[…]

iompar

[…]

[…]

[…]

an líon feithiclí a theastaíonn

[…]

[…]

[…]

forchostais

[…]

[…]

[…]

An líonra seachadta - beartáin

[…]

[…]

0

Costais iomlána - an líonra seachadta ina iomláine

[…]

[…]

964 172 812

Tábla 18

Coigilteas costais i ngeall ar laghdú ar an minicíocht seachadta, agus breithniú á dhéanamh ar an tionchar a imrítear air sin i ngeall ar dheireadh a chur le DBIS (2019)

Costais (CZK) 2019

Cás fíorasach

Cás frithfhíorasach

Costais sheachanta (arna gcoigilt)

An líonra seachadta – litreacha

 

 

 

an líon uaireanta ar thimpeall agus seachadadh á dhéanamh laistigh den cheantar

[…]

[…]

[…]

tionchar DBIS (méadú ar an líon litreacha)*

[…]

[…]

[…]

iompar

[…]

[…]

[…]

an líon feithiclí a theastaíonn

[…]

[…]

[…]

forchostais

[…]

[…]

[…]

An líonra seachadta - beartáin

[…]

[…]

0

Costais iomlána - an líonra seachadta ina iomláine

[…]

[…]

984 317 954

Tábla 19

Coigilteas costais i ngeall ar laghdú ar an minicíocht seachadta, agus breithniú á dhéanamh ar an tionchar a imrítear air sin i ngeall ar dheireadh a chur le DBIS (2020)

Costais (CZK) 2020

Cás fíorasach

Cás frithfhíorasach

Costais sheachanta (arna gcoigilt)

An líonra seachadta - litreacha

 

 

 

an líon uaireanta ar thimpeall agus seachadadh á dhéanamh laistigh den cheantar

[…]

[…]

[…]

tionchar DBIS (méadú ar an líon litreacha)*

[…]

[…]

[…]

iompar

[…]

[…]

[…]

an líon feithiclí a theastaíonn

[…]

[…]

[…]

forchostais

[…]

[…]

[…]

An líonra seachadta - beartáin

[…]

[…]

0

Costais iomlána - an líonra seachadta ina iomláine

[…]

[…]

30 535 370

Tábla 20

Coigilteas costais i ngeall ar laghdú ar an minicíocht seachadta, agus breithniú á dhéanamh ar an tionchar a imrítear air sin i ngeall ar dheireadh a chur le DBIS (2021)

Costais (CZK) 2021

Cás fíorasach

Cás frithfhíorasach

Costais sheachanta (arna gcoigilt)

An líonra seachadta - litreacha

 

 

 

an líon uaireanta ar thimpeall agus seachadadh á dhéanamh laistigh den cheantar

[…]

[…]

[…]

tionchar DBIS (méadú ar an líon litreacha)*

[…]

[…]

[…]

iompar

[…]

[…]

[…]

an líon feithiclí a theastaíonn

[…]

[…]

[…]

forchostais

[…]

[…]

[…]

An líonra seachadta - beartáin

[…]

[…]

0

Costais iomlána - an líonra seachadta ina iomláine

[…]

[…]

155 551 623

Tábla 21

Coigilteas costais i ngeall ar laghdú ar an minicíocht seachadta, agus breithniú á dhéanamh ar an tionchar a imrítear air sin i ngeall ar dheireadh a chur le DBIS (2022)

Costais (CZK) 2022

Cás fíorasach

Cás frithfhíorasach

Costais sheachanta (arna gcoigilt)

An líonra seachadta - litreacha

 

 

 

an líon uaireanta ar thimpeall agus seachadadh á dhéanamh laistigh den cheantar

[…]

[…]

[…]

tionchar DBIS (méadú ar an líon litreacha)*

[…]

[…]

[…]

iompar

[…]

[…]

[…]

an líon feithiclí a theastaíonn

[…]

[…]

[…]

forchostais

[…]

[…]

[…]

An líonra seachadta - beartáin

[…]

[…]

0

Costais iomlána - an líonra seachadta ina iomláine

[…]

[…]

143 084 135

Céim 3: Na costais sheachanta a bhaineann leis an laghdú ar ghníomhaíochtaí riaracháin de bharr gur soláthraí USO é an soláthraí, a shainaithint

(216)

Sa chás fíorasach, tá gníomhaíochtaí riaracháin ann atá nasctha go díreach le soláthar USO, mar a shainmhíníonn údaráis na Seice é. Beartaíonn Czech Post go scoirfear de roinnt de na gníomhaíochtaí sin sa chás frithfhíorasach.

(217)

Tá gníomhaíochtaí riaracháin eile ann a dhéanfadh Czech Post go deonach sa chás frithfhíorasach, cé gur lú a líon ná sa chás fíorasach. Leanfadh Czech Post de chóras cuntasaíochta costais a choinneáil ar bun, mar shampla, fiú mura gcuirfí ar a iontaoibh USO, mar a shainmhíníonn údaráis na Seice é.

(218)

Is iad na gníomhaíochtaí riaracháin ábhartha seo a leanas a mbeartaíonn Czech Post scor díobh sa chás frithfhíorasach:

(a)

am iompair agus amanna sreafa iompair a thomhas: Tá oibleagáid ar Czech Post seachadadh a dhéanamh laistigh d’am D+1 de réir caighdeáin áirithe cháilíochta. Ní mór na tomhais ama iompair, lena n-áirítear na doiciméid fhoinseacha uile, a sholáthar don rialtóir. Fruilíonn Czech Post gníomhaireacht neamhspleách chun na tomhais sin a dhéanamh;

(b)

taifid mhionsonraithe ar leithligh a choinneáil ar chostais agus ioncaim USO: Tá oibleagáid ar Czech Post taifid ar leithligh a choinneáil ar na costais agus na hioncaim a bhaineann le gníomhaíocht USO. Ríomhtar costas na hoibleagáide sin mar an costas chun an tsamhail de thaifid ar leithligh ar chostais agus ioncaim a phróiseáil agus a choinneáil ar bun, agus mar chostas an tuairiscithe a bhaineann leis sin;

(c)

iniúchadh ar thaifid dheighilte: Tá oibleagáid ar Czech Post eintiteas neamhspleách a fhruiliú chun na taifid ar leithligh a choinnítear ar na costais agus na hioncaim a fhíorú. Mura mbeadh oibleagáid ar Czech Post taifid ar leithligh a choinneáil, ní bheadh coinnithe aige ach an t-iniúchadh reachtúil;

(d)

doiciméid fhoinseacha le haghaidh ghlanchostais USO: Tá gá ag Czech Post le doiciméid fhoinseacha ábhartha chun go mbeidh sé in ann costais USO a ríomh. Chun na críche sin, d’fhruiligh Czech Post cuideachta neamhspleách arb í an speisialtacht atá aici ríomhanna geodasacha (an táirgeadh a cheangal le léarscáileanna agus ceantair sheachadta a shainaithint). Áiríodh méid na gcostas bliantúil sin i nglanchostais USO;

(e)

an roinn Rialála: costais an aonaid eagrúcháin a áirithíonn cumarsáid leis an údarás rialála maidir le hoibleagáidí USO, lena n-áirítear próiseáil a dhreasachtaí cáilíochta maidir le USO;

(f)

an roinn um theicneolaíochtaí Poist: costais an aonaid eagrúcháin a áirithíonn na réamhriachtanais le haghaidh breathnú a dhéanamh ar pharaiméadair cháilíochtúla USO a bhfuil gá leo in oibríocht Czech Post (e.g. ceanglais cháilíochtúla USO a fhorbairt ina gcaighdeáin oibriúcháin, faireachán a dhéanamh ar cháilíocht na seirbhísí agus bearta ceartaitheacha a shocrú) agus a áirithíonn dualgas an oibreora seirbhíse poist tuairisciú a dhéanamh.

(219)

Léirítear i dTáblaí 22 go 26 an coigilteas costais a bhaineann leis an laghdú ar na gníomhaíochtaí riaracháin sin.

Tábla 22

Coigilteas costais ar ghníomhaíochtaí riaracháin (2018)

Méideanna le haghaidh 2018 in CZK

Cás fíorasach

Cás frithfhíorasach

Costais sheachanta

Am iompair agus sreabha iompair a thomhas

[…]

[…]

[…]

Cuntais ar leithligh a choinneáil ar chostais agus ioncaim

[…]

[…]

[…]

Iniúchadh ar thaifid dheighilte

[…]

[…]

[…]

Ábhair tagartha le haghaidh glanchostas a ríomh

[…]

[…]

[…]

An rannán um cheadúnais poist

[…]

[…]

[…]

An rannán um theicneolaíocht poist

[…]

[…]

[…]

Costas seachanta iomlán ón laghdú ar ghníomhaíochtaí riaracháin

[…]

[…]

26 074 775


Tábla 23

Coigilteas costais ar ghníomhaíochtaí riaracháin (2019)

Méideanna le haghaidh 2019 in CZK

Cás fíorasach

Cás frithfhíorasach

Costais sheachanta

Am iompair agus sreabha iompair a thomhas

[…]

[…]

[…]

Cuntais ar leithligh a choinneáil ar chostais agus ioncaim

[…]

[…]

[…]

Iniúchadh ar thaifid dheighilte

[…]

[…]

[…]

Ábhair tagartha le haghaidh glanchostas a ríomh

[…]

[…]

[…]

An rannán um cheadúnais poist

[…]

[…]

[…]

An rannán um theicneolaíocht poist

[…]

[…]

[…]

Costas seachanta iomlán ón laghdú ar ghníomhaíochtaí riaracháin

[…]

[…]

25 869 244


Tábla 24

Coigilteas costais ar ghníomhaíochtaí riaracháin (2020)

Méideanna le haghaidh 2020 in CZK

Cás fíorasach

Cás frithfhíorasach

Costais sheachanta

Am iompair agus sreabha iompair a thomhas

[…]

[…]

[…]

Cuntais ar leithligh a choinneáil ar chostais agus ioncaim

[…]

[…]

[…]

Iniúchadh ar thaifid dheighilte

[…]

[…]

[…]

Ábhair tagartha le haghaidh glanchostas a ríomh

[…]

[…]

[…]

An rannán um cheadúnais poist

[…]

[…]

[…]

An rannán um theicneolaíocht poist

[…]

[…]

[…]

Costas seachanta iomlán ón laghdú ar ghníomhaíochtaí riaracháin

[…]

[…]

28 386 061


Tábla 25

Coigilteas costais ar ghníomhaíochtaí riaracháin (2021)

Méideanna le haghaidh 2021 in CZK

Cás fíorasach

Cás frithfhíorasach

Costais sheachanta

Am iompair agus sreabha iompair a thomhas

[…]

[…]

[…]

Cuntais ar leithligh a choinneáil ar chostais agus ioncaim

[…]

[…]

[…]

Iniúchadh ar thaifid dheighilte

[…]

[…]

[…]

Ábhair tagartha le haghaidh glanchostas a ríomh

[…]

[…]

[…]

An rannán um cheadúnais poist

[…]

[…]

[…]

An rannán um theicneolaíocht poist

[…]

[…]

[…]

Costas seachanta iomlán ón laghdú ar ghníomhaíochtaí riaracháin

[…]

[…]

28 652 075


Tábla 26

Coigilteas costais ar ghníomhaíochtaí riaracháin (2022)

Méideanna le haghaidh 2022 in CZK

Cás fíorasach

Cás frithfhíorasach

Costais sheachanta

Am iompair agus sreabha iompair a thomhas

[…]

[…]

[…]

Cuntais ar leithligh a choinneáil ar chostais agus ioncaim

[…]

[…]

[…]

Iniúchadh ar thaifid dheighilte

[…]

[…]

[…]

Ábhair tagartha le haghaidh glanchostas a ríomh

[…]

[…]

[…]

An rannán um cheadúnais poist

[…]

[…]

[…]

An rannán um theicneolaíocht poist

[…]

[…]

[…]

Costas seachanta iomlán ón laghdú ar ghníomhaíochtaí riaracháin

[…]

[…]

29 222 379

III.   Na sochair dholáimhsithe agus mhargaidh a shainaithint agus a ríomh

(220)

Is éard is sochair dholáimhsithe agus mhargaidh ann na sochair sin a dtairbhíonn soláthraí díobh, i ngeall ar a stádas mar sholáthraí USO, a bhfuil feabhas ar a bhrabúsacht i gceist leo.

(221)

Áirítear na nithe seo a leanas ar na sochair dholáimhsithe thipiciúla san earnáil phoist dá dtagraítear sa litríocht:

(a)

feabhsú luach an bhranda;

(b)

díolachán eisiach stampaí poist agus míreanna stampshanais;

(c)

éifeacht fheabhsaithe fógraíochta;

(d)

tionchair ar an éileamh i ngeall ar an díolúine ón gCáin Bhreisluacha (CBL);

(e)

barainneachtaí scála agus raoin feidhme;

(f)

uileláithreacht agus buntáistí líonra;

(g)

costais idirbheart níos lú agus éadáil níos fearr ar chustaiméirí i ngeall ar phraghas aonfhoirmeach.

(222)

Cuirtear i láthair thíos na sochair dholáimhsithe agus mhargaidh a bhaineann leis an stádas mar sholáthraí USO a shainaithin Czech Post:

(223)

Tuigtear feabhsú luach an bhranda a bheith ina shochar óir baineann an soláthraí seirbhíse uilíche ioncaim níos airde amach toisc go bhfuil an branda aitheanta go maith agus go gcreideann daoine go ráthaíonn sé cáilíocht áirithe seirbhíse. Cuirtear an sochar sin in iúl ó thaobh airgeadais de mar an méid ioncaim a chomhfhreagraíonn don chéatadán de chustaiméirí de chuid an tsealbhóra ceadúnais nach n-úsáidfeadh a sheirbhísí poist mura soláthródh sé USO, mar a shainmhíníonn údaráis na Seice é. Chun an sochar sin a ríomh, úsáideadh céatadán 0.4 % (73) á gcur san áireamh na conclúidí a tarraingíodh suas in Study on the principles used to calculate the net costs of the postal USO (74)

(224)

An sochar a eascraíonn as an gceart eisiach atá ag soláthraí USO stampaí poist agus comharthaí luacha eile a dhíol, tagann sé chun cinn toisc nach n-úsáidtear choíche roinnt stampaí agus comharthaí a dhíoltar (toisc go gcoimeádtar iad chun críoch stampshanais, i measc cúiseanna eile). Cuirtear luach an tsochair sin in iúl ó thaobh airgeadais de mar shuim na nithe seo a leanas: (i) an meastachán ar luach na stampaí poist agus na gcomharthaí luacha a díoladh ach nár úsáideadh; agus (ii) meastachán ar ioncaim ó dhíolachán stampaí poist, comharthaí luacha agus táirgí comhchosúla eile chun críoch stampshanais.

(225)

An éifeacht fheabhsaithe fógraíochta, is é an sochar a thuigtear a bheith inti sin do sholáthraí USO é a bheith in ann codanna roghnaithe dá réadmhaoin (amhail carranna nó foirgnimh) a úsáid chun críoch margaíochta. Is féidir an sochar sin a ríomh mar choigilteas costais margaíochta sholáthraí USO (i.e. an costas a bheadh air a íoc ar an margadh chun margaíocht a dhéanamh ar a bhranda agus a chuid táirgí sa spás céanna sin), á chur san áireamh aon ioncam iarbhír a fhaightear trí spás fógraíochta ar a áitreabh a ligean ar cíos le gnóthais eile. Chun luach spáis fógraíochta ar áitribh a ríomh, mar shampla, baineadh úsáid as na liostaí praghsanna atá ag cuideachtaí fógraíochta nó bardais. Cuireadh na praghsanna sin in oiriúint ina dhiaidh sin don mhéid spáis fógraíochta ar áitreabh Czech Post. Ar an mbonn sin, rinne údaráis na Seice meastachán ar luach fógraíochta ar fhoirgnimh agus ar fheithiclí.

(226)

An chuid de USO, mar a shainmhíníonn údaráis na Seice é, a bhaineann le seirbhísí poist, tairbhíonn sí de dhíolúine ón gCáin Bhreisluacha (‘CBL’). Déanann díolúine CBL ar na seirbhísí sin difear don soláthraí sa chás frithfhíorasach ar dhá bhealach: (i) i réimse a ioncam (braitheann an sochar ar an bpraghasleaisteachas le haghaidh catagóirí éagsúla custaiméirí); agus (ii) i réimse a chostas (ní féidir le soláthraí USO faoi láthair CBL ionchuir a éileamh le haghaidh na sonrasc sin a bhaineann le seirbhísí uilíocha).

(227)

Cuireadh an dá iarmhairt CBL sin san áireamh agus an sochar doláimhsithe á ríomh, agus tá an luach a leanann as cothrom leis an difríocht idir na heilimintí sin.

(228)

Déantar an tionchar ar an réimse ioncam a ríomh bunaithe ar an dearcadh a bheadh ag custaiméirí seirbhíse poist ar thabhairt isteach CBL 21 %. Struchtúr na gcustaiméirí ó thaobh cé acu atá nó nach bhfuil siad ina n-íocóirí CBL, tá sé fíor-riachtanach chun méid shochar CBL a chinneadh. Custaiméirí nach féidir leo CBL a éileamh i dtuairisceán cánach (gnóthais ghnó — neamhíocóirí CBL), bhreathnóidís ar mhéadú ar phraghsanna de thoradh thabhairt isteach CBL mar dhearbhmhéadú ar phraghas, rud a dhíspreagfadh iad ó bheith ag úsáid sheirbhísí poist Czech Post. I gcás custaiméirí a bhfuil córas speisialta acu (comhlachtaí Stáit), d’fhéadfadh coinne a bheith leis go dtiocfadh laghdú áirithe ar ioncaim; níl an praghasleaisteachas íseal ach i gcás litreacha cláraithe toisc nach mór cineálacha áirithe doiciméad a sheoladh mar choinsíneachtaí cláraithe. Cinneadh luach shochar CBL (75) ag [2-8] % de na hioncaim ón riarachán poiblí as litreacha cláraithe. D’fhéadfaí méadú ar phraghas de thoradh chur i bhfeidhm CBL a chur i bhfeidhm maidir le cuid mhaith custaiméirí deiridh (miondíola). Cainníochtaíodh sochar CBL ag [4-9] % de na hioncaim as seirbhísí i ndáil leis na custaiméirí sin. Custaiméirí a íocann CBL, is féidir leo CBL a éileamh ina dtuairisceáin chánach agus, ar an gcúis sin, ní imríonn méadú ar phraghas trí bhíthin CBL aon tionchar diúltach orthu, ná ní imríonn sé aon tionchar ar a n-iompraíocht. Dá bhrí sin, ní sochar é CBL i ndáil leis na custaiméirí sin.

(229)

Mhínigh údaráis na Seice gur bhreithnigh siad freisin na sochair dholáimhsithe fhéideartha a liostaítear in aithris (215) ó (e) go (g) ach go gcreideann siad nach mbeidís ábhartha i gcás Czech Post. De réir údaráis na Seice, cuirtear na barainneachtaí scála san áireamh sa chás frithfhíorasach, mar sin bheadh comhaireamh faoi dhó ann dá ríomhfaí sochar doláimhsithe den sórt sin. A mhéid a bhaineann le huileláithreacht agus buntáiste líonra Czech Post, is é tuairim údaráis na Seice gur cosúil gur míbhuntáiste don sealbhóir ceadúnais poist ainmnithe, seachas buntáiste, atá sna heilimintí sin ós rud é go bhfuil oibleagáid air oifigí poist a oibriú in áiteanna a bhfuil éileamh íseal (neamhleor) iontu freisin. An fhéidearthacht go ndéanfaí oifigí poist a bhfuil punann mhór seirbhísí acu a thráchtálú, ní chúitíonn sin an míbhuntáiste úd ach cuid bheag. Thairis sin, tairgeann iomaitheoirí Czech Post seirbhísí seachadta ar fud na tíre freisin gan bheith faoi cheangal líonra oifigí poist chomh dlúth sin a choimeád nach mór íoscheanglais a chomhlíonadh i dtéarmaí na seirbhísí atá ar fáil. Ar deireadh, a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm praghsanna aonfhoirmeacha, míníonn údaráis na Seice go dtairgfeadh Czech Post praghsanna aonfhoirmeacha sa chás frithfhíorasach freisin, agus nach n-eascraíonn aon sochar as dá bhrí sin. Thairis sin, tairgeann oibreoirí poist eile praghsanna aonfhoirmeacha freisin.

(230)

Léirítear i dTábla 27 thíos méid bliantúil measta na sochar doláimhsithe in aghaidh na catagóire de shochar doláimhsithe mar aon leis an luach comhiomlánaithe.

Tábla 27

Sochair dholáimhsithe le linn 2018-2022

Méideanna in CZK

Luach (2018)

Luach (2019)

Luach (2020)

Luach (2021)

Luach (2022)

(a)

Feabhsú luach an bhranda

[47 000 000 – 49 000 000 ]

[47 000 000 – 49 000 000 ]

[47 000 000 – 49 000 000 ]

[46 000 000 – 48 000 000 ]

[48 000 000 -50 000 000 ]

(b)

Díolachán eisiach stampaí poist agus míreanna stampshanais

[29 000 000  -31 000 000 ]

[20 000 000 -24 000 000 ]

[25 000 000  -29 000 000 ]

[24 000 000 – 26 000 000 ]

[23 000 000 -25 000 000 ]

(c)

Éifeacht fheabhsaithe fógraíochta

[5 000 000 -6 000 000 ]

[5 000 000 - 6 000 000 ]

[5 000 000 -6 000 000 ]

[5 000 000 -6 000 000 ]

[5 000 000 -6 000 000 ]

(d)

Tairbhe de dhíolúine CBL

[1 000 000 – 3 000 000 ]

[10 000 000 – 15 000 000 ]

[10 000 000 – 15 000 000 ]

[500 000 -1 000 000 ]

[3 000 000 – 6 000 000 ]

Luach iomlán sochar doláimhsithe agus margaidh

85 243 182

89 520 368

90 441 323

77 782 080

83 283 689

IV.   Ríomh a dhéanamh ar an nglanchostas seachanta iomlán arna thabhú ag Czech Post le haghaidh DBIS agus USO araon

(231)

Tugtar forbhreathnú i dTáblaí 28 go 32 thíos ar eilimintí éagsúla ríomh ghlanchostas iomlán DBIS agus USO araon, mar a shainmhíníonn údaráis na Seice iad, mar a mhínítear thuas.

Tábla 28

Achoimre ar ríomh ghlanchostas seachanta iomlán DBIS agus USO le haghaidh 2018

Difríocht idir an cás fíorasach agus an cás frithfhíorasach le haghaidh 2018 in CZK

Costais sheachanta

Ioncaim (difríocht)

Glanchostas

Bonneagar poist

 

 

 

An éifeacht a bhaineann le hoifigí poist a dhúnadh - lena n-áirítear iad a chanablú (A)

[…]

[…]

[…]

An éifeacht a bhaineann leis an minicíocht seachadta a laghdú - lena n-áirítear canablú (B)

[…]

[…]

[…]

An éifeacht a bhaineann le gníomhaíochtaí riaracháin a laghdú (c)

[…]

[…]

[…]

tionchar DBIS eile (méadú ar an líon litreacha)*

[…]

[…]

[…]

Bonneagar poist iomlán (D)

[…]

[…]

2 961 954 995

Luach iomlán sochar doláimhsithe agus margaidh (E)

 

 

-85 243 182

Brabús réasúnta (F)

 

 

70 395 489

Deireadh a chur le DBIS (G)

[…]

[…]

399 895 500

Glanchostas seachanta USO & DBIS (G+D+E+F)

[…]

[…]

3 347 002 803


Tábla 29

Achoimre ar ríomh ghlanchostas seachanta iomlán DBIS agus USO le haghaidh 2019

Difríocht idir an cás fíorasach agus an cás frithfhíorasach le haghaidh 2019 in CZK

Costais sheachanta

Ioncaim (difríocht)

Glanchostas

Bonneagar poist

 

 

 

An éifeacht a bhaineann le hoifigí poist a dhúnadh - lena n-áirítear iad a chanablú (A)

[…]

[…]

[…]

An éifeacht a bhaineann leis an minicíocht seachadta a laghdú - lena n-áirítear canablú (B)

[…]

[…]

[…]

An éifeacht a bhaineann le gníomhaíochtaí riaracháin a laghdú (c)

[…]

[…]

[…]

tionchar DBIS eile (méadú ar an líon litreacha)*

[…]

[…]

[…]

Bonneagar poist iomlán (D)

[…]

[…]

3 056 279 020

Luach iomlán sochar doláimhsithe agus margaidh (E)

 

 

-89 520 368

Brabús réasúnta (F)

 

 

51 039 074

Deireadh a chur le DBIS (G)

[…]

[…]

365 740 500

Glanchostas seachanta USO & DBIS (G+D+E+F)

[…]

[…]

3 383 538 225


Tábla 30

Achoimre ar ríomh ghlanchostas seachanta iomlán DBIS agus USO le haghaidh 2020

Difríocht idir an cás fíorasach agus an cás frithfhíorasach le haghaidh 2020 in CZK

Costais sheachanta

Ioncaim (difríocht)

Glanchostas

Bonneagar poist

 

 

 

An éifeacht a bhaineann le hoifigí poist a dhúnadh - lena n-áirítear iad a chanablú (A)

[…]

[…]

[…]

An éifeacht a bhaineann leis an minicíocht seachadta a laghdú - lena n-áirítear canablú (B)

[…]

[…]

[…]

An éifeacht a bhaineann le gníomhaíochtaí riaracháin a laghdú (c)

[…]

[…]

[…]

tionchar DBIS eile (méadú ar an líon litreacha)*

[…]

[…]

[…]

Bonneagar poist iomlán (D)

[…]

[…]

2 364 647 327

Luach iomlán sochar doláimhsithe agus margaidh (E)

 

 

-90 441 323

Brabús réasúnta (F)

 

 

54 711 963

Deireadh a chur le DBIS (G)

[…]

[…]

405 093 000

Glanchostas seachanta USO & DBIS (G+D+E+F)

[…]

[…]

2 734 010 967


Tábla 31

Achoimre ar ríomh ghlanchostas seachanta iomlán DBIS agus USO le haghaidh 2021

Difríocht idir an cás fíorasach agus an cás frithfhíorasach le haghaidh 2021 in CZK

Costais sheachanta

Ioncaim (difríocht)

Glanchostas

Bonneagar poist

 

 

 

An éifeacht a bhaineann le hoifigí poist a dhúnadh - lena n-áirítear iad a chanablú (A)

[…]

[…]

[…]

An éifeacht a bhaineann leis an minicíocht seachadta a laghdú - lena n-áirítear canablú (B)

[…]

[…]

[…]

An éifeacht a bhaineann le gníomhaíochtaí riaracháin a laghdú (c)

[…]

[…]

[…]

tionchar DBIS eile (méadú ar an líon litreacha)*

[…]

[…]

[…]

Bonneagar poist iomlán (D)

[…]

[…]

2 388 112 789

Luach iomlán sochar doláimhsithe agus margaidh (E)

 

 

-77 782 080

Brabús réasúnta (F)

 

 

87 966 118

Deireadh a chur le DBIS (G)

[…]

[…]

385 330 000

Glanchostas seachanta USO & DBIS (G+D+E+F)

[…]

[…]

2 783 626 828


Tábla 32

Achoimre ar ríomh ghlanchostas seachanta iomlán DBIS agus USO le haghaidh 2022

Difríocht idir an cás fíorasach agus an cás frithfhíorasach le haghaidh 2022 in CZK

Costais sheachanta

Ioncaim (difríocht)

Glanchostas

Bonneagar poist

 

 

 

An éifeacht a bhaineann le hoifigí poist a dhúnadh - lena n-áirítear iad a chanablú (A)

[…]

[…]

[…]

An éifeacht a bhaineann leis an minicíocht seachadta a laghdú - lena n-áirítear canablú (B)

[…]

[…]

[…]

An éifeacht a bhaineann le gníomhaíochtaí riaracháin a laghdú (c)

[…]

[…]

[…]

tionchar DBIS eile (méadú ar an líon litreacha)*

[…]

[…]

[…]

Bonneagar poist iomlán (D)

[…]

[…]

2 459 402 481

Luach iomlán sochar doláimhsithe agus margaidh (E)

 

 

-83 283 689

Brabús réasúnta (F)

 

 

85 139 498

Deireadh a chur le DBIS (G)

[…]

[…]

377 178 000

Glanchostas seachanta USO & DBIS (G+D+E+F)

[…]

[…]

2 838 436 290

(232)

Cuirtear i láthair i dTábla 33 forbhreathnú ar ghlanchostas seachanta USO le haghaidh Czech Post, arb ionann é agus an difríocht idir glanchostas seachanta USO & DBIS lúide glanchostas seachanta DBIS, mar a athríomhtar é ar bhonn na modheolaíochta arna formheas le cinneadh DBIS ach na sonraí iarbhír sa chás fíorasach le haghaidh na tréimhse 2018-2021 á mbreithniú.

Tábla 33

Glanchostas seachanta USO Czech Post le linn 2018-2022

Bliain

2018

2019

2020

2021

2022

Glanchostas seachanta USO + DBIS (a)

3 347 002 803

3 383 538 225

2 734 010 967

2 783 626 828

2 838 436 290

Glanchostas seachanta DBIS (b)

944 790 000

885 323 000

1 102 647 000

1 060 374 995

1 096 627 211

Glanchostas seachanta USO (c=a-b)

2 402 212 803

2 498 215 225

1 631 363 967

1 723 251 833

1 741 809 079

8.2.8.1.   Inchreidteacht na modheolaíochta glanchostais sheachanta arna beartú ag údaráis na Seice

(233)

An mhodheolaíocht chun ríomh a dhéanamh ar ghlanchostas Czech Post as USO a sholáthar, mar a shainmhíníonn údaráis na Seice é, tugann an Coimisiún dá aire nach bhfuil sí bunaithe ar an modheolaíocht leithdháilte costais, ina ríomhtar an glanchostas a bhfuil gá leis chun na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a urscaoileadh mar an difríocht idir na costais agus na hioncaim do sholáthraí ainmnithe as an oibleagáid seirbhíse poiblí a chomhlíonadh, ach go bhfuil sí bunaithe ar an modheolaíocht glanchostais sheachanta. Faoin modheolaíocht glanchostais sheachanta, ríomhtar an glanchostas a bhfuil coinne leis go mbeidh gá leis chun an oibleagáid seirbhíse poiblí a urscaoileadh, USO sa chás seo, mar an difríocht idir an glanchostas ar an soláthraí (Czech Post) as a bheith ag oibriú faoin oibleagáid seirbhíse poiblí agus an glanchostas a bheadh ar an soláthraí dá mbeadh sé ag oibriú gan an oibleagáid seirbhíse poiblí sin. Dá bhrí sin, d’ainneoin beartas praghsála a bheith ann maidir le seirbhísí poist uilíocha arna chinneadh leis an Acht um Sheirbhísí Poist, rud a mheastar a áirithíonn leibhéal oiriúnach brabúis cheana, is féidir le Czech Post fós féin glanchostas a thabhú agus oibleagáid seirbhíse poiblí dála USO á soláthar aige. Go deimhin, cuirtear san áireamh sa mhodheolaíocht glanchostais sheachanta an costas bhreise a thabhaíonn an soláthraí agus USO á chomhlíonadh aige i gcomparáid le cás hipitéiseach nach gá don soláthraí an tseirbhís phoiblí a sholáthar ann.

(234)

Dá bhrí sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid gurb iomchuí an mhodheolaíocht glanchostais sheachanta a bheartaigh údaráis na Seice chun an glanchostas arna thabhú ag Czech Post as soláthar USO a chinneadh. Comhlíonann an mhodheolaíocht glanchostais sheachanta ceanglais Chreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Go háirithe, is inchreidte an cás frithfhíorasach mar aon leis an meastachán ar an tionchar airgeadais a bheadh aige ar ghníomhaíochtaí Czech Post. Thairis sin, rinneadh ceartúcháin i leith sochair dholáimhsithe a bhreithniú go cuí.

8.2.8.2.   Brabús réasúnta

(235)

Le mír 21 de Chreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, déantar foráil maidir le brabús réasúnta sa ghlanchostas as seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar.Chuir údaráis na Seice brabús réasúnta leis an ríomh ar ghlanchostas seachanta, arna chinneadh mar an difríocht i gcostas an chaipitil a úsáideann Czech Post agus é ag aistriú ón gcás fíorasach chuig an gcás frithfhíorasach (76). Bhí an costas caipitil sin bunaithe ar mhodheolaíocht meánchostais ualaithe an chaipitil (WACC). Ba sa dara leath de 2018 a ríomh CTO, i gcomhar le comhairleoirí, luachanna WACC le haghaidh an cháis fhíorasaigh (i.e. 8.22 %) agus an cháis fhrithfhíorasaigh (i.e. 8,92 %), i gcomhair thréimhse iontaoibhe 2018-2022.

(236)

De réir dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin ó 2015 (77), úsáidtear coincheap an chostais chaipitil mar thomhas eacnamaíoch réasúnta ar bhrabúsacht. Baintear úsáid go coitianta as WACC mar choincheap costais caipitil. Léiríonn sé an ráta toraidh nach mór a ghiniúint chun a áirithiú go mbeidh infheisteoirí toilteanach a n-infheistíocht a choinneáil ar bun faoi dhálaí iomaíocha. WACC atá bainteach le soláthar seirbhíse uilíche, is iomchuí é chun a áirithiú go gcuirtear san áireamh na costais ábhartha uile atá ag an soláthraí seirbhíse uilíche. An mhodheolaíocht a úsáidtear, mar a mhínítear i dtuarascálacha bliantúla CTO um fhíorú glanchostais sheachanta, mar aon le luach WACC sa chás fíorasach agus sa chás frithfhíorasach araon, tugann an Coimisiún dá aire gurb iomchuí iad chun meastachán a dhéanamh ar bhrabús réasúnta Czech Post as a bheith ag soláthar USO, mar a shainmhíníonn údaráis na Seice é. Mar fhocal scoir, measann an Coimisiún go bhfuil an brabús réasúnta a chuirtear san áireamh i ríomhanna an ghlanchostais sheachanta inghlactha.

8.2.8.3.   Sainmhíniú ar an ualach éagórach

(237)

Ní fhaigheann Czech Post cúiteamh ach as an gcuid sin de ghlanchostas USO a mheastar a bheith ina ualach éagórach ar an soláthraí. Sonraítear le Roinn 34d den Acht um Sheirbhísí Poist nach meastar glanchostais atá níos mó ná CZK 1 500 milliún in aghaidh na bliana a bheith ina n-ualach éagórach (78).

(238)

De réir údaráis na Seice, is éard atá i gcéim dheireanach an nós imeachta riaracháin comparáid a dhéanamh idir glanchostas USO agus an (uas)teorainn ualaigh éagóraigh a leagtar amach san Acht um Sheirbhísí Poist.An t-uasmhéid cúitimh is féidir a dheonú do Czech Post as USO a sholáthar, tá sé teoranta don mhéid a leagtar amach in aithris (238). Chun críocha Státchabhrach, is é an rud atá ábhartha nach mbíonn Czech Post á róchúiteamh (i.e. nach bhfaigheann sé cúiteamh atá níos mó ná toradh ríomh an ghlanchostais sheachanta). Is saincheist rialála é an t-ualach éagórach agus a leibhéal a chinneadh agus ní dhéanann sé difear don mheasúnú comhoiriúnachta faoin gCreat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta.

8.2.9.   Dreasachtaí éifeachtúlachta

(239)

Deirtear i mír 39 de Chreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta: “Agus modh an chúitimh á cheapadh acu, ní mór do na Ballstáit dreasachtaí a thabhairt isteach chun seirbhís ardchaighdeáin lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar go héifeachtúil, ach amháin más féidir leo údar cuí a thabhairt nach bhfuil sé indéanta ná iomchuí déanamh amhlaidh.”.

(240)

Mhínigh údaráis na Seice go bhfuil dreasachtaí éifeachtúlachta sa sásra cúitimh:

(241)

Leagtar an t-uasmhéid cúitimh síos san Acht um Sheirbhísí Poist (i.e. CZK 1 500 milliún le haghaidh gach bliana). Tá an méid sin seasta agus ní choigeartófar i leith boilsciú é. Má bhíonn glanchostas USO níos mó ná CZK 1 500 milliún in aghaidh na bliana, tá ar Czech Post an farasbarr sin a chumhdach lena acmhainní féin. Soláthraíonn sé sin dreasacht do Czech Post oibriú go héifeachtúil.

8.2.10.   Easpa róchúitimh a fhíorú

(242)

Dheimhnigh údaráis na Seice go bhfuil sásra i bhfeidhm chun róchúiteamh a chosc: i gcomhréir le Roinn 34d den Acht um Sheirbhísí Poist, féadfaidh sealbhóir an cheadúnais poist iarraidh a chur faoi bhráid CTO ar aisíocaíocht na nglanchostas arb é atá iontu ualach airgeadais éagórach. Ní mór an iarraidh a chur faoina bhráid faoin 31 Lúnasa sa bhliain reatha le haghaidh na bliana roimhe sin (tréimhse billeála). Déanann CTO an nós imeachta riaracháin chun fíorú a dhéanamh ar an nglanchostas arna ríomh ag Czech Post ag úsáid mhodheolaíocht an ghlanchostais sheachanta. I ndiaidh an fhíoraithe, cinneann CTO cé acu is ualach airgeadais éagórach atá sa ghlanchostas nó nach ea de réir na dteorainneacha a leagtar amach i Roinn 34d den Acht um Sheirbhísí Poist. Ar bhealach níos sonraí, ní féidir leis an aisíocaíocht a bheith níos mó ná CZK 1 500 milliún le haghaidh gach bliana. Ina theannta sin, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil an t-uasmhéid cúitimh seirbhíse poiblí is féidir a íoc le Czech Post le haghaidh na tréimhse 2018-2022 i bhfad níos lú ná an glanchostas a ríomhadh le haghaidh na tréimhse sin. Léirítear i dTábla 43 thíos glanchostas seachanta measta USO agus cuirtear sin i gcomparáid leis an uasmhéid cúitimh seirbhíse poiblí is féidir a íoc le Czech Post le haghaidh na tréimhse 2018-2022. Ar an mbonn sin agus i bhfianaise go ndéanfaidh CTO seiceálacha ex post chun róchúiteamh a bhrath, tagann an Coimisiún ar an gconclúid go seachnaítear an riosca go dtugtar róchúiteamh do Czech Post as USO a sholáthar le haghaidh na tréimhse 2018-2022.

8.2.11.   Ceanglais bhreise a bhféadfadh gá a bheith leo chun a áirithiú nach ndéanfar difear don fhorbairt trádála a oiread agus go mbeadh sé contrártha do leasanna an Aontais

(243)

Mar a mhínítear i mír 51 de Chreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, “Is leordhóthanach de ghnáth na ceanglais a leagtar amach i ranna 2.1 go 2.8 chun a áirithiú nach ndéanfaidh cabhair saobhadh ar an iomaíocht ar bhealach atá contrártha do leasanna an Aontais.”

(244)

Measann an Coimisiún, sa chás atá faoi chaibidil, nach bhfuil aon chúis ann go gceanglófaí coinníollacha ar Czech Post nó go n-iarrfaí gealltanais uaidh.

8.2.12.   Trédhearcacht

(245)

Deirtear i mír 60 de Chreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta: “I gcás gach cúitimh seirbhíse lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a thagann faoi raon feidhme na Teachtaireachta seo, ní mór don Bhallstát lena mbaineann an fhaisnéis seo a leanas a fhoilsiú ar an idirlíon nó ar mhodhanna iomchuí eile:

(1)

torthaí an chomhairliúcháin phoiblí nó ionstraimí iomchuí eile dá dtagraítear i mír 14;

(2)

sainaithnítear ann ábhar agus fad na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí;

(3)

an gnóthas agus, i gcás inarb infheidhme, an chríoch lena mbaineann;

(4)

na méideanna cabhrach a deonaíodh don ghnóthas ar bhonn bliantúil.”.

(246)

Ina bhfógra, gheall údaráis na Seice go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais maidir le cúiteamh le linn na tréimhse 2018-2022 a liostaítear i mír 60 den Chreat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Go háirithe, mhínigh údaráis na Seice an méid seo a leanas:

(a)

Rinneadh an comhairliúchán ar raon feidhme na seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta mar chuid d’athbhreithniú tréimhsiúil ina ndearna CTO measúnú ar an ngá atá le soláthar USO a fhorchur le haghaidh na tréimhse 2018-2022. I gcomhréir le torthaí an athbhreithnithe thréimhsiúil agus an chomhairliúcháin phoiblí, rinne CTO cinneadh maidir le raon feidhm na seirbhíse lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta le haghaidh na tréimhse 2018-2022. Tá torthaí an athbhreithnithe agus an chomhairliúcháin phoiblí ar fáil ar shuíomh gréasáin CTO (79);

(b)

sonraítear le cinneadh CTO ábhar agus fad na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí, atá le foilsiú ar shuíomh gréasáin CTO (80) agus san fheasachán poist (81);

(c)

sonraítear freisin sa chinneadh maidir le deonú an cheadúnais poist an gnóthas a urscaoilfidh an oibleagáid seirbhíse poiblí agus raon feidhme críochach na hoibleagáide, mar a mhínítear i bpointe (b) thuas;

(d)

foilseofar an méid cabhrach ar shuíomh gréasáin CTO. An oibleagáid faisnéis maidir leis an méid cabhrach a fhoilsiú, leagtar amach i Roinn 37, mír 3(e), den Acht um Sheirbhísí Poist í. Foilsíonn CTO an fhaisnéis maidir le híocaíocht glanchostais sa tuarascáil bhliantúil (82). Déanann CTO an fhaisnéis maidir leis an nglanchostas a fhoilsiú go deonach ina chuid tuarascálacha faireacháin tréimhsiúla freisin (83).

8.2.13.   Conclúid

(247)

Bunaithe ar a bhfuil thuas, tagann an Coimisiún ar an gconclúid gur Státchabhair faoi Airteagal 107(1) CFAE atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 106(2) CFAE atá sa chúiteamh seirbhíse poiblí a deonaíodh do Czech Post as USO a sholáthar, mar a shainmhínítear san Acht um Sheirbhísí Poist é, le linn na tréimhse 2018-2022.

9.   CONCLÚID

(248)

Cinneann an Coimisiún gur chuir an tSeicia chun feidhme go neamhdhleathach an cúiteamh do Czech Post as an oibleagáid seirbhíse poiblí (“USO”), mar a shainmhíníonn údaráis na Seice é, a sholáthar le linn 2018-2022, de shárú ar Airteagal 108(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(249)

Tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a sholáthair údaráis na Seice maidir leis na bearta dá dtagraítear thuas, áfach, cuireann an Coimisiún an tSeicia ar an eolas go bhfuil an cúiteamh a deonaíodh do Czech Post as USO a sholáthar, mar a shainmhínítear san Acht um Sheirbhísí Poist, le linn na tréimhse 2018-2022 ina Státchabhair atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Chreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, lena leagtar síos na coinníollacha ba cheart don chabhair a chomhlíonadh chun go mbeadh sí comhoiriúnach faoi Airteagal 106(2) CFAE.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An Státchabhair do Czech Post a chuir an tSeicia chun feidhme as USO a sholáthar, mar a shainmhínítear san Acht um Sheirbhísí Poist, le linn na tréimhse 2018-2022, tá sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 106(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 2

Is chuig Poblacht na Seice a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Margrethe VESTAGER

Comhalta den Choimisiún


(1)  Ba é Mediaservis a chéad rinne gearán. An 1 Eanáir 2020, rinne Mediaservis cónascadh le PNS. Ghlac PNS, mar chomharba dlíthiúil ar Mediaservis, gach ceart agus oibleagáid de chuid Mediaservis chuige féin.

(2)  Státchabhair — An tSeicia — Státchabhair SA.55208 (2020/C) (ex 2020/N) — Cúiteamh USO do Czech Post — Cuireadh chun barúlacha a chur isteach de bhun Airteagal 108(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE, (IO C 294, 4.9.2020, lch. 24).

(3)  Rialachán Uimh. 1 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, (IO 17, 6.10.1958, lch. 385).

(4)  Acht Uimh. 111/1990 Coll.

(5)  Acht Uimh. 77/1997 Coll.

(6)  Cinneadh ó Chomhairle CTO Uimh. Thagartha ČTÚ-70580/2017-610/ V. vyř. Féach: https://www.ctu.cz/sites/default/files/obsah/stranky/26768/soubory/70580-2017-610-v-pm.pdf.

(7)  Acht Uimh. 29/2000 Coll.

(8)  Cinneadh ó Chomhairle CTO Uimh. Thagartha ČTÚ-70580/2017-610/ V. vyř. Féach: https://www.ctu.cz/sites/default/files/obsah/stranky/26768/soubory/70580-2017-610-v-pm.pdf.

(9)  Leis an Rialachán seo cinneadh go mbeadh oibleagáid ón 1 Eanáir 2016, ar an soláthraí seirbhíse uilíoch seirbhísí uilíocha a sholáthar trí líonra de 3 200 oifig phoist ar a laghad.

(10)  Cinneadh C(2018)561 final ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2018 i gcás Státchabhair SA.47293 (2017/N) Poblacht na Seice - Cúitimh Stáit arna ndeonú do Czech Post as Córas Faisnéise Boscaí Sonraí a sholáthar le linn na tréimhse 2018-2022 (2017/N) (IO C 180, 25.05.2018, lch. 1) (an “cinneadh maidir le DBIS”).

(11)  Teachtaireacht ón gCoimisiún: Creat an Aontais Eorpaigh um Státchabhair i bhfoirm cúitimh seirbhíse poiblí (IO C 8, 11.01.2012, lch. 15).

(12)  Ráta malairte: CZK 1 = EUR 0.03701, ráta a tógadh i mí an Mheithimh 2020 ó: https://ec.europa.eu/budget/graphs/inforeuro.html.

(13)  Cinneadh SA.45281 (2017/N) ón gCoimisiún agus Státchabhair SA.44859 (2016/FC) an 19 Feabhra 2018–Poblacht na Seice - Cúitimh Stáit arna ndeonú do Czech Post chun an tseirbhís poist uilíoch a sholáthar le linn na tréimhse 2013-2017, IO C 158, 4.5.2018, lch. 2, ar fáil ag: https://ec.europa.eu/competition/elojade/isef/case_details.cfm?proc_code=3_SA_45281.

(14)  An tseirbhís seachadta chuig pointe bailithe a tugadh isteach le déanaí, mar shampla, faoin ainm trádála Parcel Delivery to Parcel Pickup Outlet Balíkovna [Asraon Seachadta agus Bailithe Beartphoist] (‘Balíkovna’).

(15)  Treoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir le comhrialacha chun an margadh inmheánach Comhphobail i seirbhísí poist a fhorbairt agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú (IO L. 15, 21.1.1998, lch. 14).

(16)  Seirbhís trína gcruthaítear an litir/doiciméad ar líne agus trína seoltar iad go digiteach chuig an soláthraí poist a phriontálann agus a phostálann iad an lá céanna.

(17)  Treoir 2008/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 lena leasaítear Treoir 97/67/CE maidir le margadh inmheánach Comhphobail i seirbhísí poist a ghnóthú go hiomlán, (IO L 52, 27.2.2008, lch. 3).

(18)  Mar chuid den laghdú ar bhonneagar, tá sé beartaithe ag Czech Post 2 155 as a 3 210 oifig phoist (67,1 %) a dhúnadh agus 462 oifig phoist eile (14,4 %) a thiontú ina ‘Postpoints’ [Pointí Poist] mar a thugtar orthu. Soláthraíonn Postpoints [Pointí Poist] gach seirbhís a bhaineann le USO mar atá sa chás fíorasach e.g. seirbhísí seachadta litreacha agus seirbhísí bailithe beartán i gcomhpháirtíocht le cuideachtaí príobháideacha, seachas seirbhísí nach seirbhísí USO iad.

(19)  In éagmais USO, dhéanfadh Czech Post dhá leath dá mhinicíocht seachadta ó 5 lá sa tseachtain go 5 lá gach coicíse (i.e. Dé Luain, Dé Céadaoin, Dé hAoine, Dé Máirt, Déardaoin, etc.)

(20)  Cinneadh SA.47293 (2017/N) ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2018, Phoblacht na Seice - Cúitimh Stáit arna ndeonú do Czech Post as Córas Faisnéise Boscaí Sonraí a sholáthar le linn na tréimhse 2018-2022 (IO C 180, 25.5.2018, lch. 4), le fáil ag: https://ec.europa.eu/competition/elojade/isef/case_details.cfm?proc_code=3_SA_47293.

(21)  Féach Tábla 15 den chinneadh maidir le DBIS.

(22)  Teachtaireacht ón gCoimisiún: An Creat Eorpach um Státchabhair i bhfoirm cúitimh seirbhíse poiblí (IO C 8, 11.1.2012, lch. 15).

(23)  Níor sholáthair PNS ríomh ar bith ina leith sin ná an malartú airgeadra a úsáideadh chun an tsuim a chomhshó in euro.

(24)  Tugann PNS roinnt samplaí de chostais neamhriachtanacha: (i) Creatchomhaontú le Profinit EU, s.r.o. le haghaidh seirbhísí comhairliúcháin; (ii) tairiscint atá á hullmhú chun soláthróir TF a roghnú; (iii) tairiscintí a ndearnadh cúbláil orthu de réir mar a líomhnaítear agus a seoladh ag Czech Post chun an taobh istigh sna hoifigí poist a chóiriú agus chun na bulcaidí in oifigí poist a nuachóiriú in 2012 go 2014; (iv) cúisimh breabaireachta in aghaidh bhainisteoirí Czech Post; agus (v) conradh neamh-trédhearcach idir Czech Post agus a fhochuideachta Česká pošta Security, s.r.o.

(25)  Ar nós soláthraithe eile seirbhísí poist, cumainn ghairmiúla, comhlachais tomhaltóirí, údaráis réigiúnacha, agus rogha údaráis rialtais láir.

(26)  Tá an cuireadh chuig an seimineár a d’eagraigh Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta Chomhlachas Teachtaí na Seice an 10 Eanáir 2012 faoin teideal ‘Leasú ar Acht Uimh. 29/2000, maidir le seirbhísí poist – doiciméad de Dhlísheomra Uimh. 535’ ar fáil ag: https://www.psp.cz/sqw/text/text2.sqw?idd=88779.

(27)  Féach fonóta 13.

(28)  Ós rud é nach féidir le coinsíneacht a bhfuil aga seachadta ráthaithe D+1 aici dul san iomaíocht le coinsíneachtaí leictreonacha ó thaobh luais nó praghais de, ní dócha go gcuirfeadh an t-athrú ar an tsamhail seachadta go mór le luasghéarú na ríomh-ionadaíochta, agus mar sin le caillteanas ioncaim.

(29)  Le fáil ag: https://www.ctu.cz/sites/default/files/obsah/ctu/vyzva-k-uplatneni-pripominek-k-zameru-ulozit-jako-povinnost-poskytovat-zajistovat-jednotlive/obrazky/prezkumpodless37odst.4zakonaopostovnichsluzbach.pdf.

(30)  Le fáil ag: https://www.ctu.cz/vyzva-k-uplatneni-pripominek-k-zameru-ulozit-jako-povinnost-poskytovat-zajistovat-jednotlive.

(31)  Le fáil ag: https://www.psp.cz/sqw/text/tiskt.sqw?o=6&ct=535&ct1=0.

(32)  Le fáil ag: http://apps.odok.cz/veklep.

(33)  Le fáil ag: https://www.psp.cz/saw/historie.saw?o=6&t=535.

(34)  Faoi Roinn 37(4) den Acht um Sheirbhísí Poist, ní mór don CTO athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar an leibhéal cáilíochta agus ar an modh chun seirbhísí bunúsacha a sholáthar agus a dhearbhú agus a n-infhaighteacht uilíoch ar fud Phoblacht na Seice de réir bunriachtanais cháilíochta. Bíonn ar an CTO athbhreithniú a dhéanamh go tréimhsiúil freisin ar oibleagáid an tsealbhóra ceadúnais poist chun seirbhísí bunúsacha a sholáthar agus a dhearbhú. In athbhreithniú, a bhfuil a thorthaí ar fáil go poiblí, a tharla in 2016, tá údar níos mionsonraithe tugtha ag an tSeicia do PMO a bheith ar fáil ar an margadh agus conas é a mheas mar sheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Go háirithe, is é conclúid an athbhreithnithe nach bhfreagraíonn an modh a sholáthraíonn soláthraithe seirbhísí íocaíochta eile seirbhísí PMO do na ceanglais a fhorchuirtear ar sheirbhísí bunúsacha, ós rud é nach n-áirithítear seachadadh chuig seoladh gach duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, ach ní mór an tsuim airgid a bhailiú ó bhunaíocht shonraithe; nó go bhfuil raon feidhme críochach na seirbhísí íocaíochta an-teoranta; nó go bhfuil an praghas i bhfad níos airde; nó má tá teorainn le húsáid seirbhísí áirithe ar bhealaí áirithe, amhail an oibleagáid ceannachán a dhéanamh ar luach áirithe. Tá fáil ar an athbhreithniú ag: https://www.ctu.cz/vyzva-k-uplatneni-pripominek-k-zameru-ulozit-jako-povinnost-poskytovat-zajistovat-jednotlive.

(35)  Ó leathanach 155 in Annex4b_3_survey (Inboox).pdf den fhógra

(36)  D+n: seachadadh i níos mó ná 1 lá amháin ón lá ar postáladh é

(37)  D+1: seachadadh laistigh de 1 lá amháin ón lá ar postáladh é

(38)  Is cosúil go bhfabhraíonn formhór na gcustaiméirí (idir 85 % agus 95 %) praghsanna níos ísle i gcás seachadadh D+n seachas praghsanna níos airde i gcás seachadadh D+1, cé nach raibh ach céatadán beag custaiméirí gnó sásta praghas níos airde a íoc le haghaidh seachadadh níos tapa agus a mheasann go bhfuil gá le seachadadh D+1.

(39)  Oifigí poist tráchtála: Na hoifigí poist ón gcás fíorasach a choinneofaí ar bun (a d’fhanfadh ar oscailt) sa chás frithfhíorasach

(40)  Má chinntear le linn fhíorú thréimhse chuntasaíochta sonraí nár chomhlíon Czech Post na táscairí cáilíochtúla forordaithe chun na seirbhísí uilíocha a sholáthar, léireofar an méid sin i ríomh na nglanchostas; e.g. i gcás nach soláthraíonn Czech Post aon seirbhís uilíoch ag oifig phoist ar bhonn sealadach, tá na costais uile a bhaineann leis an tréimhse dúnta shealadaigh oifig den sórt sin eisiata ó na glanchostais agus dá bhrí sin ní dhéanfaí iad a chúiteamh, fiú má tá na glanchostais fíoraithe níos ísle ná an uasteorainn cúitimh.

(41)  Le haghaidh tuairisc mhionsonraithe ar an tseirbhís, féach https://www.ceskaposta.cz/sluzby/psani/cr/obycejne-psani#popis

(42)  Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Deireadh Fómhair 2020 i gCás T-316/18 První novinová společnost v An Coimisiún, AE:T:2020:489, mír 202.

(43)  https://www.ceskaposta.cz/o-ceske-poste/profil/compliance-v-cp

(44)  Cásanna Uamtha C-180/98 go C-184/98 Pavel Pavlov agus Eile v Stichting Pensioenfonds Medische Specialisten EU:C:2000:428, mír 74.

(45)  Cás C-41/90 Höfner & Fritz Elser v Macrotron GmbH EU:C:1991:161, mír 21 agus Cásanna Uamtha C-180/98 go C-184/98 Pavel Pavlov agus Eile v Stichting Pensioenfonds Medische Specialisten EU:C:2000:428, mír 74.

(46)  Cás C-118/85 Coimisiún v Poblacht na hIodáile EU:C:1987:283, mír 7.

(47)  Cás C-82/01 P Aéroports de Paris v An Coimisiún EU:C:2002:617, mír 74; agus Cás C-49/07 Motosykletistiki Omospondia Ellados NPID (MOTOE) v Elliniko Dimosio EU:C:2008:376, mír 25. Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm rialacha státchabhrach an Aontais Eorpaigh maidir le cúiteamh a dheonaítear chun seirbhísí leasa eacnamaíoch ghinearálta a sholáthar (IO C 8, 11.1.2012, lch. 2), mír 9.

(48)  Cás C-39/94 Syndicat français de l'Express international (SFEI) agus eile v La Poste agus eile EU:C:1996:285, mír 60; agus Cás C-342/96 Ríocht na Spáinne v An Coimisiún EU:C:1999:210, mír 41.

(49)  Cás C-173/73 Poblacht na hIodáile v An Coimisiún EU:C:1974:71, mír 13.

(50)  Cás C-280/00 Altmark Trans GmbH agus Regierungspräsidium Magdeburg v Nahverkehrsgesellschaft Altmark GmbH EU:C:2003:415.

(51)  Féach an Teachtaireacht maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta maidir le cur i bhfeidhm na rialacha Eorpacha i ndáil le Státchabhair le haghaidh cúiteamh arna dheonú chun seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne a sholáthar (IO C 8, 11.1.2012, lch. 4), mír 65.

(52)  Féach cásanna C-15/14 P, An Coimisiún v MOL, EU:C:2015:362, mír 60; C-270/15 P An Bheilg v An Coimisiún, EU:C:2016:489, mír 49; T-314/15 An Ghréig v An Coimisiún, EU:2017:903, mír 79.

(53)  Cás 730/79 Philip Morris Holland BV v An Coimisiún AE:C:1980:209, mír 11; agus Cásanna Uamtha T-298/97, T-312/97, T-313/97, T-315/97, T-600/97 go 607/97, T-1/98, T-3/98 go T-6/98 agus T-23/98 Alzetta Mauro agus eile v An Coimisiún EU:T:2000:151, mír 80.

(54)  Cás 730/79 Philip Morris Holland BV v An Coimisiún AE:C:1980:209, míreanna 11 agus 12; agus Cás T-214/95 Het Vlaamse Gewest (Réigiún Pléimeannach) v An Coimisiún AE:T:1998:77, míreanna 48-50.

(55)  Bíonn íocaíocht faoi réir fhormheas an Choimisiúin (féach Roinn 34e den Acht um Sheirbhísí Poist, lena bhforáiltear ‘ nach n-aistreoidh [CTO] cistí chun glanchostais shealadacha nó glanchostais arbh ionann iad sin agus ualach airgeadais éagórach a chumhdach go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach cinneadh maidir lena n-incháilitheacht’ ).

(56)  Cinneadh ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2011 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 106(2) CFAE maidir le Státchabhair i bhfoirm cúitimh seirbhíse poiblí arna dheonú do ghnóthais áirithe a gcuirtear ar a n-iontaoibh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a oibriú (IO L 7, 11.1.2012, lch. 3).

(57)  Creat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, mír 11.

(58)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm rialacha státchabhrach an Aontais Eorpaigh maidir le cúiteamh a dheonaítear chun seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar (IO C 8, 11.1.2012, lch. 4).

(59)  Féach mír 14 de Chreat 2012 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta.

(60)  Mar shampla, foráiltear le hAirteagal 3(1) de Threoir 97/67/CE: “Áiritheoidh na Ballstáit go mbaineann úsáideoirí leas as an gceart chun seirbhís uilíoch a bheith acu lena mbaineann soláthar buan seirbhíse poist de cháilíocht shonraithe i ngach áit sa chríoch agus ar phraghsanna inacmhainne do gach úsáideoir.”.

(61)  Mar shampla, léann Airteagal 3(1) den Treoir um Sheirbhísí Poist: “Áiritheoidh na Ballstáit go mbaineann úsáideoirí leas as an gceart chun seirbhís uilíoch a bheith acu lena mbaineann soláthar buan seirbhíse poist de cháilíocht shonraithe i ngach áit sa chríoch agus ar phraghsanna inacmhainne do gach úsáideoir.”.

(62)  Tagraíonn údaráis na Seice don Fhrainc (La Poste), don Iodáil (Poste Italiane), don Spáinn (Correos) agus don Ghréig (ELTA) a bhfuil tréimhsí iontaoibhe suas le 15 bliana acu.

(63)  Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Deireadh Fómhair 2020 i gCás T-316/18, První novinová společnost v An Coimisiún, ECLI:AE:T:2020:489, mír 202.

(64)  Treoir 2006/111/CE ón gCoimisiún an 16 Samhain 2006 maidir le trédhearcacht an chaidrimh airgeadais idir na Ballstáit agus gnóthais phoiblí agus chomh maith leis sin, maidir le trédhearcacht airgeadais laistigh de ghnóthais áirithe, (IO L 318 17.11.2006, lch. 17).

(65)  Foraithne Uimh. 465/2012 Coll.

(66)  Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Deireadh Fómhair 2020 i gCás T-316/18, První novinová společnost v An Coimisiún, ECLI:AE:T:2020:489, míreanna 244-254.

(67)  Fógraíodh an nós imeachta tairisceana le haghaidh na tréimhse 2018-2022 san Irisleabhar Poist: https://www.ctu.cz/postovni-vestnik-castka-8-z-30-cervna-2017 agus ar chlár fógraí oifigiúil CTO, lena n-áirítear an leagan leictreonach de: https://www.ctu.cz/oznameni-o-vyhlaseni-vyberoveho-rizeni-na-drzitele-postovni-licence-pro-obdobi-1-1-2018-31-12-2022.

(68)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65)

(69)  I dteannta na mínithe a sholáthraítear in aithris (179) maidir leis an bhféidearthacht go mbraithfí ar Airteagal 32(2)a) de Threoir 2014/24/AE.

(70)  Is éard is Postpoint [Pointe Poist] ann asraon seachtrach nach ndéantar ann ach litreacha cláraithe agus beartáin chláraithe a fháil agus a sheachadadh. Ní íocann Czech Post aon phá seasta le hoibreoir seachtrach an Postpoint [Phointe Poist]; is in aghaidh an idirbhirt amháin a íocann sé. Ní íocann Czech Poist as trealamh (seachas léitheoir barrachód). Is sa chás frithfhíorasach amháin, ní sa chás fíorasach, a bhreithnítear Postpoints [Pointí Poist].

(71)  Seasann “D” don lá a chuirtear an litir sa phost.

(72)  Féach míreanna 244 go 254.

(73)  Cainníochtaíodh an sochar maidir le feabhsú luach an bhranda ag úsáid na modheolaíochta céanna agus a úsáideadh i gCinneadh USO 2018 le haghaidh na tréimhse iontaoibhe roimhe sin 2013-2017. Measann an Coimisiún nár tháinig forbairt ar mhargadh na Seice, ó 2018, ar bhealach a d’fhágfadh nach iomchuí an mhodheolaíocht sin a úsáid chun an sochar luacha branda a ríomh.

(74)  https://publications.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/13f857cc-74d4-430f-ab13-df744da42bea

(75)  Cinneadh sochair/comhéifeachtaí CBL ar bhonn suirbhé margaidh a rinneadh in 2019.

(76)  Sainmhínítear costas caipitil mar a leanas: CC = Caipiteal arna Úsáid * WACC. Difríocht i gcostas caipitil = Caipiteal arna Úsáid(fíorasach) * WACC(fíorasach) lúide Caipiteal arna Úsáid(frithfhíorasach) * WACC(frithfhíorasach)

(77)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2015) 207 final an 17 Samhain 2015, a ghabhann leis an Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm na Treorach um Sheirbhísí Poist (Treoir 97/67/CE arna leasú le Treoir 2002/39/CE agus Treoir 2008/6/CE), féach https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52015SC0207.

(78)  Is de bhun fhorálacha ábhartha Threoir 97/67/CE a dhéantar an anailís ar nádúr éagórach ualach USO.

(79)  https://www.ctu.cz/vyzva-k-uplatneni-pripominek-k-zameru-ulozit-jako-povinnost-poskytovat-zajistovat-jednotlive.

(80)  https://www.ctu.cz/sites/default/files/obsah/stranky/26768/soubory/70580-2017-610-v-pm.pdf

(81)  https://www.ctu.cz/postovni-vestnik-castka-16-z-12-prosince-2017

(82)  https://www.ctu.cz/vyrocni-zpravy.

(83)  https://www.ctu.eu/monitoring-reports, féach mar shampla https://www.ctu.eu/sites/default/files/obsah/ctu/monthly-monitoring-report-no.3/2018/obrazky/mmz032018enfin.pdf.