|
3.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 32/62 |
CINNEADH (CBES) 2023/230 ÓN gCOMHAIRLE
an 2 Feabhra 2023
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 28 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/338 (1), lenar bunaíodh beart cúnaimh ag a bhfuil méid tagartha airgeadais EUR 450 000 000 atá beartaithe chun soláthar trealaimh mhíleata agus ardán míleata d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh, a chumhdach. |
|
(2) |
An 23 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/471 (2) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338, lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 900 000 000. |
|
(3) |
An 13 Aibreán 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/636 (3) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338, lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 1 350 000 000. |
|
(4) |
An 23 Bealtaine 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/809 (4) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338, lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 1 840 000 000. |
|
(5) |
An 21 Iúil 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1285 (5) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338, lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 2 330 000 000. |
|
(6) |
An 17 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1971 (6) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338, lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 2 820 000 000. |
|
(7) |
I bhfianaise an fhogha armtha leanúnaigh atá á thabhairt ag Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin, ba cheart EUR 300 000 000 breise a chur leis an méid tagartha airgeadais. |
|
(8) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2022/338 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mbeart cúnaimh soláthar trealaimh mhíleata agus ardán míleata d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh chomh maith le trealamh míleata agus ardáin mhíleata arna maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána agus trealamh comhionann a chothabháil, a dheisiú agus a athfheistiú, ar trealamh agus ardáin iad a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh, a dhéanfaidh pearsanra míleata ar láithreáin mhíleata, nó i gcineálacha measctha comhair shibhialta-mhíleata nó i monarchana, arna iarraidh sin don Úcráin.” |
|
(2) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. EUR 3 120 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.” |
|
(3) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh an riarthóir um bearta cúnaimh glao ar ranníocaíochtaí a dhéanamh tar éis ghlacadh an Chinnidh seo, suas go EUR 3 120 000 000. Ní úsáidfear na cistí a ghlaofaidh an riarthóir um bearta cúnaimh ach chun caiteachas a íoc laistigh de na teorainneacha arna bhformheas ag an gCoiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 sna buiséid ghaolmhara leasaitheacha agus bhliantúla a chomhfhreagraíonn don bheart cúnaimh.” |
|
(4) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Beidh an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chur chun feidhme incháilithe ón 1 Eanáir 2022 agus go dtí dáta a chinnfidh an Chomhairle. Is é EUR 450 000 000 a bheidh san uaschaiteachas incháilithe arna thabhú roimh an 11 Márta 2022. Beidh EUR 1 280 000 000 incháilithe ón 21 Iúil 2022. Beidh caiteachas a bhaineann leis an gcothabháil agus deisiú incháilithe ón 17 Deireadh Fómhair 2022. Beidh caiteachas a bhaineann le hathfheistiú incháilithe ón 2 Feabhra 2023” |
|
(5) |
in Airteagal 4, mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Feabhra 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
(1) Cinneadh (CBES) 2022/338 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh (IO L 60, 28.2.2022, lch. 1).
(2) Cinneadh (CBES) 2022/471 ón gComhairle an 23 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh (IO L 96, 24.3.2022, lch. 43).
(3) Cinneadh (CBES) 2022/636 ón gComhairle an 13 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh (IO L 117, 19.4.2022, lch. 34).
(4) Cinneadh (CBES) 2022/809 ón gComhairle an 23 Bealtaine 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh (IO L 145, 24.5.2022, lch. 40).
(5) Cinneadh (CBES) 2022/1285 ón gComhairle an 21 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, atá ceaptha chun fórsa marfach a sheachadadh (IO L 195, 22.7.2022, lch. 93).
(6) Cinneadh (CBES) 2022/1971 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, atá ceaptha chun fórsa marfach a sheachadadh (IO L 270, 18.10.2022, lch. 95).