|
3.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 32/60 |
CINNEADH (CBES) 2023/229 ÓN gCOMHAIRLE
an 2 Feabhra 2023
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/339 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 28 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/339 (1) lenar bunaíodh beart cúnaimh ag a bhfuil méid tagartha airgeadais EUR 50 000 000 atá beartaithe chun maoiniú an tsoláthair trealaimh agus soláthairtí nach bhfuil ceaptha chun fórsa marfach a sheachadadh, amhail trealamh cosanta pearsanta, fearais gharchabhrach agus breosla d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a chumhdach. |
|
(2) |
An 23 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/47 (2) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/339, lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 100 000 000. |
|
(3) |
An 13 Aibreán 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/637 (3) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/339, lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 150 000 000. |
|
(4) |
An 23 Bealtaine 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/810 (4) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/339, lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 160 000 000. |
|
(5) |
An 21 Iúil 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1284 (5) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/339, lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 170 000 000. |
|
(6) |
An 17 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1972 (6) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/339, lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 180 000 000. |
|
(7) |
I bhfianaise an fhogha armtha leanúnaigh atá á thabhairt ag Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin, ba cheart EUR 200 000 000 breise a chur leis an méid tagartha airgeadais atá beartaithe chun maoiniú an tsoláthair trealaimh agus soláthairtí nach bhfuil ceaptha chun fórsa marfach a sheachadadh, amhail trealamh cosanta pearsanta, fearais gharchabhrach agus breosla d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a chumhdach. |
|
(8) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2022/339 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/339 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mbeart cúnaimh soláthar trealaimh agus soláthairtí d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine nach bhfuil ceaptha chun fórsa marfach a sheachadadh, amhail trealamh cosanta pearsanta, fearais gharchabhrach agus breosla, chomh maith le trealaimh arna maoiniú faoin tSaoráid a chothabháil agus trealamh comhionann a chothabháil, a dheisiú agus a athfheistiú, ar trealamh agus soláthairtí iad nach bhfuil ceaptha chun fórsa marfach a sheachadadh, arna iarraidh sin don Úcráin.” |
|
(2) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. EUR 380 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.” |
|
(3) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh an riarthóir um bearta cúnaimh glao ar ranníocaíochtaí a dhéanamh tar éis ghlacadh an Chinnidh seo, suas go EUR 380 000 000. Ní úsáidfear na cistí a ghlaofaidh an riarthóir um bearta cúnaimh ach chun caiteachas a íoc laistigh de na teorainneacha arna bhformheas ag an gCoiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 sna buiséid ghaolmhara leasaitheacha agus bhliantúla a chomhfhreagraíonn don bheart cúnaimh.” |
|
(4) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Beidh an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chur chun feidhme incháilithe ón 1 Eanáir 2022 agus go dtí dáta a chinnfidh an Chomhairle. Is é EUR 50 000 000 a bheidh san uaschaiteachas incháilithe arna thabhú roimh an 11 Márta 2022. Beidh EUR 220 000 000 incháilithe ón 21 Iúil 2022. Beidh caiteachas a bhaineann leis an gcothabháil agus leis an deisiú incháilithe ón 17 Deireadh Fómhair 2022. Beidh caiteachas a bhaineann le hathfheistiú incháilithe ón 2 Feabhra 2023”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Feabhra 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
(1) Cinneadh (CBES) 2022/339 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine (IO L 61, 28.2.2022, lch. 1).
(2) Cinneadh (CBES) 2022/472 ón gComhairle an 23 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/339 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine (IO L 96, 24.3.2022, lch. 45).
(3) Cinneadh (CBES) 2022/637 ón gComhairle an 13 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/339 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine (IO L 117, 19.4.2022, lch. 36).
(4) Cinneadh (CBES) 2022/810 ón gComhairle an 23 Bealtaine 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/339 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine (IO L 145, 24.5.2022, lch. 42).
(5) Cinneadh (CBES) 2022/1284 ón gComhairle an 21 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/339 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine (IO L 195, 22.7.2022, lch. 91).
(6) Cinneadh (CBES) 2022/1972 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/339 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine (IO L 270, 18.10.2022, lch. 97).