1.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 29/20


CINNEADH (AE) 2023/211 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Eanáir 2023

lena gceaptar beirt chomhaltaí mhalartacha, arna moladh ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó rialtas na Gearmáine,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025.

(3)

Tá suíocháin bheirt chomhaltaí mhalartacha ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Katy HOFFMEISTER a cheapadh agus tar éis do Boris RHEIN éirí as oifig.

(4)

Mhol rialtas na Gearmáine na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha iad agus a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, mar chomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Simone OLDENBURG, Ministerin für Bildung und Kindertagesförderung, politische Verantwortung gegenüber dem Landtag Mecklenburg-Vorpommern (Aire Oideachais agus Áiseanna Cúraim Lae do Leanaí, atá cuntasach go polaitiúil do Pharlaimint Stát Cónaidhme Mecklenburg-Vorpommern), agus Astrid WALLMANN, Mitglied des Landtags, Hessischer Landtag (Feisire de Pharlaimint Réigiúnach, Parlaimint Stát Cónaidhme Hesse),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha iad agus a bhfuil acu sainordú toghchánach nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, mar chomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:

Simone OLDENBURG, Ministerin für Bildung und Kindertagesförderung, politische Verantwortung gegenüber dem Landtag Mecklenburg-Vorpommern (Aire Oideachais agus Áiseanna Cúraim Lae do Leanaí, atá cuntasach go polaitiúil do Pharlaimint Stát Cónaidhme Mecklenburg-Vorpommern),

Astrid WALLMANN, Mitglied des Landtags, Hessischer Landtag (Feisire de Pharlaimint Réigiúnach, Parlaimint Stát Cónaidhme Hesse).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Eanáir 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.

(2)  Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).