31.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 27/29 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/201 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Eanáir 2023
lena socraítear an dáta a chuirfear tús le hoibríochtaí Chóras Faisnéise Schengen de bhun Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 66(2) de,
Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (2), agus go háirithe Airteagal 79(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2018/1861 agus Rialachán (AE) 2018/1862, leagtar síos na rialacha nua maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid. Cuireann siad le héifeachtacht Chóras Faisnéise Schengen, neartaíonn siad éifeachtúlacht theicniúil agus oibríochtúil an Chórais agus cuireann siad lena úsáid trí chatagóirí agus feidhmiúlachtaí foláirimh nua a thabhairt isteach. Ina theannta sin, le Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), bunaíodh cineál nua foláirimh maidir le filleadh náisiúnach tríú tír. |
(2) |
Is é Rialachán (AE) 2018/1861 an bunús dlí atá le Córas Faisnéise Schengen i ndáil le hábhair a thagann faoi raon feidhme Chuid a Trí, Teideal V, Caibidil 2 den Chonradh agus is é Rialachán (AE) 2018/1862 an bunús dlí atá le Córas Faisnéise Schengen i ndáil le hábhair a thagann faoi raon feidhme Chuid a Trí, Teideal V, Caibidlí 4 agus 5 den Chonradh. Cé go bhfuil an bunús dlí atá le Chóras Faisnéise Schengen comhdhéanta d’ionstraimí ar leithligh ní dhéanann sin difear don phrionsabal gur córas amháin faisnéise é Chóras Faisnéise Schengen ar cheart feidhmiú mar aon chóras amháin. |
(3) |
Ó tháinig Rialacháin (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861 agus (AE) 2018/1862 i bhfeidhm, tá na socruithe teicniúla agus dlíthiúla is gá á gcur i gcrích ag an gCoimisiún, ag na Ballstáit agus ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) chun na rialacha nua a chur chun feidhme ar an leibhéal lárnach agus ar an leibhéal náisiúnta araon, le bheith in ann sonraí a phróiseáil agus faisnéis fhorlíontach a mhalartú de réir na rialacha nua. |
(4) |
De bhun Rialachán (AE) 2018/1861 agus Rialachán (AE) 2018/1862, tá feidhm le bheith ag na rialacha nua i gcéimeanna comhleanúnacha ionas go mbeidh dóthain ama ann chun na bearta agus na socruithe dlíthiúla, oibríochtúla agus teicniúla is gá a chur i bhfeidhm. Ar an mbonn sin, tháinig forálacha éagsúla de Rialacháin (AE) 2018/1861 agus (AE) 2018/1862 i bhfeidhm an 28 Nollaig 2018, an 28 Nollaig 2019 agus an 28 Nollaig 2020, faoi seach. A mhéid a bhaineann le tús a chur le cur i bhfeidhm na bhforálacha lena bhforáiltear maidir leis na hathruithe is casta a bhfuil tionchar foriomlán acu ar chur chun feidhme teicniúil agus ar oibríochtaí Chóras Faisnéise Schengen, déantar foráil sna Rialacháin sin maidir le sásra sonrach i ndáil leis an gcur i bhfeidhm a chur siar chun a áirithiú nach mbeidh na heilimintí sin infheidhme go dtí go mbeidh na céimeanna ullmhúcháin is gá glactha a ligfidh don chóras oibríochtaí a chur i gcrích ar bhonn leanúnach agus gan bhriseadh. |
(5) |
I gcomhréir leis an sásra sin, tá an Coimisiún leis an dáta a shocrú ar a gcuirfear tús le hoibríochtaí Chóras Faisnéise Schengen, tar éis a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha dlíthiúla, teicniúla agus oibríochtúla a leagtar síos i Rialacháin (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861 agus (AE) 2018/1862. |
(6) |
D’fhíoraigh an Coimisiún gur glacadh na gníomhartha cur chun feidhme is gá chun Rialacháin (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861 agus (AE) 2018/1862 a chur i bhfeidhm; gur thug na Ballstáit fógra don Choimisiún go bhfuil na socruithe teicniúla agus dlíthiúla is gá déanta acu chun sonraí Chóras Faisnéise Schengen a phróiseáil agus chun faisnéis fhorlíontach a mhalartú de bhun na Rialachán sin agus gur thug eu-LISA fógra don Choimisiún faoi chur i gcrích rathúil na ngníomhaíochtaí tástála uile maidir le SIS Láir agus maidir leis an idirghníomhaíocht idir feidhm thacaíochta teicniúla SIS Láir (CS-SIS) agus na córais náisiúnta (N.SIS). Is iomchuí, dá bhrí sin, an dáta a shocrú ar a gcuirfear tús le hoibríochtaí Chóras Faisnéise Schengen de bhun Rialacháin (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861 agus (AE) 2018/1862. |
(7) |
De bhua Airteagal 66(5) de Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Airteagal 79(5) de Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, beidh feidhm ag na rialacháin sin ón dáta a shocraítear sa Chinneadh seo. Ina theannta sin, de bhua Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, beidh feidhm ag na forálacha lena mbunaítear cineál nua foláirimh maidir le filleadh náisiúnach tríú tír i gCóras Faisnéise Schengen dá bhforáiltear sa Rialachán sin ón dáta tosaigh a leagtar síos sa Chinneadh seo. |
(8) |
I bhfianaise go bhfuil an Coimisiún le dáta amach anseo a shocrú ar a gcuirfear tús le hoibríochtaí Chóras Faisnéise Schengen, níl gá le haon idirthréimhse ama idir dáta foilsithe agus dáta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe. |
(9) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh Rialachán (AE) 2018/1861 agus Rialachán (AE) 2018/1862 agus níl sí faoi cheangal acu ná faoi réir a gcur i bhfeidhm. Mar sin féin, ós rud é go gcuireann Rialachán (AE) 2018/1861 agus Rialachán (AE) 2018/1862 le acquis Schengen, thug an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, fógra an 26 Aibreán 2019 faoina cinneadh Rialachán (AE) 2018/1861 agus Rialachán (AE) 2018/1862 a chur chun feidhme ina dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, tá sé de cheangal ar an Danmhairg faoin dlí idirnáisiúnta an Cinneadh seo a chur chun feidhme. |
(10) |
Tá Éire rannpháirteach sa Chinneadh seo a mhéid a bhaineann sé le Rialachán (AE) 2018/1862 i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Phrótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen a lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (4), arna léamh i gcomhar le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1745 ón gComhairle (5). |
(11) |
A mhéid a bhaineann leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis (6) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (G), de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (7). |
(12) |
A mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (8) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (G) de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (9) agus Airteagal 3 de Chinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle (10). |
(13) |
A mhéid a bhaineann le Lichtinstéin, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (11) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (G), de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (12) agus Airteagal 3 de Chinneadh 2011/349/AE ón gComhairle (13). |
(14) |
A mhéid a bhaineann leis an mBulgáir, agus leis an Rómáin, is é atá sa Chinneadh seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2005, agus ba cheart é a léamh i gcomhar le Cinntí 2010/365/AE (14) agus (AE) 2018/934 (15) ón gComhairle. |
(15) |
Maidir leis an gCipir, is é atá sa Chinneadh seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirfear tús le hoibríochtaí Chóras Faisnéise Schengen de bhun Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2023.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Eanáir 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 312, 7.12.2018, lch. 14.
(2) IO L 312, 7.12.2018, lch. 56.
(3) IO L 312, 7.12.2018, lch. 1.
(4) Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1745 ón gComhairle an 18 Samhain 2020 maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha acquis Schengen maidir le cosaint sonraí agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach fhorálacha áirithe acquis Schengen in Éirinn (IO L 393, 23.11.2020, lch. 3).
(6) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(7) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(8) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(9) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch. 1).
(10) Cinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 50).
(11) IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(12) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(13) Cinneadh 2011/349/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus leis an gcomhar póilíneachta (IO L 160, 18.6.2011, lch. 1).
(14) Cinneadh 2010/365/AE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2010 i ndáil leis na forálacha sin de chuid acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (IO L 166, 1.7.2010, lch. 17).
(15) Cinneadh (AE) 2018/934 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha atá fágtha d’acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (IO L 165, 2.7.2018, lch. 37).