30.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 26/4 |
CINNEADH (CBES) 2023/193 ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Eanáir 2023
lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1). |
(2) |
Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine. |
(3) |
Tá tacaíocht mhíleata á tabhairt ag an Iaráin do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar cogadh gan chúis, gan údar é. I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart eintiteas a raibh baint aige le forbairt agus seachadadh Aerárthaí Gan Foireann chuig an Rúis a chur le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES. |
(4) |
Tá gá le gníomhaíocht bhreise ón Aontas chun bearta áirithe a chur chun feidhme. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Eanáir 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. KULLGREN
(1) Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an t-eintiteas seo a leanas le liosta na ndaoine, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES:
Eintitis
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Ráiteas ar Chúiseanna |
Dáta an liostaithe |
“175. |
Iran Aircraft Manufacturing Industries Corporation (HESA) شرکت صنایع هواپیماسازی ایران |
Seoladh: Sepahbod Gharani Avenue 107, Tehran, Iran Cineál eintitis: Monaróir aeraspáis Corparáid faoi úinéireacht rialtais Áit chlárúcháin: Isfahan, Iran Dáta clárúcháin: 1977 Eintitis chomhlachaithe eile: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) |
Is cuideachta Iaránach é Iran Aircraft Manufacturing Industries Corporation (HESA) atá speisialaithe i monaraíocht aerárthaí míleata agus sibhialta, agus aerárthaí gan foireann. Monaraíonn HESA aerárthaí gan foireann a úsáideann Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) agus tá HESA páirteach i dtaighde maidir le aerárthaí gan foireann, chomh maith le forbairt, táirgeadh agus oibríochtaí eitilte aerárthaí gan foireann. Is fochuideachta é HESA de Iran Aviation Industries Organization (IAIO), fiontar faoi úinéireacht stáit atá faoi cheannas Iranian Ministry of Defense and Armed Forces Logistics (MODAFL). Tá aerárthaí gan foireann arna dtairgeadh ag HESA san Iaráin á n-úsáid ag Cónaidhm na Rúise sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá HESA freagrach as tacaíocht a thabhairt go hábharach do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
30.1.2023” |