25.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 23/19


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/165 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Eanáir 2023

maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal “Airteagal 4: Cuirtear deireadh le céasadh agus le híde mhídhaonna ag teorainneacha an Aontais”, de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 39)

(Is é an téacs Iodáilise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (1), agus go háirithe Airteagal 6(2) agus (3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 14 Samhain 2022, cuireadh iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal “Airteagal 4: Cuirtear deireadh le céasadh agus le híde mhídhaonna ag teorainneacha an Aontais” faoi bhráid an Choimisiúin.

(2)

Is é seo a leanas cuspóir ginearálta an tionscnaimh mar a chuir na heagraithe in iúl é: “I gcomhthéacs chumhachtaí an Aontais i réimse an cheartais, na saoirse agus na slándála — mar a leagtar amach in Airteagal 78 CFAE maidir le beartais a bhaineann le seiceálacha teorann, tearmann agus imirce — iarraimid rialacháin iomchuí chun a áirithiú go gcuirtear Airteagal 4 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm go héifeachtúil agus go gcuirtear cosc ar úsáid a bhaint as foréigean, céasadh agus íde mhídhaonna agus tháireach ag teorainneacha an Aontais, i dtíortha nach de chuid an Aontais iad a bhfuil sé comhaontaithe acu le hinstitiúidí Eorpacha nó le Ballstáit amháin nó níos mó go gcuirfeadh siad srian ar theacht isteach imirceach nó iarrthóirí tearmainn san Eoraip, agus sna Ballstáit féin maidir le bainistíocht cúrsaí glactha, agus iarraimid go bhforchuirtear pionóis i gcás neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos.”.

(3)

In Iarscríbhinn a ghabhann leis an tionscnamh, tugtar tuilleadh sonraí ar ábhar, ar chuspóirí agus ar chúlra an tionscnaimh. Maíonn na heagraithe go bhfuil méadú ag teacht, le blianta beaga anuas, ar an bhforéigean a dhéantar ar imircigh agus a thuairiscíonn eagraíochtaí cosúil le hArd-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, Amnesty International agus Human Rights Watch. Áitíonn na heagraithe ar an Aontas a chumhachtaí a úsáid chun deireadh a chur leis na sáruithe líomhnaithe sin ar Airteagal 4 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe “1) ar theacht isteach chuig an comhlimistéar Eorpach, trí sheiceálacha teorann a rialáil agus pionóis a fhorchur ar thíortha a sháraíonn go hoscailte an cosc ar úsáid a bhaint as foréigean, céasadh agus íde mhídhaonna agus tháireach; 2) i dtíortha nach de chuid an Aontais iad, i gcomhthéacs oibríochtaí chun teorainneacha an Aontais a sheachtrú, trí phionóis a fhorchur ar Bhallstáit a chuireann comhaontuithe i gcrích nach ndéantar foráil leo maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht le hAirteagal 4; 3) trí caighdeáin ghlactha a leagan síos maidir leis an tréimhse chónaithe iomlán san Aontas, trí phionóis a fhorchur ar thíortha a sáraíonn a n-údaráis agus/nó a ngníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí cearta imirceach nó iarrthóirí tearmainn”.

(4)

Mar sin, dealraíonn sé gurb é príomhchuspóir an tionscnaimh creat a bhunú chun comhlíontacht a áirithiú leis an toirmeasc ar fhoréigean agus íde mhídhaonna agus tháireach a chumhdaítear in Airteagal 4 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh maidir le beartas an Aontais i ndáil le rialuithe teorann, tearmann agus imirce. A mhéid a dhéantar an cuspóir maidir le rialuithe teorann a shaothrú leis an tionscnamh seo, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún tograí le haghaidh gníomhartha dlí a thíolacadh ar bhonn Airteagal 77(2) den CFAE. A mhéid a dhéantar an cuspóir maidir le comhbheartas i ndáil le tearmann, cosaint choimhdeach agus cosaint shealadach a shaothrú leis an tionscnamh seo, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún tograí le haghaidh gníomhartha dlí a thíolacadh ar bhonn Airteagal 78(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. A mhéid a dhéantar an cuspóir maidir le comhbheartas i ndáil le himirce a shaothrú leis an tionscnamh seo, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún tograí le haghaidh gníomhartha dlí a thíolacadh ar bhonn Airteagal 79(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(5)

Ar na cúiseanna sin, ní thagann aon chuid den tionscnamh lasmuigh, go follasach, de chreat chumhachtaí an Choimisiúin togra le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais a thíolacadh chun na Conarthaí a chur chun feidhme.

(6)

Is conclúid é sin atá gan dochar don mheasúnú ar cé acu a chomhlíonfaí nó nach gcomhlíonfaí, sa chás seo, na coinníollacha nithiúla substainteacha is gá chun go ngníomhódh an Coimisiún, coinníollacha lena n-áirítear comhlíonadh phrionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, sin agus comhoiriúnacht le cearta bunúsacha.

(7)

Tá fianaise iomchuí curtha ar fáil ag na heagraithe go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/788, tá na teagmhálaithe ainmnithe aige i gcomhréir le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin. Cruthaíodh eintiteas dlítheanach go sonrach chun an tionscnamh a bhainistiú.

(8)

Ní tionscnamh é ar léir é a bheith míchuí, suaibhreosach ná cráiteach, ná ní follas go bhfuil sé contrártha do luachanna an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ná do na cearta a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart an tionscnamh dar teideal “Airteagal 4: Cuirtear deireadh le céasadh agus le híde mhídhaonna ag teorainneacha an Aontais” a chlárú.

(10)

An chonclúid go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le clárú faoi Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/788, ní rud í a thugann le tuiscint go ndearbhaíonn an Coimisiún ar bhealach ar bith go bhfuil ábhar an tionscnaimh cruinn fíorasach, agus is é grúpa eagraithe an tionscnaimh amháin atá freagrach as an méid sin. Ní chuireann ábhar an tionscnaimh ach tuairimí an grúpa eagraithe in iúl, agus ní féidir a dhéanamh amach ar aon bhealach gurb iad tuairimí an Choimisiúin a léiríonn sé,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal “Airteagal 4: Cuirtear deireadh le céasadh agus le híde mhídhaonna ag teorainneacha an Aontais”, déanfar é a chlárú.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig grúpa eagraithe an tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh dar teideal “Airteagal 4: Cuirtear deireadh le céasadh agus le híde mhídhaonna ag teorainneacha an Aontais”, tionscnamh a bhfuil ionadaíocht á déanamh dó ag Marco CIURCINA agus Maria Cristina FRANCESCONI, agus iad ag gníomhú mar theagmhálaithe.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Eanáir 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Věra JOUROVÁ

Leas-Uachtarán


(1)   IO L 130, 17.5.2019, lch. 55.