24.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 22/22


CINNEADH (CBES) 2023/160 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Eanáir 2023

lena leasaítear Cinneadh 2010/231/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 26 Aibreán 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/231/CBES (1).

(2)

An 17 Samhain 2022, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2662 (2022). Athdhearbhaítear leis an Rún sin an trádbhac arm ar an tSomáil agus leasaítear leis cur i bhfeidhm maoluithe agus díolúintí a bhaineann le hairm agus ábhair ghaolmhara a sheachadadh chuig institiúidí slándála agus póilíneachta na Somáile ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil. Leis an Rún sin athdhearbhaítear freisin an toirmeasc ar fhioghual a allmhairiú ón tSomáil, agus dearbhaítear freisin srianta ar chomhpháirteanna de ghairis phléascacha sheiftithe a dhíol leis an tSomáil, a sholáthar di nó a aistriú chuici.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2010/231/CBES a leasú dá réir sin.

(4)

Ní mór don Aontas tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh chun bearta áirithe den Chinneadh seo a chur chun feidhme,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2010/231/CBES mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 ná 2 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

soláthar, díol nó aistriú arm agus ábhair ghaolmhair de gach cineál, agus soláthar díreach nó indíreach comhairle teicniúla, cúnaimh airgeadais agus cúnaimh eile agus oiliúna a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata, atá ceaptha lena n-úsáid ag pearsanra na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear Misean Cúnaimh na Náisiún Aontaithe sa tSomáil, nó chun tacú leo agus sin amháin;

(b)

soláthar, díol nó aistriú arm agus ábhair ghaolmhair de gach cineál, agus soláthar díreach nó indíreach comhairle teicniúla, cúnaimh airgeadais agus cúnaimh eile agus oiliúna a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata, atá ceaptha lena n-úsáid ag Misean Aistrithe an Aontais Afracaigh sa tSomáil (ATMIS) agus a chomhpháirtithe straitéiseacha, nó chun tacú leo, agus sin amháin, agus iad ag feidhmiú faoi Choincheap Straitéiseach um Oibríochtaí an Aontais Afracaigh (AA), agus faoin gCoincheap sin amháin, agus i gcomhar agus i gcomhordú le ATMIS;

(c)

soláthar, díol nó aistriú arm agus ábhair ghaolmhair de gach cineál, agus soláthar díreach nó indíreach comhairle teicniúla, cúnaimh airgeadais agus cúnaimh eile agus oiliúna a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata, atá ceaptha lena n-úsáid le haghaidh ghníomhaíochtaí oiliúna agus tacaíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, na Tuirce, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, nó chun tacú leo agus sin amháin, chomh maith le haon fhórsaí Stáit eile atá ag feidhmiú laistigh de Phlean Aistrithe na Somáile (STP), nó a bhfuil comhaontú maidir le stádas fórsaí nó meabhrán tuisceana le Rialtas Cónaidhme na Somáile (FGS) chun críocha Rún 2662 (2022) ó na Náisiúin Aontaithe, ar choinníoll go gcuireann siad an Coiste Smachtbhannaí ar an eolas faoi chomhaontuithe den sórt sin a thabhairt i gcrích;

(d)

soláthar, díol nó aistriú arm agus ábhair ghaolmhair de gach cineál agus soláthar comhairle teicniúla, cúnaimh airgeadais agus cúnaimh eile, agus oiliúna a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata, atá ceaptha d’fhorbairt institiúidí slándála agus póilíneachta na Somáile ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil, chun slándáil a chur ar fáil do mhuintir na Somáile agus chuige sin amháin. Beidh seachadadh na n-earraí a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III, agus soláthar comhairle teicniúla, cúnaimh airgeadais agus cúnaimh eile, agus oiliúna a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata faoi réir na gceanglas ábhartha formheasa nó fógartha mar a leanas:

(i)

beidh soláthar, díol nó aistriú arm agus ábhair ghaolmhair de gach cineál a leagtar amach in Iarscríbhinn II atá ceaptha d’fhorbairt institiúidí slándála agus póilíneachta na Somáile, agus chuige sin amháin, chun slándáil a chur ar fáil do mhuintir na Somáile, faoi réir formheas roimh ré ón gCoiste Smachtbhannaí, mar a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo, agus féadfar iad a chur ar fáil in éagmais cinneadh diúltach ón gCoiste Smachtbhannaí laistigh de 5 lá oibre tar éis fógra den sórt sin a fháil ón tSomáil, ó na Ballstáit nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, réigiúnacha agus foréigiúnacha a thugann cúnamh;

(ii)

beidh soláthar, díol nó aistriú arm agus ábhair ghaolmhair de gach cineál a leagtar amach in Iarscríbhinn III atá ceaptha d’fhorbairt institiúidí slándála agus póilíneachta na Somáile, agus chuige sin amháin, chun slándáil a chur ar fáil do mhuintir na Somáile agus chuige sin amháin, faoi réir réamhfhógra a thabhairt don Choiste Smachtbhannaí chun críocha faisnéise, mar a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo, arna tíolacadh 5 lá oibre roimh ré ag an tSomáil, na Ballstáit nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, réigiúnacha agus foréigiúnacha a thugann cúnamh;

(e)

soláthar, díol nó aistriú éadaí cosanta, lena n-áirítear seaicéid philéardhíonacha agus clogaid mhíleata arna n-onnmhairiú go sealadach chuig an tSomáil ag pearsanra na Náisiún Aontaithe, ionadaithe na meán agus oibrithe daonnúla agus forbartha agus pearsanra gaolmhar dá n-úsáid phearsanta amháin;

(f)

soláthar, díol nó aistriú trealaimh mhíleata neamh-mharfaigh arna ndéanamh ag na Ballstáit, ag eagraíochtaí idirnáisiúnta réigiúnacha nó foréigiúnacha atá ceaptha d’úsáid dhaonnúil nó chosantach, agus chuige sin amháin.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Is ar údaráis na Somáile atá an phríomhfhreagracht fógra a thabhairt don Choiste Smachtbhannaí maidir le haon airm nó ábhar gaolmhar d’aon cheann de na cineálacha uile a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus III a sheachadadh d’institiúidí slándála agus póilíneachta na Somáile, mar a leagtar amach faoi mhír 3,pointe (d), den Airteagal seo. Áireofar sna fógraí sonraí faoi mhonaróir agus soláthróir na n-arm agus ábhair ghaolmhair de gach cineál, tuairisc ar na hairm agus ar an armlón lena n-áirítear an cineál, sraithuimhreacha, an calabra agus an chainníocht, an dáta agus an áit seachadta atá beartaithe, agus gach faisnéis ábhartha a bhaineann leis an aonad cinn scríbe nó an áit stórála atá beartaithe.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4a:

‘4a.   Tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis airm agus ábhar gaolmhar de gach cineál a sheachadadh, cuirfidh an tSomáil nó an Ballstát soláthair nó an eagraíocht idirnáisiúnta, réigiúnach nó fhoréigiúnach a sheachadann an cúnamh, fógra iarsheachadta faoi bhráid an Choiste Smachtbhannaí i bhfoirm dearbhú i scríbhinn ar chur i gcrích aon seachadta, lena n-áirítear na sraithuimhreacha le haghaidh na n-arm agus an ábhair ghaolmhair de gach cineál arna seachadadh, faisnéis loingseoireachta, bille luchta, lastliostaí nó liostaí pacála, agus an áit shonrach stórála.’

;

(d)

scriostar mír 4b;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Beidh toirmeasc ar aon airm nó trealamh míleata, arna ndíol nó arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 1(3)(d) chun institiúidí slándála agus póilíneachta na Somáile a fhorbairt, agus chuige sin amháin, a sholáthar, a athdíol, a aistriú nó a chur ar fáil lena n-úsáid, d’aon duine nó eintiteas nach bhfuil i mbun seirbhíse do na hinstitiúidí slándála agus póilíneachta de chuid na Somáile dár díoladh nó dár soláthraíodh iad an chéaduair, nó don Bhallstát díolacháin nó soláthair nó d’eagraíocht idirnáisiúnta, réigiúnach nó fhoréigiúnach.’

.

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

‘Airteagal 2

1.   Déanfar bearta sriantacha dá bhforáiltear in Airteagail 3, 5(1) agus 6(1) agus (2) a fhorchur ar dhaoine agus ar eintitis arna n-ainmniú ag an gCoiste Smachtbhannaí mar seo a leanas:

(a)

a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht na Somáile i mbaol, nó tacaíocht a thabhairt do na gníomhaíochtaí sin, ar gníomhaíochtaí iad a chuimsíonn an méid seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:

(i)

gníomhaíochtaí a bhaineann le foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh;

(ii)

gníomhaíochtaí a chuireann próiseas na síochána agus an athmhuintearais sa tSomáil i mbaol;

(iii)

gníomhaíochtaí a chuireann Rialtas Cónaidhme na Somáile nó ATMIS i mbaol le forneart;

(b)

tar éis gníomhú de shárú ar an trádbhac arm nó ar na srianta maidir le hathdhíol agus aistriú arm nó ar an toirmeasc ar chúnamh gaolmhar a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 1;

(c)

bac a chur ar chúnamh daonnúil a thabhairt don tSomáil, nó bac a chur ar é a rochtain, nó ar chúnamh daonnúil a dháileadh sa tSomáil;

(d)

a bheith ina gceannairí polaitiúla nó míleata ag earcú nó ag úsáid leanaí i gcoinbhleachtaí armtha sa tSomáil de shárú ar an dlí idirnáisiúnta is infheidhme;

(e)

a bheith freagrach as sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta is infheidhme sa tSomáil ina ndírítear ar shibhialtaigh, lena n-áirítear leanaí agus mná i gcásanna coinbhleachta armtha, lena n-áirítear marú agus ballbhascadh, foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe, ionsaithe ar scoileanna agus ar ospidéil agus fuadach agus easáitiú éigeantais;

(f)

a bheith bainteach le Al-Shabaab, gníomhartha agus gníomhaíochtaí a léiríonn go bhfuil baint ag duine aonair nó eintiteas le Al-Shabaab, lena n-áirítear:

(i)

a bheith rannpháirteach i maoiniú, pleanáil, éascú, ullmhú, gníomhartha nó gníomhaíochtaí a dhéanann Al-Shabaab, nó iad a dhéanamh i gcomhar leo, nó a dhéantar faoi ainm Al-Shabaab, nó thar a gceann ainm nó mar thaca le Al-Shabaab;

(ii)

airm agus ábhar gaolmhar a sholáthar do Al-Shabaab, a dhíol leo nó a aistriú chucu; agus

(iii)

earcú do Al-Shabaab, nó tacú ar shlí eile le gníomhartha nó gníomhaíochtaí Al-Shabaab nó aon chill, cleamhnaí, foghrúpa de Al-Shabaab nó díorthach de.

2.   liostaítear na daoine agus na heintitis ábhartha in Iarscríbhinn I.’

.

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4a:

‘Airteagal 4a

Féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le míreanna 11 go 21 de Rún 2182 (2014) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, cigireacht a dhéanamh, in uiscí teorann na Somáile agus ar an mórmhuir amach ó chósta na Somáile, chomh fada leis an bhFarraige Arabach agus Murascaill na Peirse, agus á n-áireamh, ag gníomhú dóibh go náisiúnta nó trí chomhpháirtíochtaí cabhlaigh deonacha, ilnáisiúnta, amhail ‘Comhfhórsaí Muirí’, i gcomhar le Rialtas Cónaidhme na Somáile, ar shoithí atá ar a slí go dtí an tSomáil nó ag teacht ón tSomáil agus a bhfuil forais réasúnacha acu lena chreidiúint go bhfuil siad i mbun aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

fioghual a iompar ón tSomáil de shárú ar an gcosc ar fhioghual;

(b)

airm nó trealamh míleata a iompar chuig an tSomáil, go díreach nó go hindíreach, de shárú ar an trádbhac arm ar an tSomáil;

(c)

airm nó trealamh míleata a iompar chuig daoine aonair nó chuig eintitis arna n-ainmniú ag an gCoiste Smachtbhannaí;

(d)

ina n-iompraítear comhpháirteanna de ghaireas pléascach seiftithe (IED) a shainaithnítear i gCuid I d’Iarscríbhinn C a ghabhann le Rún 2662 (2022) ó na Náisiúin Aontaithe de shárú ar an toirmeasc ar chomhpháirteanna IED.’

.

(4)

Cuirtear Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn II;

(5)

Cuirtear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn III.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i/in/sa 23 Eanáir 2023,

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 2010/231/CBES an 26 Aibreán 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2009/138/CBES (IO L 105, 27.4.2010, lch. 17).


IARSCRÍBHINN I

‘IARSCRÍBHINN II

LIOSTA NA nEARRAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1(3), POINTE (d)(i.)

1.   

Diúracáin dromchla go haer, lena n-áirítear córais aerchosanta iniompartha (MANPADS).

2.   

Airm a bhfuil calabra níos mó ná 14.7 mm acu, agus comhpháirteanna atá saindeartha dóibh sin, agus an t-armlón a ghabhann leo. (Ní áirítear leis sin teilgeoirí roicéad fritancanna arna scaoileadh ón ngualainn amhail gránáidí roicéadtiomána (RPGanna), córais arm uathrialaitheach marfach (LAWanna), gránáidí raidhfil nó teilgeoirí gránáide.);

3.   

Moirtéir le calabra níos mó na 82 mm agus an t-armlón a ghabhann leo.

4.   

Airm threoraithe fritancanna, lena n-áirítear diúracáin threoraithe fritancanna (ATGManna) agus armlón agus comhpháirteanna atá saindeartha do na hearraí sin.

5.   

Lánáin agus gléasanna atá saindeartha nó modhnuithe d’úsáid mhíleata; mianaigh agus ábhar gaolmhar;

6.   

Treoracha airm le cumas oíche níos mó ná cumas ghlúin 2.

7.   

Aerárthaí sciatháin dhobhogtha, fiarsciatháin, claonrótair nó sciatháin rothlaigh, atá saindeartha nó modhnaithe le haghaidh úsáid mhíleata.

8.   

‘Soithí’ agus feithiclí amfaibiacha atá saindeartha nó modhnuithe d’úsáid mhíleata. (Áirítear le ‘soitheach’ aon long, feithicil a bhfuil éifeachtaí dromchlacha aici, feithicil a bhfuil limistéar beag plána uisce nó duillárthach aici, agus cabhail nó cuid de chabhail soithigh.)

9.   

Aerárthaí comhraic gan foireann (arna liostáil faoi Chatagóir IV i gClár na Náisiún Aontaithe um Ghnáth-Arm).


IARSCRÍBHINN II

‘IARSCRÍBHINN III

LIOSTA NA nEARRAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1(3), POINTE (d)(ii)

1.   

Gach cineál arm a bhfuil calabra suas le 14.7 mm aige, agus an t-armlón a ghabhann leo.

2.   

RPG-7 agus gunna neamh-athchasta, agus armlón lena mbaineann.

3.   

Treoracha airm le cumas oíche ghlúin 2 nó níos lú.

4.   

Árthaí sciatháin rótair nó héileacaptair atá saindeartha nó modhnuithe d’úsáid mhíleata.

5.   

Plátaí armúir colainne crua a thugann cosaint bhalaistíoch atá ar leibhéal III (NIJ 0101.06 Iúil 2008) nó atá níos airde ná an leibhéal sin nó coibhéisí náisiúnta.

6.   

Feithiclí talún atá saindeartha nó modhnuithe d’úsáid mhíleata.

7.   

Trealamh cumarsáide atá saindeartha nó modhnuithe d’úsáid mhíleata.