24.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 22/18 |
CINNEADH (CBES) 2023/159 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Eanáir 2023
lena leasaítear Cinneadh 2011/72/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 31 Eanáir 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/72/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis. |
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2011/72/CBES, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha go dtí an 31 Eanáir 2024. Ina theannta sin, san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin, ba cheart na ráitis ar chúiseanna agus an fhaisnéis aitheantais a leasú le haghaidh cúigir agus ba cheart an fhaisnéis aitheantais a nuashonrú do cheathrar eile. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2011/72/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2011/72/CBES mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: “Airteagal 5 1. Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Eanáir 2024. 2. Coimeádfar an Cinneadh seo faoi athbhreithniú leanúnach. Féadfar é a athnuachan nó a leasú, de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh na cuspóirí atá leis.” |
(2) |
leasaítear an Iarscríbhinn mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Eanáir 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh 2011/72/CBES ón gComhairle an 31 Eanáir 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis (IO L 28, 2.2.2011, lch. 62).
IARSCRÍBHINN
San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/72/CBES, cuirtear na hiontrálacha thíos in ionad na n-iontrálacha seo a leanas i roinn “A. Liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1”:
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Forais |
“3. |
Moncef Ben Mohamed Ben Rhouma TRABELSI |
Náisiúntacht: Túinéiseach Áit bhreithe: Tunis, Tunisia Dáta breithe: an 4 Márta 1944 Uimhir Aitheantais: 05000799 Tír eisiúna: Tunisia Inscne: fireann Faisnéis eile: éagtha, stiúrthóir bainistíochta, mac le Saida DHERIF, pósta le Yamina SOUIEI |
Duine (éagtha) a bhfuil a ghníomhaíochtaí faoi réir imeachtaí breithiúnacha, nó faoi réir próiseas aisghabhála sócmhainní de bhun rialú críochnaitheach cúirte, ó údaráis na Túinéise maidir le comhpháirteachas i míleithreasú airgid phoiblí arna dhéanamh ag sealbhóir oifige poiblí, comhpháirteachas i mí-úsáid oifige arna déanamh ag sealbhóir oifige poiblí chun buntáiste gan údar a fháil do thríú páirtí agus atá ina cúis chaillteanais don chóras riaracháin, tionchar éagórach a imirt ar shealbhóir oifige poiblí d’fhonn buntáiste a fháil, go díreach nó go hindíreach, do dhuine eile. |
9. |
Mohamed Naceur Ben Mohamed Ben Rhouma TRABELSI |
Náisiúntacht: Túinéiseach Áit bhreithe: Tunis, Tunisia Dáta breithe: an 24 Meitheamh 1948 An seoladh deiridh is eol dúinn: 20 rue El Achfat — Carthage — Tunis, Tunisia Uimhir Aitheantais: 00104253 Tír eisiúna: Tunisia Inscne: fireann Faisnéis eile: éagtha, stiúrthóir gníomhach gnóthais talmhaíochta, mac le Saida DHERIF, pósta le Nadia MAKNI |
Duine (éagtha) a bhfuil a ghníomhaíochtaí faoi réir imeachtaí breithiúnacha, nó faoi réir próiseas aisghabhála sócmhainní de bhun rialú críochnaitheach cúirte, ó údaráis na Túinéise maidir le comhpháirteachas i míleithreasú airgid phoiblí arna dhéanamh ag sealbhóir oifige poiblí, comhpháirteachas i mí-úsáid oifige arna déanamh ag sealbhóir oifige poiblí chun buntáiste gan údar a fháil do thríú páirtí agus atá ina cúis chaillteanais don chóras riaracháin, agus tionchar éagórach a imirt ar shealbhóir oifige poiblí d’fhonn buntáiste a fháil, go díreach nó go hindíreach, do dhuine eile. |
12. |
Mohamed Adel Ben Mohamed Ben Rehouma TRABELSI |
Náisiúntacht: Túinéiseach Áit bhreithe: Tunis, Tunisia Dáta breithe: an 26 Aibreán 1950 Uimhir Aitheantais: 00178522 Tír eisiúna: Tunisia Inscne: fireann Faisnéis eile: éagtha, stiúrthóir bainistíochta, mac le Saida DHERIF, pósta le Souad BEN JEMIA |
Duine (éagtha) a bhfuil a ghníomhaíochtaí faoi réir imeachtaí breithiúnacha, nó faoi réir próiseas aisghabhála sócmhainní de bhun rialú críochnaitheach cúirte, ó údaráis na Túinéise maidir le comhpháirteachas i míleithreasú airgid phoiblí arna dhéanamh ag sealbhóir oifige poiblí, comhpháirteachas i mí-úsáid oifige arna déanamh ag sealbhóir oifige poiblí chun buntáiste gan údar a fháil do thríú páirtí agus atá ina cúis chaillteanais don chóras riaracháin, agus tionchar éagórach a imirt ar shealbhóir oifige poiblí d’fhonn buntáiste a fháil, go díreach nó go hindíreach, do dhuine eile. |
13. |
Mohamed Mourad Ben Mohamed Ben Rehouma TRABELSI |
Náisiúntacht: Túinéiseach Áit bhreithe: Tunis, Tunisia Dáta breithe: an 25 Meán Fómhair 1955 An seoladh deiridh is eol dúinn: 20 rue Ibn Chabat — Salammbô — Carthage -Tunis, Tunisia Uimhir Aitheantais: 05150331 Tír eisiúna: Tunisia Inscne: fireann Faisnéis eile: éagtha, POF, mac le Saida DHERIF, pósta le Hela BELHAJ |
Duine (éagtha) a bhfuil a ghníomhaíochtaí faoi réir imeachtaí breithiúnacha, nó faoi réir próiseas aisghabhála sócmhainní de bhun rialú críochnaitheach cúirte, ó údaráis na Túinéise maidir le comhpháirteachas i míleithreasú airgid phoiblí arna dhéanamh ag sealbhóir oifige poiblí, comhpháirteachas i mí-úsáid oifige arna déanamh ag sealbhóir oifige poiblí chun buntáiste gan údar a fháil do thríú páirtí agus atá ina cúis chaillteanais don chóras riaracháin, agus tionchar éagórach a imirt ar shealbhóir oifige poiblí d’fhonn buntáiste a fháil, go díreach nó go hindíreach, do dhuine eile. |
21. |
Houssem Ben Mohamed Naceur Ben Mohamed TRABELSI |
Náisiúntacht: Túinéiseach Dáta breithe: an 18 Meán Fómhair 1976 Uimhir Aitheantais: 05412560 Tír eisiúna: Tunisia Inscne: fireann Faisnéis eile: POF, mac le Najia JERIDI |
Duine atá faoi réir imeachtaí breithiúnacha, nó faoi réir próiseas aisghabhála sócmhainní de bhun rialú críochnaitheach cúirte, ó údaráis na Túinéise maidir le comhpháirteachas i míleithreasú airgid phoiblí arna dhéanamh ag sealbhóir oifige poiblí, comhpháirteachas i mí-úsáid oifige arna déanamh ag sealbhóir oifige poiblí chun buntáiste gan údar a fháil do thríú páirtí agus atá ina cúis chaillteanais don chóras riaracháin, agus tionchar éagórach a imirt ar shealbhóir oifige poiblí d’fhonn buntáiste a fháil, go díreach nó go hindíreach, do dhuine eile. |
35. |
Slaheddine Ben Haj Hamda Ben Haj Hassen BEN ALI |
Náisiúntacht: Túinéiseach Dáta breithe: an 28 Deireadh Fómhair 1938 Uimhir Aitheantais: 02810614 Tír eisiúna: Tunisia Inscne: fireann Faisnéis eile: éagtha, mac le Selma HASSEN, pósta le Selma MANSOUR nach maireann |
Duine (éagtha) a bhfuil a ghníomhaíochtaí faoi réir imeachtaí breithiúnacha, nó faoi réir próiseas aisghabhála sócmhainní de bhun rialú críochnaitheach cúirte, ó údaráis na Túinéise maidir le comhpháirteachas i míleithreasú airgid phoiblí arna dhéanamh ag sealbhóir oifige poiblí, comhpháirteachas i mí-úsáid oifige arna déanamh ag sealbhóir oifige poiblí chun buntáiste gan údar a fháil do thríú páirtí agus atá ina cúis chaillteanais don chóras riaracháin, agus tionchar éagórach a imirt ar shealbhóir oifige poiblí d’fhonn buntáiste a fháil, go díreach nó go hindíreach, do dhuine eile. |
42. |
Ghazoua Bent Hamed Ben Taher BOUAOUINA |
Náisiúntacht: Túinéiseach Áit bhreithe: Monastir Dáta breithe: an 30 Lúnasa 1982 Uimhir Aitheantais: 08434380 Tír eisiúna: Tunisia Inscne: baineann Faisnéis eile: iníon le Hayet BEN ALI, pósta le Badreddine BENNOUR |
Duine atá faoi réir imeachtaí breithiúnacha, nó faoi réir próiseas aisghabhála sócmhainní de bhun rialú críochnaitheach cúirte, ó údaráis na Túinéise maidir le comhpháirteachas i míleithreasú airgid phoiblí arna dhéanamh ag sealbhóir oifige poiblí, comhpháirteachas i mí-úsáid oifige arna déanamh ag sealbhóir oifige poiblí chun buntáiste gan údar a fháil do thríú páirtí agus atá ina cúis chaillteanais don chóras riaracháin, agus tionchar éagórach a imirt ar shealbhóir oifige poiblí d’fhonn buntáiste a fháil, go díreach nó go hindíreach, do dhuine eile, agus baint aici le Hayet Ben Ali (Uimh. 33). |
46. |
Mehdi Ben Tijani Ben Haj Hamda Ben Haj Hassen BEN ALI |
Náisiúntacht: Túinéiseach, Francach Áit bhreithe: Paris, France Dáta breithe: an 27 Deireadh Fómhair 1966 Uimhir Aitheantais: 05515496 Tír eisiúna: Tunisia Inscne: fireann Faisnéis eile: éagtha, stiúrthóir cuideachta, mac le Paulette HAZAT |
Duine (éagtha) a bhfuil a ghníomhaíochtaí faoi réir imeachtaí breithiúnacha, nó faoi réir próiseas aisghabhála sócmhainní de bhun rialú críochnaitheach cúirte, ó údaráis na Túinéise maidir le comhpháirteachas i míleithreasú airgid phoiblí arna dhéanamh ag sealbhóir oifige poiblí, comhpháirteachas i mí-úsáid oifige arna déanamh ag sealbhóir oifige poiblí (iar-Uachtarán Ben Ali) chun buntáiste gan údar a fháil do thríú páirtí agus atá ina cúis chaillteanais don chóras riaracháin, agus tionchar éagórach a imirt ar shealbhóir oifige poiblí d’fhonn buntáiste a fháil, go díreach nó go hindíreach, do dhuine eile. |
48. |
Sofiene Ben Habib Ben Haj Hamda BEN ALI |
Náisiúntacht: Túinéiseach Áit bhreithe: Tunis, Tunisia Dáta breithe: an 28 Lúnasa 1974 An seoladh deiridh is eol dúinn: 23 rue Ali Zlitni, El Manar 2-Tunis, Tunisia Uimhir Aitheantais: 04622472 Tír eisiúna: Tunisia Inscne: fireann Faisnéis eile: éagtha, stiúrthóir díolacháin, mac le Leila DEROUICHE |
Duine (éagtha) a bhfuil a ghníomhaíochtaí faoi réir imeachtaí breithiúnacha, nó faoi réir próiseas aisghabhála sócmhainní de bhun rialú críochnaitheach cúirte, ó údaráis na Túinéise maidir le comhpháirteachas i míleithreasú airgid phoiblí arna dhéanamh ag sealbhóir oifige poiblí, comhpháirteachas i mí-úsáid oifige arna déanamh ag sealbhóir oifige poiblí chun buntáiste gan údar a fháil do thríú páirtí agus atá ina cúis chaillteanais don chóras riaracháin, agus tionchar éagórach a imirt ar shealbhóir oifige poiblí d’fhonn buntáiste a fháil, go díreach nó go hindíreach, do dhuine eile.” |