23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 21/3


CINNEADH (AE) 2023/145 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Eanáir 2023

lena n-aisghairtear Treoir 89/629/CEE ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (3), dhearbhaigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go raibh siad tiomanta go comhpháirteach reachtaíocht an Aontais a nuashonrú agus a shimpliú.

(2)

Le Treoir 89/629/CEE ón gComhairle (4), foráladh go bhféadfadh eitleáin áirithe a sháraigh na caighdeáin ábhartha maidir le hastaíochta torainn faoin Treoir sin leanúint d’oibriú, dá mba rud é go raibh siad iontráilte cheana féin i gclár náisiúnta de chuid Ballstáit. Mar sin féin, cuireadh riail i bhfeidhm léi nach ndéanfaí a thuilleadh clárúchán: níorbh fhéidir clárúcháin nua d’eitleáin den sórt sin a dhéanamh tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach sin.

(3)

Le Treoir 2006/93/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), tugadh isteach céimniú amach iomlán na n-eitleán go léir nach raibh ag comhlíonadh na gcaighdeán ábhartha maidir le hastaíochtaí torainn, lena n-áirítear na heitleáin sin a cumhdaíodh faoi Threoir 89/629/CEE roimhe seo, is cuma cé acu a cláraíodh nó nár cláraíodh iad cheana. Is é a tháinig as sin nach raibh cead ag na heitleáin lena mbaineann eitilt a thuilleadh in aerspás an Aontais agus nárbh fholáir iad a bhaint de chláir náisiúnta na mBallstát.

(4)

Dá bharr sin, tá Treoir 89/629/CEE imithe i léig agus ba cheart, dá bhrí sin, í a aisghairm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairtear Treoir 89/629/CEE.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 18 Eanáir 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  Tuairim an 26 Deireadh Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Nollaig 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Nollaig 2022.

(3)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(4)  Treoir 89/629/CEE ón gComhairle an 4 Nollaig 1989 maidir le hastaíochtaí torainn ó scairdeitleáin fhoshonacha shibhialta a theorannú (IO L 363, 13.12.1989, lch. 27).

(5)  Treoir 2006/93/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le rialáil oibríocht eitleán a chumhdaítear le Cuid II, Caibidil 3, Imleabhar 1 d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, an dara heagrán (1988) (IO L 374, 27.12.2006, lch. 1).