20.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 19/1


CINNEADH (AE) 2023/136 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Eanáir 2023

lena leasaítear Treoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann leis an bhfógra maidir le fritháireamh i leith beart domhanda margadhbhunaithe d’oibreoirí aerárthaí atá bunaithe san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) de chuid na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) ag feidhmiú ó bhí 2019 ann a mhéid a bhaineann le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí, agus tá sé beartaithe a bheith ina hionstraim mhargadhbhunaithe a chuirtear i bhfeidhm go domhanda arb é is aidhm di astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ón eitlíocht idirnáisiúnta os cionn leibhéal astaíochtaí socraithe a fhritháireamh ón 1 Eanáir 2021 le creidmheasanna Fritháirithe áirithe.

(2)

Tháinig Comhaontú Pháras, a glacadh i mí na Nollag 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) (4), i bhfeidhm i mí na Samhna 2016. D’aontaigh na Páirtithe ann an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta. Treisíodh an gealltanas sin le glacadh Chomhshocrú Aeráide Ghlaschú i mí na Samhna 2021, inar aithin Comhdháil na bPáirtithe go mbeadh tionchair an athraithe aeráide i bhfad níos ísle ag méadú teochta 1,5 °C, i gcomparáid le 2 °C, agus bhí rún daingean aici a dícheall a dhéanamh an méadú teochta a theorannú go 1,5 °C.

(3)

Faoi réir na ndifríochtaí idir reachtaíocht an Aontais agus na forálacha sa Chéad Eagrán d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta — An Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta, lena mbunaítear na Caighdeáin Idirnáisiúnta agus na Cleachtais Mholta maidir le Cosaint Comhshaoil le haghaidh CORSIA (SARPanna CORSIA), agus ar tugadh fógra ina leith do ICAO tar éis Cinneadh (AE) 2018/2027 ón gComhairle (5) a ghlacadh, agus faoi réir an bhealaigh ina leasaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle reachtaíocht an Aontais, tá sé beartaithe ag an Aontas CORSIA a chur chun feidhme trí Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(4)

Glacadh Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ón gCoimisiún (7) chun rialacha CORSIA maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí eitlíochta a chur chun feidhme go hiomchuí. Ríomhtar an fritháireamh de réir bhrí SARPanna CORSIA ar bhonn na n-astaíochtaí CO2 arna bhfíorú i gcomhréir leis an Rialachán Tarmligthe sin.

(5)

Mar gheall ar an laghdú mór a tháinig ar astaíochtaí eitlíochta in 2020 de bharr phaindéim COVID-19, chinn Comhairle ICAO ag an 220ú seisiún dá cuid i mí an Mheithimh 2020 gur cheart astaíochtaí 2019 a úsáid mar bhonnlíne chun an fritháireamh atá le déanamh ag oibreoirí aerárthaí le haghaidh na mblianta 2021 go 2023 a ríomh. Formhuiníodh an cinneadh sin ag an 41ú Tionól de ICAO i mí Dheireadh Fómhair 2022.

(6)

In 2021, níor sháraigh astaíochtaí eitlíochta na leibhéil chomhchoiteanna a bhí acu in 2019. An 31 Deireadh Fómhair 2022, chinn ICAO go bhfuil an Fachtóir Fáis Earnála (FFE) le haghaidh astaíochtaí 2021 cothrom le nialas. Is paraiméadar de mhodheolaíocht CORSIA é FFE a úsáidtear chun ceanglais bhliantúla fritháirithe na n-oibreoirí a ríomh. Dá bhrí sin, tá fritháireamh breise na n-oibreoirí aerárthaí le haghaidh na bliana 2021 le bheith cothrom le nialas.

(7)

Ba cheart do na Ballstáit CORSIA a chur chun feidhme trí fhógra a thabhairt d’oibreoirí aerárthaí a bhfuil deimhniú aeroibreora acu a d’eisigh Ballstát agus d’oibreoirí aerárthaí atá cláraithe i mBallstát faoi fhritháireamh na n-oibreoirí aerárthaí sin i leith na bliana 2021 faoin 30 Samhain 2022.

(8)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Chinnidh seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(9)

Tá sé tábhachtach deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do na húdaráis náisiúnta agus d’oibreoirí aerárthaí maidir le fritháireamh CORSIA le haghaidh na bliana 2021, agus sin a dhéanamh a luaithe is féidir in 2022. Ba cheart, dá réir sin, an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm gan mhoill.

(10)

Gan dochar do ghlacadh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann le rannchuidiú na heitlíochta le sprioc laghdaithe astaíochtaí an Aontais ar fud an gheilleagair, agus lena gcuirtear chun feidhme go hiomchuí beart domhanda margadhbhunaithe, tá sé beartaithe nach mbeidh an Cinneadh seo ach ina bheart sealadach nach mbeidh feidhm leis ach go dtí go rachaidh tréimhse trasuímh na Treorach sin in éag. I gcás nach mbeidh an tréimhse trasuímh imithe in éag faoin 30 Samhain 2023 agus ina gcinneann ICAO go bhfuil FFE le haghaidh astaíochtaí 2022 cothrom le nialas, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt d’oibreoirí aerárthaí go bhfuil a gceanglais fritháirithe i ndáil leis an mbliain 2022 cothrom le nialas. Mura bhfuil FFE do astaíochtaí 2022 cothrom le nialas, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann, i gcás inarb iomchuí, togra nua a thíolacadh maidir leis na ceanglais fritháirithe sin a ríomh agus fógra a thabhairt fúthu.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2003/87/CE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 12 de Threoir 2003/87/CE, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“6.   Faoin 30 Samhain 2022, tabharfaidh na Ballstáit fógra d’oibreoirí aerárthaí go bhfuil, i leith na bliana 2021, a gceanglais fritháirithe de réir bhrí mhír 3.2.1 de Chaighdeáin Idirnáisiúnta agus Cleachtais Mholta ICAO maidir le Cosaint Comhshaoil i gcomhair na Scéime Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (SARPanna CORSIA) cothrom le nialas. Tabharfaidh na Ballstáit fógra d’oibreoirí aerárthaí a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá deimhniú aeroibreora arna eisiúint ag Ballstát ag oibreoirí aerárthaí nó tá siad cláraithe i mBallstát, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, na spleáchríocha agus na críocha den Bhallstát sin; agus

(b)

táirgeann siad astaíochtaí bliantúla CO2 níos mó ná 10 000 tona ó úsáid eitleán ag a bhfuil uasmhais dheimhnithe éirí de thalamh is mó ná 5 700 kg a dhéanann eitiltí a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo agus le hAirteagal 2(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ón gCoimisiún (*1), seachas na heitiltí sin a fhágann Ballstát amháin agus a thuirlingíonn sa Bhallstát céanna, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí den Ballstát sin, ón 1 Eanáir 2021.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), ní chuirfear astaíochtaí CO2 san áireamh ó na cineálacha eitiltí seo a leanas:

(i)

eitiltí stáit;

(ii)

eitiltí daonnúla;

(iii)

eitiltí leighis;

(iv)

eitiltí míleata;

(v)

eitiltí comhraic dóiteáin;

(vi)

eitiltí arna ndéanamh roimh eitilt dhaonnúil, eitilt leighis nó eitilt comhraic dóiteáin nó ina ndiaidh, ar choinníoll go ndearnadh eitiltí den sórt sin leis an aerárthach céanna agus go raibh orthu na gníomhaíochtaí gaolmhara daonnúla, leighis nó comhraic dóiteáin a chur i gcrích nó an t-aerárthach a athshuíomh tar éis na ngníomhaíochtaí sin dá chéad ghníomhaíocht eile.

7.   Fad agus atáthar ag fanacht ar ghníomh reachtach lena leasaítear an Treoir seo a mhéid a bhaineann le rannchuidiú na heitlíochta le sprioc laghdaithe astaíochtaí an Aontais ar fud an gheilleagair agus lena gcuirtear beart domhanda margadhbhunaithe chun feidhme go hiomchuí, agus i gcás nach bhfuil an tréimhse chun gníomh reachtach den sórt sin a thrasuí imithe in éag faoin 30 Samhain 2023, agus go bhfuil an Fachtóir Fáis Earnála (FFE) le haghaidh 2022, atá le foilsiú ag ICAO, cothrom le nialas, tabharfaidh na Ballstáit, faoin 30 Samhain 2023, fógra d’oibreoirí aerárthaí go bhfuil, i ndáil leis an mbliain 2022, a gceanglais fritháirithe de réir bhrí mhír 3.2.1 de SARPanna CORSIA de chuid ICAO cothrom le nialas.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 18 Eanáir 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  IO C 105, 4.3.2022, lch. 140.

(2)  IO C 301, 5.8.2022, lch. 116.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Nollaig 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Nollaig 2022.

(4)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(5)  Cinneadh (AE) 2018/2027 ón gComhairle an 29 Samhain 2018 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta i leith an Chéad Eagráin de na Caighdeáin Idirnáisiúnta agus na Cleachtais Mholta maidir le Cosaint an Chomhshaoil — an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) (IO L 325, 20.12.2018, lch. 25).

(6)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta a ghlac an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú astaíochtaí eitlíochta chun críche beart domhanda margadhbhunaithe a chur chun feidhme (IO L 250, 30.9.2019, lch. 10).