11.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 8/16


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/98 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Eanáir 2023

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le giar rialaithe lampaí, fearais solais, tástáil aeráide agus chomhshaoil agus trealamh cóirithe teochta eile agus feistí méadraithe agus monatóireachta cumhachta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), trealamh leictreach atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glacfar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na cuspóirí sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 3 den Treoir sin, cuspóirí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin agus a chumhdaítear faoi na caighdeáin chomhchuibhithe sin nó faoi chodanna díobh.

(2)

Le litir M/511 an 8 Samhain 2012, rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) agus ar Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI) an chéad liosta iomlán de theidil na gcaighdeán comhchuibhithe a sholáthar mar aon leis na caighdeáin chomhchuibhithe maidir le trealamh a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais, na caighdeáin sin a dhréachtú, a athbhreithniú agus a chur i gcrích chun tacú le Treoir 2014/35/AE (‘an iarraidh’). Na cuspóirí sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2014/35/AE agus a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, is cuspóirí iad nár tháinig athrú orthu ó rinneadh an iarraidh ar CEN, Cenelec agus ETSI.

(3)

Ar bhonn na hiarrata sin, dhréachtaigh CEN agus Cenelec caighdeán comhchuibhithe EN IEC 61010-2-012:2022 agus an leasú a rinneadh air EN IEC 61010-2-012:2022/A11:2022, maidir le tástáil aeráide agus chomhshaoil agus trealamh cóirithe teochta eile.

(4)

Ar bhonn na hiarrata, rinne CEN agus Cenelec athbhreithniú ar chaighdeán comhchuibhithe EN 60598-2-22:2014, arna leasú le EN 60598-2-22:2014/A1:2020 agus arna cheartú le EN 60598-2-22:2014/AC:2015, EN 60598-2-22:2014/AC:2016-05 agus EN 60598-2-22:2014/AC:2016-09, maidir le fearais solais le haghaidh soilsiú éigeandála, ar foilsíodh na tagairtí dóibh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 ón gCoimisiún (3). Dá thoradh sin, glacadh caighdeán comhchuibhithe EN IEC 60598-2-22:2022.

(5)

Ar bhonn na hiarrata, rinne CEN agus Cenelec leasú ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh le Teachtaireacht ón gCoimisiún (4): EN 61557-12:2008, le haghaidh feistí tomhais agus monatóireachta feidhmíochta; agus EN 60598-1:2015, arna leasú le EN 60598-1:2015/A1:2018 agus arna cheartú le EN 60598-1:2015/AC:2015, EN 60598-1:2015/AC:2016 agus EN 60598-1:2015/AC:2017-05, maidir le fearais solais. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas: EN IEC 61557-12:2022; agus EN IEC 60598-1:2021 agus an leasú air EN IEC 60598-1:2021/A11:2022.

(6)

Ar bhonn na hiarrata, rinne CEN agus Cenelec leasú ar chaighdeán comhchuibhithe EN 61347-2-7:2012, arna leasú le EN 61347-2-7:2012/A1:2019, maidir le giar rialaithe lampa, ar foilsíodh na tagairtí dó le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeán comhchuibhithe leasaitheach EN 61347-2-7:2012/A2:2022.

(7)

Na caighdeáin chomhchuibhithe sin agus na leasuithe atá déanta orthu, rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN agus Cenelec i dtaobh cé acu a chomhlíonann siad an iarraidh nó nach gcomhlíonann.

(8)

Comhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe na ceanglais sábháilteachta is aidhm dóibh a chumhdach, ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2014/35/AE: EN IEC 61010-2-012:2022 arna leasú le EN IEC 61010-2-012:2022/A11:2022; EN IEC 61557-12:2022; EN IEC 60598-1:2021 arna leasú le EN IEC 60598-1:2021/A11:2022; EN IEC 60598-2-22:2022; agus EN 61347-2-7:2012 arna leasú le EN 61347-2-7:2012/A1:2019, agus EN 61347-2-7:2012/A2:2022. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin sin agus na leasuithe orthu, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(9)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956, cuirtear ar fáil in Iarscríbhinn I a ghabhann leis tagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe lena dtugtar le fios go nglactar leis go bhfuil comhréir ann le Treoir 2014/35/AE. Chun a áirithiú gur in aon ghníomh amháin a liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/35/AE, ba cheart na tagairtí sin a chuimsiú san Iarscríbhinn sin.

(10)

Dá bhrí sin, na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 60598-2-22:2014 agus EN 61347-2-7:2012, mar aon leis na tagairtí d’aon chaighdeán leasaitheach nó ceartaitheach a bhaineann leo a foilsíodh sa tsraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ós rud é gur athbhreithníodh nó gur leasaíodh iad, is tagairtí iad sin is gá a tharraingt siar. Is iomchuí, dá bhrí sin, na tagairtí sin a scriosadh as Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956.

(11)

Dá bhrí sin, na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 61557-12:2008 agus EN 60598-1:2015, mar aon leis na tagairtí d’aon chaighdeán leasaitheach nó ceartaitheach a bhaineann leo a foilsíodh sa tsraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ós rud é gur athbhreithníodh iad, is tagairtí iad sin is gá a tharraingt siar freisin. In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956, liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/35/AE, tagairtí a tarraingíodh siar as sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí sin a chur leis an Iarscríbhinn sin.

(12)

Chun dóthain ama a thabhairt do mhonaróirí a dtrealamh leictreach a oiriúnú, trealamh atá cumhdaithe ag na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas: EN 61557-12:2008; EN 60598-1:2015, arna leasú le EN 60598-1:2015/A1:2018 agus arna cheartú le EN 60598-1:2015/AC:2015, EN 60598-1:2015/AC:2016 agus EN 60598-1:2015/AC:2017-05; EN 60598-2-22:2014 arna leasú le EN 60598-2-22:2014/A1:2020 agus arna cheartú le EN 60598-2-22:2014/AC:2015, EN 60598-2-22:2014/AC:2016-05 agus EN 60598-2-22:2014/AC:2016-09; agus EN 61347-2-7:2012 arna leasú le EN 61347-2-7:2012/A1:2019, is gá tarraingt siar na dtagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe sin a chur siar.

(13)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 a leasú dá réir.

(14)

Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin lena dtoimhdítear é a bheith i gcomhréir leis na buncheanglais chomhfhreagracha, lena n-áirítear cuspóirí sábháilteachta, a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 mar a leanas:

(a)

Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(b)

Leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag pointí (1) d’Iarscríbhinn I ón 11 Iúil 2024.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Eanáir 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

(2)  Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2019 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le trealamh leictreach a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais, caighdeáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 306, 27.11.2019, lch. 26).

(4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO C 326, 14.9.2018, lch. 4).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (AE) 2019/1956 mar a leanas:

(1)

scriostar rónna 14a agus 54;

(2)

cuirtear na rónna seo a leanas isteach in ord seicheamhach:

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

“14b.

EN IEC 60598-2-22:2022

Fearais solais — Cuid 2-22: Ceanglais áirithe - Fearais solais le haghaidh soilsiú éigeandála”

“54a.

EN 61347-2-7:2012

Giar rialaithe lampaí — Cuid 2-7: Ceanglais ar leith maidir le giar rialaithe leictreonach le soláthar cumhachta ó cheallraí le haghaidh soilsiú éigeandála (féinchuimsitheach)

EN 61347-2-7:2012/A1:2019

EN 61347-2-7:2012/A2:2022”;

(3)

cuirtear na rónna seo a leanas isteach:

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

“128.

EN IEC 60598-1:2021

Fearais solais - Cuid 1: Ceanglais ghinearálta agus tástálacha

EN IEC 60598-1:2021/A11:2022

129.

EN IEC 61010-2-012:2022

Ceanglais sábháilteachta maidir le trealamh leictreach le haghaidh tomhais, rialú agus úsáid saotharlainne - Cuid 2-012: Ceanglais ar leith maidir le tástáil aeráide agus comhshaoil agus trealamh eile cóirithe teochta

EN IEC 61010-2-012:2022/A11:2022

130.

EN IEC 61557-12:2022

Sábháilteacht leictreach i gcórais dáilte ísealvoltais suas le 1 000 V AC. agus 1 500 V DC - Trealamh le haghaidh bearta cosanta a thástáil nó a thomhas, nó le haghaidh monatóireacht a dhéanamh orthu - Cuid 12: Feistí méadraithe agus monatóireachta cumhachta (PMD)”.


IARSCRÍBHINN II

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956, cuirtear na rónna seo a leanas isteach:

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

Dáta an tarraingt siar

“118.

EN 60598-1:2015

Fearais solais - Cuid 1: Ceanglais ghinearálta agus tástálacha

EN 60598-1:2015/AC:2015

EN 60598-1:2015/AC:2016

EN 60598-1:2015/AC:2017-05

EN 60598-1:2015/A1:2018

11 Iúil 2024

119.

EN 61557-12:2008

Sábháilteacht leictreach i gcórais dáilte ísealvoltais suas le 1 000 V a.c. agus 1 500 V d.c. - Trealamh le haghaidh bearta cosanta a thástáil nó a thomhas, nó le haghaidh monatóireacht a dhéanamh orthu - Cuid 12: Feistí tomhais agus monatóireachta cumhachta (PMD)

11 Iúil 2024”.