10.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 7/27


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/69 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Eanáir 2023

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436 a mhéid a bhaineann le caighdeán comhchuibhithe do rothair leictreachuidithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (1), agus go háirithe Airteagal 10 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2006/42/CE, innealra a monaraíodh i gcomhréir le caighdeán comhchuibhithe, agus ar foilsíodh an tagairt dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, measfar go gcomhlíonann sé na buncheanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a chumhdaítear le caighdeán comhchuibhithe den sórt sin.

(2)

Trí litir M/396 an 19 Nollaig 2006, rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) (‘iarraidh M/396’) go ndéanfaí caighdeáin chomhchuibhithe chun tacú le Treoir 2006/42/CE a dhréachtú agus a athbhreithniú, agus go dtabharfaí an obair ar na caighdeáin sin i gcrích, ionas go gcuirfí athruithe san áireamh a tugadh isteach leis an Treoir sin i gcomparáid le Treoir 98/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(3)

Ar bhonn iarraidh M/396, dhréachtaigh CEN agus Cenelec caighdeán comhchuibhithe EN 15194:2017 maidir le rothair leictreachuidithe. Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436 ón gCoimisiún (3), foilsíodh tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(4)

An 23 Lúnasa 2019, chuir an Ísiltír agóid fhoirmiúil i láthair i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2006/42/CE i gcoinne chaighdeán comhchuibhithe EN 15194:2017, agus d’áitigh sí nach gcomhlíonann sé na buncheanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointí 1.5.5, 1.5.6 agus 1.5.7 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE arb é is aidhm don chaighdeán iad a chumhdach. D’áitigh an Ísiltír nach gcuireann caighdeán comhchuibhithe EN 15194:2017 eolas ar fáil ach amháin i bpointí 4.2.3.1 agus 4.2.3.2 maidir le hinfhaighteacht chaighdeáin Eorpacha EN 62133 agus EN 50604-1 chun ceallraí a thástáil, ach go dteipeann air aghaidh a thabhairt go cuimsitheach ar chomhtháthú sábháilte ceallraí i bpacaí ceallraí agus ar phacaí ceallraí a ionchorprú i ngléas deiridh. D’áitigh an Ísiltír nach leor sin chun measúnú a dhéanamh ar leibhéil sábháilteachta fhoriomlána an ghléis dheiridh, is é sin rothair leictreachuidithe, mar a léirítear sna heachtraí a tharlaíonn arís agus arís eile maidir leis na feithiclí sin atá feistithe le cealla ian litiam agus/nó pacaí ceallraí.

(5)

Pléadh an agóid fhoirmiúil sa Choiste a bunaíodh le hAirteagal 22 de Threoir 2006/42/CE, ag na cruinnithe an 2 agus an 3 Nollaig 2019 agus an 19 agus an 20 Feabhra 2020.

(6)

Sna cruinnithe sin, rinne an Ghearmáin agóid bhreise tríd an tuairim a chur in iúl nach gcomhlíonann caighdeán comhchuibhithe EN 15194:2017 ach oiread pointe 1.5.9 agus pointe 3.6.3.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE maidir leis na creathanna a sheoltar chuig an rothaí. De réir chaighdeán comhchuibhithe EN 15194:2017 níl na pointí sin infheidhme maidir le rothair leictreachuidithe. Mar sin féin, dar leis an nGearmáin, d’fhéadfadh creathanna den sórt sin tarlú agus na rothair sin á n-úsáid ar thalamh míchothrom.

(7)

Pléadh na hagóidí foirmiúla a rinne an Ísiltír agus an Ghearmáin sa Choiste a bunaíodh le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) an 2 Iúil 2021.

(8)

Tar éis scrúdú a dhéanamh ar chaighdeán comhchuibhithe EN 15194:2017 in éineacht le hionadaithe an choiste a bunaíodh le hAirteagal 22 de Threoir 2006/42/CE agus ionadaithe an choiste a bunaíodh le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach gcomhlíonann an caighdeán na buncheanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointí 1.5.5, 1.5.6, 1.5.7, 1.5.9 agus 3.6.3.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart caighdeán comhchuibhithe EN 15194:2017 a choinneáil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le srian.

(10)

Áirítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe EN 15194:2017 in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436. In Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin, liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2006/42/CE, tagairtí a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le srianta. Dá bhrí sin, ba cheart an tagairt do chaighdeán EN 15194:2017 a scriosadh ó Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436 agus ba cheart í a áireamh le srian in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436 a leasú dá réir.

(12)

Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na buncheanglais chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Eanáir 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 157, 9.6.2006, lch. 24.

(2)  Treoir 98/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hinnealra (IO L 207, 23.7.1998, lch. 1).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436 ón gCoimisiún an 18 Márta 2019 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le hinnealra arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 75, 19.3.2019, lch. 108).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/436 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn I, scriostar ró 16;

(2)

cuirtear an ró seo a leanas le hIarscríbhinn II:

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

Cineál

“4.

EN 15194:2017

Rothair — Rothair leictreachuidithe — Rothair EPAC

Fógra 1: Caighdeán comhchuibhithe EN 15194:2017, ní fhágann sé go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na buncheanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointí 1.5.5, 1.5.6 agus 1.5.7 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE, lena gceanglaítear innealra a dhearadh agus a thógáil chun na rioscaí a bhaineann le teochtaí foircneacha, dóiteán agus pléascadh a chur san áireamh.

Fógra 2: Caighdeán comhchuibhithe EN 15194:2017, ní fhágann sé go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na buncheanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointí 1.5.9 agus 3.6.3.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE, lena gceanglaítear innealra a dhearadh agus a thógáil chun na rioscaí a thagann as creathanna a chur san áireamh, agus lena gceanglaítear go gcuirfear tomhas na gcreathanna a sheoltar ón innealra chuig an oibreoir ar fáil in éineacht leis an innealra.

C”