|
5.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 3/16 |
CINNEADH (AE) 2023/55 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 16 Nollaig 2022
lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/1743 maidir le luach saothair sealúchas cúlchistí barrachais (BCE/2019/31) agus taiscí áirithe agus Cinneadh (AE) 2022/1521 maidir le coigeartuithe sealadacha ar luach saothair taiscí beartais neamhairgeadaíochta áirithe arna sealbhú le bainc cheannais náisiúnta agus leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2020/30) (BCE/2022/47)
Tá Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhleasc d’Airteagal 127(2) de,
Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhleasc d’Airteagal 3.1 agus Airteagail 17 agus 18 de,
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Mar a luaitear sa togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena mbunaítear Ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macra-airgeadais+) (1) agus sa togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 maidir le straitéis chistiúcháin éagsúlaithe a bhunú mar mhodh iasachta ginearálta (2), ní mór na riachtanais chistiúcháin uile le haghaidh thacaíocht an Aontais don Úcráin a shlógadh agus a íoc ar bhealach costéifeachtach agus fónta ó thaobh airgeadais de, lena gcomhtháthaítear na riachtanais chistiúcháin uile le haghaidh NextGenerationEU (“NGEU”). Dá bhrí sin, ba cheart cistiú a eagrú trí úsáid a bhaint as modh cistiúcháin aonair chun gur féidir freastal ar riachtanais bheartais éagsúla an Aontais i gcomhthráth, lena n-áiritheofar maoiniú comhthreomhar do chláir uile an Aontais atá ag brath ar iasachtaíocht. |
|
(2) |
Foráiltear lehAirteagal 13(2) de Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 lena mbunaítear na socruithe is gá chun na hoibríochtaí iasachtaíochta faoi Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle a riar agus le haghaidh na n-oibríochtaí iasachtaithe a bhaineann le hiasachtaí a dheonaítear i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) go gcoinneofar cuntas tiomnaithe leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) le haghaidh sealúchais airgid stuamachta. Tar éis modh cistiúcháin aonair a bhunú lena n-áiritheofar maoiniú comhthreomhar do chláir uile an Aontais a bhraitheann ar iasachtaí, tá an cuntas tiomnaithe a choimeádtar le BCE le húsáid freisin i gcomhthéacs an mhodha cistiúcháin aonair sin chun críocha sealúchais airgid stuamachta a bhaineann leis an Ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macra-airgeadais+). |
|
(3) |
Chinn an Chomhairle Rialaithe gurb iomchuí go leanfar d’íocaíocht a fháil maidir leis an gcuntas tiomnaithe a choimeádtar le BCE, a úsáidtear faoi láthair le haghaidh sealúchais stuamachta a bhaineann le NGEU agus a leathnófar lena úsáid freisin le haghaidh sealúchais stuamachta a bhaineann leis an Ionstraim chun tacaíocht a sholáthar don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macra-airgeadais+), ar bhonn na rialacha agus na bhforálacha a leagtar síos i gCinneadh (AE) 2019/1743 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2019/31) (4) agus i gCinneadh (AE) 2022/1521 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2022/30) (5). |
|
(4) |
Fanfaidh Cinneadh (AE) 2022/1521 (BCE/2022/30) i bhfeidhm go dtí an 30 Aibreán 2023. Go dtí an dáta sin, de bhun Airteagal 3 den Chinneadh sin, i gcás coinbhleacht idir é agus, inter alia, Airteagal 2 de Chinneadh (AE) 2019/1743 (BCE/2019/31), is é Cinneadh (AE) 2022/1521 (BCE/2022/30) a bheidh i réim. Dá bhrí sin, tá Cinneadh (AE) 2019/1743 (BCE/2019/31) agus Cinneadh (AE) 2022/1521 (BCE/2022/30) le léamh i gcomhar le chéile. |
|
(5) |
I bhfianaise na staide reatha san Úcráin, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm agus feidhm a bheith aige mar ábhar práinne. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, tá Cinneadh (AE) 2019/1743 (BCE/2019/31) agus Cinneadh (AE) 2022/1521 (BCE/2022/30) a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Chinneadh (AE) 2019/1743 (BCE/2019/31)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2 de Chinneadh (AE) 2019/1743 (BCE/2019/31):
“2. Maidir leis an gcuntas tiomnaithe a choimeádtar le BCE i gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 lena mbunaítear na socruithe is gá le haghaidh riar na n-oibríochtaí iasachtaíochta faoi Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle agus le haghaidh na n-oibríochtaí iasachtóireachta a bhaineann le hiasachtaí arna ndeonú i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) agus a úsáidtear chun críocha sealúchais stuamachta airgid thirim i ndáil le NextGenerationEU (“NGEU”) agus i ndáil leis an Ionstraim chun tacaíocht a sholáthar don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macra-airgeadais+), íocfar é de réir ráta nialas faoin gcéad nó de réir an ráta gearrthéarmach euro (€STR), cibé acu is airde, ach amháin i gcás inar mó ná EUR 20 billiún méid comhiomlán na dtaiscí atá á sealbhú sa chuntas tiomnaithe sin, agus sa chás sin íocfar an méid de bhreis mar seo a leanas:
|
(a) |
má tá an ráta saoráide taisce ar an lá féilire iomchuí nialas nó airde (dearfach), ag nialas faoin gcéad nó ráta gearrthéarmach an euro (€STR), cibé acu is ísle; |
|
(b) |
má tá an ráta saoráide taisce ar an lá féilire iomchuí níos ísle ná nialas (diúltach), ag ráta na saoráide taisce nó ag ráta gearrthéarmach an euro (€STR), cibé acu is ísle. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Chinneadh (AE) 2022/1521 (BCE/2022/30)
In Airteagal 2 de Chinneadh (AE) 2022/1521 (BCE/2022/30), cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
“3. Maidir leis an gcuntas tiomnaithe a choimeádtar le BCE i gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 lena mbunaítear na socruithe is gá le haghaidh riar na n-oibríochtaí iasachtaíochta faoi Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle agus le haghaidh na n-oibríochtaí iasachtóireachta a bhaineann le hiasachtaí arna ndeonú i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) agus a úsáidtear chun críocha sealúchais stuamachta airgid thirim i ndáil le NextGenerationEU (“NGEU”) agus i ndáil leis an Ionstraim chun tacaíocht a sholáthar don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macra-airgeadais+), íocfar é de réir ráta nialas faoin gcéad nó de réir an ráta gearrthéarmach euro (€STR), cibé acu is airde, ach amháin i gcás inar mó ná EUR 20 billiún méid comhiomlán na dtaiscí atá á sealbhú sa chuntas tiomnaithe sin, agus sa chás sin íocfar an méid de bhreis ar EUR 20 billiún ag ráta na saoráide taisce nó ag ráta gearrthéarmach an euro (€STR), cibé acu is ísle.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
1. Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2. Beidh feidhm aige ón 9 Eanáir 2023.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 16 Nollaig 2022.
Uachtarán BCE
Christine LAGARDE
(1) COM(2022) 597 final.
(2) COM(2022) 596 final.
(3) C(2021) 2502 final.
(4) Cinneadh (AE) 2019/1743 ón mBanc Ceannais Eorpach an 15 Deireadh Fómhair 2019 maidir le luach saothair sealúchas cúlchistí barrachais agus taiscí áirithe (BCE/2019/31) (IO L 267, 21.10.2019, lch. 12).
(5) Cinneadh (AE) 2022/1521 ón mBanc Ceannais Eorpach an 12 Meán Fómhair 2022 maidir le coigeartuithe sealadacha ar luach saothair taiscí áirithe beartais neamhairgeadaíochta arna sealbhú le bainc cheannais náisiúnta agus leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2022/30) (IO L 236I, 13.9.2022, lch. 1).