4.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 2/126 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/10 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Nollaig 2022
lena leasaítear an Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le bolgach caorach agus le bolgach gabhar sa Spáinn
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 9947)
(Is é an téacs Spáinnise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is galar víreasach tógálach é bolgach caorach agus bolgach gabhar a bhíonn ar ainmhithe de chineál caorach nó gabhair agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. I gcás ráige den ghalar sin in ainmhithe den chineál gabhair agus den chineál caorach, tá riosca tromchúiseach ann go leathfaidh sé go bunaíochtaí eile ina gcoimeádtar na hainmhithe sin. |
(2) |
Sainmhínítear bolgach caorach agus bolgach gabhar mar ghalar de chatagóir A i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (2). Ina theannta sin, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (3) forlíontar na rialacha i dtaca le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainítear mar ghalair i gcatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882. Go háirithe, déantar foráil in Airteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar i gcatagóir A, lena n-áirítear bolgach caorach agus bolgach gabhar, agus maidir le bearta áirithe rialaithe galar a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta crios cosanta agus crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall ar na criosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh. |
(3) |
Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333 ón gCoimisiún (4) faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos leis bearta éigeandála don Spáinn i ndáil le ráigeanna de bholgach caorach agus de bholgach gabhar, a braitheadh i réigiúin na hAndalúise agus Castilla-La Mancha, ar dhá bhraisle ar leith iad, ceann amháin i ngach réigiún. |
(4) |
Go sonrach, foráiltear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333 maidir leis na criosanna cosanta agus faireachais agus na criosanna srianta breise, atá le bunú ag an Spáinn tar éis ráigeanna de bholgach caorach agus de bholgach gabhar, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, go gcuimseoidh na criosanna sin ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin. |
(5) |
Thairis sin, san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Chur Chun Feidhme (AE) 2022/2333, na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, déantar iad a thiomsú agus dáta céanna maidir leis an bhfad a bheidh na bearta i bhfeidhm, le haghaidh gach braisle, agus an dáta a tugadh an réamhghlanadh agus an réamhdhíghalrú deireanach i gcrích á chur san áireamh, ionas go ndearnadh réamhghlanadh agus réamhdhíghalrú i leith gach ráige laistigh den limistéar céanna, san Andalúis agus in Castilla-La Mancha araon. |
(6) |
I dteannta na gcriosanna cosanta agus faireachais, bunaíodh crios srianta breise, i gcomhréir le hAirteagal 21(1), pointe (c) de Rialachán Tarmligthe 2020/687, i réigiún na hAndalúise, áit nach raibh éabhlóid an ghalair chomh fabhrach céanna agus áit ina bhfuil de cheanglais ar an Spáinn bearta áirithe a chur i bhfeidhm, maidir le srianta ar ghluaiseachtaí caorach agus gabhar lasmuigh den chrios sin, d’fhonn cosc a chur ar leathadh an ghalair chuig an gcuid eile dá críoch. |
(7) |
Ó bhí dáta glactha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333 ann, thug an Spáinn fógra don Choimisiún faoi dhá ráig bhreise de bholgach caorach agus de bholgach gabhar i mbunaíochtaí inar coimeádadh ainmhithe den chineál caorach agus/nó den chineál gabhair, bunaíochtaí atá lonnaithe i réigiún Castilla-La Mancha. Tá an dá ráig lonnaithe lasmuigh de na limistéir a liostaítear cheana mar chriosanna cosanta agus faireachais sa réigiún sin san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333, agus deimhníodh iad tar éis an dáta a raibh na bearta i gcrios cosanta agus faireachais an réigiúin sin infheidhme. |
(8) |
Rinne údarás inniúil na Spáinne na bearta rialaithe galar is gá i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear bunú criosanna cosanta agus faireachais timpeall ar an dá ráig nua sin. |
(9) |
Chuir an Spáinn nuashonruithe ar fáil don Choimisiún go rialta i leith na staide eipidéimeolaíche maidir le bolgach caorach agus bolgach gabhar ina críoch. Áirítear leis na nuashonruithe sin na bearta rialaithe galar a rinne an Spáinn agus a ndéanann an Coimisiún athbhreithniú orthu, chun measúnú a dhéanamh ar a n-éifeachtacht, agus éabhlóid an ghalair á cur san áireamh. |
(10) |
Thairis sin, mar fhreagairt ar na ráigeanna is déanaí in Castilla – La Mancha, chuir an Spáinn in iúl don Choimisiún gur chinn sí síneadh a chur le cur i bhfeidhm na mbeart sna criosanna cosanta agus faireachais sa réigiún sin, thar na dátaí a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333. |
(11) |
Dá bhrí sin, na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais agus na criosanna srianta breise don Spáinn san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333, ba cheart iad a leasú, ó thaobh spáis agus/nó ama de, agus ba cheart crios srianta breise a bhunú, i réigiún Castilla-La Mancha. |
(12) |
Ina theannta sin, d’fhonn an riosca a bhaineann leis an ngalar a leathadh ó Andalúis agus Castilla-La Mancha a mhaolú tuilleadh, Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333, lena leagtar síos na bearta atá le cur i bhfeidhm sna criosanna srianta breise, ba cheart é a leasú ionas go mbeidh feidhm ag na bearta a bhaineann leis na modhanna iompair a úsáidtear le haghaidh gluaiseacht caorach agus gabhar lasmuigh de na criosanna srianta breise, go mbeidh feidhm acu maidir le gach gluaiseacht den sórt sin. |
(13) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar, tá sé tábhachtach go mbeadh feidhm ag na bearta a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo a luaithe is féidir. |
(14) |
Ina theannta sin, agus aird á tabhairt ar an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair san Aontas a mhéid a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo go dtí an 30 Aibreán 2023. |
(15) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333 a leasú dá réir. |
(16) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333 mar a leanas:
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3: “Airteagal 3 Bearta a bheidh le cur i bhfeidhm sa chrios srianta breise 1. Gluaiseachtaí caorach agus gabhar ón gcrios srianta breise go dtí ceann scríbe lasmuigh den chrios srianta breise sin, ní cheadófar iad ach amháin má údaraíonn an t-údarás inniúil iad agus má chomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 2 agus 3. 2. Na gluaiseachtaí seo a leanas maidir le caoirigh agus gabhair a choimeádtar sa chrios srianta breise lasmuigh den chrios sin laistigh de chríoch na Spáinne, féadfaidh an t-údarás inniúil iad a údarú faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha seo a leanas:
3. Beidh na nithe seo a leanas fíor i leith na modhanna iompair a úsáidfear chun na caoirigh agus na gabhair a aistriú:
|
2. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: “Airteagal 5 Cur i bhfeidhm Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 30 Aibreán 2023.” |
3. |
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333. |
Airteagal 2
Seolaí
Is chuig Ríocht na Spáinne a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Nollaig 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil baol suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2333 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2022 maidir le bearta áirithe éigeandála a bhaineann le bolgach caorach agus bolgach gabhar sa Spáinn agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1913 (IO L 308, 29.11.2022, lch. 22).
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN
A. Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar ráigeanna deimhnithe
Réigiún agus uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid de na criosanna srianta sa Spáinn dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí |
Réigiún Castilla – La Mancha ES-CAPRIPOX-2022-00003 ES-CAPRIPOX-2022-00004 ES-CAPRIPOX-2022-00006 ES-CAPRIPOX-2022-00007 ES-CAPRIPOX-2022-00008 ES-CAPRIPOX-2022-00009 ES-CAPRIPOX-2022-00015 ES-CAPRIPOX-2022-00016 ES-CAPRIPOX-2022-00022 ES-CAPRIPOX-2022-00023 |
An crios cosanta: Na codanna sin de chúige Cuenca, laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 3 chiliméadar, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí UTM 30, ETRS89 seo a leanas: domhanleithead 39,5900156, domhanfhad -2,6593263 (2022/3); domhanleithead 39,5928739, domhanfhad —2,6693747 (2022/4); domhanleithead 39,6168798, domhanfhad -2,6208532 (2022/6); domhanleithead 39,5855338, domhanfhad —2,6638083 (2022/7); domhanleithead 39,5852137, domhanfhad -2,6648247 (2022/8); domhanleithead 39,5941535, domhanfhad —2,6691450 (2022/9); domhanleithead 39,5929735, domhanfhad -2,6707458 (2022/15); domhanleithead 39,5947196, domhanfhad —2,6688651 (2022/16); Comhordanáidí ETRS89 domhanleithead 39,5179330 domhanfhad -2,4959464 (2022/22); domhanleithead 39,5005592, domhanfhad —2,1285776 (2022/23) |
30.12.2022 |
An crios faireachais: Na codanna sin de chúige Cuenca, lasmuigh den limistéar a dtugtar tuairisc air sa chrios cosanta agus atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 gciliméadar agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí UTM 30, ETRS89 seo a leanas: domhanleithead 39,5900156, domhanfhad -2,6593263 (2022/3); domhanleithead 39,5928739, domhanfhad —2,6693747 (2022/4); domhanleithead 39,6168798, domhanfhad -2,6208532 (2022/6); domhanleithead 39,5855338, domhanfhad —2,6638083 (2022/7); domhanleithead 39,5852137, domhanfhad -2,6648247 (2022/8); domhanleithead 39,5941535, domhanfhad —2,6691450 (2022/9); domhanleithead 39,5929735, domhanfhad -2,6707458 (2022/15); domhanleithead 39,5947196, domhanfhad —2,6688651 (2022/16); Comhordanáidí ETRS89 domhanleithead 39,5179330 domhanfhad -2,4959464 (2022/22); domhanleithead 39,5005592, domhanfhad —2,1285776 (2022/23) |
8.1.2023 |
|
An crios faireachais: Na codanna sin de chúige Cuenca, laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 3 chiliméadar, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí UTM 30, ETRS89 seo a leanas: domhanleithead 39,5900156, domhanfhad -2,6593263 (2022/3); domhanleithead 39,5928739, domhanfhad —2,6693747 (2022/4); domhanleithead 39,6168798, domhanfhad -2,6208532 (2022/6); domhanleithead 39,5855338, domhanfhad —2,6638083 (2022/7); domhanleithead 39,5852137, domhanfhad -2,6648247 (2022/8); domhanleithead 39,5941535, domhanfhad —2,6691450 (2022/9); domhanleithead 39,5929735, domhanfhad -2,6707458 (2022/15); domhanleithead 39,5947196, domhanfhad —2,6688651 (2022/16); Comhordanáidí ETRS89 domhanleithead 39,5179330 domhanfhad -2,4959464 (2022/22); domhanleithead 39,5005592, domhanfhad —2,1285776 (2022/23) |
31.12.2022 – 8.1.2023 |
B. Criosanna srianta breise
Réigiún |
Limistéir a bhunaítear mar chriosanna srianta breise, cuid de na criosanna srianta sa Spáinn dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Réigiún na hAndalúise |
Crios srianta breise ina bhfuil na limistéir seo a leanas. I gCúige Granada, na bardasachtaí seo a leanas:
I gCúige Almería, na bardasachtaí seo a leanas:
|
16.1.2023 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
An réigiún Castilla – La Mancha |
Crios srianta breise ina bhfuil na limistéir seo a leanas: I gCúige Cuenca, na bardasachtaí seo a leanas:
I gCúige Albacete, na bardasachtaí seo a leanas:
I gCúige Ciudad Real, na bardasachtaí seo a leanas:
|
16.2.2023 |