29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 242/334 |
CINNEADH (AE) 2023/1895 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 10 Bealtaine 2023
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA) don bhliain airgeadais 2021
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí don bhliain airgeadais 2021, |
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2021, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2023 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2021 (06248/2023 – C9-0091/2023), |
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Aontais maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (4), agus go háirithe Airteagal 68 de, |
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, |
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0106/2023), |
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021; |
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArd-Rúnaí
Alessandro CHIOCCHETTI
(1) IO C 412, 27.10.2022, lch. 12.
(2) IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.