|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 242/123 |
CINNEADH (AE) 2023/1831 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 10 Bealtaine 2023
maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn VI – Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (1), |
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (COM(2022) 323 – C9-0232/2022) (2), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa chuig an údarás um urscaoileadh ar iniúchtaí inmheánacha arna ndéanamh in 2021, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2021, mar aon le freagraí na n-institiúidí (3), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (4) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus óngComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (5), agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 dá Rialacha Nós Imeachta agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann leo, |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0074/2023), |
|
1. |
ag tabhairt urscaoileadh d’Ard-Rúnaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i leith chur chun feidhme bhuiséad Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don bhliain airgeadais 2021; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArd-Rúnaí
Alessandro CHIOCCHETTI
(2) IO C 399, 17.10.2022, lch. 1.
(3) IO C 391, 12.10.2022, lch. 6.