30.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 338/35


RIALACHÁN (AE) 2022/2586 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Nollaig 2022

maidir le hAirteagail 93, 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i dtaca le catagóirí áirithe Státchabhrach in earnálacha an iompair ar iarnród, an iompair ar uiscebhealaí intíre agus an iompair ilmhódaigh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 109 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2015/1588 (2) ón gComhairle tugtar de chumhacht don Choimisiún a dhearbhú trí bhíthin rialachán go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach ar leith maidir le gnóthais a oibríonn in earnálacha éagsúla, amhail cabhair i bhfabhar chosaint an chomhshaoil, comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus nach bhfuil siad faoi réir na gceanglas maidir le fógra a thabhairt atá in Airteagal 108(3) den Chonradh (“na ceanglais maidir le fógra a thabhairt”). Mar sin féin, ní chumhdaítear le Rialachán (AE) 2015/1588, i measc nithe eile, cabhair chun tacú le hiompar ar iarnród agus iompar ar uiscebhealaí intíre ná iompar ilmhódach mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Tá na hearnálacha sin tar éis éirí níos ábhartha ar leibhéal an Aontais, i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, agus an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste arna leagan amach ag an gCoimisiún sna teachtaireachtaí uaidh, faoi seach, an 11 Nollaig 2019 agus an 9 Nollaig 2020.

(2)

De réir Airteagal 93 den Chonradh, meastar go bhfuil cabhair maidir le hiompar ar iarnród, iompar ar uiscebhealaí intíre agus iompar ilmhódach ag luí leis na Conarthaí, má chomhlíontar na riachtanais maidir le comhordú an iompair nó más cabhair nó más ionann í agus aisíocaíocht as comhlíonadh oibleagáidí áirithe is gné dhílis de choincheap na seirbhíse poiblí.

(3)

Tá an Coimisiún tar éis Airteagal 93, Airteagal 107(1) agus Airteagal 108 den Chonradh a chur i bhfeidhm san iliomad cinntí maidir le catagóirí áirithe Státchabhrach do ghnóthais atá gníomhach in earnálacha an iompair ar iarnród, an iompair ar uiscebhealaí intíre agus an iompair idirmhódúil, agus tá treoirlínte forbartha aige chun catagóirí státchabhrach áirithe a mheas, catagóirí a mheastar go gcomhlíonann siad na riachtanais maidir le comhordú an iompair. De réir thaithí an Choimisiúin, ní bheidh aon saobhadh suntasach ar an iomaíocht mar thoradh ar chabhair den sórt sin, ar choinníoll go ndeonaítear í bunaithe ar nósanna imeachta oscailte, trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha, agus gur féidir coinníollacha soiléire comhoiriúnachta a bhunú ar bhonn na taithí atá ann.

(4)

Dá bhrí sin, d’fhonn an riarachán a shimpliú i gcásanna ina bhfuil saobhadh ar an iomaíocht chomh teoranta agus is féidir, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún, maidir le cabhair le haghaidh iompar a chomhordú nó aisíocaíocht as comhlíonadh oibleagáidí áirithe is gné dhílis de choincheap na seirbhíse poiblí dá dtagraítear in Airteagal 93 den Chonradh, chun a dhearbhú trí bhíthin rialachán go bhfuil an chabhair sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus nach bhfuil sí faoi réir na gceanglas maidir le fógra a thabhairt.

(5)

Státchabhair arb é atá inti aisíocaíocht as comhlíonadh oibleagáidí áirithe maidir le seirbhísí iompair phoiblí, cumhdaítear í cheana le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), lena n-áirítear i gcás ina gcinnfidh na Ballstáit an Rialachán sin a chur i bhfeidhm maidir le hiompar poiblí do phaisinéirí ar uiscebhealaí intíre agus ar uiscí farraige náisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart cúiteamh as seirbhís phoiblí a bhaineann le hiompar poiblí do phaisinéirí a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(6)

Agus rialacháin á nglacadh aige lena ndíolmhaítear catagóirí áirithe cabhrach nach bhfuil faoi réir ceanglais maidir le fógra a thabhairt de bhun an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún cuspóir na cabhrach an méid seo a leanas a shonrú: catagóirí na dtairbhithe; tairseacha lena dteorannaítear an chabhair; na coinníollacha lena rialaítear carnadh na cabhrach agus na coinníollacha faireacháin, agus ba cheart dó coinníollacha mionsonraithe breise a leagan síos chun a áirithiú go mbeidh an chabhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

(7)

Tá sé tábhachtach go mbeadh gach páirtí in ann a sheiceáil cibé acu a dheonaítear nó nach ndeonaítear cabhair i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme. Dá bharr sin, tá trédhearcacht na Státchabhrach riachtanach chun rialacha an Chonartha a chur i bhfeidhm i gceart agus eascraíonn comhlíonadh níos fearr, cuntasacht níos fearr, athbhreithniú piaraí agus caiteachais phoiblí níos éifeachtúla as an trédhearcacht sin. Chuige sin, ba cheart ceangal ar gach Ballstát achoimrí faisnéise a sholáthair maidir le cabhair atá curtha chun feidhme aige agus atá clúdaithe le rialachán arna ghlacadh de bhun an Rialacháin seo. Chun trédhearcacht na mbeart a ghlacann gach Ballstát a áirithiú, ba cheart don Choimisiún na hachoimrí sin a fhoilsiú.

(8)

De bhun Airteagal 108(1) den Chonradh, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú leanúnach ar na córais cabhrach uile atá ann, i gcomhar le Ballstáit. Chun na críche sin agus chun an leibhéal trédhearcachta is mó is féidir agus rialú leordhóthanach a áirithiú, ba cheart do gach Ballstát cur i bhfeidhm na rialachán arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a thaifeadadh agus a thiomsú. Uair sa bhliain ar a laghad, ba cheart do gach Ballstát tuarascáil ar chur i bhfeidhm rialachán den sórt sin a sholáthair don Choimisiún. Ba cheart don Choimisiún na tuarascálacha sin a chur ar fáil do na Ballstát eile uile.

(9)

Sula nglacann an Coimisiún rialacháin de bhun an Rialacháin seo, ba cheart dó a chur ar chumas do gach duine agus gach eagraíocht leasmhar a gcuid barúlacha a chur isteach chun aiseolas a bhailiú atá chomh cuimsitheach agus chomh hionadaíoch agus is féidir. Chun na críche sin, ba cheart dó dréachtaí de rialacháin den sórt sin a fhoilsiú.

(10)

Ba cheart dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Státchabhair, arna bhunú le Rialachán (AE) 2015/1588, tráth a fhoilseofar dréachtrialachán de bhun an Rialacháin seo. Mar sin féin, ar mhaithe le trédhearcacht, ba cheart an dréachtrialachán sin a phoibliú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin freisin.

(11)

Baineann rialú ar dheonú cabhrach le saincheisteanna fíorasacha, dlí agus eacnamaíocha an-chasta lena mbaineann an-éagsúlacht i dtimpeallacht lena mbaineann síorathrú. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú rialta a dhéanamh ar na catagóirí cabhrach nár cheart a bheith faoi réir na gceanglas maidir le fógra a thabhairt. Chuige sin, ba cheart dó tuarascáil mheastóireachta maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach 5 bliana,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Blocdhíolúintí

1.   Féadfaidh an Coimisiún, faoi réir Airteagal 5 den Rialachán seo, rialacháin a ghlacadh lena ndearbhófar go mbeidh na haicmí cabhrach seo a leanas, de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh, comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus nach mbeidh siad faoi réir na gceanglas maidir le fógra a thabhairt atá in Airteagal 108(3) den Chonradh:

(a)

cabhair le haghaidh iompar a chomhordú;

(b)

cabhair le haghaidh aisíocaíocht as comhlíonadh oibleagáidí áirithe is gné dhílis de choincheap na seirbhíse poiblí, gan cúiteamh as seirbhís phoiblí maidir le seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí a áireamh, a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007.

2.   Sonrófar i rialacháin a ghlactar de bhun mhír 1 na nithe seo a leanas do gach catagóir cabhrach:

(a)

cuspóir na cabhrach;

(b)

catagóirí na dtairbhithe;

(c)

tairsí a léirítear mar seo a leanas:

(i)

i dtéarmaí déiní cabhrach i ndáil le sraith costas incháilithesraith costais incháilithe

(ii)

i dtéarmaí uasmhéideanna cabhrach, nó,

(iii)

i dtéarmaí an uasleibhéil tacaíochta ón Stát sa chabhair, nó a bhaineann leis an gcabhair, le haghaidh cineálacha áirithe cabhrach i gcás ina bhféadfadh sé a bheith deacair an déine cabhrach dá dtagraítear i bpointe (i) nó méid na cabhrach dá dtagraítear i bpointe (ii) a shainaithint go beacht, go háirithe ionstraimí innealtóireachta airgeadais nó infheistíochtaí caipitil riosca nó infheistíochtaí de chineál comhchosúil, gan dochar d'incháilitheacht na mbeart lena mbaineann i bhfianaise Airteagal 107(1) den Chonradh;

(d)

na coinníollacha a rialaíonn carnadh cabhrach; agus

(e)

na rialacha trédhearcachta agus faireacháin a leagtar amach in Airteagal 2.

3.   Ina theannta sin, féadfaidh na rialacháin a ghlactar de bhun mhír 1 an méid seo a leanas a dhéanamh, go háirithe:

(a)

tairsí nó coinníollacha eile a leagan síos chun fógra a thabhairt maidir le dámhachtainí cabhrach aonair;

(b)

earnálacha áirithe a eisiamh óna raon feidhme;

(c)

coinníollacha breise a cheangal maidir le comhoiriúnacht cabhrach leis an margadh inmheánach.

Airteagal 2

Trédhearcacht agus faireachán

1.   Áireofar ar rialacháin a ghlactar de bhun Airteagal 1(1), rialacha mionsonraithe chun trédhearcacht agus faireachán ar chabhair.

2.   I gcás ina cuirfidh Ballstát chun feidhme scéimeanna cabhrach nó cabhair aonair nach bhfuil faoi réir ceanglais maidir le fógra a thabhairt de bhun rialachán arna nglacadh de bhun Airteagal 1(1), soláthróidh sé don Choimisiún achoimrí ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an gcabhair sin. Foilseoidh an Coimisiún na hachoimrí sin.

3.   Déanfaidh gach Ballstát an fhaisnéis ar fad maidir le cur i bhfeidhm na rialachán a ghlactar de bhun Airteagal 1(1) a thaifeadadh agus a thiomsú. I gcás ina bhfuil faisnéis ag an gCoimisiún a thugann údar dó a chreidiúint nach bhfuil rialachán arna ghlacadh de bhun Airteagal 1(1) á chur i bhfeidhm mar is ceart, soláthróidh an Ballstát lena mbaineann don Choimisiún aon fhaisnéis a mheasann an Coimisiún is gá chun a mheas an gcomhlíonann cabhair a dheonaítear faoin rialachán sin a coinníollacha.

4.   Uair amháin sa bhliain ar a laghad, soláthróidh gach Ballstát tuarascáil don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm na rialachán arna nglacadh de bhun Airteagal 1(1), i gcomhréir le ceanglais shonracha an Choimisiúin. Cuirfidh an Coimisiún rochtain ar na tuarascálacha sin ar fáil do na Ballstáit eile uile. Déanfaidh an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 5 na tuarascálacha sin a scrúdú agus a mheas uair sa bhliain.

Airteagal 3

Tréimhse bhailíochta agus leasú ar rialacháin

1.   Rialacháin a ghlactar de bhun Airteagal 1(1), sonrófar iontu a dtréimhse bhailíochta agus déanfar foráil maidir le hidirthréimhse i gcás nach gcuirtear síneadh lena dtréimhse bhailíochta nuair a rachaidh siad in éag.

2.   Nuair a dhéanfar rialacháin a ghlactar de bhun Airteagal 1(1) a aisghairm nó a leasú le rialachán nua, déanfar foráil leis an rialachán nua go mbeidh idirthréimhse 6 mhí ann chun go bhféadfar cabhair a chumhdaítear leis an rialachán arna aisghairm nó arna leasú a choigeartú.

Airteagal 4

Éisteacht daoine agus eagraíochtaí leasmhara

Sula nglacfar rialachán de bhun Airteagal 1(1), foilseoidh an Coimisiún dréacht de ionas go mbeidh gach duine agus eagraíocht leasmhar in ann a mbarúlacha a chur isteach laistigh de theorainn ama a shocróidh sé. Mí amháin ar a laghad a bheidh sa teorainn ama sin. An tráth céanna, déanfaidh an Coimisiún an dréachtrialachán sin a phoibliú ar a shuíomh gréasáin.

Airteagal 5

Comhairliúchán leis an gCoiste Comhairleach um Státchabhair

1.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Státchabhair arna bhunú le Rialachán (AE) 2015/1588 (“an Coiste”):

(a)

an tráth céanna a fhoilseofar aon dréacht-rialachán de bhun Airteagal 4; agus

(b)

sula nglacfar aon rialachán de bhun Airteagal 1(1).

2.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste ag cruinniú a ghairfidh sé trí bhíthin cumarsáide leictreonaí. Cuirfear na dréachtaí agus na doiciméid a bhfuil scrúdú le déanamh orthu i gceangal leis an teachtaireacht leictreonach. Reáchtálfar an cruinniú tráth nach luaithe ná 3 mhí tar éis na teachtaireachta leictreonaí. Féadfar an tréimhse sin a laghdú i gcás na gcomhairliúchán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcás ina bhfuil údar leis sin ar chúiseanna práinne nó chun síneadh a chur le tréimhse bhailíochta rialacháin arna ghlacadh de bhun Airteagal 1(1).

3.   Cuirfidh ionadaí an Choimisiúin dréacht de na bearta a bheidh le glacadh faoi bhráid an Choiste. Tabharfaidh an Coiste a thuairim faoin dréacht, laistigh de theorainn ama a bhféadfaidh Cathaoirleach den Choiste a leagan síos de réir phráinn an ábhair, trí vótáil a dhéanamh más gá.

4.   Taifeadfar tuairim an Choiste i miontuairiscí an chruinnithe. Féadfaidh gach Ballstát a iarraidh go ndéanfar a sheasamh féin a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe. Féadfaidh an Coiste a mholadh go bhfoilseofar an tuairim in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5.   Cuirfidh an Coimisiún san áireamh an tuairim a thugann an Coiste agus cuirfidh sé in iúl don Choiste faoin dóigh a ndearnadh a thuairim a chur san áireamh.

Airteagal 6

Tuarascáil mheastóireachta

Gach 5 bliana, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuirfidh sé dréacht den tuarascáil sin faoi bhráid an Choiste ar dtús lena bhreithniú.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)  Tuairim an 13.12.2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 2015/1588 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i dtaobh catagóirí áirithe de Státchabhair chothrománach (IO L 248, 24.9.2015, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle (IO L 315, 3.12.2007, lch. 1).