29.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 335/64


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2580 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Meitheamh 2022

lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis atá le soláthar san iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, agus lena sonraítear na bacainní lena bhféadfaí cosc a chur ar fheidhmiú éifeachtach feidhmeanna maoirseachta údarás inniúil

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus le maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta ó thaobh na stuamachta de, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (1), agus go háirithe Airteagal 8(2), pointí (a) agus (c), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar in iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Threoir 2013/36/AE, ba cheart leordhóthain mionsonraí agus cuimsitheachta a bheith san fhaisnéis chun a chur ar a chumas don údarás inniúil a mheasúnú cibé acu a chomhlíonann institiúid creidmheasa is iarratasóir na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 den Treoir sin agus sa dlí náisiúnta.

(2)

Ba cheart an fhaisnéis a dhéantar a thíolacadh in iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa a bheith fíor, cruinn, iomlán agus cothrom le dáta ón tráth a dhéantar an t-iarratas a thíolacadh go dtí údarú agus tosú na ngníomhaíochtaí. Chun na críche sin, ba cheart údaráis inniúla a chur ar an eolas faoi aon athrú ar an bhfaisnéis a soláthraíodh san iarratas tosaigh, agus ba cheart d’údaráis inniúla a bheith in ann a fhiosrú cibé acu a tharla aon athrú nó nuashonrú sular tosaíodh na gníomhaíochtaí. Chun a áirithiú go mbeidh forbhreathnú iomlán ag údaráis inniúla ar an institiúid creidmheasa is iarratasóir, ba cheart a cheadú d’údaráis inniúla, i gcás inar gá, soiléirithe sonracha nó faisnéis bhreise a iarraidh maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa.

(3)

Chun éifeachtúlacht a áirithiú agus chun dúbláil a sheachaint, ba cheart d’údaráis inniúla a bheith in ann an ceanglas, maidir le faisnéis atá acu cheana a thíolacadh, a tharscaoileadh, nó an ceanglas, chun faisnéis a thíolacadh a bhaineann le gníomhaíochtaí nach ndéanfaidh an institiúid creidmheasa is iarratasóir i gcás ina n-údarófar í, a tharscaoileadh.

(4)

Maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, ba cheart tuairisc a bheith ann ar an institiúid creidmheasa is iarratasóir agus faisnéis ann faoi aon ghníomhaíocht tráchtála roimhe ag an institiúid creidmheasa is iarratasóir agus ag a fochuideachtaí, agus faoi aon cheadúnas, aon údarú, aon chlárúchán nó aon chead eile atá acu, ar feithimh a fhormheasta, a diúltaíodh nó a cúlghaireadh.

(5)

Maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, ba cheart clár gníomhaíochtaí a bheith ann, lena ndéantar tuairisc ar na gníomhaíochtaí, lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de Threoir 2013/36/AE, a fheidhmeofar i gcás ina ndeonófar an t-údarú.

(6)

Chun é a chur ar a gcumas d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar phróifíl riosca fhoriomlán institiúide creidmheasa is iarratasóir, chun gach scairshealbhóir atá páirteach a chosaint, lena n-áirítear taisceoirí go háirithe, agus chun cobhsaíocht na margaí airgeadais ina bhfeidhmeoidh an institiúid creidmheasa is iarratasóir a áirithiú, ba cheart faisnéis faoi struchtúr oibriúcháin, línte gnó agus spriocmhargaí na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir a bheith in iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, lena n-áirítear dáileadh geografach an ghnó. Thairis sin, ba cheart d’institiúidí chreidmheasa is iarratasóirí faisnéis a sholáthar san iarratas faoina gcomhaltas, más ann dó, i scéim ráthaithe taiscí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (1), de Threoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(7)

Chun é a chur ar a gcumas d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar fhóntacht airgeadais institiúidí creidmheasa is iarratasóirí, ba cheart faisnéis airgeadais faoin institiúid creidmheasa is iarratasóir a bheith in iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, ar leibhéil aonair, chomhdhlúite agus fho-chomhdhlúite. Ar an gcúis chéanna, ba cheart d’údaráis inniúla a bheith in ann cáilíocht, tionscnamh agus comhdhéanamh caipitil tosaigh institiúide creidmheasa is iarratasóir a chinneadh, mar aon le cumas institiúide creidmheasa is iarratasóir chun ceanglais stuamachta a chomhlíonadh. Maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, ba cheart faisnéis a bheith ann dá bhrí sin faoin méid caipitil atá eisithe nó atá le heisiúint agus faoi chomhdhéanamh na gcistí dílse, agus cruthúnas, i gcás inarb ábhartha, go n-íocfar an caipiteal tosaigh go hiomlán sula dtosófar na gníomhaíochtaí. Chun a áirithiú gur féidir le húdaráis inniúla a mheasúnú cibé acu is gníomhaíocht dhlisteanach í an ghníomhaíocht lenar gineadh an caipiteal tosaigh, ba cheart faisnéis a bheith in iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa faoi thionscnamh an chaipitil tosaigh sin freisin.

(8)

Is gá a áirithiú go mbeidh institiúid creidmheasa is iarratasóir faoi bhainistíocht fhónta stuama agus faoi rialachas láidir ón tús, i gcomhréir leis na ceanglais nach mór d’institiúid creidmheasa a chomhlíonadh mar ábhar maoirseachta leanúnaí. Maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear in iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, ba cheart di, dá bhrí sin, a chur ar a gcumas d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar dhea-cháil, macántacht, ionracas, neamhspleáchas ó thaobh na smaointeoireachta de agus gealltanas ó thaobh ama de ag gach comhalta chomhlacht bainistíochta institiúide chreidmheasa is iarratasóir, mar aon le heolas, scileanna agus taithí chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta, ar leithligh agus i gcomhar le chéile araon. Maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear in iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, ba cheart di a chur ar a gcumas d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh freisin, i gcásanna sonraithe nach bhfuil measúnaithe cheana mar chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta, ar dhea-cháil, macántacht, ionracas, eolas, scileanna agus taithí cheannairí na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus an phríomhoifigigh airgeadais. Maidir leis an bhfaisnéis sin freisin, ba cheart di a chur ar a gcumas d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht cheannairí na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus an phríomhoifigigh airgeadais, i gcás nach cuid iad na daoine sin den chomhlacht bainistíochta, d’institiúidí creidmheasa suntasacha dá dtagraítear in Airteagal 76(3) de Threoir 2013/36/AE, i gcás nach cuid iad na hinstitúidí creidmheasa sin de ghrúpa, i gcás inar cuid iad de ghrúpa agus is iad an institiúid creidmheasa comhdhlúthúcháin, nó i gcás inar cuid iad de ghrúpa agus nach institiúid creidmheasa shuntasach í an institiúid creidmheasa comhdhlúthúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(3) de Threoir 2013/36/AE.

(9)

Is gá trédhearcacht struchtúr scairsheilbhe na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir a áirithiú agus cosc a chur ar choirpigh agus ar a gcomhpháirtithe sealúchais cháilithe a bheith acu in institiúidí creidmheasa, nó a bheith ina n-úinéirí tairbheacha sealúchas cáilithe in institiúidí creidmheasa. Maidir le hiarratais ar údarú mar institiúid creidmheasa, ba cheart faisnéis a bheith iontu dá bhrí sin faoi na daoine nó faoi na heintitis ag a bhfuil nó ag a mbeidh, i gcás údarú na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, sealúchais cháilithe san institiúid creidmheasa sin. Ar an gcúis chéanna, agus i gcás nach bhfuil nó nach mbeidh ag aon duine nó ag aon eintiteas eile, i gcás údarú na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, sealúchas cáilithe san institiúid creidmheasa, ba cheart faisnéis a bheith in iarratais ar údarú mar institiúid creidmheasa faoi na daoine is iad na fiche scairshealbhóir nó comhalta is mó faoi láthair nó a bheidh amhlaidh amach anseo, i gcás údarú na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, agus faoi gach duine ag a bhfuil nó ag a mbeidh, i gcás údaraithe, dlúthnaisc leis an institiúid creidmheasa.

(10)

Chun measúnú a dhéanamh ar theagmhais roimhe a bhaineann leis an institiúid creidmheasa is iarratasóir agus chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht a scairshealbhóirí agus a comhaltaí, agus ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta, ba cheart don institiúid creidmheasa is iarratasóir an fhaisnéis uile a sholáthar do na húdaráis inniúla faoi chiontuithe roimhe agus faoi imscrúduithe coiriúla, cásanna sibhialta agus riaracháin agus gníomhaíochtaí breithnithe eile atá ar feithimh de chuid na hinstitiúide creidmheasa, a scairshealbhóirí agus a comhaltaí, agus de chuid chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta,.

(11)

Ba cheart d’údaráis inniúla a bheith in ann measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá aon bhacainní ann a d’fhéadfadh cosc a chur ar fheidhmiú éifeachtach a bhfeidhmeanna maoirseachta, agus an fhaisnéis ábhartha uile, na himthosca ábhartha uile nó na staideanna ábhartha uile á cur nó á gcur san áireamh agus ag féachaint do ghnéithe a bhaineann le láithreacht gheografach, struchtúr grúpa agus socruithe maoirseachta mar a leagtar amach i dTreoir 2013/36/AE.

(12)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE).

(13)

Rinne ÚBE comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(14)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón XX.XX.XXXX chun dóthain ama a thabhairt do na húdaráis inniúla agus do na hinstitiúidí creidmheasa is iarratasóirí na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Faisnéis faoi aitheantas na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir

Maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, beidh ann an faisnéis uile seo a leanas faoi aitheantas na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir:

(a)

ainm agus sonraí teagmhála an duine lena bhfuiltear le dul i dteagmháil maidir leis an iarratas;

(b)

i gcás inarb ábhartha, ainm agus sonraí teagmhála an phríomhchomhairleora ghairmiúil atá páirteach in ullmhú an iarratais;

(c)

ainm reatha, ainm trádála agus lógó reatha na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, agus, i gcás inarb infheidhme, aon athrú a bheartaítear a dhéanamh ar na hainmneacha sin nó ar an lógó sin;

(d)

foirm dhlítheanach na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir;

(e)

dáta agus dlínse ionchorprú nó fhoirmiú na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir;

(f)

seoladh oifig chláraithe na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir agus, i gcás nach ionann é, seoladh a príomhoifige, agus a príomháite gnó;

(g)

i gcás nach ionann iad agus na sonraí teagmhála arna soláthar faoi phointe (a), sonraí teagmhála na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir;

(h)

i gcás ina bhfuil an institiúid creidmheasa is iarratasóir cláraithe i gclár lárnach, i gclár tráchtála, i gclár na gcuideachtaí nó i gclár poiblí comhchosúil, ainm an chláir sin, agus cláruimhir na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir nó modh aitheantais coibhéiseach sa chlár sin;

(i)

i gcás ina mbeidh fáil air, Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir;

(j)

dáta dheireadh na bliana cuntasaíochta le haghaidh na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir;

(k)

i gcás ina mbeidh fáil air, seoladh shuíomh gréasáin na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir;

(l)

airteagail chomhlachais na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir nó doiciméid bhunreachtúla choibhéiseacha, agus, i gcás inarb infheidhme, fianaise ar chlárú leis an gclár a ainmnítear le dlí an Bhallstáit lena mbaineann i gcomhréir le Airteagal 16 de Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

Airteagal 2

Faisnéis faoi stair na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir

Maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, beidh ann achoimre ar stair na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir agus a fochuideachtaí, lena n-áirítear an fhaisnéis uile seo a leanas:

(a)

mionsonraí faoi aon cheadúnas, aon údarú, aon chlárúchán nó aon chead eile de chuid na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir nó d’aon cheann dá fochuideachtaí chun gníomhaíochtaí a dhéanamh in earnáil na seirbhísí airgeadais, a dheonaigh údarás poiblí nó eintiteas eile a chomhlíonann feidhmeanna poiblí in aon Bhallstát nó in aon tríú tír agus a thagann faoi cheann de na catagóirí seo a leanas nó níos mó:

(i)

deonaíodh an ceadúnas, an t-údarú, an clárúchán nó an cead;

(ii)

tá an t-iarratas ar an gceadúnas, ar an údarú, ar an gclárúchán nó ar an gcead sin ar feitheamh nó diúltaíodh é;

(iii)

cúlghaireadh an ceadúnas, an t-údarú, an clárúchán nó an cead;

(iv)

tar éis don iarratas a bheith curtha isteach nó deonaithe, tá cinneadh déanta ag an institiúid creidmheasa is iarratasóir nó ag ceann dá fochuideachtaí gan dul ar aghaidh leis an iarratas sin nó an ceadúnas, an t-údarú, an clárúchán nó an cead sin a dhiúltú;

(b)

mionsonraí faoi aon teagmhas suntasach a bhaineann leis an institiúid creidmheasa is iarratasóir nó le haon cheann dá fochuideachtaí a tharla nó atá ag tarlú agus a d’fhéadfaí a mheas le réasún a bheith ábhartha le haghaidh an údaraithe, lena n-áirítear aon cheann de na hábhair seo a leanas:

(i)

más rud é go raibh an institiúid creidmheasa is iarratasóir nó aon cheann dá fochuideachtaí riamh faoi réir dearbhú moratóra ar aon fhéichiúnas, faoi réir próiseas athstruchtúraithe nó atheagraithe lena ndearnadh difear dá creidiúnaithe, faoi réir bearta a bhaineann leis an bhféidearthacht go ndéanfar íocaíochtaí a chur ar fionraí, bearta forfheidhmiúcháin a chur ar fionraí nó éilimh a laghdú, faoi réir díscaoileadh, imeachtaí foirceanta mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), nó faoi réir imeachtaí riaracháin, imeachtaí dócmhainneachta nó imeachtaí comhchosúla;

(ii)

más rud é go raibh an institiúid creidmheasa is iarratasóir nó aon cheann dá fochuideachtaí riamh ina hábhar nó ina n-ábhar d’aon phionós riaracháin, aon bhreithiúnas sibhialta nó riaracháin, aon eadráin nó aon dámhachtain réitigh eile maidir le díospóid bhreithiúnach, nó d’aon chinneadh nó aon bhreithiúnas maidir le cion coiriúil a dhéanamh, a raibh cinneadh in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir nó aon chinn dá fochuideachtaí ina thoradh air, nár cuireadh ar ceal agus nach bhfuil aon achomharc ar feitheamh ina aghaidh agus nach féidir aon achomharc a chomhdú ina aghaidh, cé is moite de phionóis riaracháin a forchuireadh de bhun Airteagail 65, 66 nó 67 de Threoir 2013/36/AE, agus de chiontuithe coiriúla, a soláthrófar faisnéis ina leith freisin le haghaidh rialuithe atá fós faoi réir achomhairc, lena n-áirítear:

(1)

aon bhreithiúnas nár sásaíodh nó aon dámhachtain atá fós amuigh;

(2)

aon socraíocht ar ar thángthas le haon duine dlítheanach nó nádúrtha, ag féachaint do théarmaí airgeadaíochta na socraíochtaí nó do na himthosca inar thángthas ar na socraíochtaí sin, in ábhar a bhaineann le hearnáil na seirbhísí airgeadais;

(3)

aon chiontú coiriúil nó aon phionós sibhialta nó riaracháin nó aon bheart sibhialta nó riaracháin eile atá déanta ag aon údarás in earnáil na seirbhísí airgeadais nó aon údarás eile mar gheall ar na nithe seo a leanas:

calaois, mímhacántacht, caimiléireacht, sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoirí nó coir airgeadais eile nó cliseadh beartais agus nósanna imeachta oiriúnacha a chur i bhfeidhm chun teagmhais den sórt sin a chosc,

mar gheall ar shárú reachtaíochta nó ceanglas rialála a bhaineann le hearnáil na seirbhísí airgeadais nó le cosaint tomhaltóirí,

mar gheall ar aon ghníomhaíocht rialáilte neamhúdaraithe a dhéanamh;

(4)

mar gheall ar aon ghearán foirmiúil eile atá déanta in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir nó aon chinn dá fochuideachtaí nó ag aon duine dá cuid cliant nó iarchliant atá réitithe i bhfabhar an ghearánaigh ag tríú páirtí neamhbhreithiúnach;

(iii)

cibé acu atá an institiúid creidmheasa is iarratasóir nó aon cheann dá fochuideachtaí, dáta an iarratais, páirteach in aon imeacht, nó in aon imscrúdú coiriúil, sibhialta nó riaracháin nó in imeachtaí eile dá dtagraítear in aon cheann de na hítimí a liostaítear i bpointe (b);

(c)

faisnéis ar na teagmhais a liostaítear i bpointe (b)(ii), lena n-áirítear ainm agus seoladh na cúirte coiriúla nó sibhialta nó an údaráis shibhialta nó riaracháin ábhartha lena mbaineann, dáta an teagmhais, an méid a bhí i gceist, toradh na n-imeachtaí agus míniú ar imthosca an teagmhais lenar tionscnaíodh na himeachtaí;

(d)

na heilimintí is gá chun na táillí is infheidhme a ríomh i gcás, de bhun dhlí an Aontais nó dlí náisiúnta, ina ríomhtar aon táille iarratais nó aon táille maoirseachta atá le híoc ag an institiúid creidmheasa is iarratasóir ar bhonn ghníomhaíochtaí nó thréithe na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir;

(e)

fianaise ar íoc aon cheann de na táillí dá dtagraítear i bpointe (d).

Airteagal 3

Clár gníomhaíochtaí na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir

Maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, beidh ann clár ar ghníomhaíochtaí na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

liosta de na gníomhaíochtaí a bhfuil sé beartaithe ag an institiúid creidmheasa is iarratasóir a dhéanamh, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE;

(b)

tuairisc ar an mbealach a dtagann clár na n-oibríochtaí (an plean gnó) leis na gníomhaíochtaí beartaithe.

Féadfaidh institiúid creidmheasa is iarratasóir faisnéis a fhágáil amach as an iarratas, ar faisnéis ábhartha í maidir le gníomhaíochtaí nach liostaítear i gclár na ngníomhaíochtaí, agus maidir leis na gníomhaíochtaí sin amháin, ar choinníoll go sainaithnítear san iarratas cén fhaisnéis atá fágtha amach agus go luaitear an fhoráil seo mar an bonn chun í a fhágáil amach.

Airteagal 4

Faisnéis airgeadais faoin institiúid creidmheasa is iarratasóir

Maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, beidh ann an fhaisnéis airgeadais uile seo a leanas:

(a)

faisnéis réamhaisnéise faoin institiúid creidmheasa is iarratasóir ar leibhéal aonair agus, i gcás inarb infheidhme, ar leibhéal grúpa chomhdhlúite agus ar leibhéal fho-chomhdhlúite, lena léirítear an cion a bhfuil an institiúid creidmheasa ina n-ionannas, in éineacht le bonnchás agus bonn cáis struis, lena n-áirítear:

(i)

pleananna réamhaisnéise cuntasaíochta i gcomhair na 3 bliana tar éis a húdaraithe mar institiúid creidmheasa nó, ag brath ar an dlí náisiúnta, tar éis thosú na ngníomhaíochtaí, lena mionsonraítear na línte gnó i dtaca le gach ceann de na gníomhaíochtaí difriúla a dhéantar, i gcás inarb ábhartha i dtaca le gach tír nó le gach limistéar geografach, lena n-áirítear:

(1)

cláir réamhaisnéis chomhardaithe;

(2)

cuntais réamhaisnéis bhrabúis agus chaillteanais nó ráitis réamhaisnéis ioncaim, lena mionsonraítear costais sheasta agus inathraitheacha agus lena soláthraítear tásc faoi íogaireacht an ghnó maidir le táscairí móra, lena n-áirítear toirt, praghas, tíreolaíocht agus risíocht, agus míniú ar na bearta atá dírithe ar an risíocht ar na rioscaí sin a laghdú;

(3)

ráitis réamhaisnéis faoi shreabhadh airgid i gcás inarb infheidhme;

(ii)

toimhdí pleanála le haghaidh na réamhaisnéisí dá dtagraítear i bpointe (i), mar aon le mínithe ar na figiúirí sna pleananna, agus go háirithe na toimhdí is bun le bonn an cháis struis;

(iii)

ríomhanna réamhaisnéis na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir i dtaca le ceanglais maidir le cistí dílse agus le caipiteal maolánach, dá dtagraítear i dTreoir 2013/36/AE agus i gCuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), i dtaca lena ceanglais maidir le cumhdach leachtachta dá dtagraítear i gCuid a Sé den Rialachán sin, agus i dtaca leis na ceanglais maidir le cóimheas luamhánaithe dá dtagraítear i gCuid a Seacht den Rialachán sin, ar feadh na 3 bliana tar éis a húdaraithe mar institiúid creidmheasa;

(iv)

an phróifíl cistiúcháin, lena n-áirítear aon fhoinse mhaoinithe, leibhéal an éagsúlaithe, agus a téarmaí agus coinníollacha an mhaoinithe;

(v)

achoimre ar an measúnú inmheánach ar leordhóthanacht na leachtachta, ar leibhéal aonair agus, i gcás inarb infheidhme, ar leibhéil chomhdhlúite, fho-chomhdhlúite agus aonair, de réir mar is infheidhme, lena léirítear go mbeidh acmhainní leachtachta na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir leordhóthanach chun a ceanglais aonair maidir le cumhdach leachtachta a chomhlíonadh;

(b)

ráitis airgeadais reachtúla na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, ar leibhéal aonair agus, i gcás inarb infheidhme, ar leibhéil chomhdhlúite agus fho-chomhdhlúite, formheasta ag an iniúchóir reachtúil nó ag gnólacht iniúchóireachta, lena gcumhdaítear na 3 bliana airgeadais deiridh ar a laghad roimh an iarratas, nó, i gcás ina bhfuil níos lú ná 3 bliana gníomhaíochta ag an institiúid creidmheasa is iarratasóir, lena gcumhdaítear an tréimhse ó thosú na gníomhaíochta sin, lena n-áirítear:

(i)

an clár comhardaithe;

(ii)

na cuntais bhrabúis agus chaillteanais nó na ráitis ioncaim;

(iii)

ráitis faoi shreabhadh airgid;

(iv)

na tuarascálacha bliantúla agus na hiarscríbhinní airgeadais agus aon doiciméad eile a comhdaíodh leis an gclárlann inniúil nó leis an údarás inniúil agus, i gcás inarb infheidhme, tuarascáil ó iniúchóir na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir lena gcumhdaítear na 3 bliana airgeadais deiridh roimh an iarratas nó, i gcás ina bhfuil níos lú ná 3 bliana gníomhaíochta ag an institiúid creidmheasa is iarratasóir, lena gcumhdaítear an tréimhse ó thosú na gníomhaíochta sin;

(v)

i gcás ráiteas a ullmhaítear ar bhonn comhdhlúite nó fo-chomhdhlúite, sciar na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir;

(c)

achoimre ar aon fhéichiúnas a tabhaíodh nó lena bhfuiltear ag súil go dtabhóidh an institiúid creidmheasa is iarratasóir sular dtosófar a gníomhaíochtaí mar institiúid creidmheasa, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, ainm na n-iasachtóirí, aibíochtaí agus téarmaí an fhéichiúnais sin, úsáid na bhfáltas agus, i gcás nach institiúid airgeadais faoi mhaoirseacht é an t-iasachtóir, faisnéis ar thionscnamh na gcistí a fuarthas ar iasacht nó ar na cistí lena bhfuiltear ag súil a fháil ar iasacht;

(d)

achoimre ar aon leas urrúis, ráthaíocht nó slánaíocht a deonaíodh nó lena bhfuiltear ag súil a bheith á dheonú nó á deonú ag an institiúid creidmheasa is iarratasóir sular dtosófar a gníomhaíochtaí mar institiúid creidmheasa;

(e)

i gcás ina mbeidh fáil uirthi, faisnéis faoi rátáil chreidmheasa na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir agus ar rátáil fhoriomlán a grúpa;

(f)

i gcás, de bhun Airteagal 11(1), (2), (3) agus Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ina bhfuil ar an institiúid creidmheasa is iarratasóir nó ar a máthairghnóthas Codanna a Dó go dtí a Sé nó Cuid a hOcht den Rialachán sin a chomhlíonadh, áireofar anailís ar raon feidhme na maoirseachta comhdhlúite, lena n-áirítear faisnéis ar eintitis an ghrúpa a áireofar i raon feidhme na maoirseachta comhdhlúite, agus anailís ar éifeacht aon tarscaoilte fhéideartha, aon mhaolaithe fhéideartha, aon eisiaimh fhéideartha nó aon mhodha shonraigh fhéideartha nó aon láimhseála sonraí féideartha dá dtagraítear i gCuid a hAon, Teideal II, den Rialachán sin;

(g)

achoimre ar na creataí agus ar na beartais seo a leanas de chuid na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir:

(i)

an creat bainistíochta riosca, lena mínítear straitéis ardleibhéil na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir chun rioscaí dá gnó a shainaithint agus inghlacthacht riosca a bhainistiú, lena n-áirítear rioscaí ó thaobh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí de, lena ndéanfar breac-chuntas ar an straitéis chun na rioscaí sin a bhainistiú agus lena n-áirítear ráiteas maidir le lamháltas riosca agus le hinghlacthacht riosca agus bearta chun an riosca measúnaithe a ailíniú leis an inghlacthacht riosca;

(ii)

an beartas maidir le rioscaí ó thaobh na leachtachta de a bhainistiú;

(iii)

an beartas maidir le comhchruinniú cistiúcháin agus éagsúlú cistiúcháin;

(iv)

an beartas maidir le comhthaobhacht a bhainistiú;

(v)

an beartas taisce;

(vi)

an beartas maidir le creidmheasa agus iasachtú;

(vii)

an beartas maidir le comhchruinniú riosca;

(viii)

an beartas soláthair;

(ix)

an beartas maidir le díbhinní a dháileadh;

(x)

an beartas maidir leis an leabhar trádála;

(h)

tuairisc ar phróiseas na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir chun plean téarnaimh a fhorbairt, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (32), de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus, i gcás inarb infheidhme, plean téarnaimh grúpa, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (33), den Treoir sin.

(i)

ráiteas nó deimhniú go mbeidh an institiúid creidmheasa is iarratasóir, roimh dháta an údaraithe nó an dáta sin ar a dhéanaí, ina comhalta de scéim ráthaithe taiscí atá aitheanta go hoifigiúil sa Bhallstát ina ndéantar an t-iarratas a thíolacadh, i gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Threoir 2014/49/AE, agus sainaithneofar an scéim ráthaithe taiscí leis an ráiteas nó leis an deimhniú sin.

(j)

aon scéim cosanta institiúideach, dá dtagraítear in Airteagal 113(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a ndeachaigh an institiúid creidmheasa is iarratasóir ina bun nó a mbeartaíonn an institiúid dul ina bun.

Airteagal 5

Faisnéis faoi chlár oibríochtaí, faoi eagrúchán struchtúrach, faoi chórais rialaithe inmheánaigh agus faoi iniúchóirí na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir

1.   Maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, beidh ann an fhaisnéis seo a leanas faoi chlár oibríochtaí (an plean gnó), faoi eagrúchán struchtúrach, faoi chórais rialaithe inmheánaigh, agus faoi iniúchóirí na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir:

(a)

an clár oibríochtaí i gcomhair na chéad 3 bliana ar a laghad tar éis a húdaraithe mar institiúid creidmheasa nó, ag brath ar an dlí náisiúnta, tar éis thosú na ngníomhaíochtaí, agus beidh sa chlár oibríochtaí sin, ar bhonn bonncháis agus cáis struis, faisnéis ar ghnó atá pleanáilte agus ar struchtúr agus ar eagrúchán na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, lena n-áirítear na hítimí seo a leanas:

(i)

achoimre ar dháileadh geografach na ngníomhaíochtaí a bheartaíonn an institiúid creidmheasa is iarratasóir a dhéanamh sa Bhallstát baile agus in aon Bhallstát eile nó in aon tríú tír eile, lena n-áirítear trí bhrainsí nó trí fhochuideachtaí nó trí sheirbhísí a sholáthar go díreach, agus pleananna chun leathnú amach anseo;

(ii)

míniú ar inmharthanacht tosaigh agus leanúnach na samhla gnó;

(iii)

forbhreathnú ar spriocmhargaí, deighilt chustaiméirí, táirgí agus seirbhísí agus bealaí seachadta amhail brainsí, an t-idirlíon, an post, gníomhaireachtaí agus fochuideachtaí;

(iv)

forbhreathnú ar eagrúchán agus ar struchtúr an ghrúpa is cuid den institiúid creidmheasa is iarratasóir, lena ndéantar tuairisc ar ghníomhaíochtaí na n-eintiteas sa ghrúpa agus lena léirítear na máthairghnóthais, na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha laistigh den ghrúpa;

(v)

forbhreathnú ar na tosca riosca uile is dóichí a bheidh i gceist ó thaobh cúrsaí gnó agus rialála de, lena n-áirítear rioscaí ó thaobh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí de, agus míniú ar an mbealach a ndéanfar faireachán orthu agus iad a rialú;

(vi)

tásc maidir le cibé acu is gá plean cur chun feidhme lena gcumhdófar an tréimhse go dtí go mbeidh an institiúid creidmheasa is iarratasóir lánfheidhmiúil nó nach gá agus, i gcás ina mbeidh fáil air, forbhreathnú ar aon phlean den sórt sin;

(vii)

forbhreathnú ar straitéis fhoriomlán na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, lena n-áirítear spriocanna straitéiseacha agus aon bhuntáiste iomaíoch atá sainaitheanta, agus ar na cúiseanna a bunaíodh í agus ar an bhfáth ar chinn an institiúid an gnó, dá bhfuil údarú á lorg aici, a dhéanamh;

(b)

faisnéis ar eagrúchán, ar struchtúr agus ar shocruithe rialachais na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, lena n-áirítear an chairt eagraíochtúil agus gach ceann de na hítimí seo a leanas:

(i)

tuairisc ar shocruithe, ar phróisis agus ar shásraí na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir dá dtagraítear in Airteagal 74(1) de Threoir 2013/36/AE;

(ii)

téarmaí tagartha an chomhlachta bainistíochta;

(iii)

tuairisc ar na hacmhainní daonna, teicniúla agus dlí a leithdháiltear ar na gníomhaíochtaí éagsúla atá pleanáilte, lena n-áirítear feidhmeanna TF, tráchtála, dlí, rialaithe inmheánaigh agus comhlíonta;

(iv)

tuairisc ar na hidirghníomhaíochtaí idir feidhmeanna éagsúla na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir;

(v)

ainm gach córais íocaíochta, imréitigh nó socraíochta a bheartaíonn an institiúid creidmheasa is iarratasóir a bheith ina comhalta de, go díreach nó go hindíreach le linn na chéad bhliana oibriúcháin;

(c)

an fhaisnéis seo a leanas ar an gcreat rialaithe inmheánaigh:

(i)

forbhreathnú ar an eagrúchán inmheánach, lena n-áirítear acmhainní buiséadacha agus daonna tiomnaithe, ar an bhfeidhm chomhlíonta, feidhm bhainistíochta riosca, feidhm iniúchóireachta inmheánaí, lena n-áirítear míniú ar an mbealach a chomhlíonfaidh an institiúid creidmheasa is iarratasóir a ceanglais dlí agus stuamachta, lena n-áirítear na ceanglais frithsciúrtha airgid agus frithmhaoinithe sceimhlitheoirí, aitheantas na ndaoine atá freagrach as na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus tuairisc ar chórais agus ar nósanna imeachta comhlíonta, rialaithe inmheánaigh agus bainistíochta riosca na hinstitiúide agus ar na línte tuairiscithe don chomhlacht bainistíochta;

(ii)

achoimre ar na beartais agus ar na nósanna imeachta seo a leanas lena ndéileáiltear le hábhair is ábhartha do ghníomhaíochtaí a shainaithnítear de bhun Airteagal 3:

(1)

beartas sceithireachta;

(2)

beartas coinbhleachtaí leasa;

(3)

beartas láimhseála gearán;

(4)

beartas maidir le drochúsáid mhargaidh;

(5)

beartas lena gcuirtear ilchineálacht an chomhlachta bainistíochta chun cinn;

(6)

beartas maidir le luach saothair do bhaill foirne ag a bhfuil tionchar ábhartha ag a ngníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir;

(iii)

achoimre ar na córais agus ar na beartais maidir le measúnú a dhéanamh ar rioscaí an sciúrtha airgid agus an mhaoinithe sceimhlitheoirí agus maidir leis na rioscaí sin a bhainistiú mar a shainaithnítear sa straitéis ardleibhéil dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (g)(i), lena n-áirítear achoimre ar na príomhnósanna imeachta a cuireadh i bhfeidhm chun an riosca a chomhrac go bhféadfaí an institiúid creidmheasa is iarratasóir a úsáid chun coireacht airgeadais a chur chun cinn;

(d)

tuairisc ar na hacmhainní iniúchóireachta inmheánaí agus achoimre ar an modheolaíocht agus ar an bplean iniúchóireachta inmheánaí i gcomhair na 3 bliana tar éis a húdaraithe mar institiúid creidmheasa;

(e)

achoimre ar na beartais agus ar na pleananna seo a leanas de chuid na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir:

(i)

an beartas iniúchóireachta inmheánaí;

(ii)

an beartas rialachais táirgí;

(iii)

an beartas cosanta tomhaltóirí;

(iv)

an plean agus an beartas maidir le leanúnachas gnó, lena n-áirítear forbhreathnú ar chórais chúltaca agus téarnaimh atá le fáil agus ar phleananna lena n-áirithítear infhaighteacht na bpríomhbhall foirne i staideanna ina bhfuil leanúnachas gnó i gceist;

(f)

an fhaisnéis seo a leanas ar eagrú oibríochtaí agus gníomhaíochtaí na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir:

(i)

achoimre ar sheachfhoinsiú seachtrach agus inghrúpa chun tacú le hoibríochtaí nó le gníomhaíochtaí rialaithe inmheánaigh na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, lena n-áirítear faisnéis faoin méid seo a leanas ar fad:

(1)

soláthróir an tseachfhoinsithe;

(2)

aon nasc dá bhfuil ag soláthróir an tseachfhoinsithe leis an institiúid creidmheasa is iarratasóir;

(3)

suíomh sholáthróir an tseachfhoinsithe;

(4)

an réasúnaíocht leis an seachfhoinsiú;

(5)

acmhainní daonna sholáthróir an tseachfhoinsithe;

(6)

córas rialaithe inmheánaigh na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir chun an seachfhoinsiú a bhainistiú;

(7)

aon phlean teagmhasach i gcás nach féidir le soláthróir an tseachfhoinsithe leanúnachas seirbhíse a sholáthar;

(8)

aon fheidhm a choinnítear maidir le gníomhaíochtaí seachfhoinsithe;

(ii)

achoimre ar fhreagrachtaí formhaoirseachta agus ar shocruithe, ar chórais agus ar rialuithe le haghaidh gach feidhm sheachfhoinsithe atá criticiúil nó tábhachtach do bhainistíocht agus d’oibríochtaí na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir;

(iii)

achoimre ar na comhaontuithe leibhéil seirbhíse agus ar na socruithe le haghaidh gach feidhm sheachfhoinsithe atá criticiúil nó tábhachtach do bhainistíocht agus d’oibríochtaí na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir;

(iv)

tuairisc ar bhonneagar TF na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, lena n-áirítear na córais atá in úsáid nó atá le húsáid, a socruithe óstála, eagrú a feidhme TF, a struchtúir TF, a straitéise TF agus a rialachais TF, a cuid beartas agus nósanna imeachta slándála TF, agus aon chóras agus aon rialú atá i bhfeidhm nó atá le cur i bhfeidhm chun saoráidí baincéireachta ar líne a sholáthar.

2.   Leagfar amach in iarratas ar chlárúchán mar institiúid creidmheasa, ainm, seoladh, agus sonraí teagmhála iniúchóirí reachtúla nó ghnólacht iniúchóireachta na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir.

Airteagal 6

Faisnéis faoin gcaipiteal ar údarú na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir

1.   Maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, beidh fianaise ann ar chaipiteal eisithe na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, ar chaipiteal íoctha dá cuid agus ar chaipiteal dá cuid nach bhfuil íoctha fós, agus sonrófar ann na cineálacha agus na méideanna cistí dílse a chomhfhreagraíonn don chaipiteal tosaigh.

2.   I gcás nach bhfuil an caipiteal tosaigh láníoctha tráth thíolactha an iarratais ar údarú mar institiúid creidmheasa, leagfar amach san iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa an plean agus an sprioc-am cur chun feidhme chun a áirithiú go mbeidh an caipiteal tosaigh láníoctha roimh an údarú chun an ghníomhaíocht a thosú mar institiúid creidmheasa éifeachtach.

3.   Soláthrófar in iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa míniú ar na foinsí cistiúcháin atá le fáil le haghaidh cistí dílse agus, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, fianaise ar infhaighteacht na bhfoinsí cistiúcháin sin, lena n-áirítear:

(a)

achoimre ar úsáid acmhainní airgeadais príobháideacha, lena n-áirítear a n-infhaighteacht agus a bhfoinse;

(b)

achoimre ar an rochtain ar mhargaí airgeadais, lena n-áirítear mionsonraí ar ionstraimí airgeadais atá eisithe nó atá le heisiúint;

(c)

achoimre ar aon chomhaontú agus ar aon chonradh atá déanta i leith cistí dílse, lena n-áirítear, i ndáil le cistí a fuarthas ar iasacht nó le cistí lena bhfuiltear ag súil a fháil ar iasacht, ainm na n-iasachtóirí agus mionsonraí ar na saoráidí a deonaíodh, ar úsáid na bhfáltas agus, i gcás nach institiúid airgeadais faoi mhaoirseacht é an t-iasachtóir, faisnéis ar thionscnamh na gcistí a fuarthas ar iasacht nó ar na cistí lena bhfuiltear ag súil a fháil ar iasacht;

(d)

aitheantas an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta a úsáidtear chun acmhainní airgeadais a aistriú chuig an institiúid creidmheasa is iarratasóir.

4.   Maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, beidh measúnú ann ar mhéideanna, ar chineálacha agus ar dháileadh an chaipitil inmheánaigh a mheasann an institiúid creidmheasa is iarratasóir a bheith oiriúnach chun cineál agus leibhéal na rioscaí a bhfuil an institiúid creidmheasa is iarratasóir neamhchosanta orthu nó a d’fhéadfadh an institiúid a bheith neamhchosanta orthu agus anailís, lena n-áirítear réamh-mheastacháin, lena léirítear go mbeidh na hacmhainní caipitil leordhóthanach chun na ceanglais maidir le cistí dílse a chomhlíonadh nuair a bheidh an institiúid creidmheasa údaraithe agus dá éis sin ar feadh tréimhse 3 bliana tar éis a húdaraithe mar institiúid creidmheasa lena mbaineann géarstrus ach strus sochreidte.

Leis an gcás struis agus leis an modheolaíocht struis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfear san áireamh an cás agus an mhodheolaíocht a úsáideadh sa tástáil bhliantúil mhaoirseachta ar strus is déanaí a rinne an t-údarás inniúil de bhun Airteagal 100(1) de Threoir 2013/36/AE, má rinneadh aon tástáil mhaoirseachta den sórt sin ar strus, agus soláthrófar an fhaisnéis le haghaidh na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir ar bhonn aonair mar aon leis an gcás comhdhlúite, i gcás inarb infheidhme.

Airteagal 7

Faisnéis faoi threoraíocht éifeachtach na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir

1.   Maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, beidh ann an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn I i ndáil le gach duine de na comhaltaí atá molta nó ceaptha mar chomhaltaí de chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir.

2.   I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil gurb institiúid shuntasach í an institiúid creidmheasa is iarratasóir i dtéarmaí a méide, a heagrúcháin inmheánaigh agus chineál, raon feidhme agus chastacht a gníomhaíochtaí, dá dtagraítear in Airteagal 76(3) de Threoir 2013/36/AE, maidir leis an iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, le haghaidh cheannairí na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus an phríomhoifigigh airgeadais i gcás nach cuid den chomhlacht bainistíochta iad, beidh ann an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn I, seachas an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1, pointí (f) agus (g), agus i bpointí 2, 4 agus 5 den Iarscríbhinn sin.

3.   Maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, beidh ann tuairisc ar chumhachtaí, agus ar chúraimí aonair, ar dhualgais aonair agus ar sheachvótálaithe aonair gach duine de na comhaltaí atá molta nó ceaptha mar chomhaltaí de chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, agus, i gcás institiúidí creidmheasa is iarratasóir dá dtagraítear i mír 2, de chuid cheannairí na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus an phríomhoifigigh airgeadais nach cuid den chomhlacht bainistíochta iad.

4.   Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “príomhoifigeach airgeadais” an duine ar a bhfuil freagracht fhoriomlán as na hacmhainní airgeadais, as an bpleanáil airgeadais agus as an tuairisciú airgeadais a bhainistiú;

(b)

ciallaíonn “feidhm rialaithe” feidhm atá neamhspleách ar an aonad gnó atá faoina rialú agus atá freagrach as measúnú oibiachtúil a sholáthar ar rioscaí na hinstitiúide, athbhreithniú nó tuairisciú a dhéanamh orthu sin, lena n-áirítear an fheidhm bhainistíochta riosca, an fheidhm chomhlíonta agus an fheidhm iniúchóireachta inmheánaí;

(c)

ciallaíonn “ceannairí na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh” na daoine ar an leibhéal ordlathais is airde atá i gceannas ar oibriúchán laethúil na bhfeidhmeanna neamhspleácha bainistíochta riosca, comhlíonta agus iniúchóireachta a bhainistiú go héifeachtach.

Airteagal 8

Faisnéis faoi scairshealbhóirí nó faoi chomhaltaí a bhfuil sealúchais cháilithe acu san institiúid creidmheasa is iarratasóir

1.   Maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa beidh ann an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn II faoi gach duine nádúrtha agus dlítheanach agus faoi eintitis eile ag a bhfuil nó ag a mbeidh, i gcás a húdaraithe mar institiúid creidmheasa, sealúchas cáilithe san institiúid creidmheasa agus faisnéis faoina sealúchais.

2.   I gcás inar duine nádúrtha an duine dá dtagraítear i mír 1, beidh san iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn II, i dteannta na faisnéise dá dtagraítear i mír 1.

3.   I gcás inar duine dlítheanach an duine dá dtagraítear i mír 1, nó is eintiteas nach duine dlítheanach é ag a bhfuil nó ag a mbeidh an sealúchas cáilithe ina ainmféin, beidh san iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn II, i dteannta na faisnéise dá dtagraítear i mír 1.

4.   I gcás inarb ann d’iontaobhas cheana nó ina gcruthaítear iontaobhas tar éis do dhuine suibscríobh le scairchaipiteal na hinstitiúide creidmheasa is iarrthóir, áireofar san iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 4 d’Iarscríbhinn II, i dteannta na faisnéise dá dtagraítear i mír 1.

5.   I gcás ina bhfuil sealúchas cáilithe san institiúid creidmheasa sin nó, má tá an t-údarú faighte, i gcás ina mbeidh sealúchas cáilithe san institiúid creidmheasa sin, ag duine agus inar comhalta an duine d’eintiteas nach duine dlítheanach é, lena bhfágfar go láimhseofar an sealúchas cáilithe san institiúid creidmheasa mar shócmhainn de chuid an eintitis sin, maidir leis an iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa beidh ann an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

aitheantas gach comhalta de chuid an eintitis sin in éineacht leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn II i gcás inar daoine nádúrtha iad na comhaltaí sin, nó an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 3 den Iarscríbhinn sin i gcás inar daoine dlítheanacha iad na comhaltaí sin;

(b)

achoimre ar théarmaí an chomhaontaithe nó ar chomhaontaithe lena rialaítear an t-eintiteas.

Airteagal 9

Faisnéis faoin 20 scairshealbhóir is mó, nó faoin 20 comhalta is mó, den institiúid creidmheasa is iarratasóir, seachas scairshealbhóirí nó comhaltaí ag a bhfuil sealúchais cháilithe

I gcás nach bhfuil sealúchas cáilithe san institiúid creidmheasa, nó má tá an t-údarú faighte, i gcás nach mbeidh sealúchas cáilithe san institiúid creidmheasa, ag aon duine ná ag aon eintiteas eile, beidh san iarratas ar an údarú mar institiúid creidmheasa:

(a)

an chairt dá dtagraítear i bpointe 1(a) d’Iarscríbhinn II;

(b)

an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1(b) d’Iarscríbhinn II;

(c)

liosta den 20 scairshealbhóir is mó, nó den 20 comhalta is mó, den institiúid creidmheasa is iarratasóir, de réir mar a bheidh;

(d)

i gcás ina bhfuil níos lú ná 20 scairshealbhóir nó comhalta ag an institiúid creidmheasa, liosta dá scairshealbhóirí uile nó dá comhaltaí uile;

(e)

faisnéis ar cibé acu atá aon duine de na scairshealbhóirí nó de na comhaltaí dá dtagraítear i bpointe (c) nó i bpointe (d) faoi réir maoirseachta ag údarás inniúil.

Airteagal 10

Faisnéis bhreise

1.   Féadfaidh údaráis inniúla a cheangal go mbeidh in iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa faisnéis bhreise i dteannta na faisnéise dá dtagraítear in Airteagail 1 go 9 ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an fhaisnéis sin an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

gur gá faisnéis bhreise chun a fhíorú cibé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh gach ceanglas maidir le húdarú atá leagtha síos ag an mBallstát de bhun Airteagal 8(1) de Threoir 2013/36/AE;

(b)

go bhfuil an méid faisnéise is gá i gcomhréir le cuspóir an fhíoraithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus gurb ábhartha an fhaisnéis le haghaidh an fhíoraithe sin.

2.   I gcásanna ina bhfuil údar cuí leo, tar éis an mheasúnaithe ar an bhfaisnéis a tíolacadh san iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, féadfaidh údaráis inniúla a cheangal ar institiúid creidmheasa is iarratasóir faisnéis fhorlíontach a sholáthar, nó mínithe breise, i gcás ina measann na húdaráis sin gur gá é chun a fhíorú cibé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh gach ceanglas maidir le húdarú.

3.   Maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, beidh an fhaisnéis ann fíor, cruinn agus iomlán chomh fada le pointe an údaraithe. Cuirfidh an t-iarratasóir an t-údarás inniúil ar an eolas faoi aon athrú ar an bhfaisnéis a tugadh san iarratas tosaigh. Féadfaidh na húdaráis inniúla faisnéis a éileamh i dtaobh ar tharla aon athrú tar éis an t-iarratas a chur isteach agus roimh thús na ngníomhaíochtaí.

Airteagal 11

Tarscaoileadh

Maidir leis an gceanglas chun cuid den fhaisnéis nó an fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagail 1 go 9 a sholáthar, féadfaidh údaráis inniúla an ceanglas sin a tharscaoileadh i gcás ina gcomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an fhaisnéis ag an údarás inniúil cheana agus tá an fhaisnéis fós fíor, cruinn, iomlán agus cothrom le dáta ar an lá a dheonaítear an t-údarú agus a dheimhnítear é a bheith amhlaidh ag an institiúid creidmheasa is iarratasóir;

(b)

tá an ceanglas maidir le faisnéis a sholáthar faoi réir tarscaoileadh mar a leagtar amach in Airteagal 21 de Threoir 2013/36/AE.

Airteagal 12

Bacainní féideartha ar mhaoirseacht éifeachtach

Le linn measúnú a bheith á dhéanamh ag údaráis inniúla ar cibé acu a d’fhéadfadh bacainní a bheith ar mhaoirseacht éifeachtach dá dtagraítear in Airteagal 14(3) de Threoir 2013/36/AE nó nach bhféadfadh, breithneoidh údaráis inniúla gach faisnéis ábhartha, agus cuirfidh siad an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

idirghníomhuithe dlíthe, rialachán nó forálacha riaracháin de chuid tríú tír lena rialaítear na daoine nádúrtha nó na daoine dlítheanacha a bhfuil dlúthnaisc ag an institiúid creidmheasa leo, nó má tá an t-údarú faighte, a mbeidh dlúthnaisc ag an institiúid creidmheasa leo, aon deacracht a bhaineann leis na dlíthe, na rialacháin nó na forálacha riaracháin sin a fhorfheidhmiú nó aon deacracht a bhaineann le faisnéis a fháil ó na húdaráis sna tríú tíortha sin nó ó na daoine sin;

(b)

an fhéidearthacht chun faisnéis a mhalartú leis an údarás, más ann, a dhéanann maoirseacht ar na daoine ag a bhfuil dlúthnaisc leis an institiúid creidmheasa;

(c)

castacht agus trédhearcacht struchtúr ghrúpa na hinstitiúide creidmheasa nó an duine nó na ndaoine ag a bhfuil dlúthnaisc léi;

(d)

suíomhanna chomhaltaí ghrúpa na hinstitiúide creidmheasa nó an duine nó na ndaoine ag a bhfuil dlúthnaisc léi;

(e)

na gníomhaíochtaí a d’fheidhmigh nó atá le feidhmiú ag comhaltaí ghrúpa na hinstitiúide creidmheasa nó ag an duine nó ag daoine ag bhfuil dlúthnaisc léi.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón XX.XX.XXXX.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 27.6.2013, lch. 338.

(2)  Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseacht Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(4)  Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 a bhaineann le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).

(5)  Treoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2001 maidir le hatheagrú agus foirceannadh institiúidí creidmheasa (IO L 125, 5.5.2001, lch. 15)

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(7)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach na n-institiúidí creidmheasa agus na ngnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190)


IARSCRÍBHINN I

Faisnéis faoi threoraíocht éifeachtach na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir

1.   

Sonraí pearsanta an duine agus faisnéis faoi dhea-cháil, macántacht, ionracas, eolas, scileanna, taithí, agus mionsonraí agus faisnéis faoi neamhspleáchas ó thaobh na smaointeoireachta de agus faoi ghealltanas ó thaobh ama de, mar a leanas:

(a)

ainm iomlán an duine agus, i gcás nach ionann é, an t-ainm tráth na breithe;

(b)

inscne an duine, áit agus dáta na breithe, seoladh agus sonraí teagmhála, náisiúntacht, agus uimhir aitheantais phearsanta nó cóip de chárta ID nó a chomhionann;

(c)

mionsonraí an phoist atá ag an duine nó atá le bheith ag an duine, lena n-áirítear cibé acu an post feidhmiúcháin nó neamhfheidhmiúcháin é, an dáta tosaithe nó an dáta tosaithe pleanáilte agus fad an tsainordaithe, agus tuairisc ar phríomhdhualgais agus ar phríomhfhreagrachtaí an duine;

(d)

curriculum vitae ina mbeidh mionsonraí ar oideachas agus ar thaithí (lena n-áirítear taithí ghairmiúil, cáilíochtaí acadúla, oiliúint ábhartha eile), lena n-áirítear ainm agus cineál na n-eagraíochtaí uile ar oibrigh an duine dóibh agus cineál agus fad na bhfeidhmeanna a comhlíonadh, agus aon ghníomhaíocht faoi raon feidhme an phoist atá á lorg á cur i dtábhacht go háirithe gníomhaíochtaí atá ábhartha do thaithí bhaincéireachta nó bhainistíochta;

(e)

liosta de dhaoine tagartha lena n-áirítear faisnéis teagmhála, ó fhostóirí in earnáil na seirbhísí baincéireachta nó airgeadais más féidir, lena n-áirítear a n-ainm iomlán, institiúid, post, uimhir theileafóin, ríomhphost, cineál an chaidrimh ghairmiúil agus faisnéis faoi cibé acu an ann nó arbh ann d’aon chaidreamh neamhghairmiúil leis an duine sin nó nach ann nó nárbh ann;

(f)

stair, lena n-áirítear na nithe uile seo a leanas:

(i)

taifid choiriúla agus faisnéis ábhartha faoi imscrúduithe coiriúla agus imeachtaí coiriúla, cásanna ábhartha sibhialta agus riaracháin agus bearta araíonachta, lena n-áirítear dícháiliú mar stiúrthóir cuideachta, féimheacht, dócmhainneacht agus imeachtaí comhchosúla, trí dheimhniú oifigiúil nó, i gcás nach ann do dheimhniú den sórt sin, aon fhoinse faisnéise iontaofa a bhaineann leis an easpa ciontuithe coiriúla, imscrúduithe coiriúla agus imeachtaí coiriúla;

(ii)

ráiteas maidir le cibé acu a bhfuil imeachtaí coiriúla ar feitheamh nó nach bhfuil nó cibé acu a bhí an duine nó aon eagraíocht a bhainistigh é nó í páirteach mar fhéichiúnaí in imeachtaí dócmhainneachta nó in imeacht inchomparáide nó nach raibh;

(iii)

faisnéis faoi imscrúduithe, imeachtaí forfheidhmiúcháin nó smachtbhannaí ag údarás maoirseachta ina raibh an duine páirteach go díreach nó go neamhdhíreach;

(iv)

faisnéis faoi dhiúltú clárúcháin, údaraithe, comhaltais nó ceadúnais chun gabháil do cheird, do ghnó nó do ghairm, nó aistarraingt, cúlghairm nó foirceannadh clárúcháin, údaraithe, comhaltais nó ceadúnais, nó díbirt ag comhlacht rialála nó rialtais nó ag comhlacht gairmiúil nó ag comhlachas gairmiúil;

faisnéis faoi dhífhostú as fostaíocht nó as post iontaoibhe, as caidreamh muiníneach nó as staid chomhchosúil, nó an fíoras gur iarradh ar an duine éirí as fostaíocht i bpost den sórt sin, gan iomarcaíochtaí a áireamh,

faisnéis faoi cibé acu a mheasúnaigh údarás inniúil eile cáil an duine mar fhaighteoir nó mar dhuine a stiúrann gnó institiúide, lena n-áirítear aitheantas an údaráis sin, dáta an mheasúnaithe agus faisnéis faoi thoradh an mheasúnaithe sin, agus toiliú an duine, i gcás ina bhfuil gá, le faisnéis den sórt sin a lorg chun go mbeifear in ann an fhaisnéis a sholáthraítear a phróiseáil agus a úsáid le haghaidh an mheasúnaithe oiriúnachta,

faisnéis faoi cibé acu a mheasúnaigh údarás ó earnáil eile, nach earnáil airgeadais í, an duine, nó nár mheasúnaigh, lena n-áirítear aitheantas an údaráis sin agus faisnéis faoi thoradh an mheasúnaithe sin;

(g)

tuairisc ar gach leas airgeadais agus neamhairgeadais a d’fhéadfadh coinbhleachtaí leasa a chruthú, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do:

(i)

aon leas airgeadais, lena n-áirítear iasachtaí, scaireanna i sealúchais, ráthaíochtaí nó leasanna urrúis, cibé acu a deonaíodh nó a fuarthas iad, agus leasanna neamhairgeadais nó caidrimh neamhairgeadais, lena n-áirítear garghaolta amhail céile, páirtí cláraithe, comhchónaitheoir, leanbh, tuismitheoir nó gaol eile lena roinneann an duine cóiríocht chónaithe, idir an duine agus a gharghaolta nó a garghaolta nó aon chuideachta lena bhfuil dlúthbhaint ag an duine, agus an institiúid creidmheasa is iarratasóir, a máthairghnóthas nó a fochuideachtaí, lena n-áirítear aon chomhalta den chomhlacht bainistíochta, ceannaire feidhme rialaithe inmheánaigh nó an príomhoifigeach airgeadais, nó aon duine ag a bhfuil sealúchas cáilithe san institiúid creidmheasa is iarratasóir;

(ii)

cibé acu a sheolann nó nach seolann an duine aon ghnó nó atá nó nach bhfuil nó a bhí nó nach raibh aon chaidreamh tráchtála ag an duine le 2 bhliain anuas, le haon duine de na daoine a liostaítear i bpointe (f), nó atá nó nach bhfuil an duine páirteach in aon imeacht dlíthiúil le haon duine den sórt sin;

(iii)

cibé acu atá nó nach bhfuil aon leas iomaíoch ag an duine agus ag a gharghaolta nó a garghaolta leis an institiúid creidmheasa is iarratasóir, lena máthairghnóthas nó lena fochuideachtaí;

(iv)

cibé acu atá nó nach bhfuil an duine á mholadh thar ceann scairshealbhóir suntasach nó comhalta suntasach ag a bhfuil sealúchas cáilithe agus, i gcás inarb amhlaidh sin, aitheantas an scairshealbhóra nó an chomhalta sin;

(v)

aon oibleagáid airgeadais don institiúid creidmheasa is iarratasóir, dá máthairghnóthas nó dá fochuideachtaí;

(vi)

aon phost a bhí ag an duine le 2 bhliain anuas lenar bhain tionchar polaitiúil náisiúnta nó áitiúil;

(vii)

i gcás ina sainaithnítear coinbhleacht leasa ábhartha, ráiteas faoin mbealach a maolaíodh nó a leigheasadh an choinbhleacht sin go sásúil, lena n-áirítear tagairt don chuid ábhartha de bheartas na hinstitiúide maidir le coinbhleachtaí leasa agus d’aon socrú saincheaptha chun coinbhleacht a bhainistiú nó a mhaolú;

(h)

mionsonraí chun a thaispeáint go bhfuil am leordhóthanach ag an duine chun an sainordú a ghabháil air nó uirthi féin, lena n-áirítear:

(i)

an íostréimhse mheasta, in aghaidh na bliana agus na míosa, a ndíreoidh an duine ar a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh lena linn laistigh den institiúid creidmheasa is iarratasóir;

(ii)

liosta de na sainorduithe is sainorduithe tráchtála go príomha iad atá ag an duine agus cibé acu atá feidhm ag Airteagal 91(4) de Threoir 2013/36/AE nó nach bhfuil;

(iii)

i gcás ina bhfuil feidhm ag rialacha comhairimh faoi phribhléid, míniú ar aon sineirge atá idir na cuideachtaí;

(iv)

liosta sainorduithe lena saothraítear gníomhaíochtaí is gníomhaíochtaí neamhthráchtála go príomha iad nó atá curtha ar bun chun leasanna eacnamaíocha an duine lena mbaineann a bhainistiú agus chun na gcríoch sin amháin;

(v)

méid na gcuideachtaí nó na n-eagraíochtaí ina bhfuil na sainorduithe dá dtagraítear i bpointe (iv) ag an duine, lena n-áirítear sócmhainní iomlána, cibé acu atá an chuideachta liostaithe nó nach bhfuil agus líon fostaithe na gcuideachtaí na n-eagraíochtaí sin;

(vi)

liosta d’aon fhreagracht bhreise eile atá bainteach leis na sainorduithe dá dtagraítear i bpointe (v) den phointe (g) seo, lena n-áirítear cathaoirleacht ar choiste;

(vii)

an tréimhse mheasta i laethanta in aghaidh na bliana a ndírítear ar gach sainordú lena linn;

(viii)

an líon cruinnithe in aghaidh na bliana lena ndírítear ar gach sainordú.

2.   

Tuairisc ar aon choiste den chomhlacht bainistíochta atá pleanáilte tráth an iarratais mar institiúid creidmheasa, lena n-áirítear a chomhaltaí agus cumhachtaí an choiste.

3.   

Torthaí aon mheasúnaithe oiriúnachta a chomhlíon an institiúid creidmheasa is iarratasóir ar gach duine, lena n-áirítear an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

miontuairiscí ábhartha an bhoird;

(b)

an measúnú oiriúnachta nó an doiciméad oiriúnachta;

(c)

ráiteas maidir le cibé acu ar measúnaíodh nó nár measúnaíodh an duine mar dhuine ag a bhfuil an taithí riachtanach agus, mura measúnaíodh, mionsonraí an phlean oiliúna a forfheidhmíodh, lena n-áirítear ábhar an phlean, an soláthraí agus an dáta faoina gcuirfear an plean oiliúna i gcrích.

4.   

Ráiteas maidir le measúnú foriomlán na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir ar oiriúnacht chomhchoiteann an chomhlachta bainistíochta, lena n-áirítear miontuairiscí ábhartha boird nó tuarascáil mheasúnaithe oiriúnachta ábhartha nó doiciméid mheasúnaithe oiriúnachta ábhartha.

5.   

Tuairisc ar an mbealach ar cuireadh ilchineálacht na dtréithe agus na n-inniúlachtaí san áireamh agus comhaltaí an chomhlachta bainistíochta á roghnú.


IARSCRÍBHINN II

Faisnéis chun a chur ar a gcumas d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar scairshealbhóirí nó ar chomhaltaí ag a bhfuil sealúchais cháilithe

1.   

Faisnéis faoi aitheantas agus faoi rannpháirtíocht gach duine agus eintitis ag a bhfuil nó ag a mbeidh, i gcás údarú na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, sealúchas cáilithe san institiúid creidmheasa agus faisnéis eile is ábhartha maidir leis an measúnú ar oiriúnacht, lena n-áirítear gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

cairt lena leagtar amach struchtúr scairshealbhóirí na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, lena n-áirítear an miondealú ar a chaipiteal agus ar a chearta vótála;

(b)

ainmneacha gach duine agus eintitis ag a bhfuil nó ag a mbeidh sealúchais cháilithe, agus an méid seo a leanas á thabhairt le fios i leith gach duine nó gach eintitis den sórt sin:

(i)

an líon agus cineál scaireanna nó sealúchas eile atá suibscríofa nó atá le suibscríobh;

(ii)

luach ainmniúil scaireanna eile nó sealúchas eile den sórt sin;

(iii)

aon phréimh a íocadh nó atá le híoc;

(iv)

aon leas urrúis nó aon ualú atá cruthaithe i leith na scaireanna nó na sealúchas eile sin, lena n-áirítear aitheantas na bpáirtithe urraithe;

(v)

i gcás inarb infheidhme, aon ghealltanas a dhéanann na daoine nó na heintitis sin a bhfuil sé d’aidhm leo a áirithiú go gcomhlíonfaidh an institiúid creidmheasa is iarratasóir ceanglais stuamachta is infheidhme;

(c)

mionsonraí faoi na cúiseanna ó thaobh cúrsaí airgeadais nó gnó de atá ag na daoine nó ag na heintitis eile dá dtagraítear i bpointe (b) lena bhfuil úinéireacht acu ar an sealúchas sin agus mionsonraí ar a straitéis maidir leis an sealúchas, lena n-áirítear an tréimhse a bheartaíonn na daoine nó na heintitis sin an sealúchas a choinneáil lena linn agus aon rún atá acu chun leibhéal an tsealúchais a mhéadú, a laghdú nó a choinneáil ar bun sa todhchaí intuartha;

(d)

mionsonraí faoi rúin na ndaoine nó na n-eintiteas eile i leith na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir agus faoin tionchar a bheartaíonn na daoine nó na heintitis sin a fheidhmiú ar an institiúid creidmheasa is iarratasóir, lena n-áirítear i leith an bheartais maidir le díbhinní, mionsonraí faoi fhorbairt straitéiseach agus faoi leithdháileadh acmhainní na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, agus mionsonraí faoi cibé acu atá nó nach bhfuil na daoine nó na heintitis sin ag beartú gníomhú mar scairshealbhóirí mionlaigh gníomhacha, lena n-áirítear an réasúnaíocht le haghaidh rún den sórt sin;

(e)

faisnéis ar thoilteanas na ndaoine nó na n-eintiteas dá dtagraítear i bpointe (b) chun tacú leis an institiúid creidmheasa is iarratasóir le cistí dílse breise más gá chun a gníomhaíochtaí a fhorbairt nó i gcás deacrachtaí airgeadais;

(f)

ábhar aon chomhaontaithe atá ag scairshealbhóir beartaithe nó ag comhaltaí beartaithe le scairshealbhóirí eile nó le comhaltaí eile i ndáil leis an institiúid creidmheasa is iarratasóir;

(g)

anailís ar cibé acu a bheidh aon tionchar ag an sealúchas cáilithe, lena n-áirítear de thoradh dhlúthnaisc na ndaoine nó na n-eintiteas dá dtagraítear i bpointe (b) leis an institiúid creidmheasa is iarratasóir, ar chumas na hinstitiúide is iarratasóir faisnéis thráthúil chruinn a sholáthar do na húdaráis inniúla;

(h)

aitheantas gach comhalta den chomhlacht bainistíochta nó den ardbhainistíocht a stiúrfaidh gnó na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir agus a bheidh ceaptha ag, nó tar éis a ainmnithe ag, na scairshealbhóirí nó na comhaltaí sin, in éineacht, sa mhéid nach soláthraítear cheana, leis an bhfaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn I, pointí (1)(a) go (f);

(i)

míniú ar na foinsí cistiúcháin le haghaidh aon éadáil scaireanna nó sealúchas eile atá beartaithe san institiúid creidmheasa is iarratasóir, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme:

(i)

mionsonraí faoi úsáid acmhainní airgeadais príobháideacha, lena n-áirítear a n-infhaighteacht agus a bhfoinse;

(ii)

mionsonraí faoin modh íocaíochta le haghaidh na héadála beartaithe agus faoin líonra a úsáidtear chun cistí a aistriú;

(iii)

mionsonraí faoin rochtain ar fhoinsí caipitil agus ar mhargaí airgeadais, lena n-áirítear mionsonraí ar ionstraimí airgeadais atá le heisiúint;

(iv)

faisnéis ar úsáid cistí a fuarthas ar iasacht, lena n-áirítear ainm na n-iasachtóirí agus mionsonraí na saoráidí a deonaíodh, amhail aibíochtaí, téarmaí, leasanna urrúis agus ráthaíochtaí, mar aon le faisnéis ar an bhfoinse ioncaim atá le húsáid chun na hiasachtaí sin a aisíoc;

(v)

faisnéis ar aon socrú airgeadais le daoine eile atá nó a bheidh ina scairshealbhóirí nó ina gcomhaltaí den institiúid creidmheasa is iarratasóir;

(vi)

faisnéis ar aon sócmhainn atá le díol chun cuidiú leis an rannpháirtíocht bheartaithe a mhaoiniú, amhail coinníollacha díola, praghas, breithmheas agus mionsonraí faoi thréithe na sócmhainní sin, lena n-áirítear faisnéis ar an tráth agus ar an mbealach a bhfuarthas iad.

Chun críocha phointe (i)(iv), i gcás nach institiúid creidmheasa é an t-iasachtóir nó nach institiúid creidmheasa é atá údaraithe chun creidmheas a dheonú, cuirfidh na hinstitiúidí creidmheasa is iarratasóirí na húdaráis inniúla ar an eolas faoi thionscnamh na gcistí a fuarthas ar iasacht.

2.   

An fhaisnéis seo a leanas faoi dhaoine nádúrtha ag a bhfuil, nó ag a mbeidh i gcás údarú na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, sealúchas cáilithe san institiúid creidmheasa:

(a)

mionsonraí pearsanta lena n-áirítear na nithe uile seo a leanas:

(i)

ainmneacha na ndaoine agus, murab ionann iad, ainmneacha na ndaoine tráth na breithe;

(ii)

dáta agus áit na breithe:

(iii)

saoránacht na ndaoine;

(iv)

uimhir aitheantais náisiúnta phearsanta na ndaoine, i gcás ina mbeidh fáil uirthi sin;

(v)

seoladh, sonraí teagmhála na ndaoine

(vi)

cóip de dhoiciméad aitheantais oifigiúil;

(b)

curriculum vitae mionsonraithe, lena sonraítear an t-oideachas ábhartha agus oiliúint ábhartha, agus aon taithí ghairmiúil ar shealúchais a fháil agus a bhainistiú i gcuideachtaí, agus aon ghníomhaíocht ghairmiúil nó aon fheidhm eile atá á comhlíonadh faoi láthair;

(c)

ráiteas ina bhfuil an fhaisnéis seo a leanas faoin duine nádúrtha agus faoi aon ghnóthas a bhí faoi stiúir nó faoi rialú an duine sin le 10 mbliana anuas agus a bhfuil an institiúid creidmheasa is iarratasóir ar an eolas faoi tar éis fiosrú cuí cúramach:

(i)

faoi réir ceanglais reachtaíochta náisiúnta a bhaineann le ciontuithe spíonta a nochtadh, faisnéis faoi aon chiontú coiriúil nó faoi aon imeacht coiriúil inar tugadh cinneadh in aghaidh an duine nó an ghnóthais agus nár cuireadh ar ceal;

(ii)

faisnéis faoi aon chinneadh sibhialta nó riaracháin a bhaineann leis an duine nó leis an ngnóthas is ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar an oiriúnacht nó is ábhartha ar bhealach eile maidir leis an institiúid creidmheasa is iarratasóir a údarú agus aon smachtbhanna riaracháin nó aon bheart riaracháin a forchuireadh mar thoradh ar shárú dlíthe nó rialachán, lena n-áirítear dícháiliú mar stiúrthóir cuideachta, i ngach cás nár cuireadh ar ceal agus nach bhfuil aon achomharc ar feitheamh ina aghaidh agus nach bhféadfar aon achomharc a chomhdú ina aghaidh, ach amháin i gcás pionós riaracháin a forchuireadh faoi Airteagail 65, 66 nó 67 de Threoir 2013/36/AE, agus i gcás ciontuithe coiriúla a soláthrófar faisnéis ina leith freisin le haghaidh rialuithe atá fós faoi réir achomhairc;

(iii)

aon fhéimheacht, dócmhainneacht nó imeacht comhchosúil;

(iv)

aon imscrúdú coiriúil atá ar feitheamh;

(v)

aon imscrúdú sibhialta nó riaracháin, imeacht forfheidhmiúcháin, smachtbhanna nó aon chinneadh forfheidhmiúcháin eile in aghaidh an duine nó an ghnóthais a bhaineann le hábhair a d’fhéadfaí a mheas le réasún mar ábhair is ábhartha maidir le húdarú na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir nó maidir le bainistíocht fhónta stuama na hinstitiúide creidmheasa sin is iarratasóir;

(vi)

i gcás inar féidir na doiciméid sin a fháil, deimhniú oifigiúil nó aon doiciméad coibhéiseach eile lena léirítear gur tharla aon cheann de na teagmhais a leagtar amach i bpointí (i) go (v) den phointe (c) seo i leith an duine nó an ghnóthais;

(vii)

aon diúltú clárúcháin, údaraithe, comhaltais nó ceadúnais chun gabháil do cheird, do ghnó nó do ghairm;

(viii)

aon diúltú, cúlghairm nó foirceannadh clárúcháin, údaraithe, comhaltais nó ceadúnais chun gabháil do cheird, do ghnó nó do ghairm;

(ix)

aon díbirt ag comhlacht rialála nó rialtais nó ag comhlacht gairmiúil nó ag comhlachas gairmiúil;

(x)

aon phost freagrachta laistigh d’eintiteas atá faoi réir aon chiontú coiriúil nó aon phionós sibhialta nó riaracháin nó faoi réir aon bheart sibhialta nó riaracháin eile is ábhartha chun an oiriúnacht a mheasúnú nó próiseas údaraithe atá déanta ag aon údarás nó aon imscrúdú leanúnach, i ngach cás le haghaidh clistí iompair, lena n-áirítear i leith calaoise, mímhacántachta, caimiléireachta, sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoirí nó le haghaidh aon choir airgeadais eile nó aon chliseadh beartais agus nósanna imeachta oiriúnacha a chur i bhfeidhm chun teagmhais den sórt sin a chosc, a bhí acu tráth a tharla an t-iompar líomhnaithe, in éineacht le mionsonraí na dtarlúintí sin agus na rannpháirtíochta, más ann, iontu;

(xi)

aon dífhostú as fostaíocht nó as post iontaoibhe, aon bhaint as caidreamh muiníneach, seachas de thoradh an caidreamh lena mbaineann a bheith tagtha chun críche le himeacht ama, agus aon chás comhchosúil;

(d)

i gcás ina bhfuil measúnú déanta ag údarás maoirseachta eile ar cháil an duine lena mbaineann cheana, aitheantas an údaráis sin agus toradh an mheasúnaithe sin;

(e)

staid airgeadais reatha an duine, lena n-áirítear mionsonraí a bhaineann le foinsí ioncaim, sócmhainní agus dliteanais, leasanna urrúis agus ráthaíochtaí, cibé acu a deonaíodh nó a fuarthas iad;

(f)

tuairisc ar ghníomhaíochtaí gnó an duine agus ar aon ghnóthas a sheolann nó a rialaíonn an duine;

(g)

faisnéis airgeadais, lena n-áirítear rátálacha creidmheasa agus tuarascálacha atá ar fáil go poiblí faoi aon ghnóthais atá faoi stiúir nó faoi rialú ag an duine;

(h)

tuairisc ar leasanna airgeadais an duine, lena n-áirítear oibríochtaí creidmheasa, ráthaíochtaí agus leasanna urrúis, cibé acu a deonaíodh nó a fuarthas iad, agus ar aon leasanna neamhairgeadais de chuid an duine, lena n-áirítear caidrimh teaghlaigh nó dlúthchaidrimh le haon duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha seo a leanas:

(i)

aon scairshealbhóir reatha eile nó aon chomhalta reatha eile den institiúid creidmheasa is iarratasóir;

(ii)

aon duine atá i dteideal cearta vótála na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóira fheidhmiú in aon cheann de na cásanna seo a leanas nó i gcás meascáin díobh:

cearta vótála atá i seilbh tríú páirtí lenar thug an duine sin comhaontú i gcrích, ar comhaontú é lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tríú páirtí sin, trí na cearta vótála atá ina sheilbh a fheidhmiú go comhbheartaithe, comhbheartas marthanach a ghlacadh i leith an t-eisitheoir atá i gceist a bhainistiú,

cearta vótála atá i seilbh tríú páirtí faoi chomhaontú a tugadh i gcrích leis an duine lena bhforáiltear le haghaidh aistriú sealadach na gceart vótála atá i gceist ar chomaoin,

cearta vótála a ghabhann le scaireanna a dhéantar a thaisceadh mar chomhthaobhacht leis an duine sin, ar choinníoll go rialaíonn an duine na cearta vótála agus go ndearbhóidh an duine go bhfuil sé de rún aige nó aici iad a fheidhmiú,

cearta vótála a ghabhann le scaireanna ina bhfuil an leas saoil ag an duine sin,

cearta vótála atá i seilbh gnóthais atá á rialú ag an duine sin, nó a fhéadfaidh gnóthas a rialaítear amhlaidh a fheidhmiú de réir bhrí na chéad cheithre ítim den phointe (ii) sin,

cearta vótála a ghabhann le scaireanna a dhéantar a thaisceadh leis an duine sin agus a fhéadfaidh an duine a fheidhmiú dá rogha féin in éagmais treoracha sonracha ó na scairshealbhóirí,

cearta vótála atá i seilbh tríú páirtí ina ainm féin thar ceann an duine sin,

cearta vótála a fhéadfaidh an duine sin a fheidhmiú mar sheachvótálaí i gcás inar féidir leis an duine nó leis an eintiteas na cearta vótála a fheidhmiú dá rogha féin in éagmais treoracha sonracha ó na scairshealbhóirí;

(iii)

aon duine, de réir reachtaíocht náisiúnta, is comhalta den chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta nó d’ardbhainistíocht na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir;

(iv)

an institiúid creidmheasa is iarratasóir nó aon chomhalta eile dá grúpa;

(i)

a mhéid a thagann aon choinbhleacht leasa chun cinn de bharr na gcaidreamh dá dtagraítear i bpointe (h), modhanna atá molta chun an choinbhleacht sin a bhainistiú;

(j)

tuairisc ar aon naisc le daoine atá faoi riteacht pholaitiúil, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(9) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1);

(k)

aon leas nó aon ghníomhaíocht eile de chuid an duine a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht le leasanna nó gníomhaíochtaí na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir agus na modhanna atá molta chun na coinbhleachtaí leasa sin a bhainistiú.

3.   

Faisnéis faoi dhaoine nádúrtha ag a bhfuil nó ag a mbeidh, i gcás údarú na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, sealúchas cáilithe san institiúid creidmheasa:

(a)

ainm an duine dhlítheanaigh;

(b)

i gcás ina bhfuil an duine dlítheanach cláraithe i gclár lárnach, i gclár tráchtála, i gclár na gcuideachtaí nó i gclár poiblí comhchosúil, ainm an chláir ina bhfuil an duine dlítheanach iontráilte, an chláruimhir nó modh aitheantais coibhéiseach sa chlár sin agus cóip den deimhniú clárúcháin;

(c)

seoltaí oifig chláraithe an duine dhlítheanaigh agus, i gcás nach ionann é, seoladh a phríomhoifige, agus a phríomháite ghnó;

(d)

sonraí teagmhála;

(e)

doiciméid chorparáideacha nó comhaontuithe corparáideacha lena rialaítear an duine dlítheanach agus míniú achomair ar phríomhghnéithe dlítheanacha fhoirm dhlítheanach an duine dhlítheanaigh;

(f)

cibé acu atá nó a bhí an duine dlítheanach riamh á rialáil ag údarás inniúil in earnáil na seirbhísí airgeadais nó ag comhlacht eile rialtais;

(g)

an fhaisnéis dá dtagraítear:

(i)

i bpointe (2), pointe (f), i ndáil leis an duine dlítheanach;

(ii)

i bpointe (2), pointe (d), i ndáil leis an duine dlítheanach;

(iii)

i bpointe (2), pointí (g) agus (i), i ndáil leis an duine dlítheanach, aon duine a stiúrann gnó an duine dhlítheanaigh go héifeachtach nó aon ghnóthas faoi rialú an duine dhlítheanaigh;

(iv)

i bpointe (2), pointe (c), i ndáil leis an duine dlítheanach, aon ghnóthas faoi rialú an duine dhlítheanaigh, agus aon scairshealbhóir a fheidhmíonn tionchar suntasach ar an duine dlítheanach;

(h)

tuairisc ar leasanna airgeadais an duine dhlítheanaigh, ar dhaoine a stiúrann gnó an duine dhlítheanaigh go héifeachtach, nó, i gcás inarb infheidhme, an grúpa lena mbaineann an duine dlítheanach, mar aon leis na daoine a stiúrann gnó an duine dhlítheanaigh go héifeachtach, lena n-áirítear oibríochtaí creidmheasa, ráthaíochtaí agus leasanna urrúis, cibé acu a deonaíodh nó a fuarthas iad, mar aon le haon leas neamhairgeadais de chuid aon duine dhlítheanaigh den sórt sin, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, caidrimh teaghlaigh nó dlúthchaidrimh, le haon duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha seo a leanas:

(i)

aon scairshealbhóir reatha nó aon chomhalta reatha eile den institiúid creidmheasa is iarratasóir;

(ii)

aon duine atá i dteideal cearta vótála na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir a fheidhmiú in aon cheann de na cásanna seo a leanas nó i gcás meascáin díobh:

cearta vótála atá i seilbh tríú páirtí lenar thug an duine sin comhaontú i gcrích, ar comhaontú é lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tríú páirtí sin, trí na cearta vótála atá ina sheilbh a fheidhmiú go comhbheartaithe, comhbheartas marthanach a ghlacadh i leith an t-eisitheoir atá i gceist a bhainistiú,

cearta vótála atá i seilbh tríú páirtí faoi chomhaontú a tugadh i gcrích leis an duine lena bhforáiltear le haghaidh aistriú sealadach na gceart vótála atá i gceist ar chomaoin,

cearta vótála a ghabhann le scaireanna a dhéantar a thaisceadh mar chomhthaobhacht leis an duine sin, ar choinníoll go rialóidh an duine nó an t-eintiteas na cearta vótála agus go ndearbhóidh an duine nó an t-eintiteas go bhfuil sé de rún aige nó aici iad a fheidhmiú,

cearta vótála a ghabhann le scaireanna ina bhfuil an leas saoil ag an duine sin,

cearta vótála atá i seilbh gnóthais atá á rialú ag an duine sin, nó a fhéadfaidh gnóthas a rialaítear amhlaidh a fheidhmiú de réir bhrí na chéad cheithre ítim den phointe (ii) sin,

cearta vótála a ghabhann le scaireanna a dhéantar a thaisceadh leis an duine sin agus a fhéadfaidh an duine a fheidhmiú dá rogha féin in éagmais treoracha sonracha ó na scairshealbhóirí,

cearta vótála atá i seilbh tríú páirtí ina ainm féin thar ceann an duine sin,

cearta vótála a fhéadfaidh an duine sin a fheidhmiú mar sheachvótálaí i gcás inar féidir leis an duine na cearta vótála a fheidhmiú dá rogha féin in éagmais treoracha sonracha ó na scairshealbhóirí;

(iii)

aon duine atá faoi riteacht pholaitiúil, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(9) de Threoir (AE) 2015/849;

(iv)

aon duine, de réir reachtaíocht náisiúnta, is comhalta den chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta, nó d’ardbhainistíocht na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir;

(v)

an institiúid creidmheasa is iarratasóir nó aon chomhalta eile dá grúpa,

(i)

a mhéid a thagann aon choinbhleacht leasa chun cinn de bharr na gcaidreamh dá dtagraítear i bpointe (h), modhanna atá molta chun na coinbhleachtaí sin a bhainistiú;

(j)

liosta de gach duine a stiúrann gnó an duine dhlítheanaigh go héifeachtach, a ainm, dáta agus áit na breithe, seoladh, sonraí teagmhála, a uimhir aitheantais náisiúnta, i gcás ina mbeidh fáil uirthi sin, agus curriculum vitae mionsonraithe lena sonraítear oideachas ábhartha agus oiliúint ábhartha, taithí ghairmiúil roimhe sin, aon ghníomhaíocht ghairmiúil nó aon fheidhm ábhartha eile atá á comhlíonadh faoi láthair, in éineacht leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (2), pointí (c) agus (d), i leith gach duine den sórt sin;

(k)

struchtúr scairsheilbhe an duine dhlítheanaigh, lena n-áirítear aitheantas gach scairshealbhóra a fheidhmíonn tionchar suntasach agus a scairchaipiteal agus a chearta vótála faoi seach agus faisnéis ar aon chomhaontú scairshealbhóirí;

(l)

i gcás ina bhfuil an duine dlítheanach ina cuid de ghrúpa, cairt eagraíochtúil mhionsonraithe de struchtúr an ghrúpa agus faisnéis ar sciar caipitil agus ar chearta vótála na scairshealbhóirí ag a bhfuil tionchar suntasach ar eintitis an ghrúpa agus ar na gníomhaíochtaí a chomhlíonann eintitis an ghrúpa faoi láthair;

(m)

i gcás ina bhfuil an duine dlítheanach ina chuid de ghrúpa, faisnéis ar na caidrimh idir aon institiúid creidmheasa, aon ghnóthas árachais nó athárachais nó aon ghnólacht infheistíochta laistigh den ghrúpa agus idir aon eintiteas eile de chuid an ghrúpa, agus ainmneacha na n-údarás maoirseachta;

(n)

i gcás ina bhfuil an duine dlítheanach ina chuid de ghrúpa, aitheantas aon institiúide creidmheasa, aon ghnóthais árachais nó athárachais nó aon ghnólachta infheistíochta laistigh den ghrúpa, ainmneacha na n-údarás inniúil ábhartha, mar aon le hanailís ar imlíne chomhdhlúthú stuamachta na hinstitiúide creidmheasa agus an ghrúpa, lena n-áirítear faisnéis faoi eintitis an ghrúpa a d’áireofaí i raon feidhme na gceanglas maoirseachta comhdhlúite agus faoi na leibhéil laistigh den ghrúpa arbh infheidhme na ceanglais sin ar bhonn iomlán nó ar bhonn fo-chomhdhlúite;

(o)

ráitis airgeadais bhliantúla, ar leibhéal aonair agus, i gcás inarb infheidhme, ar leibhéil chomhdhlúite agus fo-chomhdhlúite an ghrúpa, i gcomhair na 3 bliana airgeadais go dtí sin, i gcás ina raibh an duine dlítheanach i mbun feidhme ar feadh na tréimhse sin, nó ar feadh tréimhse níos giorra den sórt sin dá raibh an duine dlítheanach i mbun feidhme agus dár ullmhaíodh ráitis airgeadais, a d’fhormheas an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí (2) agus (3), de Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear gach ceann de na hítimí seo a leanas:

(i)

an clár comhardaithe;

(ii)

na cuntais bhrabúis agus chaillteanais nó an ráiteas ioncaim;

(iii)

na tuarascálacha bliantúla agus na hiarscríbhinní airgeadais agus aon doiciméad eile atá cláraithe le clárlann nó le húdarás inniúil an duine dhlítheanaigh, lena n-áirítear, mar a leagtar amach mar nithe ábhartha sna tuarascálacha bliantúla, sna hiarscríbhinní airgeadais agus in aon doiciméad cláraithe eile, na toimhdí pleanála a úsáideadh, agus bonnchásanna agus cásanna struis i gceist ar a laghad;

(p)

i gcás ina bhfuil a phríomhoifig ag an duine dlítheanach i dtríú tír, an fhaisnéis uile seo a leanas:

(i)

i gcás ina bhfuil an duine dlítheanach faoi mhaoirseacht ag údarás tríú tír in earnáil na seirbhísí airgeadais, deimhniú dea-stádais, nó a chomhionann i gcás nach bhfuil fáil air, ó údarás tríú tír den sórt sin i ndáil leis an duine dlítheanach;

(ii)

i gcás ina bhfuil an duine dlítheanach faoi mhaoirseacht údaráis tríú tír in earnáil na seirbhísí airgeadais agus i gcás ina n-eisíonn an t-údarás sin dearbhuithe den sórt sin, dearbhú ón údarás tríú tír sin nach bhfuil aon bhacainn ná aon teorainn ar sholáthar na faisnéise is gá chun maoirseacht a dhéanamh ar an institiúid creidmheasa is iarratasóir;

(iii)

faisnéis ghinearálta faoi réimeas rialála an tríú tír sin mar is infheidhme maidir leis an duine dlítheanach, lena n-áirítear faisnéis ar a mhéid atá réimeas frithsciúrtha airgid agus frithmhaoinithe sceimhlitheoirí an tríú tír comhsheasmhach le moltaí an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais;

(q)

i gcás inarb amhlaidh gur gnóthas comhinfheistíochta é an duine dlítheanach:

(i)

aitheantas na sealbhóirí aonaid a rialaíonn an gnóthas comhinfheistíochta nó ag a bhfuil sealúchas lena gcuirtear ar a gcumas do na sealbhóirí aonaid sin cosc a chur ar an ngnóthas comhinfheistíochta cinntí a dhéanamh;

(ii)

mionsonraí an bheartais infheistíochta agus aon srian ar infheistíocht;

(iii)

ainm agus post na ndaoine atá freagrach, cibé acu ar bhonn leithleach nó mar choiste, as na cinntí infheistíochta a chinneadh agus a dhéanamh le haghaidh an ghnóthais comhinfheistíochta, mar aon le cóip d’aon sainordú bainistíochta nó, i gcás inarb infheidhme, téarmaí tagartha an choiste;

(iv)

tuairisc mhionsonraithe ar an gcreat dlíthiúil frithsciúrtha airgid is infheidhme agus ar nósanna imeachta frithsciúrtha airgid an ghnóthais comhinfheistíochta;

(v)

tuairisc mhionsonraithe ar fheidhmíocht iarshealúchais an ghnóthais comhinfheistíochta in institiúidí creidmheasa eile, ar ghnóthais árachais nó athárachais eile nó ar ghnólachtaí infheistíochta, á thabhairt le fios cibé acu a d’fhormheas údarás inniúil na sealúchais sin agus, más amhlaidh, aitheantas an údaráis;

(r)

i gcás inar ciste infheistíochta Stáit é an duine:

(i)

ainm an chomhlachta phoiblí atá i gceannas ar bheartas infheistíochta an chiste infheistíochta Stáit a chinneadh;

(ii)

mionsonraí bheartas infheistíochta an chiste infheistíochta Stáit agus aon srian ar infheistíocht;

(iii)

ainmneacha agus poist na ndaoine atá freagrach as na cinntí infheistíochta a dhéanamh le haghaidh an chiste infheistíochta Stáit;

(iv)

mionsonraí ar aon tionchar a fheidhmíonn an comhlacht poiblí dá dtagraítear i bpointe (i) ar oibríochtaí laethúla an chiste infheistíochta Stáit agus ar an institiúid creidmheasa is iarratasóir.

4.   

Chun críocha phointe 3 sin, áireofar le grúpa comhaltaí an eintitis agus fochuideachtaí na gcomhaltaí sin. An fhaisnéis seo a leanas faoi shuibscríbhinní a eascraíonn as socruithe iontaobhais:

(a)

aitheantas na n-iontaobhaithe uile a bhainisteoidh sócmhainní faoi théarmaí an doiciméid iontaobhais agus gach duine is tairbhí nó is socraitheoir i leith mhaoin an iontaobhais agus, i gcás inarb infheidhme, a scaireanna faoi seach i ndáileadh an ioncaim a ghineann maoin an iontaobhais;

(b)

cóip d’aon doiciméad lena mbunaítear nó lena rialaítear an t-iontaobhas;

(c)

tuairisc ar phríomhghnéithe dlítheanacha an iontaobhais agus ar phríomhghnéithe a fheidhmithe;

(d)

modh maoinithe an iontaobhais agus na hacmhainní lena n-áirithítear fóntacht airgeadais an iontaobhais chun tacú leis an iarratasóir, agus go háirithe:

(i)

tuairisc ar bheartas infheistíochta an iontaobhais agus srianta féideartha ar infheistíochtaí, lena n-áirítear faisnéis ar na tosca a théann i bhfeidhm ar chinntí infheistíochta agus ar an straitéis scoir i ndáil leis an institiúid creidmheasa is iarratasóir;

(ii)

faisnéis ar iar-infheistíochtaí agus ar infheistíochtaí reatha de chuid eintiteas san earnáil airgeadais agus torthaí oibriúcháin i ndáil leis na hinfheistíochtaí sin i ndáil leis an iontaobhas;

(iii)

tásc agus forbhreathnú ar na foinsí cistiúcháin agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, ráitis airgeadais bhliantúla an iontaobhais.


(1)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(2)  Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).