29.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 335/36


RIALACHÁN (AE) 2022/2577 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Nollaig 2022

lena leagtar síos creat chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 122(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le cogadh foghach Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus laghdú as cuimse na soláthairtí gáis nádúrtha ó Chónaidhm na Rúise chuig na Ballstáit, tá slándáil soláthair an Aontais agus a Bhallstát i mbaol. An tráth céanna, mar thoradh ar an soláthar gáis a bheith á úsáid mar uirlis troda agus na margaí a bheith á mí-ionramháil ag Cónaidhm na Rúise trí shuaitheadh d’aon ghnó a dhéanamh ar shreafaí gáis, tháinig méadú an-mhór ar phraghsanna fuinnimh san Aontas, rud a chuireann ní hamháin geilleagar an Aontais i mbaol, ach a chuireann slándáil an tsoláthair i mbaol freisin. Le himscaradh tapa foinsí fuinnimh in-athnuaite, is féidir cabhrú le héifeachtaí na géarchéime fuinnimh atá ann faoi láthair a mhaolú, trí chosaint a chruthú in aghaidh ghníomhaíochtaí na Rúise. Is féidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite rannchuidiú go mór chun cur i gcoinne na húsáide atá á baint as an bhfuinneamh mar uirlis troda ag an Rúis, trí shlándáil soláthair an Aontais a neartú, luaineacht sa mhargadh a laghdú agus praghsanna fuinnimh a ísliú.

(2)

Le roinnt míonna anuas, ghéaraigh gníomhaíochtaí na Rúise an staid sa mhargadh a thuilleadh, go háirithe tríd an mbaol a mhéadú go gcuirfear stop iomlán le soláthairtí gáis na Rúise chuig an Aontas go luath amach anseo, staid a rinne difear do shlándáil soláthair an Aontais. Mar gheall air sin, tháinig méadú mór ar luaineacht praghsanna fuinnimh san Aontas agus ar phraghsanna gáis agus leictreachais go leibhéil is airde riamh i rith an tsamhraidh, as a tháinig méadú ar phraghsanna miondíola leictreachais, agus meastar go leanfaidh siad de dhul i bhfeidhm de réir a chéile ar fhormhór na gconarthaí atá ag tomhaltóirí, rud a chuireann ualach méadaitheach ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí. Chuir an staid ghéaraithe sna margaí fuinnimh go mór leis an mboilsciú ginearálta sa limistéar euro agus chuir sé moill ar an bhfás eacnamaíoch ar fud an Aontais. Leanfaidh an riosca sin ar aghaidh gan beann ar aon laghdú sealadach ar phraghsanna mórdhíola agus beidh sé níos ábhartha fós an bhliain seo chugainn, mar a aithníodh sa togra éigeandála ón gCoimisiún a ghabhann leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hÉigeandáil Fuinnimh — ullmhú, ceannach agus cosaint an Aontais le chéile. D’fhéadfadh deacrachtaí móra a bheith ag cuideachtaí fuinnimh na hEorpa maidir le saoráidí stórála gáis a líonadh an bhliain seo chugainn, ós rud é gur dócha go dtiocfaidh níos lú gás píblíne isteach san Aontas ón Rúis, nó fiú nach dtiocfaidh aon ghás píblíne isteach san Aontas ón Rúis, mar gheall ar an staid pholaitiúil atá ann faoi láthair. Ina theannta sin, is é an sprioc atá ann do 2023, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), 90 % d’acmhainneachtaí stórála gáis an Aontais a líonadh i gcomparáid le 80 % don gheimhreadh seo. Chomh maith leis sin, maidir le teagmhais dhothuartha, mar shampla sabaitéireacht píblínte agus rioscaí eile go gcuirfí isteach ar shlándáil an tsoláthair, d’fhéadfadh siad brú breise a chruthú sna margaí gáis. Ina theannta sin, tá an t-ionchas iomaíochais a bhaineann le tionscail teicneolaíochta fuinnimh in-athnuaite san Eoraip níos laige mar gheall ar bheartais a rinneadh le déanaí i réigiúin eile ar fud an domhain arb é is aidhm dóibh tacú leis an méadú ar shlabhraí luacha teicneolaíochta fuinnimh in-athnuaite ina n-iomláine agus dlús a chur leis an méadú sin.

(3)

Sa chomhthéacs sin agus chun dul i ngleic le neamhchosaint thomhaltóirí agus ghnólachtaí na hEorpa ar phraghsanna arda luaineacha a chruthaíonn cruatan eacnamaíoch agus sóisialta, chun an laghdú is gá ar an éileamh ar fhuinneamh a éascú trí fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur in ionad soláthairtí gáis nádúrtha agus chun slándáil an tsoláthair a mhéadú, ní mór don Aontas tuilleadh gníomhaíochta, idir láithreach agus shealadach, chun dlús a chur le himscaradh foinsí fuinnimh in-athnuaite, go háirithe trí bhíthin bearta spriocdhírithe lena bhféadfar dlús a chur le luas imscartha foinsí fuinnimh in-athnuaite san Aontas sa ghearrthéarma.

(4)

Roghnaíodh na bearta práinneacha sin mar gheall ar a gcineál agus a n-acmhainneacht rannchuidiú le réitigh ar an éigeandáil fuinnimh sa ghearrthéarma. Go háirithe, roinnt de na bearta atá sa Rialachán seo, féadfaidh na Ballstáit iad a chur chun feidhme go pras chun cuíchóiriú a dhéanamh ar an bpróiseas deonaithe ceadanna is infheidhme maidir le tionscadail fuinnimh in-athnuaite, gan gá le hathruithe troma ar a nósanna imeachta náisiúnta ná ar a gcórais dlí náisiúnta, agus lena n-áiritheofar dlús dearfach imscaradh foinsí fuinnimh in-athnuaite sa ghearrthéarma. Tá raon feidhme ginearálta ag roinnt de na bearta sin, amhail toimhde infhrisnéise a thabhairt isteach go bhfuil leas poiblí sáraitheach ag baint le tionscadail fuinnimh in-athnuaite chun críocha na reachtaíochta comhshaoil ábhartha, nó soiléiriú a thabhairt isteach maidir le raon feidhme treoracha comhshaoil áirithe chomh maith le simpliú an chreata deonaithe ceadaithe chun gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú trí dhíriú ar an tionchar a eascraíonn as na hathruithe nó na síntí i gcomparáid leis an mbuntionscadal. Díríonn bearta eile ar theicneolaíochtaí sonracha, amhail deonú ceadanna do threalamh grianfhuinnimh ar struchtúir atá ann cheana a dhéanamh i bhfad níos giorra agus níos tapa. Is iomchuí na bearta éigeandála sin a chur chun feidhme a luaithe is féidir, agus iad a oiriúnú de réir mar is gá chun aghaidh a thabhairt i gceart ar na dúshláin atá ann faoi láthair.

(5)

Is gá bearta práinneacha spriocdhírithe breise a thabhairt isteach a bheidh dírithe ar theicneolaíochtaí sonracha agus ar chineálacha tionscadal a bhfuil an acmhainneacht is mó acu maidir le himscaradh tapa agus a bhfuil éifeacht láithreach acu ar na cuspóirí maidir le luaineacht praghsanna a laghdú agus an t-éileamh ar ghás nádúrtha a laghdú gan srian a chur ar an éileamh foriomlán ar fhuinneamh. Chomh maith le dlús a chur le próisis deonaithe ceadanna, maidir le trealamh grianfhuinnimh ar struchtúir shaorga, is iomchuí imscaradh suiteálacha gréine ar mionscála a chur chun cinn agus dlús a chur leis, lena n-áirítear le haghaidh féintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite agus le haghaidh féintomhaltóirí comhchoiteanna, mar shampla pobail fuinnimh áitiúla, ós rud é gurb iad sin na roghanna leis an gcostas is lú, agus is inrochtana agus is iad a imríonn an tionchar is lú ar an gcomhshaol nó ar ghnéithe eile chun suiteálacha nua fuinnimh in-athnuaite a chur in úsáid go tapa. Ina theannta sin, tacaíonn na tionscadail sin go díreach le teaghlaigh agus le cuideachtaí a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh agus tugann siad cosaint do thomhaltóirí ar luaineacht praghsanna. Is rogha é gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú chun táirgeadh fuinnimh in-athnuaite a mhéadú go tapa agus, ag an am céanna, an tionchar is lú a imirt ar bhonneagar eangaí agus ar an gcomhshaol, lena n-áirítear i gcás na dteicneolaíochtaí táirgthe fuinnimh in-athnuaite sin, amhail cumhacht ghaoithe, a mbíonn próisis deonaithe ceadanna níos faide ann ina leith de ghnáth. Ar deireadh, is rogha dhíreach fuinnimh in-athnuaite iad teaschaidéil ar choirí gáis nádúrtha agus d’fhéadfadh siad an t-éileamh ar ghás nádúrtha a laghdú go mór le linn an tséasúir téimh.

(6)

Mar gheall ar an staid fuinnimh phráinneach agus eisceachtúil atá ann, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann díolúintí a thabhairt isteach ó oibleagáidí measúnaithe áirithe a leagtar síos i reachtaíocht chomhshaoil an Aontais do thionscadail fuinnimh in-athnuaite agus tionscadail stórála fuinnimh agus tionscadail eangaí leictreachais atá riachtanach chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais. Chun na díolúintí sin a thabhairt isteach, ba cheart dhá choinníoll a chomhlíonadh, eadhon an tionscadal a bheith lonnaithe i limistéar tiomnaithe in-athnuaite nó eangaí agus ba cheart go mbeadh an limistéar sin faoi réir measúnú straitéiseach comhshaoil. Ina theannta sin, ba cheart bearta maolaithe comhréireacha nó, i gcás nach bhfuil fáil orthu, bearta cúitimh a ghlacadh chun cosaint speiceas a áirithiú.

(7)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le próisis deonaithe ceadanna a bhfuil túsdáta acu le linn a thréimhse cur i bhfeidhm. I bhfianaise chuspóir an Rialacháin seo, agus na staide éigeandála agus an chomhthéacs eisceachtúil a bhaineann lena ghlacadh, go háirithe ós rud é go bhfuil bonn cirt, de bharr dlús gearrthéarmach le himscaradh foinsí in-athnuaite fuinnimh san Aontas, go gcuirfí forálacha an Rialacháin seo i bhfeidhm maidir le próisis deonaithe ceadanna atá ar feitheamh, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit an Rialachán seo, nó cuid áirithe dá fhorálacha, a chur i bhfeidhm maidir le próisis leanúnacha deonaithe ceadanna nach ndearna an t-údarás ábhartha cinneadh críochnaitheach ina leith, ar choinníoll go n-urramaítear go cuí le cur i bhfeidhm na rialacha sin cearta tríú páirtithe atá ann cheana agus a n-ionchais dhlisteanacha. Agus an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, go páirteach nó go hiomlán, maidir le próisis leanúnacha deonaithe ceadanna, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, dá bhrí sin, gur comhréireach é cur i bhfeidhm an rialacháin seo maidir le nósanna imeachta ceadaithe atá ar feitheamh agus go gcosnaítear go hiomchuí, leis an gcur i bhfeidhm sin, cearta agus ionchais dhlisteanacha na bpáirtithe leasmhara uile.

(8)

Ceann de na bearta sealadacha is ea toimhde infhrisnéise a thabhairt isteach go bhfuil leas poiblí sáraitheach ag baint le tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus gur chun leas na sábháilteachta agus na sláinte poiblí atá siad chun críocha reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir leis an gcomhshaol, ach amháin i gcás ina bhfuil fianaise shoiléir ann go bhfuil drochéifeachtaí móra ag na tionscadail sin ar an gcomhshaol nach féidir a mhaolú ná a chúiteamh. Tá gléasraí fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear teaschaidéil nó fuinneamh gaoithe, ríthábhachtach chun an t-athrú aeráide agus truailliú a chomhrac, praghsanna fuinnimh a laghdú, spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus slándáil soláthair an Aontais a áirithiú. Dá nglacfaí leis go bhfuil leas poiblí sáraitheach ag baint le gléasraí fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear teaschaidéil, agus gur chun leas na sábháilteachta agus na sláinte poiblí atá siad, d’fhéadfadh na tionscadail sin tairbhe a bhaint láithreach, i gcás inar gá, as measúnú simplithe le haghaidh maoluithe sonracha dá bhforáiltear i reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir leis an gcomhshaol. Agus a sainiúlachtaí náisiúnta á gcur san áireamh, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit cur i bhfeidhm na toimhde sin a shrianadh do chodanna áirithe dá gcríocha nó do theicneolaíochtaí nó tionscadail áirithe. Is féidir leis na Ballstáit breithniú a dhéanamh an toimhde sin a chur i bhfeidhm ina reachtaíocht náisiúnta ábhartha maidir le tírdhreachú.

(9)

Is léiriú é sin ar an ról tábhachtach a d’fhéadfadh a bheith ag an bhfuinneamh in-athnuaite i ndícharbónú chóras fuinnimh an Aontais, trí réitigh láithreacha a chur ar fáil lena gcur in ionad fuinnimh atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise agus trí aghaidh a thabhairt ar an staid ghéaraithe sa mhargadh. Chun deireadh a chur le scrogaill sa phróiseas deonaithe ceadanna agus in oibriú gléasraí fuinnimh in-athnuaite, sa phróiseas pleanála agus deonaithe ceadanna, ba cheart tosaíocht a thabhairt do thógáil agus d’oibriú gléasraí fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus d’fhorbairt an bhonneagair eangaí lena mbaineann agus leasanna dlíthiúla á gcothromú sa chás aonair, ar a laghad i gcás tionscadal a aithnítear mar thionscadail a bhfuil leas poiblí ag baint leo. A mhéid a bhaineann le cosaint speiceas, níor cheart an tosaíocht seo a thabhairt ach amháin má dhéantar, agus a mhéid a dhéantar, bearta iomchuí caomhnaithe speiceas a chuidíonn le líon na speiceas a choinneáil ar bun nó a athbhunú ag stádas caomhantais fabhrach agus má chuirtear acmhainní leordhóthanacha airgeadais chomh maith le limistéir ar fáil chun na críche sin.

(10)

Is príomhfhoinse fuinnimh in-athnuaite é an grianfhuinneamh chun deireadh a chur le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise agus an t-aistriú i dtreo geilleagar atá aeráidneodrach á bhaint amach ag an am céanna. Maidir le grianfhuinneamh fótavoltach, atá ar cheann de na foinsí leictreachais leis an gcostas is lú atá ar fáil, agus teicneolaíochtaí teirmeacha gréine, a chuireann téamh in-athnuaite ar fáil ar chostas íseal in aghaidh an aonaid teasa, is féidir iad a chur i bhfeidhm go tapa, agus is féidir le saoránaigh agus gnólachtaí tairbhe a bhaint astu. Sa chomhthéacs sin, i gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 dar teideal “EU Solar Energy Strategy” [Straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh], tacófar le slabhra luacha gréine tionsclaíoch athléimneach a fhorbairt san Aontas, lena n-áirítear tríd an gComhghuaillíocht don Tionscal Fótavoltach Gréine a sheolfar ag deireadh 2022. Trí dhlús a chur le deonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus tríd na próisis deonaithe ceadanna sin a fheabhsú, cuideofar le bonn a chur faoi mhéadú ar acmhainneacht déantúsaíochta theicneolaíocht fuinnimh ghlain an Aontais. Mar gheall ar na cúinsí atá ann faoi láthair agus, go háirithe an luaineacht ard i bpraghsanna fuinnimh, ní mór gníomhaíocht a dhéanamh láithreach chun próisis deonaithe ceadanna i bhfad níos tapúla a áirithiú chun dlús mór a chur le luas a bhaineann le trealamh grianfhuinnimh a shuiteáil ar struchtúir shaorga, nach mbíonn chomh casta céanna de ghnáth le suiteálacha ar an talamh agus ar féidir leo rannchuidiú go tapa le héifeachtaí na géarchéime fuinnimh atá ann faoi láthair a mhaolú, ar choinníoll go gcoinnítear cobhsaíocht, iontaofacht agus sábháilteacht na heangaí ar bun. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbainfeadh na suiteálacha sin tairbhe as próisis deonaithe ceadanna níos giorra i gcomparáid le tionscadail eile fuinnimh in-athnuaite.

(11)

3 mhí ba cheart a bheith sa sprioc-am uasta don phróiseas deonaithe ceadanna maidir le suiteáil trealaimh grianfhuinnimh mar aon leis an stóráil chomhshuite agus ceangail leis an eangach a bhaineann leis sin, i struchtúir shaorga atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo agus a cruthaíodh chun críoch eile seachas chun grianfhuinneamh a tháirgeadh. Ba cheart maolú sonrach ar an gceanglas measúnuithe comhshaoil a dhéanamh faoi Threoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a thabhairt isteach freisin le haghaidh na suiteálacha sin ós rud é nach dócha go mbeidh ábhair imní ann maidir le húsáidí iomaíocha den spás nó tionchar ar an gcomhshaol. Ceann de na modhanna is éifeachtúla do thomhaltóirí fuinnimh chun a mbillí fuinnimh agus a neamhchosaint ar luaineacht praghsanna a laghdú is ea infheistíocht a dhéanamh i suiteálacha beaga díláraithe grianfhuinnimh lena bheith ina bhféintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit, ar chúiseanna áirithe a bhfuil bonn cirt leo, limistéir nó struchtúir áirithe a eisiamh ó raon feidhme an spriocdháta chiorraithe sin agus ón maolú sin.

(12)

Rannchuidíonn suiteálacha féintomhaltais leictreachais, lena n-áirítear iad sin le haghaidh féintomhaltóirí comhchoiteanna, mar shampla pobail fuinnimh áitiúla, leis an éileamh foriomlán ar ghás nádúrtha a laghdú, le hathléimneacht an chórais a mhéadú agus le spriocanna fuinnimh in-athnuaite an Aontais a bhaint amach. Ní dócha go mbeidh éifeachtaí díobhálacha móra ar an gcomhshaol ná ar an eangach ag suiteáil trealaimh grianfhuinnimh ag a bhfuil toilleadh faoi bhun 50 kW, lena n-áirítear suiteálacha d’fhéintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite, agus ní cúis imní é maidir le sábháilteacht. Ina theannta sin, de ghnáth ní bhíonn méadú acmhainneachta de dhíth ar shuiteálacha beaga féintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite ag an bpointe nasctha eangaí. I bhfianaise na n-éifeachtaí dearfacha láithreacha a bhaineann le suiteálacha den sórt sin do thomhaltóirí agus i bhfianaise na dtionchar teoranta a bhféadfadh a bheith acu ar an gcomhshaol, is iomchuí an próiseas deonaithe ceadanna is infheidhme maidir leo a chuíchóiriú a thuilleadh ar choinníoll nach sáróidh siad an acmhainneacht atá ag an gceangal leis an eangach dáileacháin cheana trí choincheap an tosta dhearfaigh riaracháin a thabhairt isteach sna próisis ábhartha deonaithe ceadanna chun imscaradh na suiteálacha sin a chur chun cinn agus dlús a chur leis an imscaradh sin, agus chun leas a bhaint as na tairbhí a bhaineann leis na suiteálacha sin sa ghearrthéarma. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit tairseach faoi bhun 50 kW a chur i bhfeidhm i ngeall ar a srianta inmheánacha, ar choinníoll go bhfanfaidh an tairseach níos airde ná 10.8 kW. I gcás ar bith, le linn an phróisis deonaithe ceadanna a mhairfidh mí amháin, féadfaidh na húdaráis nó na heintitis ábhartha diúltú do na hiarratais a fuarthas ar na suiteálacha sin ar chúiseanna a bhaineann le sábháilteacht, cobhsaíocht agus iontaofacht eangaí ar bhonn freagra cuí-réasúnaithe.

(13)

Tá acmhainneacht mhór ag baint le hathchumhachtú gléasraí fuinnimh in-athnuaite atá ann cheana chun giniúint cumhachta in-athnuaite a mhéadú go tapa, rud a fhágann gur féidir ídiú gáis a laghdú. Le hathchumhachtú is féidir úsáid leanúnach a bhaint as láithreáin a bhfuil acmhainneacht mhór fuinnimh in-athnuaite acu, rud a laghdaíonn an gá atá le láithreáin nua a ainmniú do thionscadail fuinnimh in-athnuaite. Trí ghléasra cumhachta fuinnimh gaoithe a athchumhachtú le tuirbíní níos éifeachtúla, is féidir an acmhainneacht atá ann cheana a choinneáil ar bun, nó an acmhainneacht a mhéadú, agus tuirbíní níos mó agus níos éifeachtúla a bheith acu ag an am céanna, ach níos lú díobh. Téann sé chun tairbhe don athchumhachtú go mbíonn nasc ann cheana leis an eangach, gur dócha go mbeidh glacadh níos mó ag an bpobal leis agus go bhfuil eolas ar na tionchair atá ann don chomhshaol.

(14)

Meastar go mbeidh an acmhainneacht gaoithe ar talamh 38 GW ag teacht chuig deireadh a ghnáthré oibriúcháin de 20 bliain idir 2021 agus 2025. Dá ndéanfaí na hacmhainneachtaí sin a dhíchoimisiúnú in ionad iad a athchumhachtú, thiocfadh laghdú mór ar an acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite atá suiteáilte faoi láthair, rud a dhéanfadh an staid sa mhargadh fuinnimh níos casta fós. Tá sé ríthábhachtach na próisis deonaithe ceadanna le haghaidh athchumhachtaithe a shimpliú agus a luathú láithreach chun an acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite san Aontas a chothabháil agus a mhéadú. Chuige sin, tugtar isteach bearta breise leis an Rialachán seo chun an próiseas deonaithe ceadanna is infheidhme maidir le hathchumhachtú tionscadal fuinnimh in-athnuaite a chuíchóiriú a thuilleadh. Go háirithe, ba cheart gach measúnú tionchair comhshaoil ábhartha a bheith san áireamh sa sprioc-am uasta 6 mhí is infheidhme maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna chun tionscadail fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú. Thairis sin, maidir le gléasra fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú nó bonneagar eangaí lena mbaineann is gá chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais a uasghrádú, aon uair a bheidh an t-athchumhachtú sin faoi réir scagadh nó measúnú tionchair comhshaoil, ba cheart é a theorannú do mheasúnú a dhéanamh ar na tionchair shuntasacha a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an athrú nó ar an síneadh i gcomparáid leis an mbuntionscadal.

(15)

Chun athchumhachtú gléasraí fuinnimh in-athnuaite atá ann cheana a chur chun cinn agus dlús a chur leis an athchumhachtú sin, ba cheart nós imeachta simplithe um naisc eangaí a bhunú láithreach i gcás ina mbeidh méadú teoranta ar an acmhainneacht iomlán i gcomparáid leis an mbuntionscadal mar thoradh ar an athchumhachtú.

(16)

Agus suiteáil grianfhuinnimh á athchumhachtú, is féidir méaduithe ar éifeachtúlacht agus ar acmhainneacht a bhaint amach gan an spás atá á úsáid a mhéadú. Dá bhrí sin, ní bheadh tionchar éagsúil ag an tsuiteáil athchumhachtaithe ar an gcomhshaol ná mar atá ag an mbunsuiteáil fad is nach méadaítear an spás a úsáidtear sa phróiseas, agus go leantar de na bearta maolaithe comhshaoil a ceanglaíodh ar dtús a chomhlíonadh.

(17)

Is príomhtheicneolaíocht iad teaschaidéil chun téamh agus fuarú in-athnuaite a tháirgeadh ó fhuinneamh comhthimpeallach, lena n-áirítear ó ghléasraí cóireála fuíolluisce, agus ó fhuinneamh geoiteirmeach. Fágann teaschaidéil freisin gur féidir dramhtheas agus dramhfhuacht a úsáid. Trí imscaradh tapa teaschaidéal, lena slógtar foinsí fuinnimh in-athnuaite tearcúsáidte mar shampla fuinneamh comhthimpeallach, fuinneamh geoiteirmeach agus dramhtheas ó earnálacha tionsclaíocha agus treasacha, lena n-áirítear lárionaid sonraí, beifear in ann réiteach téimh in-athnuaite a chur in ionad coirí gáis nádúrtha agus coirí eile atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise, agus éifeachtúlacht fuinnimh á méadú ag an am céanna. Cuirfidh sé sin dlús leis an laghdú ar úsáid gáis chun téamh a sholáthar, i bhfoirgnimh agus in earnáil na tionsclaíochta araon. Chun dlús a chur le suiteáil agus úsáid teaschaidéal, is iomchuí próisis deonaithe ceadanna a bheidh spriocdhírithe agus níos giorra a thabhairt isteach le haghaidh na suiteálacha sin, lena n-áirítear nós imeachta simplithe chun teaschaidéil níos lú a cheangal leis an eangach leictreachais i gcás nach bhfuil aon chúis imní maidir le sábháilteachta ann, nach bhfuil tuilleadh oibreacha de dhíth le haghaidh naisc eangaí agus níl aon neamh-chomhoiriúnacht theicniúil idir comhpháirteanna an chórais ann, ach amháin i gcás nach gceanglaítear nós imeachta mar sin faoin dlí náisiúnta. A bhuí le suiteáil teaschaidéal a bheidh níos tapúla agus níos éasca, cuirfidh úsáid mhéadaithe foinsí in-athnuaite in earnáil an téimh, arb í is cúis le leath d’ídiú fuinnimh an Aontais, le slándáil an tsoláthair agus cuideofar le dul i ngleic le staid níos deacra sa mhargadh.

(18)

Agus na sprioc-amanna á gcur i bhfeidhm maidir le trealamh grianfhuinnimh a shuiteáil, gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú agus teaschaidéil a imscaradh, níor cheart an t-am a bhfuil na gléasraí, a naisc eangaí agus an bonneagar eangaí riachtanach lena mbaineann á dtógáil nó á n-athchumhachtú lena linn a áireamh laistigh de na sprioc-amanna sin ach amháin nuair atá sé i gcomhthráth le céimeanna riaracháin eile den phróiseas deonaithe ceadanna. Ina theannta sin, níor cheart an tréimhse le haghaidh na gcéimeanna riaracháin atá riachtanach le haghaidh uasghráduithe suntasacha ar an eangach is gá chun cobhsaíocht na heangaí, iontaofacht na heangaí agus sábháilteacht na heangaí a áireamh laistigh de na sprioc-amanna.

(19)

Chun imscaradh fuinnimh in-athnuaite a éascú a thuilleadh, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit an fhéidearthacht a choinneáil chun sprioc-amanna an phróisis deonaithe ceadanna a ghiorrú a thuilleadh.

(20)

Maidir le forálacha Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (“Coinbhinsiún Aarhus”) a mhéid a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil, leanann na forálacha sin, agus go háirithe na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit a bhaineann le rannpháirtíocht phoiblí agus rochtain ar cheartas, de bheith infheidhme.

(21)

Is prionsabal ginearálta faoi dhlí an Aontais é prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh mar a luaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina breithiúnas an 15 Iúil 2021, i gCás C-848/19 P (3), an Ghearmáin v an Pholainn, agus tá feidhm aige maidir leis na Ballstáit uile. Trí phrionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh a chur chun feidhme, leis an Rialachán seo, féadfar na héifeachtaí a bheidh ag imscaradh níos tapúla tionscadail fuinnimh in-athnuaite a dháileadh thar theorainneacha. Tá na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo dírithe ar shuiteálacha fuinnimh in-athnuaite i ngach Ballstát agus tagann réimse leathan tionscadal fúthu, lena n-áirítear tionscadail a bhaineann le struchtúir atá ann cheana, suiteálacha nua de threalamh grianfhuinnimh agus athchumhachtú suiteálacha atá ann cheana. I bhfianaise a chomhtháite atá margaí fuinnimh an Aontais, ba cheart aon mhéadú ar imscaradh fuinnimh in-athnuaite i mBallstát a bheith tairbheach freisin do Bhallstáit eile ó thaobh shlándáil an tsoláthair agus praghsanna níos ísle de. Ba cheart go gcuideodh sé le sreabhadh leictreachais in-athnuaite thar na teorainneacha chuig na háiteanna is mó ina bhfuil gá leis agus go n-áiritheofaí leis go n-onnmhaireofar leictreachas a ghintear ar chostas íseal chuig na Ballstáit ina bhfuil an ghiniúint leictreachais níos costasaí. Ina theannta sin, beidh tionchar ag na hacmhainneachtaí fuinnimh in-athnuaite nuashuiteáilte sna Ballstáit ar an laghdú foriomlán ar an éileamh ar ghás ar fud an Aontais.

(22)

Le hAirteagal 122(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais, ceadaítear don Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún agus de mheon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, na bearta is iomchuí don staid eacnamaíoch a chinneadh, go háirithe má thagann géardheacrachtaí maidir le soláthar táirgí áirithe chun cinn, go háirithe i réimse an fhuinnimh. I bhfianaise na dteagmhas a tharla le déanaí agus na ngníomhaíochtaí a rinne an Rúis le déanaí , leis an mbaol mór atá ann go gcuirfear stop iomlán le soláthairtí gáis na Rúise, mar aon le hionchas neamhchinnte na roghanna malartacha, tá bagairt mhór ann go gcuirfear isteach ar an soláthar fuinnimh, rud a mhéadaíonn ar na praghsanna fuinnimh a thuilleadh agus a chuireann brú ar gheilleagar an Aontais dá bharr sin. Dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht phráinneach.

(23)

I bhfianaise mhéid na géarchéime fuinnimh, leibhéal a tionchair shóisialta, eacnamaíoch agus airgeadais agus gur gá gníomhú a luaithe is féidir, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh a bhailíocht teoranta do 18 mí dhéag, agus tá clásal athbhreithnithe ann chun go bhféadfaidh an Coimisiún moladh a dhéanamh go gcuirfí síneadh lena bhailíocht, más gá.

(24)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha sealadacha de chineál éigeandála chun dlús a chur leis an bpróiseas deonaithe ceadanna is infheidhme maidir le táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh, agus béim ar leith á leagan ar theicneolaíochtaí sonracha fuinnimh in-athnuaite nó ar chineálacha tionscadal lenar féidir dlús gearrthéarmach a chur le luas imscartha foinsí in-athnuaite fuinnimh san Aontas.

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na próisis deonaithe ceadanna uile a bhfuil dáta tosaigh acu laistigh dá thréimhse feidhme agus tá sé gan dochar d’fhorálacha náisiúnta lena mbunaítear sprioc-amanna níos giorra ná na sprioc-amanna a leagtar síos in Airteagail 4, 5 agus 7.

Féadfaidh na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm freisin maidir le próisis leanúnacha deonaithe ceadanna nach raibh cinneadh críochnaitheach mar thoradh orthu roimh an 30 Nollaig 2022, ar choinníoll go giorraítear leis sin an próiseas deonaithe ceadanna agus go gcaomhnaítear cearta dlíthiúla tríú páirtí atá ann cheana.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Sa bhreis air sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “próiseas deonaithe ceadanna” an próiseas:

(a)

ina gcuimsítear na ceadanna riaracháin ábhartha uile a eisítear maidir le gléasraí chun fuinneamh a tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite a thógáil, a athchumhachtú agus a oibriú lena n-áirítear teaschaidéil, saoráidí comhshuite stórála fuinnimh agus na sócmhainní is gá lena gceangal leis an eangach, lena n-áirítear ceadanna maidir le ceangal leis an eangach agus measúnuithe tionchair comhshaoil i gcás inar gá iad sin; agus

(b)

ina gcuimsítear na céimeanna riaracháin uile a thosaíonn nuair a admhaítear go bhfuair an t-údarás ábhartha an t-iarratas iomlán agus a chríochnaíonn nuair a thugann an t-údarás ábhartha fógra faoin gcinneadh críochnaitheach maidir le toradh an phróisis;

(2)

ciallaíonn “trealamh grianfhuinnimh” trealamh a thiontaíonn fuinneamh ón ngrian go fuinneamh teirmeach nó leictreach, lena n-áirítear trealamh teirmeach gréine agus trealamh fótavoltach gréine.

Airteagal 3

Leas poiblí sáraitheach

1.   Maidir le pleanáil, tógáil agus oibriú gléasraí agus suiteálacha le haghaidh táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, agus a gceangal leis an eangach, an eangach ghaolmhar féin agus na sócmhainní stórála, measfar go bhfuil leas poiblí sáraitheach ag baint leo agus gur chun leas na sábháilteachta agus na sláinte poiblí atá siad agus leasanna dlíthiúla á gcothromú sa chás aonair, chun críocha Airteagal 6(4) agus Airteagal 16(1)(c) de Threoir 92/43/CEE (5) ón gComhairle, Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus Airteagal 9(1)(a) de Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Féadfaidh na Ballstáit cur i bhfeidhm na bhforálacha sin a theorannú do chodanna áirithe dá gcríoch agus do chineálacha áirithe teicneolaíochtaí nó do thionscadail lena mbaineann saintréithe teicniúla áirithe i gcomhréir leis na tosaíochtaí a leagtar amach ina bpleananna náisiúnta comhtháite fuinnimh agus aeráide.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, ar a laghad i gcás tionscadail a aithnítear mar thionscadail a bhfuil leas sáraitheach poiblí ag baint leo, go dtabharfar, agus leasanna dlíthiúla á gcothromú sa chás aonair, tosaíocht sa phróiseas pleanála agus deonaithe ceadanna do thógáil agus d’oibriú gléasraí agus suiteálacha le haghaidh táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus d’fhorbairt an bhonneagair eangaí lena mbaineann. Maidir le cosaint speiceas, ní bheidh feidhm ag an abairt roimhe seo ach amháin má dhéantar, agus a mhéid a dhéantar, bearta iomchuí caomhnaithe speiceas a chuidíonn le líon na speiceas a choinneáil ar bun nó a athbhunú ag stádas caomhantais fabhrach agus má chuirtear acmhainní leordhóthanacha airgeadais chomh maith le limistéir ar fáil chun na críche sin.

Airteagal 4

Luas a chur leis an bpróiseas deonaithe ceadanna maidir le trealamh grianfhuinnimh a shuiteáil

1.   Maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna maidir le trealamh grianfhuinnimh agus sócmhainní stórála fuinnimh comhshuite a shuiteáil, lena n-áirítear suiteálacha gréine agus trealamh grianfhuinnimh dín atá comhtháite san fhoirgneamh, i struchtúir shaorga atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo, cé is moite de dhromchlaí uisce saorga, áiritheoidh na Ballstáit, nach mairfidh an próiseas sin níos faide ná 3 mhí, ar choinníoll nach é príomhaidhm na struchtúr sin grianfhuinneamh a tháirgeadh. De mhaolú ar Airteagal 4(2) de Threoir 2011/92/AE, agus ar Iarscríbhinn II, pointí 3(a) agus (b), arna léamh leis féin nó in éineacht le pointe 13(a) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin, díolmhófar suiteálacha trealaimh grianfhuinnimh den sórt sin ón gceanglas, más infheidhme, a bheith faoi réir cinnidh an bhfuil nó nach bhfuil measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol ag teastáil don tionscadal nó ón gceanglas measúnú tiomanta a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhshaol.

2.   Féadfaidh na Ballstáit limistéir nó struchtúir áirithe a eisiamh ó fhorálacha mhír 1, ar chúiseanna a bhaineann le cosaint oidhreachta cultúrtha nó stairiúla, nó ar chúiseanna a bhaineann le leasanna cosanta náisiúnta nó leis an sábháilteacht.

3.   Maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna i dtaca le trealamh grianfhuinnimh a shuiteálann, lena n-áirítear féintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite a bhfuil acmhainneacht 50 kW nó níos lú acu, measfar an cead a bheith deonaithe mura dtugann na húdaráis nó na heintitis ábhartha freagra laistigh d'aon mhí amháin tar éis an iarratais, ar choinníoll nach mó acmhainneacht an trealaimh grianfhuinnimh ná acmhainneacht an naisc atá ann cheana leis an eangach dáileacháin.

4.   I gcás ina mbeidh ualach suntasach riaracháin nó srianta suntasacha ar oibriú na heangaí leictreachais mar thoradh ar chur i bhfeidhm na tairsí acmhainneachta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit tairseach níos ísle a chur i bhfeidhm ar choinníoll go bhfanfaidh sí sin os cionn 10.8 kW.

5.   Gach cinneadh a eascróidh as na próisis deonaithe ceadanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cuirfear ar fáil go poiblí é i gcomhréir leis na hoibleagáidí atá ann cheana.

Airteagal 5

Gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú

1.   Maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna chun tionscadail a athchumhachtú, lena n-áirítear na ceadanna a bhaineann le huasghrádú na sócmhainní is gá chun iad a nascadh leis an eangach i gcás ina dtiocfaidh méadú ar acmhainneacht mar thoradh ar an athchumhachtú, ní mhairfidh sé níos faide ná 6 mhí lena n-áirítear measúnuithe tionchair comhshaoil i gcás ina gceanglaítear sin leis an reachtaíocht ábhartha.

2.   I gcás nach dtiocfaidh méadú thar 15 % ar acmhainneacht an ghléasra fuinnimh in-athnuaite mar thoradh ar an athchumhachtú, agus gan dochar don ghá measúnú a dhéanamh ar aon tionchar comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ann de bhun mhír 3 den Airteagal seo, ceadófar naisc eangaí leis an eangach tarchuir nó dáileacháin laistigh de 3 mhí tar éis iarratas a dhéanamh chuig an eintiteas ábhartha mura bhfuil údar imní dea-bhunaithe maidir le sábháilteacht ann nó mura bhfuil neamh-chomhoiriúnacht theicniúil idir comhpháirteanna an chórais ann.

3.   I gcás ina mbeidh athchumhachtú gléasra fuinnimh in-athnuaite, nó uasghrádú bonneagair eangaí lena mbaineann is gá chun foinsí fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais faoi réir cinnidh an bhfuil nó nach bhfuil nós imeachta um measúnú tionchair ar an gcomhshaol nó measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol de bhun Airteagal 4 de Threoir 2011/92/AE ag teastáil don tionscadal, beidh réamhchinneadh agus/nó an measúnú tionchair comhshaoil den sórt sin teoranta do na tionchair shuntasacha a d’fhéadfadh teacht as an athrú nó as an síneadh i gcomparáid leis an mbuntionscadal.

4.   I gcás nach mbeidh úsáid spáis bhreise i gceist le hathchumhachtú suiteálacha gréine agus i gcás ina gcomhlíonfar na bearta maolaithe comhshaoil is infheidhme arna mbunú le haghaidh na bunsuiteála, díolmhófar an tionscadal ón gceanglas, más infheidhme, a bheith faoi réir cinnidh an bhfuil nó nach bhfuil measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol de bhun Airteagal 4 de Threoir 2011/92/AE ag teastáil don tionscadal.

5.   Gach cinneadh a eascróidh as na próisis deonaithe ceadanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, cuirfear ar fáil go poiblí é i gcomhréir leis na hoibleagáidí atá ann cheana.

Airteagal 6

Dlús a chur le próiseas deonaithe ceadanna na dtionscadal fuinnimh in-athnuaite agus do bhonneagar eangaí lena mbaineann atá riachtanach chun foinsí in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras

Féadfaidh na Ballstáit tionscadail fuinnimh in-athnuaite, chomh maith le tionscadail stórála fuinnimh agus tionscadail eangaí leictreachais atá riachtanach chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais a dhíolmhú ón measúnú tionchair ar an gcomhshaol faoi Airteagal 2(1) de Threoir 2011/92/AE agus ó na measúnuithe ar chosaint speiceas faoi Airteagal 12(1) de Threoir 92/43/CEE agus faoi Airteagal 5 de Threoir 2009/147/CE, ar choinníoll go bhfuil an tionscadal le bheith lonnaithe i limistéar tiomnaithe in-athnuaite nó eangaí do bhonneagar eangaí lena mbaineann atá riachtanach chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais, má tá limistéar in-athuaite nó eangaí bunaithe ag na Ballstáit, agus go raibh an limistéar faoi réir measúnú straitéiseach comhshaoil i gcomhréir le Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Áiritheoidh an t-údarás inniúil, ar bhonn na sonraí atá ann cheana, go gcuirfear bearta maolaithe iomchuí comhréireacha i bhfeidhm chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagal 12(1) de Threoir 92/43/CE agus Airteagal 5 de Threoir 2009/147/CÉ. I gcás nach mbeidh na bearta sin ar fáil, áirithóidh an t-údarás inniúil go n-íocfaidh an t-oibreoir cúiteamh airgeadaíochta as cláir chosanta speiceas, chun go gcosnófar nó gcuirfear feabhas ar stádas caomhnaithe an speicis a ndéantar difear dó.

Airteagal 7

Dlús a chur le himscaradh teaschaidéal

1.   Ní mhairfidh an próiseas deonaithe ceadanna maidir le teaschaidéil faoi bhun 50 MW a shuiteáil níos faide ná aon mhí amháin, agus ní mhairfidh an próiseas níos faide ná 3 mhí i gcás teaschaidéil fhoinse na talún.

2.   Ach amháin i gcás go bhfuil údar imní dea-bhunaithe maidir le sábháilteacht ann, go bhfuil tuilleadh oibreacha de dhíth le haghaidh naisc eangaí nó go bhfuil neamhoiriúnacht theicniúil idir comhpháirteanna an chórais ann, déanfar na naisc leis an eangach tharchurtha nó dháileacháin a cheadú tar éis fógra a thabhairt don eintiteas ábhartha maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

teaschaidéil a bhfuil acmhainneacht leictreach suas le 12 kW acu; agus

(b)

teaschaidéil a bhfuil acmhainneacht leictreach suas le 50 kW acu arna suiteáil ag féintomhaltóir fuinnimh in-athnuaite, ar choinníoll go bhfuil acmhainneacht shuiteáil giniúna leictreachais in-athnuaite an fhéintomhaltóra fuinnimh in-athnuaite cothrom le 60 % ar a laghad d’acmhainneacht an teaschaidéil.

3.   Féadfaidh na Ballstáit limistéir nó struchtúir áirithe a eisiamh ó fhorálacha an Airteagail seo, mar gheall ar chúiseanna a bhaineann le cosaint oidhreachta cultúrtha nó stairiúla, nó ar chúiseanna a bhaineann le leasanna cosanta náisiúnta nó leis an sábháilteacht.

4.   Gach cinneadh a eascróidh as na próisis deonaithe ceadanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, cuirfear ar fáil go poiblí é i gcomhréir leis na hoibleagáidí atá ann cheana.

Airteagal 8

Amlínte don phróiseas deonaithe ceadanna maidir le trealamh grianfhuinnimh a shuiteáil, gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú agus teaschaidéil a imscaradh

Agus na sprioc-amanna dá dtagraítear in Airteagail 4, 5 agus 7 á gcur i bhfeidhm, ní chomhairfear an t-am seo a leanas laistigh de na spriocdhátaí ach amháin nuair a bheidh sé i gcomhthráth le céimeanna riaracháin eile den phróiseas deonaithe ceadanna:

(a)

an t-am a bhfuil na gléasraí, a naisc eangaí agus, d’fhonn cobhsaíocht, iontaofacht agus sábháilteacht eangaí a áirithiú, an bonneagar eangaí riachtanach lena mbaineann á dtógáil nó á n-athchumhachtú lena linn; agus

(b)

an t-am le haghaidh na gcéimeanna riaracháin atá riachtanach le haghaidh uasghráduithe suntasacha ar an eangach is gá chun cobhsaíocht, iontaofacht agus sábháilteacht eangaí a áirithiú.

Airteagal 9

Athbhreithniú

Faoin 31 Nollaig 2023 ar a dhéanaí, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo i bhfianaise fhorbairt shlándáil an tsoláthair agus praghsanna fuinnimh agus i bhfianaise an ghá dlús breise a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite. Cuirfidh sé tuarascáil maidir le príomhthorthaí an athbhreithnithe sin faoi bhráid na Comhairle. Féadfaidh an Coimisiún, bunaithe ar an tuarascáil sin, a mholadh go gcuirfí síneadh le bailíocht an Rialacháin seo.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ar feadh tréimhse 18 mí óna theacht i bhfeidhm.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 i dtaca le stóráil gáis (OJ L 173 30.6.22, p. 17).

(2)  Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá ag tionscadail phoiblí agus phríobháideacha áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).

(3)  Breithiúnas ón gCuirt Bhreithiúnais an 15 Iúil 2021, an Ghearmáin v an Pholainn, C-848/19 P, ECLI:EU:C:2021:598.

(4)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(5)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(6)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(7)  Treoir 2009/147/CE an 30 Samhain 2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(8)  Treoir 2001/42/CE an 27 Meitheamh 2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30).