28.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 334/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2573 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Nollaig 2022
lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/323 a mhéid a bhaineann leis na teachtaireachtaí a bhaineann le gluaiseachtaí earraí máil faoi fhionraí dleachta de bhun Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle
AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2073/2004 (1), agus go háirithe Airteagal 9(2), Airteagal 15(5) agus Airteagal 16(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Treoir 2008/118/CE (2) ón gComhairle, leagtar síos an nós imeachta atá le leanúint maidir le gluaiseachtaí earraí máil seo a leanas faoi shocrú fionraí dleachta faoin gcóras ríomhairithe (“an córas ríomhairithe”) a bunaíodh le hAirteagal 1 de Chinneadh Uimh. 1152/2003/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
(2) |
Déanfar Treoir 2008/118/CE a aisghairm le Treoir (AE) 2020/262 (4) gComhairle agus cuirfear an treoir sin ina hionad le héifeacht ón 13 Feabhra 2023. Ón dáta sin, maidir le gluaiseachtaí earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta, chomh maith le hearraí máil a scaoiltear lena dtomhailt ar chríoch Ballstáit amháin agus a aistrítear go críoch Ballstáit eile chun go seachadfar ansin iad chun críocha tráchtála, ní mór faireachán a dhéanamh tríd an gcóras ríomhairithe dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2020/263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
(3) |
Amhail ón 13 Feabhra 2023, maidir le gluaiseachtaí earraí máil a scaoiltear lena dtomhailt ar chríoch Ballstáit amháin agus a aistrítear go críoch Ballstáit eile, chun go seachadfar ansin iad chun críocha tráchtála, déanfar iad faoi chumhdach doiciméid riaracháin leictreonaigh shimplithe arna chur isteach ag an gcoinsíneoir. Go dtí a 13 Feabhra 2023, beidh feidhm ag Rialachán (CEE) Uimh. 3649/92 (6) ón gCoimisiún, ar i gcomhréir leis a dhéantar gluaiseachtaí den sórt sin lasmuigh den chóras ríomhairithe agus faoi chlúdach doiciméid i bhfoirm páipéir, ar doiciméad simplithe tionlacain é. |
(4) |
Leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/323 (7) gCoimisiún na rialacha maidir le comhar agus malartú faisnéise idir na Ballstáit i maidir le hearraí a thagann faoi shocrú fionraí dleachta máil agus i ndáil leis na hearraí sin amháin. Mar thoradh ar athruithe a tugadh isteach le Treoir (AE) 2020/262, is gá raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/323 a leasú chun go gcuimseofar ann gluaiseachtaí earraí máil a scaoileadh lena dtomhailt ar chríoch Ballstáit amháin agus a aistrítear go críoch Ballstáit eile chun go seachadfar ansin iad chun críocha tráchtála. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/323 a leasú dá réir. |
(6) |
Chun dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin sin a ailíniú le dáta chur i bhfeidhm fhorálacha ábhartha Threoir (AE) 2020/262, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar. |
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Dhleacht Mháil, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2016/323 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: “Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/323 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2016 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le comhar agus malartú faisnéise idir na Ballstáit maidir le hearraí máil de bhun Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle ”; |
(2) |
In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal réamhléiritheach: “Chun críocha an chomhair agus an mhalartaithe faisnéise idir na Ballstáit maidir le gluaiseachtaí earraí máil dá dtagraítear i gCaibidil IV agus i gCaibidil V, Roinn 2, de Threoir 2020/262/AE ón gComhairle, leagtar síos sa Rialachán (*) seo rialacha mionsonraithe maidir leis an méid seo a leanas: (*) Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (IO L 58, 27.2.2020, lch. 4).”;" |
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: “Airteagal 2 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn ‘gluaiseacht’ gluaiseacht earraí máil idir dhá Bhallstát nó níos mó dá dtagraítear i gCaibidil IV agus i gCaibidil V, Roinn 2, de Threoir (AE) 2020/262.”; |
(4) |
in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. I gcás ina dteastaíonn cóid chun réimsí áirithe sonraí a chomhlánú i ndoiciméid um chúnamh frithpháirteach riaracháin i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, úsáidfear na cóid a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 612/2013 (*) ón gCoimisiún agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1636 (**) ón gCoimisiún mar a leagtar amach sna táblaí in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. (*) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 612/2013 ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2013 maidir le hoibriú chlár na n-oibreoirí eacnamaíocha agus na stóras cánach, maidir le staidreamh gaolmhar agus tuairisciú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil (IO L 173, 26.6.2013, lch. 9)." (**) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1636 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2022 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle trí struchtúr agus ábhar na ndoiciméad arna malartú i gcomhthéacs gluaiseacht earraí máil a bhunú, agus trí thairseach do na caillteanais mar gheall ar chineál na n-earraí a bhunú (IO L 247, 23.9.2022, lch. 2)”;" |
(5) |
Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
|
(6) |
Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
|
(7) |
in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Maidir le hiarratais ar fhaisnéis i dtaca le hearraí máil dá dtagraítear i gCaibidil IV agus i gCaibidil V, Roinn 2, de Threoir (AE) 2020/262 nach bhfuil sa chóras ríomhairithe, déanfar iad trí dhoiciméad “Iarratas comhchoiteann ar chomhar riaracháin” a sheoladh, mar a leagtar amach i dTábla 7 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Socrófar cineál an iarratais ar ‘Comhar riaracháin’.”; |
(8) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6a: “Airteagal 6a Iarratas ar dhúnadh de láimh Chun críocha Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012, i gcás nach féidir gluaiseacht earraí máil dá dtagraítear i gCaibidil IV agus i gCaibidil V, Alt 2, de Threoir (AE) 2020/262 a dhúnadh faoi Airteagal 24, Airteagal 25 nó Airteagal 37 den Treoir sin, féadfaidh an t-údarás iarrthach a iarraidh ar údarás inniúil an Bhallstáit seolta gluaiseacht earraí máil dá dtagraítear i gCaibidil IV agus i gCaibidil V, Roinn 2, den Treoir sin a dhúnadh de láimh. Déanfar iarratas den sórt sin trí “Iarratas ar Dhúnadh de Láimh” a chur isteach, doiciméad a leagtar amach i dTábla 15 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.”; |
(9) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10: “Airteagal 10 Malartú éigeantach faisnéise — Torthaí ar chomhar riaracháin I gcás ina mbraitear ceann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 15(1), i bpointí (a) go (e), de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 mar thoradh ar rialú doiciméadach nó fisiceach earraí ag áitreabh coinsíní cláraithe, de réir bhrí Airteagal 3(9) de Threoir 2020/262 (‘coinsíní cláraithe’), coimeádaí údaraithe stórais de réir bhrí Airteagal 3(1) den Treoir sin (‘coimeádaí údaraithe stórais’), coinsíneoir deimhnithe, de réir bhrí Airteagal 3(12) den Treoir sin (‘coinsíneoir deimhnithe’), nó coinsíní deimhnithe, de réir bhrí Airteagal 3(13) den Treoir sin (‘coinsíní deimhnithe’), cuirfear tarchur éigeantach na faisnéise riachtanaí i gcrích trí úsáid a bhaint as doiciméad ‘Torthaí an chomhair riaracháin’, mar a leagtar amach i dTábla 10 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Seolfar an doiciméad ‘Torthaí an chomhair riaracháin’ chuig na húdaráis inniúla sa Bhallstát lena mbaineann laistigh de sheacht lá ón rialú.”; |
(10) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13: “Airteagal 13 Malartú éigeantach faisnéise — fógra foláirimh nó diúltaithe I gcás go dtagann údarás inniúil ar an eolas nár iarradh earraí máil a sheoltar de réir bhrí Chaibidil IV agus Chaibidil V, Roinn 2, de Threoir (AE) 2020/262, nó go bhfuil ábhar an doiciméid riaracháin leictreonaigh nó an doiciméid riaracháin leictreonaigh shimplithe mícheart, agus go bhfuil amhras ar an údarás inniúil gur mar gheall ar cheann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 15 (1), pointe (a), pointe (b), pointe (c) nó pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 a tharla sé sin, seolfaidh sé ‘Foláireamh nó diúltú i leith doiciméad e-AD/r-SAD ‘, mar a leagtar amach i dTábla 14 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo é, chuig údarás inniúil an Bhallstáit seolta. Cuirfear an doiciméad ‘Foláireamh nó Diúltú e-AD/e-SAD’ chuig údarás inniúil an Bhallstáit seolta laistigh de lá amháin ón uair a thiocfaidh an t-údarás inniúil ar an eolas faoi na fíricí dá dtagraítear sa chéad mhír.”; |
(11) |
in Airteagal 14a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre: “Chun críche Airteagal 15(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012, i gcás ina bhfuil fianaise faighte ag údarás inniúil an Bhallstáit seolta go bhfuil gluaiseacht earraí máil curtha i gcrích de réir bhrí Chaibidil IV agus Chaibidil V, Roinn 2, de Threoir (AE) 2020/262, agus nach féidir an ghluaiseacht a dhúnadh faoi Airteagal 24, Airteagal 25 nó Airteagal 37 den Treoir sin, cinnfidh sé an ndéanfaidh sé gluaiseacht earraí máil a dhúnadh de láimh .”; |
(12) |
leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; |
(13) |
Leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 13 Feabhra 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Nollaig 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 121, 8.5.2012, lch. 1.
(2) Treoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis na comhshocruithe ginearálta maidir le dleacht mháil agus lena n-aisghairtear Treoir 92/12/CEE (IO L 9, 14.1.2009, lch. 12).
(3) Cinneadh Uimh. 1152/2003/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 2003 maidir le ríomhairiú gluaiseachta agus faireacháin táirgí inmháil (IO L 162, 1.7.2003, lch. 5).
(4) Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (IO L 58, 27.2.2020 lch. 4).
(5) Cinneadh (AE) 2020/263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2020 maidir le ríomhairiú ghluaiseacht agus fhaireachán earraí máil (IO L 58, 27.2.2020, lch. 43).
(6) Rialachán (CEE) Uimh. 3649/92 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 1992 maidir le doiciméad simplithe tionlacain le haghaidh gluaiseacht táirgí laistigh den Chomhphobal atá faoi réir dleachta máil agus a scaoileadh lena dtomhailt sa Bhallstát seolta (IO L 369, 18.12.1992, lch. 17).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/323 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2016 lena leagtar síos rialacha maidir le comhar agus malartú faisnéise idir Ballstáit maidir le hearraí a bhfuil an dleacht mháil ina leith ar fionraí de bhun Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle (IO L 66, 11.3.2016, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fho-cheannteidil: ‘Teachtaireachtaí leictreonacha a úsáidtear chun críche malartú faisnéise a bhaineann le hearraí máil dá dtagraítear i gCaibidil IV, agus i Roinn 2 de Chaibidil V, de Threoir (AE)2020/262’; |
(2) |
leasaítear na Nótaí Míniúcháin mar a leanas:
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad tháblaí 1 go 16: "Tábla 1 (dá dtagraítear in Airteagal 4) Iarratas ar Íoslódáil Ghluaiseachta
Tábla 2 (dá dtagraítear in Airteagal 4) Freagra um Íoslódáil Ghluaiseachta
Tábla 3 (dá dtagraítear in Airteagal 4) Stair na gluaiseachta
Tábla 4 (dá dtagraítear in Airteagal 5) Iarratas Coiteann
Tábla 5 (dá dtagraítear in Airteagal 5(2)) Liosta e-AD/e-SAD mar thoradh ar cheist ghinearálta
Tábla 6 (dá dtagraítear in Airteagal 5) Diúltú don Iarratas Choiteann
Tábla 7 (dá dtagraítear in Airteagal 6(1)) Iarratas Coiteann ar Chomhar Riaracháin
Tábla 8 (dá dtagraítear in Airteagal 7) Freagair an teachtaireacht
Tábla 9 (dá dtagraítear in Airteagal 7) Teachtaireacht Meabhrúcháin maidir le Comhar Riaracháin
Tábla 10 (dá dtagraítear in Airteagal 6(3), in Airteagal 9(1), in Airteagal 10 agus in Airteagal 16) Torthaí maidir le Comhar Riaracháin
Tábla 11 (dá dtagraítear in Airteagal 9(2) agus in Airteagal 11) Tuarascáil Rialaithe
Tábla 12 (dá dtagraítear in Airteagal 14) Tuarascáil Teagmhas
Tábla 13 (dá dtagraítear in Airteagal 12) Cur Isteach ar an nGluaiseachta
Tábla 14 (dá dtagraítear in Airteagal 13) Foláireamh nó Diúltú E-AD/E-SAD
Tábla 15 (dá dtagraítear in Airteagal 6a) Iarratas ar Dhúnadh de Láimh
Tábla 16 (dá dtagraítear in Airteagal 14a) Freagairt ar Dhúnadh de Láimhe
|
IARSCRÍBHINN II
In Iarscríbhinn II, cuirtear na liostaí cóid comhfhreagracha seo a leanas in ionad na liostaí cóid 1, 2, 4, 5, 6, 8, 11, 15 agus 16:
“Liosta cód 1: ID comhghaoil leantaigh
Réimse |
Ábhar |
Cineál Réimse |
Samplaí |
1 |
Bliain |
Uimhriúil 2 |
5 |
2 |
Aitheantóir an Riaracháin Náisiúnta inar cuireadh an teachtaireacht isteach ar dtús |
Aibítreach 2 |
ES |
3 |
Cód saor in aisce a sannadh go náisiúnta |
Alfa-uimhriúil 21 |
ARC |
4 |
Comhlánú |
Alfa-Uimhriúil 3 |
123 |
Is é réimse 1 an dá dhigit dheireanacha den bhliain. Baintear Réimse 2 de liosta an Chóid Tíre (féach liosta cód 3 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1636). Ní mór Réimse 3 a líonadh le haitheantóir a shanntar go náisiúnta. I gcásanna áirithe, maidir leis an ID Comhghaoil Leantaigh is féidir leis a bheith ina ARC. I Réimse 4 tugtar comhlánaítear réimse 3 chun aitheantóir uathúil a dhéanamh le chéile (mar shampla, i gcás Obair Leantach (Aitheantas comhghaoil i gcás go ndéileálann roinnt teachtaireachtaí oibre leantaí leis an ARC céanna.) |
Cód liosta 2: Uimhir na tuarascála teagmhas/Tagairt na tuarascála rialaithe
Réimse |
Ábhar |
Cineál Réimse |
Samplaí |
1 |
Aitheantóir an Riaracháin Náisiúnta i gcás ina ndéantar an tuarascáil a bhailíochtú |
Aibítreach 2 |
ES |
2 |
Sannta ar bhonn náisiúnta, cód uathúil |
Alfa-uimhriúil 13 |
2005YTE17UIC2 |
3 |
Seicdhigit |
Uimhriúil 1 |
9 |
Baintear Réimse 1 de liosta an Chóid Tíre (féach liosta cód 3 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1636) Ní mór Réimse 2 a líonadh le haitheantóir uathúil in aghaidh na tuarascála. Tá an bealach a úsáidtear an réimse seo faoi fhreagracht MSAnna, ach ní mór uimhir uathúil a bheith le gach tuarascáil. Is féidir, ach níl sé éigeantach, go bhfuil an bhliain ann nuair a cuireadh an tuarascáil isteach ar dtús (mar a mholtar sa sampla). I Réimse 3 tugtar an dhigit seiceála don aitheantóir iomlán, rud a chuideoidh le hearráid a bhrath agus an t-aitheantóir sin á chur in oiriúint." |
"Liosta cód 4: Cúiseanna le Diúltú
Cód |
Tuairisc |
0 |
Eile |
1 |
Níorbh fhéidir an fiosrú nó an fhaisnéis a iarradh a údarú faoi dhlíthe nó faoi chleachtais riaracháin an Bhallstáit iarrtha dá úsáid féin (e.g. Faisnéis faoi rún) |
2 |
(forchoimeádta) |
3 |
Nochtadh a thagann salach ar bheartas poiblí an stáit - Mar thoradh ar fhaisnéis a sholáthar, nochtfaí rún tráchtála, tionsclaíoch nó gairmiúil nó próiseas tráchtála, nó sa chás go dtiocfadh nochtadh na faisnéise sin salach ar an mbeartas poiblí |
4 |
Dhiúltaigh údarás breithiúnach de chuid an Riaracháin Náisiúnta iarrtha aistriú faisnéise atá faoina rialú a cheadú. |
5 |
Baineann an t-iarratas le faisnéis nach bhfuil ar fáil a thuilleadh mar gheall ar rialacha náisiúnta coinneála sonraí (5 bliana nó níos mó ar a laghad) |
6 |
Níor bhain an t-údarás iarrthach leas as na gnáthfhoinsí faisnéise a d'fhéadfadh sé a úsáid sna himthosca |
7 |
Le líon agus cineál na n-iarratas ar fhaisnéis arna ndéanamh ag an údarás iarrthach laistigh de thréimhse shonrach forchuirtear ualach riaracháin díréireach ar an údarás iarrtha sin; |
8 |
Níl an Riarachán Náisiúnta iarrtha ábalta, ar chúiseanna dlí, faisnéis den chineál céanna a sholáthar |
9 |
Níor thriail an coinsíneoir na hacmhainní go léir a bhí ar fáil dó chun cruthúnas a fháil go bhfuil deireadh tagtha le gluaiseacht earraí máil idir na Ballstáit |
10 |
Ní dhearnadh seiceáil ar bith |
11 |
As raon feidhme 389/2012 (e.g. Naples II) |
Liosta cód 5: Cúiseanna le foláireamh nó diúltú e-AD
Cód |
Tuairisc |
0 |
Eile |
1 |
Ní bhaineann an e-AD/e-SAD a fuarthas leis an bhfaighteoir |
2 |
Ní thagann an táirge/na táirgí máil leis an ordú |
3 |
Ní thagann an chainníocht/na cainníochtaí) leis an ordú |
Liosta cód 6: Cineálacha fianaise
Cód |
Tuairisc |
0 |
Eile |
1 |
Forchoimeádta |
2 |
Tuairisc na bPóilíní |
3 |
Tuairisc seachas na Póilíní nó Custaim |
4 |
Tuairisc Custaim’ |
"Liosta cód 8: Iarr Cúis
Cód |
Tuairisc |
0 |
Eile |
1 |
Tuairisc fála/onnmhairithe seolta ar ais chuig an gcoinsíneoir |
2 |
Farrasbar nó ganntanas luaite ag teacht na n-earraí |
4 |
Diúltaíodh e-AD/e-SAD a cuireadh isteach toisc nár tháinig sé le taifead SEED an choinsíní - is é an t-iarratas tuilleadh faisnéise a iarraidh |
6 |
An ndearnadh earraí/cainníochtaí a shonraítear ar e-AD/e-SAD a iontráil i dtaifid stoic an choinsíní? |
7 |
Seiceáil gur fhág na hearraí an tAontas Eorpach i ndáiríre (an dáta a deimhníodh an t-onnmhairiú de réir custaim) |
8 |
Earraí a chur faoi nós imeachta custam fionraíochta (stóras onnmhairithe, stóras biataíochta, próiseáil amach, etc.) |
9 |
Aisíocaíocht na dleachta máil iarrtha |
10 |
Seiceálacha ar an láthair |
11 |
Níor seoladh cóip 3 ar ais chuig an gCoinsíneoir |
12 |
Forchoimeád Chóip 3 a formhuiníodh chun farasbarr nó caillteanais a thaispeáint |
13 |
Deimhniú an Fháltais Neamhiomlán |
14 |
Uimhir Mháil an Choinsíní nach bhfuil in SEED |
15 |
Sonra Scriosta/Róscríofa gan Formhuiniú Oifigiúil |
16 |
Iarratas ar Dhúnadh de láimh |
17 |
Ní heol an Stádas Onnmhairiúcháin |
18 |
Iarraidh ar chur isteach ar ghluaiseacht |
19 |
Agallamh a chur ar ionadaí údaraithe |
20 |
Doiciméad cúltaca |
21 |
Cruthaíodh dhá e-AD/e-SAD don choinsíneacht chéanna |
22 |
Soiléiriú maidir le cineál nó cainníocht na n-earraí |
23 |
Diúltaíodh glacadh leis na hearraí |
24 |
Imscrúdú máil leanúnach |
25 |
Amhras faoi neamhrialtacht’ |
“Liosta cód 11: Níl beart um chomhar riaracháin ina chúiseanna féideartha
Cód |
Tuairisc |
0 |
Eile |
1 |
Faisnéis ar iarraidh |
2 |
Forchoimeádta |
3 |
Am ar iarraidh |
4 |
Imscrúdú cuimsitheach ar oibreoir eacnamaíoch leanúnach, ní féidir freagra gearrthéarmach a thabhairt |
5 |
Níorbh fhéidir dul i dteagmháil leis an trádálaí |
6 |
Trádálaí ar iarraidh’ |
"Liosta cód 15: Cineál Doiciméid
Cód |
Tuairisc |
0 |
Eile |
1 |
e-AD |
2 |
SAAD nó e-SAD |
3 |
Sonrasc |
4 |
Nóta seachadta |
5 |
CMR |
6 |
Bille luchta |
7 |
Way Bill |
8 |
Conradh |
9 |
Iarratas Trádálaí |
10 |
Taifead oifigiúil |
11 |
Iarratas |
12 |
Freagra |
13 |
Doiciméid chúltaca, Asprionta Cúltaca |
14 |
Grianghraf |
15 |
Dearbhú onnmhairiúcháin |
16 |
Taifead Onnmhairiúcháin Réamh-Mheasta |
17 |
Torthaí an Imeachta |
18 |
SAD (Doiciméad Aonair Riaracháin) |
19 |
Deimhniú táirgeora bhig neamhspleách deochanna alcólacha |
<CÓD TARIC> |
Aon chód TARIC a úsáidtear i "mbosca 44" den SAD |
Liosta cód 16: Cúiseanna le hIarratas ar Dhúnadh de Láimh
Cód |
Tuairisc |
0 |
Eile |
1 |
Dúnadh an onnmhairiú ach níl IE518 ar fáil |
2 |
Níl an coinsíní nasctha le EMCS a thuilleadh |
3 |
Coinsíní díolmhaithe |
4 |
Deimhníodh an t-imeacht ach níor tíolacadh IE829 (IE818 as seicheamh) |
5 |
Níl aon ghluaiseacht ann ach ní féidir cealú a dhéanamh a thuilleadh |
6 |
Eisiúintí iomadúla e-ADanna/e-SADanna le haghaidh gluaiseacht aonair |
7 |
ní chlúdaíonn e-AD/e-SAD gluaiseacht iarbhír |
8 |
Tuairisc earráideach fála |
9 |
Diúltú earráideach e-AD/e-SAD’ |